I dTreo Mheiriceá

Is scannán é Toward America a coimeádadh go speisialta, bunaithe ar thaighde bunaidh agus ar shaibhreas d’íomhánna ó bhailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.

Bunaíodh an Coimisiún Meiriceánach ar Chúrsaí in Éirinn sna Stáit Aontaithe, chun imeachtaí in Éirinn a fhiosrú, imeachtaí a dtugtar Cogadh na Saoirse anois orthu.  I ndiaidh éisteachtaí agus tuarascálacha, cuireadh Coiste Meiriceánach do Chúnamh le chéile in Éirinn; bailíodh cúnamh agus thug Cros Bhán na hÉireann amach é.