100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.





1950s

Éire sna 1950idí

Ba iad an cruatan eacnamaíochta, praghsanna airde agus pá íseal na ceisteanna a shocraigh an clár polaitiúil sna 1950idí. Bhí leibhéal na dífhostaíochta an-ard agus bhí na sochair Stáit íseal. Breathnaíodh ar an imirce mar an t-aon rogha a bhí ag na mílte fear agus ban Éireannach. Daoine óga ab ea iad formhór na ndaoine a d’imigh thar lear. Bhí go leor deiseanna ar fáil i dtógáil i Sasana sa tréimhse iarchogaidh; chuir an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte oiliúint shaor in aisce agus post ar fáil do líon mór banaltraí agus ban cabhrach Éireannach.

Bhí sé níos deacra obair a fháil i Meiriceá Thuaidh mar bhí ar dhaoine urraíocht a fháil ó dhuine a bhí cónaí air/uirthi i Meiriceá cheana féin. Neartaigh sé seo na naisc le muintir na hÉireann a bhí ag cur fúthu i Meiriceá cheana féin. Bhí líon na ndaoine a bhí ag dul le sagartacht agus ag dul sna mná rialta fós ard sna 1950idí, agus bhí Éireannaigh ag obair i misin ar fud an domhain, go háirithe in oideachas.

Bhí oird reiligiúnacha (gach creideamh) i mbun na scoileanna in Éirinn agus ní raibh aon scoil Stáit ann. Bhí táille le híoc chun freastal ar mheánscoil, agus mar sin d’fhág formhór na ndaoine oideachas foirmiúil i ndiaidh an Teastais Bhunscoile nuair a bhí siad ceithre bliana déag. Bhí 47,000 duine san iomlán ag freastal ar an meánscoil sa bhliain 1950 ach níor chríochnaigh gach duine díobh na cúig bliana. Bhí cothromaíocht ann ag an leibhéal seo idir cailíní agus buachaillí faoi 1950 – cé nach raibh an réimse ábhar céanna ar fáil do chailíní. Ní dhearna ach 4,500 dalta an Ardteistiméireacht an bhliain sin. Le linn na bliana céanna, d’fhreastail 7,900 duine ar an ollscoil in Éirinn agus mná ab ea iad an ceathrú cuid díobh.

Sláinte an Náisiúin

Go luath sna 1950idí, athraíodh soláthar cúraim shláinte go mór nuair a tugadh córas sláinte náisiúnta isteach. Bunaíodh An Bord Altranais faoi théarmaí Acht na nAltraí, 1950. Osclaíodh ospidéil nua, cosúil le Gort na Silíní i mBaile Átha Cliath a tháinig in áit an Ospidéil Fiabhrais ar Shráid Chorcaí.

Sa bhliain 1951 bhunaigh an Bhantiarna Valerie Goulding,  i gcomhar le daoine eile,  seirbhís athshlánaithe – an Clinic Lárnach Íocshláinteach – do leanaí agus daoine fásta mar fhreagairt do bhriseadh amach de phóilió.

Sa bhliain sin, mhol  an tAire Sláinte a bhí ann ag an am, an Dochtúir Noel Brown, An Scéim Mháthar agus  Linbh a chuirfí cúram máithreachais agus iarbhreithe saor in aisce ar fáil do gach máthair agus  leanbh. Chuir Ceardchumann Dhochtúirí na hÉireann ina coinne agus thacaigh na heaspaig Chaitliceacha leo. Bhuail an Dochtúir Browne leis an Ardeaspag John Charles MacQuaid, ach dhiúltaigh sé glacadh le riachtanais na n-easpag. In Aibreán 1951, chaill sé an tacaíocht a bhí aige óna  pháirtí féin,  Clann na Poblachta, agus  b’éigean dó éirí as. I ndiaidh dó éirí as a phost mar Aire Sláinte, d’fhág Brown Clann na Poblachta, ach atoghadh chun na Dála é mar TD Neamhspleách do Bhaile Átha Cliath Thoir Theas sa chéad toghchán eile.

Go gairid ina dhiaidh sin, i ndiaidh toghchán an 14ú Dáil, tháinig rialtas faoi stiúir Fhianna Fáil in áit an chomhrialtais. Thacaigh Clann na Poblachta agus na Teachtaí Dála neamhspleácha, Noel Browne ina measc, leis an rialtas. Toghadh Honor Mary Crowley, Bridget Mary Rice agus Mary Bridget Ryan mar Theachtaí Dála d’Fhianna Fáil agus atoghadh Bridget Redmond agus Mary Reynolds d’Fhine Gael.

Tháinig  Fianna Fáil ar chomhréiteach le lucht ceannais na hEaglaise Caitlicí agus chuir siad seirbhís máthar agus linbh, a ndearnadh tástáil acmhainne i dtaca léi, ar fáil do dhaoine a bhí clúdaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh (1952).

MNÁ SA PHOLAITÍOCHT in Éirinn, 1950idí

Mar gheall ar an imní a bhí ann maidir leis an ngeilleagar, toghadh daoine cosúil le Mary Frances Davidson, a bhí taithí acu le ceardchumainn, chun Rolla Oibreachais an tSeanaid sa bhliain 1950. Ba í an chéad bhean de chuid an Lucht Oibre a toghadh mar bhall den Oireachtas. Toghadh Jane  Dowdall,  née Doggett, baintreach an tSeanadóra J.C. Dowdall, chun an rolla Tionscail agus Tráchtála chomh maith i dToghchán an tSeanaid i Lúnasa 1951. Ba chomhairleoir í ar Bhardas Chorcaí. Iarbhanaltra ab ea í a bhí i gceannas ar ghnó an teaghlaigh i gCorcaigh ag an am seo. Atoghadh Mary Davidson, Jane Dowdall agus Margaret Pearse i dtoghchán an tSeanaid ar an 14 Iúil 1954. Fuair Helena Concannon bás in oifig tar éis a atoghadh í sa bhliain 1951.

Sa bhliain 1954, cuireadh Rialtas an 15ú Dáil le chéile, an dara chomhrialtas idir Fine Gael, Clann na Talmhan agus  Páirtí an Lucht Oibre. Bhí Celia Lynch, TD de chuid Fhianna Fáil, in éineacht le Honor  Mary Crowley agus Mary Bridget Ryan anois. Atoghadh Mary Reynolds d’Fhine Gael arís agus  toghadh Maureen O’Connell do Pháirtí an Lucht Oibre.

Ba í Honor Mary Crowley an chéad bhean a rinne ionadaíocht do rialtas na hÉireann nuair a bhí sí ar thoscaireacht go dtí Comhairle na hEorpa i Strasbourg idir 1954 agus  1957. Ainmníodh í ag an gComhrialtas cé gur bhall de chuid Fhianna Fáil í. Ba chéim shuntasach í seo: bhain Éire tionchar ar chúrsaí idirnáisiúnta amach dá bharr agus ba í seo an chéad chéim i dtreo baint dhíreach le cúrsaí Eorpacha. Bhí Éire ina ball den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) cheana féin, eagraíocht a rinne ionadaíocht ar 18 tír, na Stáit Aontaithe agus Ceanada ina measc. Bunaíodh sa bhliain 1948 í chun cabhair faoin bPlean Marshall a dháileadh ar an Eoraip i ndiaidh an chogaidh. 

Toghadh Kathleen O’Connor de chuid Chlann na Poblachta san fhothoghchán i Mí Feabhra 1956, tar éis dá hathair bás a fháil i dtimpiste chairr. Ní raibh Kathleen, a bhí ag seasamh i gCiarraí Thuaidh, ach 21 bliain  d’aois ag an am. Ní raibh a hainm ar an gclár vótála agus ní raibh sí féin ábalta vóta  a chaitheamh. Bhí a hathair Johnny O’Connor ina Theachta Dála do Chiarraí Thuaidh do Chlann  na Poblachta.

Rinneadh foráil le hAcht Choimisinéirí na Státseirbhíse, 1956 gur cuireadh ar chumas Choimisinéirí na Státseirbhíse rialú a dhéanamh nach mór d’iarrthóirí mná a bheith neamhphósta.

An Chéad Cheann Misin Mná d’Éirinn.

Bhí Josephine McNeill ina cathaoirleach ar choiste gnó Bhantracht na Tuaithe suas go dtí 1950  agus ina gnáthbhall ar an gcoiste comhairleach ar Idirtheagmháil Chultúrtha de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha. Roghnaíodh í chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar chomhthionól ginearálta UNESCO (Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe)  in 1949.

In 1950  ceapadh í mar Aire don Ísiltír, an chéad bhean a ceapadh ina ceann misiúin d’Éirinn. Bhí roinnt mhaith taithí ag Josephine ar an taidhleoireacht mar bhean chéile an Iar-Rialtóir James McNeill, a raibh an oifig sin aige idir 1928  agus 1932.

MNÁ NA hÉIREANN SA NUACHT, 1950idí

1954

Tugadh aicme ‘feirmeoir mná’  isteach ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta sa bhliain  1954 – bhí gach bean in ann páirt a ghlacadh – gan tagairt d’aois nó stádas pósta – agus tugadh ‘Queen of the Plough’ ar an mbuaiteoir.

Bhunaigh Bantracht na Tuaithe a gcoláiste ag an nGrianán i dTearmann Feichín, Contae Lú. 

1955

Rinneadh Rúnaí Chumann Treabhdóireachta na hÉireann de Anna May McHugh.

1956

Ghlac an chéad Oilimpeach mná Éireannach, Maeve Kyle, páirt sa rás 100 méadar agus 200 méadar i Melbourne san Astráil.

Rinneadh Uachtarán ar Chumann Múinteoirí Éireann de Margaret Skinnider. 

1957

Thug an tAcht um Stádas Ban Pósta, 1957 cearta ar leith ar mhaoin do mhná agus ceadaíodh cumas conarthach foirmiúil  dóibh.

Fuarthas réidh leis an mBac Pósta a bhí ar mhúinteoirí bunscoile, mar fhreagairt don ghanntanas sealadach múinteoirí, ag an Aire Oideachais a bhí ann ag an am, Jack Lynch.

1958

Rinneadh foráil le hAcht an Gharda Síochána, 1958 gur féidir banghardaí a fhostú.

Ligeadh mná isteach sa seomra coiteann sinsearach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Ceapadh an chéad Ollamh mná ar Choiste Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

1959

Cuireadh  Coiste  Comhairleach na mBan de chuid Chomhdháil na gCeardchumann ar bun.

Ba í Jane Dowdall, née Doggett, an chéad Ardmhéara mná Chorcaí. Bhí sí in oifig ó 1959 go dtí 1960.

Cuireadh  tús le féile  Rós Thrá Lí. Ní raibh ach mná ó Thrá Lí incháilithe páirt a ghlacadh. Go luath  sna 1960idí, leathnaíodh an comórtas go dtí mná as Ciarraí agus sa bhliain 1967 mná a rugadh  in Éirinn nó mná de bhunadh na hÉireann.

Cuireadh an chéad dá bhangharda dhéag faoi mhionn ar an 10 Iúil 1959 ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána. Tá Mary Margaret Brown taifeadta mar an chéad earcach.