100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.










2000+

An tAcht um Stádas Comhionann 2000

Chuir an bhliain 2000 tús le Deich mBliana nua agus le hAois nua – bhí an daonra ag fás, le hinimirce leanúnach agus déimeagrafach a bhí ag athrú.

Achtaíodh an tAcht um Stádas Comhionann 2000 an bhliain sin, acht a chuir cosc ar idirdhealú i soláthar seirbhísí. An bhliain dár gcionn sheol Mary Wallace, an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí Ag Tógáil don Todhchaí (Framing the Future). Rinne Comhairle Náisiúnta na mBan coimisiúnú ar an staidéar taighde seo chun rannpháirtíocht na mban i ngrúpaí pobail agus deonacha a aithint. Léiríodh sa bhunachar sonraí náisiúnta a tiomsaíodh don staidéar go raibh 2,631 eagraíocht ban i 26 chontae na hÉireann.

An tOlltoghchán, 2002

Atoghadh 17 Teachta Dála mná ar an 17 Bealtaine 2002; Seisear ó Fhianna Fáil, seachtar ó Pháirtí an Lucht Oibre agus duine amháin ó Fhine Gael, le teachtaí nua; Máire Hoctor (FF), Marian Harkin (Neamhspleách), Olwyn Enright (FG) Mae Sexton (PD) agus Fiona O’Malley (PD). An bhliain sin, ba í an t-iar-Theachta Dála, Geraldine Kennedy, an chéad bhean a ceapadh ina hEagarthóir ar The Irish Times. D’fhan ceannaire an Pháirtí Daonlathach, Mary Harney, ina Tánaiste agus ina hAire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta. Ceapadh Mary Coughlan, (FF), ina hAire Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh. Mary Coughlan – 10ú Aire Rialtais – Nasc chuid Bord an Rialtais

Comhionannas 

Ba é príomhthionscadal Longford Women’s Link an Longford Women’s Manifesto Group, a bunaíodh mar gur bhraith mná nach raibh guth acu sa chinnteoireacht ina gcontae. Bhí an tsamhail rannpháirtíochta a chruthaigh siad idir mná agus cinnteoirí áitiúla ina teimpléad agus ina hacmhainn thábhachtach do chontaetha eile.

Bhunaigh Sinn Féin Roinn Comhionannais laistigh den pháirtí, le beartais shonracha chun mná a chur chun cinn. Sa bhliain 2004, ba í Mary Lou McDonald an chéad Fheisire de Pharlaimint na hEorpa do Shinn Féin in Éirinn, in éindí le Avril Doyle agus Mairead McGuinness ó Fhine Gael agus na Neamhspleáigh, Kathy Sinnott agus Marian Harkin. 

Go luath sna 2000idí, tugadh ainm nua ‘Mná an Lucht Oibre’ ar choiste comhairleach ban Pháirtí an Lucht Oibre a bunaíodh sa bhliain 1971. Athscríobhadh an bunreacht de réir mar a rinne an grúpa an daicheadú bliain ó bunaíodh é a chomóradh.

An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa ag cur tús lena Dara Téarma

Atoghadh Máire Mhic Giolla Íosa ina hUachtarán na hÉireann don dara téarma i mí na Samhna 2004, ag gealladh go rachadh sí i mbun plé le daoine óga, ‘Ag cuimhneamh le gean ar na laethanta is fearr dá raibh againn riamh, tugaimid aghaidh ar an todhchaí gan fios go cinnte céard atá i ndán dúinn ach le tuiscint mhaith ar an obair chrua amach romhainn, obair atá le déanamh againn uilig mar shaoránaigh, agus ní obair don rialtas amháin.’ (‘Cherishing the best of our past we turn to our future not knowing exactly what it holds but with a clear idea of the hard work ahead of us, work for all of us as citizens and not simply for government alone.’)

An 71ú Teachta Dála Mná i nDáil Éireann

Sheas Catherine Murphy mar Neamhspleách i bhfothoghchán 2005 agus ba í an 71ú Teachta Dála mná i nDáil Éireann. In Olltoghchán na bliana 2007, toghadh 23 Teachta Dála mná, lena n-áirítear teachtaí nua; Áine Brady agus Catherine Byrne ó Fhianna Fáil; Lucinda Creighton ó Fhine Gael; Mary White ón gComhaontas Glas agus Joanna Tuffy ó Pháirtí an Lucht Oibre.

2008 – Comóradh 90 bliain ó toghadh an chéad bhean chuig Dáil Éireann

Rinneadh comóradh 90 bliain ó toghadh Constance de Markievicz a cheiliúradh trí ghrianghraf stairiúil a ghlacadh d’iar-bhaill agus de bhaill reatha ó dhá Theach an Oireachtais i seomra na Dála ar an 9 Nollaig 2008. Arna eagrú ag an Seanadóir Ivana Bacik, a dúirt: ‘Is é seo an chéad uair i stair stát na hÉireann – sna naoi mbliana fichead ó thoghchán stairiúil na bliana 1918 – go mbeidh an Seomra seo beagnach leath líonta le hionadaithe mná.’ (‘This will be the first time in the history of the Irish state – in the nine decades since that historic 1918 election – that this Chamber will be nearly half filled with women representatives.’)

An dara Tánaiste mná in Éirinn, 2008

Ceapadh Mary Coughlan mar an dara Tánaiste mná in Éirinn i mí Bealtaine na bliana 2008, tar éis Brian Cowan a cheapadh ina Thaoiseach. Bhí sí ina Tánaiste fad is a bhí tréimhse cruatain eacnamaíochta i réim sa tír, tar éis tréimhse rathúnais ar a thugtar an Tíogair Cheilteach. Sna blianta ina dhiaidh sin, d’fhóin an Tánaiste Mary Coughlan agus an tAire Mary Hanafin sa Rialtas le roinnt cúraimí éagsúla.

An Chéad Choimisinéir Eorpach de chuid na hÉireann

San Eoraip, ceapadh Máire Geoghegan-Quinn mar an chéad Choimisinéir Eorpach de chuid na hÉireann. I gcaitheamh na bliana sin, 2008, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh dlí na hÉireann maidir le ginmhilleadh ag sárú chearta daonna na mban.

50:50

Seoladh an Feachtas 50:50 i mí Mheán Fómhair na bliana 2010. Bhí an feachtas bunaithe ar mhian amháin, agus ba é sin abhcóideacht a dhéanamh ar son ionadaíocht chomhionann sa pholaitíocht.

An Chéad Bhean mar Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann

Sa bhliain 2011, ceapadh an Breitheamh Onórach Susan Denham mar Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann. Ba í an chéad bhean riamh sa phost.

An tOlltoghchán, 2011

In Olltoghchán na bliana 2011, toghadh 25 bean chuig an 31ú Dáil, an líon is airde riamh. Níor toghadh aon chomhalta mná ó pháirtí Fhianna Fáil. Thogh Fine Gael 11 bean, an líon is mó Teachtaí Dála mná a bhí ag an bpáirtí go dtí sin, lena n-áirítear Teachtaí Dála nua Nicky McFadden (FG), Mary Mitchell O’Connor (FG), Áine Collins (FG), Heather Humphreys (FG), agus Michelle Mulherin ( FG).

Toghadh Ann Phelan, Ann Ferris agus Ciara Conway ó Pháirtí an Lucht Oibre. Ba iad Mary Lou MacDonald agus Sandra McLellan na Teachtaí Dála a toghadh ó Shinn Féin. Toghadh Clare Daly mar ionadaí don Pháirtí Sóisialach agus toghadh Joan Collins ón gComhaontas Pobal Roimh Bhrabús. D’éirigh Mary Harney as a post sa bhliain 2011 agus ba í an Teachta Dála mná ab fhaide seirbhís, í ag fónamh sa Dáil ón mbliain 1981.

Cuireadh comhrialtas ar bun idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre; Ceapadh Enda Kenny ina Thaoiseach agus ceapadh Joan Burton ina hAire Cosanta Sóisialta. Joan Burton – 12ú Aire Rialtais – Nasc chuig Bord an Rialtais 

Cheap an Taoiseach Frances FitzGerald ina hAire Leanaí agus Gnóthaí Óige. Frances Fitzgerald – 13ú Aire Rialtais – Nasc chuig Bord an Rialtais 

Women for Election

Is grúpa neamhbhrabúis é ‘Women for Election’, a corpraíodh in 2012, chun oiliúint a chur ar mhná a bhfuil baint acu leis an bpolaitíocht, tacú leo agus iad a spreagadh. I mí an Mhárta 2013, tháinig Teachtaí Dála nua chuig Dáil Éireann tar éis na bhfothoghchán, lena n-áirítear Helen McEntee a toghadh i bhfothoghchán a d’eascair as bás a hathar. Sa bhliain 2014, toghadh Gabriella McFadden as Fine Gael chuig suíochán a deirféar nuair a bhásaigh a deirfiúr. Toghadh Ruth Coppinger freisin chun ionadaíocht a dhéanamh ar Dhlúthpháirtíocht – Pobal Roimh Bhrabús.

I dtreo dheireadh dara téarma an Uachtaráin Mary McAleese; chuir sí fáilte roimh an mBanríon Eilís II go hÉirinn ar chuairt Stáit i mí na Bealtaine 2014.

An Tríú Tánaiste Mná

Ceapadh Joan Burton, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, ina Tánaiste ar an 4 Iúil 2014.

Mná ag Bord an Rialtais, 2014

Ceapadh Jan O’Sullivan ina hAire Oideachais agus Scileanna. Jan O’Sullivan – 14ú Aire Rialtais – Nasc chuig Bord an Rialtais 

Ceapadh Heather Humphreys chun an Rialtais ar an 11 Iúil 2014 ina hAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys – 15ú Aire Rialtais – Nasc chuig Bord an Rialtais 

An Chéad Easpag Mná

Tháinig athruithe eile sa bhliain 2014, lena n-áirítear an chéad Easpag mná in Éirinn nó sa Bhreatain oirnithe ag Eaglais na hÉireann, nuair a ceapadh an tUrramach Pat Storey mar Easpag na Mí agus Chill Dara.

An Chéad Choimisinéir na nGardaí Mná

Ceapadh Noreen O’Sullivan mar an chéad Choimisinéir na nGardaí mná.

Bhí Máire Geoghegan-Quinn ina cathaoirleach ar phainéal neamhspleách chun ceist an neamhionannais inscne i measc fhoireann oideachais na hÉireann a iniúchadh, tar éis an cás rathúil a thug an Dr Micheline Sheehy Skeffington, gariníon na Sufraigéide Hanna Sheehy Skeffington, i gcoinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 

I mí Iúil na bliana 2015, bhunaigh triúr neamhspleácha na Daonlathaithe Sóisialta (Éire). Ba iad comhcheannairí an pháirtí Róisín Shorthall (an Teachta Dála is faide seirbhís go leanúnach, tar éis gach toghchán a bhuachan ón mbliain 1992) agus Catherine Murphy.

Olltoghchán na bliana 2016 – Cuótaí Inscne

Tar éis Olltoghchán 2016, ceapadh 35 bean chuig Dáil Éireann. Bhí cuótaí inscne, a cheadaigh maoiniú Stáit páirtí a ghearradh ina dhá leath mura mná iad 30% dá n-iarrthóirí, tar éis déimeagrafach Dháil Éireann a athrú.

Maidir le hionadaíocht na mban, rinne an tAontas Idirpharlaiminteach Éire a rangú sa 75ú háit ar domhan. Toghadh 19 Teachta Dála nua, lena n-áirítear Maria Bailey, Kate O’Connell, Hildegarde Naughton agus Josepha Madigan ó Fhine Gael. Bhí Mary Butler (FF), Lisa Chambers (FF), Margaret Murphy O’Mahony (FF), Fiona O’Loughlin (FF), Anne Rabbitte (FF), agus Niamh Smyth (FF) ina Teachtaí Dála nua-thofa ó Fhianna Fáil. I measc Theachtaí Dála nua Shinn Féin bhí Imelda Munster (SF), Denise Mitchell (SF), Louise O’Reilly (SF), Kathleen Funchion (SF) agus Carol Nolan (SF). I measc na ndaoine eile a toghadh bhí Clare Daly (Neamhspleáigh ar son an Athraithe), Joan Collins (Neamhspleáigh ar son an Athraithe), Catherine Connolly (Neamhspleách), Brid Smith (Comhaontas Frith-Dhéine – Pobal Roimh Bhrabús) agus Catherine Martin (an Comhaontas Glas).

Mná ag Bord an Rialtais, 2016

Le linn dara téarma Enda Kenny mar Thaoiseach, ceapadh an líon is mó ban chun na Comh-Aireachta; triúr ó Fhine Gael – Frances Fitzgerald, Heather Humphreys, agus Mary Mitchell O’Connor, agus an Teachta Dála Neamhspleách – Katherine Zappone. Ceapadh Frances FitzGerald ina Tánaiste agus ina hAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Ceapadh Mary Mitchell O’Connor ina hAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Mary Mitchell O’Connor – 16ú Aire Rialtais – Nasc chuig Bord an Rialtais  Ceapadh Katherine Zappone ina hAire Leanaí agus Gnóthaí Óige. Katherine Zappone – 17 ú Aire Rialtais – Nasc chuig Bord an Rialtais

An Ceathrú Tánaiste Mná

Nuair a d’éirigh Enda Kenny as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael sa bhliain 2017, rinne a chomharba, Leo Varadkar, Frances Fitzgerald a athcheapadh ina Tánaiste.

Mná ag Bord an Rialtais, 2017

Bhí ceathrar ban san áireamh sa Rialtas nua; Frances Fitzgerald, Heather Humphreys, Katherine Zappone, agus Regina Doherty, a ceapadh ina hAire Gnóthaí Fostaíochta agus Cosanta Sóisialta. Regina Doherty – 18ú Aire Rialtais – Nasc chuig Bord an Rialtais  Ar an 30 Samhain, le linn a chéad téarma i nDáil Éireann, ceapadh Josepha Madigan ina hAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; an 19ú Aire. Josepha Madigan – 19 ú Aire Rialtais – Nasc chuig Bord an Rialtais

Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn

Sa bhliain 2017, bunaíodh Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn mar fhóram Traspháirtí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a théann i bhfeidhm ar mhná go príomha. Bhí Teachta Dála an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin ina cathaoirleach air.

Sa bhliain 2017, rinneadh an t-ealaíontóir Noel Murphy a choimisiúnú chun saothar a phéinteáil a chuimseodh gach ball de na 53 ball mná i dTithe an Oireachtais, na Teachtaí agus na Seanadóirí araon, ar aon chanbhás amháin. Tugadh an obair chun críche thar thréimhse sé mhí, agus rinneadh clár faisnéise, A Woman’s Place, a scannánú i gcaitheamh an ama sin. Taispeánadh an pictiúr i dTeach Laighean mar chuid de cheiliúradh bliana, Vótáil100, faoi stiúir coiste traspháirtí faoi chathaoirleacht an tSeanadóra Ivana Bacik.