HER-ALD:
Cartlanna, Litríocht agus
Doiciméid a bhaineann le mná

In 2016 reáchtáil Accenture feachtas dar theideal Women on Walls i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Is éard b’aidhm leis an bhfeachtas ná ceannairí mná a dhéanamh infheicthe trí shraith portráidí coimisiúnaithe agus, ar an gcaoi sin, oidhreacht bhuan a fhágáil d’Éirinn. Toisc gur éirigh chomh maith sin leis an bhfeachtas, tá sé i gceist anois ag Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann seimineár lae a eagrú d’fhonn eolaithe, scoláirí, údair agus daoine eile ar mná Éireannacha iad a dhéanamh níos infheicthe agus, chuige sin, tabharfar le chéile cartlannaithe, leabharlannaithe, staraithe agus páirtithe leasmhara eile le bailiúcháin chartlainne a bhaineann le mná a aimsiú, a phlé agus a scaipeadh.

Beidh tarraingt uilíoch ar HER-ald: cartlanna, litríocht agus doiciméid a bhaineann le mná ag cartlanna anseo in Éirinn agus níos faide i gcéin ar mian leo na róil a bhí ag mná i ngach gné den saol san am atá thart a chur chun cinn, chomh maith leis na róil a bheidh acu amach anseo. Is aidhm le HER-ald casadh eile a chur ar ar baineadh amach san fheachtas Women on Walls, comhoibriú a chothú agus cartlanna éagsúla náisiúnta, áitiúla agus acadúla a thabhairt le chéile le hiarraidh orthu breathnú ina gcroí féin le teacht ar na mná seo i ngan fhios. Bhí an seimineár “HER-ald: cartlanna, litríocht agus doiciméid a bhaineann le mná” ar siúl in Acadamh Ríoga na hÉireann Déardaoin, an 14 Nollaig 2023. Oiriúnach go leor, ar an lá céanna 105 bliain roimhe sin fuair mná Éireannacha a raibh 30 bliain d’aois slánaithe acu an ceart chun vótáil san olltoghchán den chéad uair.

Meadhbh Murphy

Dr Barry Houlihan

Lynsey Gillespie

Prof. Maria Luddy

Mary McAuliffe

Prof. Diane Urquhart

Dr Brian Hughes

Virginia Teehan

Dr Martin Walsh

Nora Twomey

Dr Sinéad McCoole

Andrew Hughes