Seimineár Gréasáin: Cothrom Céad Bliain Éisteachtaí an Choimisiúin Mheiriceánaigh ar Chúrsaí in Éirinn.

Washington DC, 1920.

Taifeadadh an seimineár gréasáin seo an 15 Nollaig 2020.  Tá ábhar ón Dr. Miriam Nyhan Grey agus ón Ollamh Emeritus Cathal MacSwiney Brugha agus a bhean chéile Catherine Brugha mar chuid den seimineár gréasáin.

Phléigh an Dr. Miriam Nyhan Grey, Stiúrthóir Staidéir Iarchéime agus Stiúrthóir Comhlach i Glucksman Ireland House, Ollscoil Nua-Eabhrac, an Dr. Gertrude B. Kelly agus a grúpa de ghníomhaithe, American Women Pickets for the Enforcement of Americas War Aims. Bhí an Dr. Kelly ina Cisteoir ar The American Auxiliary Irish White Cross. 

Phléigh an tOllamh Emeritus Cathal MacSwiney Brugha agus a bhean chéile Catherine Brugha cuairt Muriel MacSwiney agus Mary MacSwiney ar na Stáit Aontaithe ar mhaithe le fianaise a thabhairt ag an gCoimisiún Meiriceánach ar Chúrsaí in Éirinn. Roinneadar léargais shuntasacha agus nithe tábhachtacha ó Chartlann Mhuintir MacSwiney Brugha.

Mná 100
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.