100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.


1920 – 29

AN FEACHTAS AR SON AN NEAMHSPLEÁCHAIS
Sna toghcháin áitiúla in Eanáir 1920, toghadh daichead a trí bean leis na comhairlí cathrach, contae agus buirge. Rinne WT Cosgrave, an tAire Rialtais Áitiúil, maoirseacht ar fhoras cathrach a raibh a dhílseacht ag athrú anois ó pharlaimint na Breataine go Dáil Éireann. 

Thug Arthur Griffith, mar an tAire Gnóthaí Baile, faoin gcóras dlí a bhunú, Cúirteanna na Dála ina measc. Ba bhreitheamh í Kathleen Clarke i mBaile Átha Cliath Thuaidh. Ba sheanóir í, chomh maith, i mBardas Bhaile Átha Cliath do Bhardaí Choill an Chalaidh agus Mhuinseo.

Rinne an tAire Airgeadais, Mícheál Ó Coileáin, iasacht a thiomsú chun an foras nua a mhaoiniú, chun díol bhannaí na Dála a chur chun cinn trí scannán a dhéanamh, inar ghlac gaolta leo siúd a cuireadh chun báis mar gheall ar an bpáirt a ghlac siad in Éirí Amach 1916, le ról feiceálach.

Bhí Margaret Pearse (máthair le Pádraig agus Liam) ina measc agus rinneadh an scannánú ag Scoil an Phiarsaigh, Scoil Éanna, i Ráth Fearnáin.

Ba é Cathal Brugha an tAire Cosanta. Cuireadh feachtas míleata ar siúl in aghaidh na Corónach agus tugadh Óglaigh na hÉireann (an tIRA) ar na saighdiúirí ag an tráth sin. Ba threallchogadh a bhí ann agus tugadh ‘colúin reatha’ ar na haonaid. Thug daoine a raibh bá orthu i leith na saighdiúirí bia agus foscadh dóibh.

Rinne beirt de na chéad dochtúirí mná in Éirinn, an Dr Kathleen Lynn agus an Dr Ada English, foscadh a thabhairt do na daoine a gortaíodh agus cóir leighis a chur orthu.

De réir mar a chuaigh an cogadh in olcas, thug an Bhreatain earcaithe isteach san fhórsa póilíneachta. Tugadh na Dúchrónaigh agus na Saighdiúirí Cúnta orthu.  Rinne Fórsaí na Corónach ruathar seasta ar thithe agus gnólachtaí mar chuid den fhrithbheartaíocht i 1920.  Rinneadh ionsaithe ar mhuilte, uachtarlanna agus monarchana ní ba mhinice agus rinneadh Cathair Chorcaí a scriosadh agus a dhó.

Thosaigh rialtas na Breataine le fir agus roinnt ban a chur chun príosúin (de réir tuairisce ó Chumann na mBan, níor cuireadh ach 50 dá mbaill chun príosúin ag an tráth seo, an Dr Ada English ina measc). Bhí an Chuntaois de Markievicz ar ais i bpríosún i mBaile Átha Cliath, chomh maith.

Cuireadh go leor ionadaithe poiblí chun príosúin, chomh maith, Ard-Mhéara Chorcaí, Terence MacSwiney, ina measc a fuair bás i bPríosún Brixton i Londain ar an 25 Deireadh Fómhair 1920 i ndiaidh 74 lá a chaitheamh ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh a ghafa. Rinne a dheirfiúr ba shine, Mary, suim na nuachtán sa scéal a chomhordú, a mheall aird idirnáisiúnta. Nuair a d’fhill Éamon de Valera ón turas tiomsaithe airgid agus poiblíochta sna Stáit Aontaithe i Nollaig 1920, d’iarr sé ar Mary MacSwiney chun leanúint lena obair ansin, agus an troid ar son fhéinchinntiúchán na hÉireann a phoibliú.

An 23 Nollaig 1920, tháinig an tAcht um Rialtas na hÉireann i bhfeidhm sa dlí. Cheadaigh seo do Thuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann chun a bparlaimint féin a bheith acu, ach bheadh Éire mar chuid d’Impireacht na Breataine go fóill agus bheadh an Monarc fós mar Cheann an Stáit.

AN tOLLTOGHCHÁN, BEALTAINE 1921

I mBealtaine 1921, cuireadh toghcháin ar siúl faoin Acht um Rialtas na hÉireann. Ghlac Sinn Féin páirt sa toghchán ach dhiúltaigh sé an dá pharlaimint a aithint. Chruthaigh siad an Dara Dáil.

Chuaigh cúigear ban sa bhreis leis an gCuntaois de Markievicz: Kathleen Clarke, an Dr Ada English, Mary MacSwiney, Margaret Pearse agus Kate O’Callaghan. Bhain Kate O’Callaghan aird phoiblí amach lena foilseachán ar ‘Limerick Curfew Murders’ inar sonraíodh go ndearnadh a fear céile a lámhach agus a mharú i mí an Mhárta 1921.

NA CHÉAD ABHCÓIDÍ MNÁ 

Bronnadh in The Sex Disqualification (Removal) Act, 1919  gairmeacha beatha ar mhná sa dlí, sa mháinliacht tréidliachta agus sa státseirbhís ní b’airde nach raibh teacht acu orthu go dtí sin.

Ba iad an chéad  bheirt  bhan a rinneadh a ghairm chun Barra na hÉireann ar an 1 Samhain 1921  Frances Christian Kyle ó Bhéal  Feirste agus Averil Katherine Slatter Deverell ó na Clocha Liatha, Contae  Chill Mhantáin. Bhain an bheirt acu Céim sa Dlí amach ó Choláiste na Tríonóide. Tugadh cead isteach dóibh chuig Óstaí an Rí in Eanáir 1920.

Ba í Frances Kyle an chéad bhean, de réir na gcuntas, ar tugadh cead isteach di chuig an mBarra. Ba í an chéad bhean, chomh maith leis sin, ar bronnadh Scoláireacht John Brooke uirthi. Ba í Deverell an chéad bhean a chleachtaigh ag an mbarra. Rinneadh a leathchúpla dearthár, Liam Berenger Slatter Deverell, a ghairm chun an bharra an lá céanna, chomh maith.

1921 

Scaoileadh an Chuntaois de Markievicz ón bpríosún. Athcheapadh í ina Rúnaí Saothair ar an 26 Lúnasa  1921. Níor phost iomlán comh-aireachta é seo a thuilleadh, áfach. Luaigh Kate O’Callaghan sa Dáil go raibh “aiféala uirthi nach mbronnfaí céim chomh-aireachta ar an t-aon bhall baineann den chomh-aireacht sa socrú nua’”. Luaigh Mary MacSwiney,  go raibh “fasach á chruthú”  tríd “an t-aon bhall baineann den chomh-aireacht a chur amach”.

Sa chéad toghchán a thit amach i gcúige nua Thuaisceart Éireann, toghadh beirt bhan, Julia McMordie agus Dehra S. Chicester (an Bhantiarna Dehra Parker ina dhiaidh sin) leis an bpáirtí Aontachtach. Ba bhaill iad de Chomhairle Aontachtach Mhná Uladh (UWUC). Spreag baill den UWUC vótálaithe a chlárú agus chuir siad ranganna ar siúl ar ionadaíocht chomhréireach. I gContae an Chabháin, Contae Mhuineacháin agus Contae Dhún na nGall, thug grúpa ar ar tugadh Cónaidhm Chathartha na mBan faoina shamhail d’obair.

1922 AN CONRADH AGUS AN TRÉIMHSE INA DHIAIDH

Glacadh sos cogaidh ón gcoimhlint ar an 11 Iúil 1921.Thaistil lánchumhachtaigh go Londain chun socrú deiridh a shocrú, an Conradh Angla-Éireannach, i ndiaidh gur cuireadh cainteanna ar siúl idir Príomh-Aire na Breataine, David Lloyd George, agus Éamon de Valera (Uachtarán Dháil Éireann) i samhradh 1921.  Tháinig deighilt ar Dháil Éireann mar gheall ar théarmaí an Chonartha.

D’fhág iad siúd a chuir in aghaidh an Chonartha an seomra ar an 9 Eanáir 1922, an seisear ban a bhí ina dTeachtaí Dála ina measc.  Bhí baill de Chumann na mBan ar aon intinn leo, a dhiúltaigh téarmaí airteagail an chomhaontaithe ag a gcoinbhinsiún, 419 vóta in aghaidh 6 vóta. Chruthaigh mná a thacaigh leis an gConradh Cumann na Saoirse ina dhiaidh sin.

Ar an 14 Eanáir 1922, thug an Rialtas ar thaobh an Chonartha faoi Shaorstát Éireann a bhunú. Ar an 16 Eanáir 1922, ghlac an rialtas nua ceannas ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, suíochán chumhacht na Breataine in Éirinn leis na céadta bliain. Cruthaíodh Arm Náisiúnta (Óglaigh na hÉireann) agus Garda Cathartha (ar ar tugadh an Garda Síochána ní ba dhéanaí).

Cruthaíodh an 3ú Dáil i ndiaidh olltoghcháin ar an 16 Meitheamh 1922 agus cruthaíodh Rialtas Sealadach Dheisceart na hÉireann. Toghadh beirt bhan, Mary MacSwiney le Cathair Chorcaí agus Kate O’Callaghan le Cathair Luimnigh agus Oirthear Luimnigh.

Bhí fórsaí in Aghaidh an Chonartha lonnaithe sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath. Deirtear gur cuireadh tús le coimhlint an Chogaidh Chathartha nuair a chaith Saighdiúirí ar thaobh an Chonartha sliogáin leis an bhfoirgneamh ar an 28 Meitheamh 1922. Thit tús an chomhraic mhíleata amach roimh chéad suí na 3ú Dála, a bhí le tionól ar an 30 Meitheamh.

Rinneadh baintreach de Chaitlín Brugha ar an 7 Iúil 1922 agus daichead a trí bliain slánaithe aici. D’iarr an mháthair le seisear clainne go poiblí go bhfeidhmeodh na mná a bhí ar son ghluaiseacht na bPoblachtach mar na príomhchaointeoirí agus mar gharda onóra ag sochraid a fir chéile.

Chuir a fear céile, Cathal Brugha, in aghaidh an Chonartha, ach níor éirigh leis stop a chur le géarú an naimhdis a raibh cogadh cathartha mar thoradh air. A luaithe is a cuireadh tús leis an gcogaíocht, rinneadh ceannasaí de ar na fórsaí ar Shráid Uí Chonaill. Gortaíodh é ar an 5 Iúil, agus fuair sé bás dhá lá ina dhiaidh sin.

San olltoghchán a cuireadh ar bun ar an 27 Lúnasa 1923, sheas Caitlín Brugha mar Phoblachtach do shuíochán a fir chéile nár mhair. Bhain sí an líon ba mhó vótaí amach agus níor ghlac sí lena suíochán sa 4ú Dáil. Sheas sí arís eile sa toghchán don 5ú Dáil ar an 9 Meitheamh 1927, mar bhall de Shinn Féin. Ba TD í nár fhreastail riamh agus chloígh sí le beartas a páirtí gan dlisteanacht Dháil Éireann a aithint.

Ceannródaithe Polaitiúla

Toghadh cúigear ban leis an 4ú Dáil Éireann ar an 27 Lúnasa 1923,  Caitlín Brugha, an Dr Kathleen  Lynn, Mary MacSwiney, an Chuntaois  de Markievicz agus Margaret Collins-O’Driscoll a sheas ar son Bhaile Átha Cliath Thuaidh mar bhall den Pháirtí ar thaobh an Chonartha, ar tugadh Cumann na nGaedheal air ag an tráth sin.

Ba í Margaret an deirfiúr ba shine le Michael Collins. Bhí Collins ina Uachtarán ar Dháil Éireann agus ba é Ardcheannasaí Arm Shaorstát Éireann nuair a mharaigh fórsaí in aghaidh an chonartha é i rith luíocháin i ngar do theach a theaghlaigh in Iarthar Chorcaí an 22 Lúnasa 1922. D’fhág Margaret Iarthar Chorcaí i ndiaidh bhás a dearthár. D’fhág go leor daoine an áit inar chónaigh  a dteaghlaigh leis na cianta mar thoradh ar an gCogadh Cathartha, ina raibh comharsana ag achrann lena chéile.

Bhí Cogadh Cathartha ar siúl timpeall uirthi nuair a d’fhóin Margaret a chéad téarma i nDáil Éireann. Faoin Acht Cumhachtaí Práinne, cuireadh na mílte fear agus breis agus 700 bean  in aghaidh an chonartha, na hiar-TDanna Mary MacSwiney agus Kate O’Callaghan ina measc, chun príosúin. Scaoileadh leis an mbeirt bhan seo go luath ón bpríosún i ndiaidh stailceanna ocrais.  Cuireadh an Chuntaois  de Markievicz i bpríosún,  chomh  maith,  agus bhí sí ar stailc ocrais.

I dtosach, cuireadh mná i bpríosún fud fad na tíre, ach bhí siad go léir á gcoimeád go lárnach  i mBaile  Átha Cliath faoi thráth déanach i 1923. D’fhreastail an chéad  Oifigeach  Coimisiúnta  baineann in Arm Shaorstát Éireann orthu,  an Dr Bridget Lyons Thornton, a throid taobh le go leor de na mná sna blianta roimhe  sin. Scaoileadh leis na príosúnaigh dheireanacha mhná i Nollaig 1923.  Níor cuireadh aon bhean chun báis agus ní bhfuair aon bhean bás de bharr  stailc ocrais.

1924

TEACH LAIGHEAN

In 1924,  d’aistrigh an pharlaimint isteach i dTeach Laighean ar Shráid Chill Dara. Faoi théarmaí an chonartha, bhí dhá theach le bheith ag Éirinn, an Dáil agus an Seanad, ar a dtugtar Tithe an Oireachtais. Bhí 153 Teachta Dála tofa trí úsáid a bhaint as córas an vóta aonair

inaistrithe seachas córas  ‘an chéad  duine thar an líne’ a bhí ar bun sa Bhreatain. Bunaíodh aon roinn Stáit déag san Acht Airí agus Rúnaithe, 1924.

Rinneadh  foráil i mBunreacht Shaorstát Éireann do sheanad seasca ball. Cheap WT Cosgrave, mar Uachtarán na Comhairle Feidhmiúcháin, 30 díobh seo don chéad tréimhse trí bliana ó 1922  go 1925.

Rolla veillim, ar a bhfuil síniú gach comhalta de chéad sheanad na hÉireann, a thug Alice Stopford Green do Thithe an  Oireachtais.

Fianna Fáil

D’éirigh deich mball de bhuanchoiste Shinn Féin as ag Halla Bhaile Ráth Maonais ar an 29 Márta 1926. I ndiaidh cúpla seachtain bhí páirtí polaitiúil ar ar tugadh Fianna Fáil bunaithe ag Éamon de Valera agus a lucht tacaíochta. An Páirtí Poblachtach a bhí mar fhotheideal an pháirtí.

Bhí an Chuntaois  de Markievicz ina cathaoirleach ar chruinniú tionscnaimh an pháirtí ag Amharclann La Scala i mBaile  Átha Cliath ar an 19 Bealtaine 1926. Tháinig borradh tapa ar an tacaíocht a tugadh don pháirtí. Bunaíodh Cumann i ngach Paróiste Caitliceach.

Bhí Mary Ryan, ball de Chumann na mBan, i measc chéad bhaill an pháirtí i dTiobraid Árann. Thug sí chun cuimhne ní ba dhéanaí gur iarradh uirthi féin agus a fear céile, Martin, freastal ar chruinniú tionscnaimh Fhianna Fáil i ndiaidh Aifrinn ag Crois na Rae. Dúirt sí: ‘ní raibh orm athmhachnamh a dhéanamh’ agus d’imigh sí leo ‘ar an toirt’. Ghlac Mary le freagracht as cruinnithe a chur ar siúl, tacaíocht a fháil agus cistí a thiomsú.

Tugadh le fios ar an 24 Samhain 1926  gur fhreastail 500 toscaire ar chéad Ard-Fheis an pháirtí. I measc na bpríomhthacaíochtaí baineanna, bhí Margaret Pearse, Dorothy Macardle, Hanna Sheehy-Skeffington agus Linda Kearns. Bhí Kathleen  Clarke agus an Chuntaois de Markievicz mar chuid den Fheidhmeannacht.

Sinn Féin

Lean sí le Sinn Féin agus rinneadh Leas-Uachtarán de Mary MacSwiney agus sheas Caitlín Brugha mar iarrthóir  de chuid Shinn Féin san olltoghchán don 5ú Dáil i Meitheamh 1927.  Toghadh í, chomh  maith le Kathleen  Clarke agus an Chuntaois de Markievicz le Fianna Fáil ach

níor ghlac siad lena suíocháin. Arís eile, ba í Margaret Collins-O’Driscoll le Cumann na nGaedheal an t-aon TD baineann sa Dáil.

1926

Cuireadh cúigiú Comhdháil Chonradh Idirnáisiúnta na mBan ar son na Síochána agus na Saoirse ar siúl i mBaile Átha Cliath i 1926. D’fhreastail 150 toscaire ó 20 tír air agus ba é an chéad tionól d’eagraíocht idirnáisiúnta i Saorstát Éireann.

1927

Dearbhaíodh in Acht na nGiúiréithe, 1927 go roghnófaí giúiréithe i gcásanna coiriúla  agus

sibhialta ó íocóirí rátaí.  Rinne seo mná a eisiamh beagnach go hiomlán. Ní raibh mná i dteideal seirbhís ghiúiré a thabhairt mura ndearna siad iarratas ar leith.

Tugadh an tAcht Timpeall Toghchán (Leasú) (1927) isteach i ndiaidh gur feallmharaíodh an tAire Dlí agus Cirt, Kevin O’Higgins. Foráladh san Acht gur gá d’iarrthóirí ar thoghadh le Dáil Éireann mionnscríbhinn a shíniú go nglacfaidís lena suíochán agus leis an mionn dílseachta leis an monarc laistigh de dhá mhí, dá dtoghfaí iad. Cheadaigh sé seo, i bhfírinne, meicníocht d’Fhianna Fáil chun an Dáil a iontráil. Chuir Éamon de Valera ina luí ar a pháirtí glacadh leis seo agus dúirt sé: “Tugann teachtaí dála Fhianna Fáil fógra, leis seo, go mbeartaíonn siad chun caitheamh leis an dearbhú mar fhoirmiúlacht gan taca agus go ndearbhaíonn siad arís eile gur le náisiún na hÉireann atá a ndílseacht féin …”

Ní raibh an Chuntaois de Markievicz i láthair – fuair sí bás ar an 15 Iúil 1927.  Ba í Margaret Collins-O’Driscoll an t-aon bhean a shuigh sa 6ú Dáil.

1928 

I Nollaig 1928, chuaigh Kathleen Clarke le Eileen Costello, Ellen, Cuntaois Bhaile Mhic Dháith, Alice Stopford Green agus Jennie Wyse Power agus ionadaíocht á déanamh acu d’Fhianna Fáil sa Seanad.

Lean baill Shinn Féin le cruinnithe an dara Dála a chur ar siúl. Ba é an tionól dlisteanach a toghadh agus nár scaoileadh riamh, dar leo. Lean siad leis an tionól a chur i mbéal an phobail agus chas siad lena chéile go rialta. Tugadh Dáil Iníon MacSwiney air sna nuachtáin. D’fhreastail Kate O’Callaghan agus an Dr Ada English air, chomh maith.

Ba í an Bhantiarna Mary Bailey, a rugadh i gContae Mhuineacháin, an chéad bhean a d’eitil léi féin ó Londain go Cape Town. Tugadh ‘eitleoir mná seaimpín an domhain’  uirthi.

1929

Ritheadh an tAcht um Scrúdóireacht Fhoilseachán, 1929. Rinne seo soláthar do Bhord Cinsireachta nua a chruthú. Rinneadh foráil ann freisin do chosc éigeantach a chur ar leabhair nó tréimhseacháin a thacaigh le ‘cosc mínádúrtha a chur ar ghiniúint’.

Ba í Máiréad  Ní Ghráda an chéad láithreoir raidió mná. Choimeád sí ról an phríomhláithreora i Raidió Éireann ó 1929  go dtí 1935.