Centenary Songs
Mná100 Podcast, Eipeasóid 3

Mná100 Podcast, Eipeasóid 3

Déanann an podchraoladh seo comóradh céad bliain ar  dhíospóireachtaí an Dara Dáil (seisiúin phríobháideacha agus phoiblí araon) ar na hAirteagail Chomhaontaithe do Chonradh idir an Bhreatain Mhór agus Éirinn, a tugadh Díospóireachtaí an Chonartha orthu go forleathan. Léiríodh é i gcomhpháirtíocht leis an gCeoláras Náisiúnta – an áit inar tharla na himeachtaí suntasacha seo céad bliain ó shin. 

Idir síniú na n-airteagail chomhaontaithe i mí na Nollag 1921 agus rith na n-airteagal i mí Eanáir 1922, rinneadh sraith díospóireachtaí achrannacha in Ardán Earlsfort, a bhfuil an Ceoláras Náisiúnta ann anois. Déantar plé sa phodchraoladh ar an tréimhse staire seo agus go leor rudaí eile.

Mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, tá an Ceoláras Náisiúnta tar éis cuid de na hamhránaí is scríbhneoirí is fearr de chuid na hÉireann a thabhairt le chéile chun amhráin pobail a scríobh a dhéanann comóradh ar na fir agus na mná a ghlac páirt i nDíospóireachtaí an Chonartha.  Seinnfear na hamhráin ag ceolchoirm sa Cheoláras Náisiúnta ar an 11 Nollaig. Tugadh cuireadh do cheoltóirí – Karan Casey, John Spillane, Maija Sofia agus Gemma Dunleavy – plé a dhéanamh ar a gceird cumadóireachta sa phodchraoladh seo.  Pléitear an chaoi ar spreag an coimisiún speisialta seo iad agus conas a chuir a gcuid amhrán leis an léacsacan náisiúnta.

Dúirt an tAire Martin:

Tá an-áthas orm an tríú heipeasóid seo i sraith podchraoltaí Mhná100 a fhógairt. Déantar comóradh céad bliain san eipseasóid seo ar Dhíospóireachtaí an Chonartha, le ceathrar de na scríbhneoirí amhrán is fearr in Éirinn – Karan Casey, John Spillane, Maija Sofia agus Gemma Dunleavy ag cur leis an bplé ar bhealach speisialta. Tá ealaíontóirí ó gach seánra tar éis muid a spreagadh ar bhealaí nua chun ár stair a iniúchadh agus rochtain a fháil uirthi mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán. Agus an tréimhse seo céad bliain ó shin á scrúdú againn, tugann scríbhneoirí amhrán de chuid na hÉireann léargas ar roinnt de na fir agus de na mná lárnacha a ghlac páirt i nDíospóireachtaí an Chonartha trí mheán an cheoil. Mar amhránaí mé féin, is eol dom an chumhacht a bhaineann leis an gceol mar fhoirm léirithe. Tá ár gcuid bailéad agus amhráin pobail mar chuid de thraidisiún béil na hÉireann… an chaoi a n-insímid ár scéalta dá chéile. Tá cáil orainn ar fud na cruinne as ár gcumas chun muid féin a chur in iúl trí mheán an cheoil – is cuid mhór de thionchar mhuintir na hÉireann ar an domhan é. Arís eile, cuireann an podchraoladh béim ar ról na mban 100 bliain ó shin.”

I measc na 4 ealaíontóirí atá le cloisteáil ar an bpodchraoladh tá:

Gemma Dunleavy – is amhránaí, scríbhneoir amhrán agus léiritheoir í Gemma. Déanann a céad cheirnín leathfhada Up De Flats ceiliúradh ar a baile ar Shráid an tSirriam. Baineann sí triail as fuaimeanna éagsúla trí uirlisí clasaiceacha Gaeilge a thabhairt le chéile cosúil leis an gcláirseach agus an fheadóg mhór le popcheol agus ceol club. Bronnadh Sparánacht Markievicz uirthi in 2021.

Karan Casey – tá gairm ag Karan sa cheol traidisiúnta agus pobail le 25 bliana anuas. In 2019, ainmníodh a hamhrán “Down in the Glen” don Amhrán Bunaidh is Fearr ag Gradaim Cheol Pobail RTE agus in 2018 chabhraigh sí le FairPlé, eagraíocht fheimineach a bhfuil sí mar aidhm aici  cothromaíocht inscne a bhaint amach do thaibheoirí ban in earnáil cheol traidisiúnta agus tíre na hÉireann. Cuireadh dráma Karan, ‘I Walked into My head”, ar stáitse in 2021 ag Féile Ealaíon Chill Chainnigh faoi stiúir Sophie Motley.

Maija Sofia – is ceoltóir, scríbhneoir amhrán agus ealaíontóir í Maija a oibríonn i meáin éagsúla, ag iniúchadh saol na fuaime, an léirithe agus an téacs. Eisíodh a halbam ‘Bath Time’ in 2019 agus ainmníodh í le haghaidh Duais Cheoil Choice RTÉ. Bhronn an Chomhairle Ealaíon Gradam Ghlúin Nua uirthi in 2020.

John Spillane – ceoltóir pobail, scríbhneoir amhrán, scéalaí agus file is ea é John atá ag scríobh amhrán le 30 bliain anuas. Fréamhaithe i ndaoine, áit agus scéal, spreagann a chuid ceoil mothúcháin an éisteora, agus meallann a chuid léirithe beo lucht féachana ar fud an domhain. D’eisigh sé albam ‘100 Snow White Horses’ i mbliana, a chéad albam neamhspleách le 20 bliain.