100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.






1960s

Mná i mbun na hOibre 

Sna 1960í d’fhás geilleagar agus rathúnas na hÉireann faoi cheannaireacht Fhianna Fáil agus an Taoiseach Seán Lemass, a bhí ina Aire Tionscail agus Tráchtála roimhe sin. Bhí infheistíocht sa talmhaíocht agus sa tionscal, spreagadh saorthrádáil agus tugadh tacaíocht d’onnmhaireoirí. Thug deontais agus dreasachtaí cánach spreagadh do chuideachtaí eachtracha gnó a bhunú anseo. Faoi 1963 tháinig laghdú aon trian ar an dífhostaíocht agus bhí laghdú ar imirce den chéad uair ó bhí neamhspleáchas ann.

Léiríonn Daonáireamh 1966 nach raibh ach 823 bean fostaithe i bpost riaracháin, feidhmiúcháin agus bainistíochta. Seo mar a tuairiscíodh in The Landmark Imleabhar 27 Uimh. 8: 

Is fir iad tuairim is 64% de na daoine gairmiúla, fostóirí agus daoine atá i bpost a bhfuil tuarastal ag dul leis. Mura ndéanfaimid neamhaird ar reiligiúin, múinteoirí agus altraí, is ionann an figiúr sin agus thart ar 85%. Níl ach 6% de na poist is mó ag mná … i gcás go leor post ní fhaigheann bean pá comhionann as obair chomhionann … Má fhilleann sí ar obair mar bhaintreach sa státseirbhís, mar shampla, faigheann sí an tuarastal céanna le bean shingil, beag beann ar cé mhéad leanbh atá le cothú aici.   

Deiseanna Oideachais 

Thug an tAire Oideachais Donogh O’Malley isteach oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile saor in aisce do chách sular cailleadh é roimh am in 1968. Thug sé taistil saor in aisce chun na scoile isteach do leanaí i limistéir thuaithe agus thug sé an Mheánteistiméireacht agus an Ardteistiméireacht isteach sa chóras Gairmoideachais.

Mná agus Polaitíocht 

Olltoghchán 1965 don 18ú Dáil

144  suíochán

Sheas seisear mná  – Toghadh ceathrar ban

Joan T. Burke FG Roscommon 9,467

Eileen Desmond Lab Mid Cork 10,041

Bridget Hogan O’Higgins FG Galway East 4,309

Honor Mary Crowley Kerry South FF 5,746

Nancy O’Neill FF Wicklow 3,282

Kit Ahern FF Kerry North 3,563

Mná na hÉireann sa Nuacht sna 1960idí

1960

Foilsíodh Country Girls le Edna O’Brien. Bhí cosc air in Éirinn toisc go raibh ábhar gáirsiúil ann. 

Rinne Maeve Kyle agus Shirley Armstrong ionadaíocht ar Éirinn ag Cluichí Oilimpeacha na Róimhe.

Ní raibh ach 26.4% den lucht saothair comhdhéanta de mhná.

Sheol Cumann Mhná Tí na hÉireann feachtas chun an aois phósta a mhéadú. 12 bliain d’aois ab ea í do chailíní ag an am. [14 bliain d’aois a bhí sa Dlí Canónta].

D’óstaigh Éire Comhaontas Idirnáisiúnta na mBan le haghaidh comhthionóil ar feadh coicíse, agus d’fhreastail 300 cuairteoir air.

1961

D’éirigh Kay Mills, an t-imreoir is mó a raibh cáil uirthi sa CLG, as an gcamógaíocht in 1961, tar éis di breis is 20 bliain a chaitheamh mar imreoir. Bhí 15 bonn sinsear uile-Éireann bainte amach aici.

Seoladh RTÉ ar an 31 Nollaig 1961. Ba iad Kathleen Watkins, Marie O’Sullivan agus Nuala Donnelly céad láithreoirí leanúnachais an stáisiúin.

1963

Seoladh Women’s Way, an chéad irisleabhar in Éirinn do mhná.

I mí Aibreáin osclaíodh an chéad chlinic pleanála clainne i Sráid Holles i mBaile Átha Cliath.

Ceapadh Eileen Kennedy ó Mhuineacháin ina céad Bhreitheamh mná.

1964

Cheap an tUachtarán Éamon de Valera Jane Dowdall née Doggett mar an chéad bhall mná de Chomhairle an Stáit ar an 13 Eanáir 1964.

Achtaíodh an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon 1964, rud a thug cearta dlí do bhean maidir lena cuid leanaí féin agus a thug ceart comhchaomhnóireachta do thuismitheoirí maidir lena leanaí. Thug an tAcht seo deis do na cúirteanna cinntí a dhéanamh faoi chúram agus rochtain.

Ba í Maeve Kyle an t-aon bhean a rinne ionadaíocht ar Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo.

1965 

Bunaíodh Cónaidhm Éireannach Chumann na mBan.

Achtaíodh an tAcht Comharbais 1965 – chuir sé seo deireadh le hidirdhealú idir cearta na bhfear agus cearta na mban. Rinneadh teidlíocht chéile d’eastát a fear céile a mhéadú agus a shoiléiriú. Anois bhí sí i dteideal áras an teaghlaigh agus leath den eastát mura raibh leanaí i gceist, nó má bhí leanaí i gceist, bhí sí i dteideal trian den eastát.

An bhliain sin chuaigh 592 bean isteach sna mná rialta.