Tabhairt ar Láimh Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Déanann mna100.ie, i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann, comóradh céad bliain ar Thabhairt ar Láimh Chaisleán Bhaile Átha Cliath, ceann de na himeachtaí is suntasaí agus cuimhneachán tábhachtach i gClár Dheich mBliana na gCuimhneachán do 2022.

Is iad an Dr Kate O’Malley agus an Dr John Gibney comhúdair an fhoilseacháin is déanaí de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann The Handover: Dublin Castle and the British Withdrawal from Ireland, 1922. Sa phíosa seo, roinnimid sleachta as an leabhar seo, agus dírímid ar chuid de na mná a bhí i láthair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 16 Eanáir agus na mná sin a réitigh an bealach don ‘Tabhairt ar Láimh’.

Díreoimid ar na mná a bhí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 16 Eanáir 1922. Fostaíodh go leor ban ina rúnaithe, mar chuid de Riarachán na Breataine i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus, chomh maith leis sin bhíodar ceangailte le Rialtas Sealadach nua na hÉireann. Ina measc seo bhí Sinéad Mason, Rúnaí Pearsanta Michael Collins, agus seans maith go raibh sí i láthair ar lá ar Tugadh an Caisleán ar Láimh.

Déanaimid próifíliú ar chuid de na mná a bhí mar chuid de Státseirbhís na Breataine lena n-áirítear, Lily Mernin, a thabharfadh Michael Collins ‘Little Gentleman,‘ mar leasainm uirthi, agus bhí sí mar ghearr-chlóscríobhaí sa rannóg faisnéise i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le linn an fheachtais ar son an neamhspleáchais. Chuir Lily Mernin a beatha i mbaol go minic agus í ag smuigleáil doiciméad agus ag roinnt eolais. D’fhan a ról faoi rún le linn a saoil, ach tá a scéal ina iomláine tagtha chun solais le hobair staraithe ar nós an Ollaimh Marie Coleman, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, a bhfuil a beathaisnéis scríofa aici don Dictionary of Irish Biography (DIB), tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.

Déanaimid doiciméadú ar ról na ngnáthshaighdiúirí, agus léirítear ina gcuid comhad pinsin seirbhíse míleata a rannpháirtíocht sna himeachtaí ba chúis leis an Tabhairt ar Láimh, daoine cosúil le Annie Mary Smith (née Brennan). Bhí Annie Mary Smith ina faisnéiseoir laistigh d’fhoireann Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus thug sí an t-eolas a fuair sí do Michael Collins agus é ina Stiúrthóir Faisnéise ag an IRA.

Breathnóimid ar na mná a d’oibrigh laistigh de struchtúir Dháil Éireann (go minic gan phá) nuair a bhí sé ina eagraíocht thoirmiscthe. Nuair a fógraíodh an Sos cogaidh fostaíodh roinnt ban a bhí ag obair sa scáth-rialtas, agus d’oibrigh líon beag acu leis an Rialtas Sealadach, agus níos déanaí i Saorstát na hÉireann. D’oibrigh go leor acu ar bhonn sealadach agus níor tugadh post buan dóibh go dtí 1932.


Miontuairisc gan dáta ag cur síos ar na taifid scríofa a bhain le haistriú Chaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir 1922. Tugtar suntas do Sheila Murphy sa doiciméad seo. NAI, Roinn an Taoisigh, TSCH/3/S2159/1; Le caoinchead ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann.

Casaimid ar an státseirbhíseach Sheila Murphy, ceithre bliana is fiche d’aois, a bhí mar chuid d’fhoireann Dháil Éireann a d’oibrigh i Roinn an Uachtaráin, in oifig Uachtarán an Rialtais Shealadaigh agus níos déanaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Ba í an taidhleoir mná ba thábhachtaí í faoi dheireadh a gairmréime in 1964 de réir mar a scríobh an Dr Michael Kennedy, Eagarthóir Feidhmiúcháin agus ceannaire ar an tsraith Documents on Irish Foreign Policy de chuid an ARÉ.

Le feiceáil anseo ó chlé go deas, ag cruinniú de chuid 3ú Coiste (Sóisialta, Daonnúlach agus Cultúir) an Chomhthionóil Ghinearálta tá: (deasc tosaigh) Tamar Shoham-Sharon, Uasal, ón Iosrael; Sheila Murphy, as Éirinn; Bedia Afnan Uasal, ón Iaráic; agus an tUasal R. Sumarjo, ón Indinéis. (deasc ar chúl) an tUasal Gustav Vlahov, ón Iúgslaiv; an tUasal Mohammed Al-Haifi, as Éimin; Elena Lara, as Veiniséala; Tomas G. Brena, as Uragua; agus an Seanadóir William F. Knowland, as na Stáit Aontaithe.

Déanaimid trácht freisin ar fhreagairt beirt bhan a chuir in aghaidh glacadh leis na hAirteagail Chomhaontaithe idir an Bhreatain Mhór agus Éire. Kathleen Clarke TD a chuir a smaointe i láthair maidir le Tabhairt ar Láimh Chaisleán Bhaile Átha Cliath mar rún i Halla na Cathrach ina ról mar Chomhairleoir Shinn Féin ar Bhardas Bhaile Átha Cliath, agus Grace Plunkett a bhfuil a cartún i gcló thuas. Déanann Frances Clarke cur síos ar shaol na mná seo ina cuid iontrálacha sa Dictionary of Biography de chuid an ARÉ.

Ar deireadh, cuimsímid plé ar áit na mban i dtuairisciú preasa na Breataine ar an Tabhairt ar Láimh leis an Dr Elspeth Payne.

Ar dtús, chun rudaí a chur i gcomhthéacs éigin, roinnimid roinnt sleachta as The Handover: Dublin Castle and the British withdrawal from Ireland, 1922 , leis an Dr John Gibney agus an Dr Kate O’Malley, ina dtugtar léargas cuimsitheach dúinn ar an tréimhse seo inár stair:

An 16 Eanáir 1922 seo leanas barrtheideal an Freeman’s Journal, a bhí leagtha amach thar leathanach ar fad: ‘Titeann Caisleán Bhaile Átha Cliath tar éis seacht gcéad bliain faoi léigear.’ Bhí Rialtas na Breataine in Éirinn lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus mar sin ba mhaith ba léir do léitheoirí nuachtáin na maidine sin a thábhachtaí is a bhí an méid a tuairiscíodh a bhí le tarlú ann an 16 Eanáir 1922 agus dóibh siúd a d’éist leis an nuacht ó lucht díolta nuachtáin amuigh ar na sráideanna.

Is ‘ionadaithe de chuid náisiún na hÉireann’ iad comhaltaí an Rialtais Shealadaigh nua a bheidh ag ‘déileáil leis an gceárta maorlathais sin … agus le mírialú’ ‘de réir mhianta mhuintir na hÉireann’ agus a ‘chuirfidh deireadh go deo le héagóracha rialtas an Chaisleáin, mar dhea.’ Tar éis an Chonartha a bheith curtha i bhfeidhm, b’éigean do na Briotanaigh, a bhí ag imeacht, cumhacht a thabhairt uathu do na hÉireannaigh.

In 1921-22 bhí Éire ina chuid fhoirmiúil den Ríocht Aontaithe seachas d’impireacht na Breataine, ach bhí gnéithe den tslí ina rialaíodh í, agus sa chaoi a rialaigh institiúidí na Breataine í, chomh maith leis an dearcadh a bhí ag na Briotanaigh iad féin uirthi, a bhí níos cosúla leo siúd a fuarthas in áiteanna eile san Impireacht; ina theannta sin, ba iad na gealltanais don Impireacht, agus sa saol iarchogaidh i gcoitinne, a mhúnlaigh na bealaí a d’fhreagair na Briotanaigh do réabhlóid na hÉireann. Níorbh í Éire an t-aon fhadhb impiriúil a bhí os comhair na Breataine i ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Tharla an rud céanna san Éigipt, áit ar thosaigh an réabhlóid in 1919 ag an am céanna le cogadh na Saoirse in Éirinn agus, ní nach ionadh, tharraing sé go leor aird sna nuachtáin Éireannacha agus dá bharr sin chonaic náisiúnaithe na hÉireann cosúlachtaí leis an ngníomhaíocht réabhlóideach agus an cur faoi chois a bhí ag tarlú ansin.

Mná na hÉigipte i mbun léirsithe le linn na réabhlóide. Léirsithe Cairo 1919 mideastimage.com le fáil ag: commons.wikimedia.org/wiki/File:Cairo-Demonstrations1919.jpg

Díríodh aird an domhain ar an India freisin in 1919, áit a tharla Sléacht Amritsar in Punjab. Bhí an tionchar céanna ag an gcur faoi chois a rinne an Bhreatain san India choilíneach ar an ré náisiúnach Indiach agus a bhí in Éirinn i ndiaidh Éirí Amach na Cásca. Ba é streachailt an neamhspleáchais san India an ceann ba choitianta a bhí nasctha le streachailt na hÉireann agus le linn an naoú haois déag agus an fichiú haois bunaíodh go leor nasc idir an dá ghluaiseacht, go háirithe ag gníomhaithe mná. Le haghaidh tuilleadh léitheoireachta féach an t-alt seo de chuid History Ireland.

Ar ais i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir 1922, bhí cúram práinneach ar Rialtas nua na hÉireann, a bhí ag fanacht chun dul i mbun seirbhíse, an Rialtas Sealadach a bhunaigh an Conradh, bhí cúram orthu taisteal go Caisleán Bhaile Átha Cliath – áit a raibh an coimpléasc foirgneamh a chuimsigh riail na Breataine in Éirinn – agus smacht a ghlacadh ar an riarachán a bhí lonnaithe ann. Ní raibh na sonraí maidir leis an mbealach a tharlódh sé seo soiléir: ‘Ní fios an mbeidh aistriú foirmiúil údaráis oscailte don phreas nó an mbeidh sé ina ócáid phríobháideach den chuid is mó. Ar aon nós, ní bheidh ann ach rud oifigiúil.’ The Irish Times, 16 Eanáir 1922.

Bhí an Caisleán suite taobh thiar den chrosbhealach idir Sráid an Dáma agus Sráid Sheoirse, in aice leis an gceantar tráchtála thart ar Shráid an Dáma (ina raibh árachas agus baincéireacht ollmhór le feiceáil) agus bhí imeall thiar an cheantair miondíola suite thimpeall ar shiopaí ardleibhéil Shráid Grafton. Bhí Sráid Dawson ar an imeall thoir, agus mar sin bheadh ar an Rialtas Sealadach dul tríd an dá cheantar chun dul go dtí an Caisleán agus ar ais. Bhí na sluaite bailithe le chéile in aice leis an gCaisleán go luath an mhaidin sin, cé nach raibh siad cinnte cén t-am a mbeadh an ócáid ar siúl. Rinne Póilíneacht Cathrach Bhaile Átha Cliath an trácht a stiúradh sa chomharsanacht. Baineadh sreang dheilgneach ó na bealaí isteach chuig an gCaisleán agus taobh istigh den choimpléasc bhí cuid de na scáileáin chanbháis, a cuireadh in airde chun foirgnimh an Chaisleáin a choinneáil as radharc, á mbaint anuas.

Bhí an Clós Íochtarach lán le lucht preasa, fórsaí slándála agus teaghlaigh na n-oifigeach, a tuairiscíodh go rabhadar ag fanacht go fiosrach, agus ar Shráid an Dáma agus Sráid na Parlaiminte tháinig méadú ar an slua le himeacht ama, agus ‘d’fhan na daoine ag faire le teannas ar an ngluaiseacht de thrúpaí, d’oifigigh, agus feithiclí ag teacht agus ag imeacht … Bhí an chosúlacht ar an áit go raibh rudaí ag briseadh suas’ dar le tuairisceoir ón Irish Independent, a raibh a thuairim ar na himeachtaí sa nuachtán an lá dár gcionn. 

Cóip d’fhógra a d’eisigh an Rialtas Sealadach níos déanaí an lá sin maidir le ‘Aistriú Seirbhísí a bhí á riaradh ag Rialtas na Breataine in Éirinn go dtí seo’. An Chartlann Náisiúnta, Roinn an Taoisigh, TSCH/3/SI/7. Le caoinchead ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann.

Thaifead an tuairisceoir, ag 12 meán lae, teacht William Evelyn Wylie, an Breitheamh daichead bliain d’aois a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a bhí ina Chomhairleoir Dlí do Rialtas na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ó 1919 i leith. Bhí aithne mhaith air mar ionchúisitheoir an Choróin ag na binsí míleata tar éis Éirí Amach 1916. Tháinig an Rialtas Sealadach thart ar 1.30in i dtrí charr agus ina dhiaidh sin tháinig járbhaí capailltarraingthe tríd an ngeata ag Sráid an Pháláis agus chasadar ar dheis isteach i gclós íochtair an Chaisleáin. Thug tuairisceoirí na nuachtán mionsonraí ar na himeachtaí mar a tharla siad i bpictiúr le focail dá gcuid léitheoirí. Bhí Michael Collins agus Eoin MacNeill sa chéad charr, bhí Éamonn Duggan agus W.T.  Cosgrave sa dara carr agus na baill eile den Rialtas Sealadach sa tríú carr.

Agus iad ag dul isteach i bhfoirgneamh Chomhairle an Rí, thaifead an lucht preasa gur lean foireann ar a tugadh ‘foireann eile’ Collins isteach sa bhfoirgneamh, iad seo a leanas ina measc: Patrick Hogan, Fionán Lynch, Joe McGrath, Kevin O’Higgins agus ‘clóscríobhaithe ban’ mar a thug an Irish Independent orthu. Tá a fhios againn go raibh Sinéad Mason ar dhuine de na mná a bhí ann an lá sin.

Cóip de litir ó Shinéad Ní Dheirg ag diúltú d’iarratais ar agallaimh mar gur sárú a bheadh ann ar an muinín a chuir Michael Collins inti nuair a bhí sí ina rúnaí pearsanta aige, MS 49,667/6. Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Bhí Sean Clancy as Co. An Chláir, a bhí aon bhliain is fiche d’aois ag an am, i láthair an lá sin freisin. Bhí sé gníomhach le linn Chogadh na Saoirse agus bhí sé i mBriogáid Bhaile Átha Cliath de chuid Óglaigh na hÉireann. Ghlac sé le téarmaí an Chonartha agus bhí slí bheatha fhada aige in Óglaigh na hÉireann agus bhain sé ardú céime amach go dtí Leifteanantchoirnéal. Rinne Seán Ó Mórdha taifead ar a chuid cuimhní ar imeachtaí an lae sa bhliain 2000 in agallamh a rinneadh don chéad chlár den chlár faisnéise teilifíse Seven Ages ‘The birth of the new Irish state’. Tráth a bháis, agus é 105 bliain d’aois in 2006, ba é Clancy an faighteoir pinsin seirbhíse míleata, as a ról i gCogadh na Saoirse, is faide a mhair. Níor taifeadadh a chuimhne ar eachtra a tharla ar an lá sna nuachtáin. Dar le Clancy, luaigh oifigeach Briotanach go raibh Collins seacht nóiméad déanach agus gur chualathas Collins á fhreagairt: ‘Damnú ort, nach bhfuil sibhse anseo le seacht gcéad bliain, cén difear a dhéanfaidh seacht nóiméad anois.’

Bhí timpeallacht dhian, plúchtach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le linn Chogadh na Saoirse. Tharla roinnt imeachtaí teoranta sóisialta agus ceoil ann le linn an ama sin, ar mhaithe leis na daoine thar a bheith Briotanach a bhí ina gcónaí ann den chuid is mó. Má cheap éinne go raibh easpa tuisceana á thaispeáint agus na himeachtaí seo á reáchtáil, b’fhacthas dóibh go raibh gá lena leithéid mar gheall ar an gcoinneáil fada a bhí tar éis tarlú. Ar ndóigh, chuir imeachtaí sóisialta ‘ar chumas fhuílleach shochaí Bhaile Átha Cliath dul isteach ar mhachairí an Chaisleáin san iarnóin agus na huaireanta oifigiúla a chaitheamh le snagcheol nó foxtrot’ de réir chuimhne George Chester Duggan. Bhí Duggan mar chuid d’fhoireann riaracháin Chaisleán Bhaile Átha Cliath le linn Chogadh na Saoirse. Chuaigh sé isteach i Státseirbhís na Breataine in 1908, agus anois agus é i lár na dtríochaidí, ba é seo an dara téarma aige in Oifig an Phríomh-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Scríobh sé a chuid cuimhní cinn ag baint úsáid as an ainm cleite ‘Periscope’. Foilsíodh a chuntas ón taobh istigh den Chaisleán in alt dar teideal ‘The last days of Dublin Castle’ a foilsíodh in Blackwoods Magazine i mí Lúnasa 1922. 

Dar le státseirbhíseach de chuid na Breataine Mark Sturgis, (Sir Mark Beresford Russell Grant Sturgis), a glaodh go hÉirinn le bheith ina Rúnaí Príobháideach ag Sir John Anderson, Comh-Fhorúnaí agus ionadaí sinsearach de chuid Státchiste na Banríona in Éirinn:    

I mí Eanáir 1921 ba údar imní dúinn nuair a thriail Cuideachta F de na póilíní cúnta leas a bhaint as easpa roinnt oifigeach sinsearach trí bhál a reáchtáil Oíche Chinn Bhliana i Halla Phádraig agus fuarthas iad ag díol ticéid don imeacht.

Tugadh Sturgis ar iasacht go Baile Átha Cliath i samhradh na bliana 1920. Thaifead sé go raibh ar fhormhór na ndaoine a bhí ag obair agus a bhí ina gcónaí sa Chaisleán anois cloí le dianseiceálacha slándála. Bhí Sturgis ina chroiniceoir ar imeachtaí in Éirinn ón gCaisleáin le cúig imleabhar dá chuid dialann a choinnigh sé idir Iúil 1920 agus Eanáir 1922. Rinne Michael Hopkinson eagarthóireacht ar rogha de na dialanna seo agus foilsíodh iad sa leabhar The Last Days of Dublin Castle: the Mark Sturgis Diaries, Irish Academic Press, 1999. In iontráil amháin déanann sé trácht air:

Ach is féidir leis na rógairí seo, gan chead gan fiafraí beagnach nó fiú le cead, scata mná a thabhairt isteach nach bhfuil eolas ná aithne ag deoraí orthu seachas b’fhéidir iad féin. Beidh sé suimiúil a fheiceáil nuair a thiocfaidh mé ar ais amárach an bhfuair na Shinns cead isteach gléasta mar chaillí téagartha agus, murar éirigh leo, an raibh cóisir mhór ar bun ag na hiarsaighdiúirí iad féin.

Tháinig tuairisc eile ar shiamsaíocht taobh istigh de bhallaí an Chaisleáin ó bhall d’fhoireann Riaracháin Chaisleán Bhaile Átha Cliath, an gearr-chlóscríobhaí Lily Mernin, ina ráiteas finné don Bureau of Military History

D’eagraigh na póilíní cúnta ceolchoirmeacha tobac agus imchluichí fuist i gClós Íochtarach an Chaisleáin. Spreag Frank Saurin mé, a bhí ina bhall den Scuad Faisnéise, gach cúnamh a d’fhéadfainn a thabhairt agus na himchluichí fuist seo á eagrú, chun aithne a chur ar na póilíní cúnta agus chun a fháil amach gach a d’fhéadfainn fúthu.

Grianghraf faisnéise de chuid an IRA ina raibh líne d’fhir, mná, leanaí, saighdiúirí, ina seasamh i gClós Uachtarach an Chaisleáin in 1921. NPA PHOP1, Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Thug cuid de na póilíní cúnta a gcuairteoirí mná go dtí an tram ina dhiaidh sin, le baill den IRA á leanúint chun iarracht a dhéanamh iad a aithint. Mhéadaigh an tslándáil sa Chaisleán agus timpeall air de réir mar a chuaigh an choimhlint ar aghaidh, ach rinne an IRA iarracht leas a bhaint as aon leochaileachtaí. Rinne George Chester Duggan trácht ar an aitheantas fótagrafach a tugadh isteach chun dul isteach agus amach as an gCaisleán. Bhí sé seo ‘sách feiliúnach in oifigí i Londain le linn an chogaidh’ ach in Éirinn bhí na doiciméid seo mar ‘bhagairt orthu siúd a lipéadaíodh mar seo’, chuir sé an milleán orthu as bás oifigeach amháin ar a laghad.

nuair a d’fhág tú an Caisleán bhuail imní thú.  Agus mé ag siúl suas Sráid an Dáma d’fhéach mé ar ais uaireanta agus bhraith mé, gan fhios dom féin, go raibh duine éigin do mo leanúint – agus cé a bheadh mo leanúint? Bhí an chuma air go raibh saol an státseirbhísigh i Londain leadránach i gcomparáid leis an mothú bagrach marbhánta seo, ach ní dóigh liom go mbeadh mórán Státseirbhísigh Sasanacha ag iarraidh áit a mhalartú.

Lily Mernin aitheanta mar chuid de Riarachán na Breataine, Caisleán Bhaile Átha Cliath. Leabhar faisnéise an IRA le Gerrard Fitzpatrick, Cluain Eois, Co. Mhuineacháin. Thug Ard-Mhúsaem na hÉireann cead úsáid a bhaint as sa taispeántas agus ar líne.

An 16 Eanáir 1922 ag 11 ar maidin thaifead Michael Collins, Cathaoirleach an Rialtais Shealadaigh, an plean chun dul go Caisleán Bhaile Átha Cliath. Taifeadadh an cinneadh seo i miontuairiscí an chruinnithe, tá an ceannteideal ar an bpáipéar Rialtas Sealadach na hÉireann i gCartlann Náisiúnta na hÉireann anois (TSCH/1/1/1). Tionóladh an cruinniú i dTeach an Ard-Mhéara agus bhí Michael Collins i láthair agus é mar chathaoirleach le W.T. Cosgrave, Éamonn Duggan, Patrick Hogan, Fionán Lynch. Joseph MacGrath, Eoin MacNeill agus Kevin O’Higgins. Faoin teideal: Socruithe chun Feidhmeanna a ghlacadh ar láimh: ‘rinneadh socruithe cuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath ag 1.40in an tráthnóna sin chun na Ranna Stáit éagsúla a ghlacadh ar láimh’. 

Ina dhiaidh sin d’inis Státseirbhíseach de chuid na Breataine, George Chester Duggan, faoin gcruinniú seo in ‘The last days of Dublin Castle’ a foilsíodh sa Blackwoods Magazine i mí Lúnasa 1922:

…dream daoine de gach cineál: cuid acu i gcaipíní bhréidín agus buataisí gan snas; cuid eile le féasóg an lae inné fós ar a smig, cuid eile le gruaig fhada scrogallach, bónaí agus carbhait au peintre.  Tháinig an tUasal Collins féin isteach an doras ar dtús, agus cé go leagtaí síos an cairpéad dearg go minic sa halla agus suas an staighre le haghaidh go leor pearsantachtaí aisteacha, fós féin cinnte ba é seo an radharc is aistí ar fad a chonaic sé go dtí seo.

Agus iad ag dul suas an staighre go dtí Seomra na Ríchomhairle chuir James MacMahon, Fo-Rúnaí na hÉireann agus ball den Ríchomhairle, a rugadh i mBéal Feirste, fáilte rompu. Dhearbhaigh sé do Collins go raibh fáilte roimhe, chuaigh Collins thairis, agus d’fhreagair sé é gan moilliú: ‘Tá muis.

Níor ardaíodh aon bhratach os cionn an Chaisleáin, fiú nuair a tháinig Ard-Leifteanant na hÉireann Edmund Bernard FitzAlan-Howard ann, cúpla nóiméad tar éis an Rialtais Shealadaigh. Bhí gártha molta ón slua nuair a tháinig sé ann, agus dúradh san Irish Independent go raibh an slua i bhfad níos ciúine ná mar a bhí nuair a cuireadh fáilte roimh na daoine a tháinig isteach níos luaithe. Bhí siad go léir tar éis a mbealach a dhéanamh go Seomra na Ríchomhairle, a bhí suite os cionn an gheata idir Chlós Íochtarach agus Chlós Uachtarach an Chaisleáin, agus bhí radharc maith ó na fuinneoga don lucht féachana laistigh de chlós an Chaisleáin. Rinneadh cur síos do léitheoirí an Cork Examiner ar an gcuma a bhí ar an Seomra:

Caithfidh go ndeachaigh staidiúlacht shimplí an tSeomra i bhfeidhm ar na hAirí nua leis an dá chrann solais práis iontacha suite os cionn an bhoird i lár an tseomra a bhí clúdaithe le héadach dearg. Imeachtaí príobháideacha a bhí i gceist, ach tuigtear gur ghlac an Leasrí leo, mar ionadaí an Rí, ar an mbealach céanna a ghlacfadh an Rí é féin le hAirí nua.

Bhí an seomra agus leagan amach na suíochán le feiceáil go soiléir ón gclós. Chonacthas FitzAlan ina sheasamh ag an teallach ag an deireadh. Thaifead na hiriseoirí ‘trí na fuinneoga chonacthas an tUasal Collins ag déanamh miongháire agus ag breathnú go hiomlán lán de stuaim agus é ag bualadh leis an Leasrí.’ Cuireadh baill an rialtais shealadaigh in aithne dá gcomhghleacaithe a bhí i mbun riaracháin sa Chaisleán. Glaodh ar Sir Henry Robinson, a bhí ina Leas-Uachtarán ar bhord rialtas áitiúil na hÉireann ó 1898 i leith, a bheith i láthair, agus ina chuimhní cinn ina dhiaidh sin dúirt sé:

Ar an lá a socraíodh go dtabharfaí suas an Rialtas do Shinn Féin fuair mé teachtaireacht teileafóin a bheith i láthair ag an gComhairle le bheith curtha in aithne do na buaiteoirí … níor ghlac mé páirt sa slua sásta, agus chuaigh mé amach sa phasáiste, áit a lean An tUasal Breitheamh Wylie mé, agus bhí amhras orm nach raibh sé sásta déileáil leis na hAirí nua, Airí a chuir sé an dlí ar an gcuid is mó acu nuair a bhí sé ina Ard-Aturnae as cionta éagsúla a bhain leis an éirí amach. Laistigh de Sheomra na Ríchomhairle bhí an Tiarna FitzAlan ag tabhairt suas Rialtas na hÉireann go foirmiúil do Mhicheál Ó Coileáin, agus tar éis dó sin a dhéanamh d’fhág sé trí dhoras na n-árasán Stáit, agus mar sin sheachain sé bualadh lena státseirbhísigh dhílis agus ionúin leis an moladh sauve qui peut [‘gach fear dó féin’], sin an t-aon chomhairle a bheadh aige le tairiscint dóibh. Nuair a bhí sé imithe … chuaigh James Mac Mahon ar aghaidh ansin ag glaoch ar na ceannairí ranna go léir chun iad a chur in iúl dá dtaoisigh nua, agus mise, mar shinsearach sa tseirbhís, glaodh isteach ar dtús orm agus tugadh thart mé agus cuireadh in aithne mé do gach éinne duine i ndiaidh duine, díreach mar a chuirtear ríchomhairleoir nua-mhionnaithe faoi bhráid chomhaltaí eile na Comhairle. An rud is mó a chuir iontas orm ná a óige agus a bhí formhór na nAirí nua; bhí an chuma orthu go rabhadar amach sna déaga, agus bhreathnaigh siad ar fad bán san aghaidh agus imníoch. Gan dabht ar bith bhí siad tar éis dul tríd thréimhse uafásach imníoch, agus is cinnte go raibh cuma gruama orthu agus iad plúchta ag an tuiscint go mbeidís freagrach as rialtas na tíre amach anseo.

Sir Henry Robinson Memories: wise and otherwise, (Londain, 1923) 324-26

Scaoileadh saor go leor den fhoireann chléireachais chun féachaint ar na himeachtaí agus bhí roinnt acu ag tógáil grianghraf iad féin fiú; de réir dealraimh bhí ‘cuid mhaith den chraic agus den chairdeas’ sa Chlós Uachtarach, de réir tuairisceoir de chuid an Irish Freeman

De réir ráiteas Oifigiúil na Breataine a tuairiscíodh sna nuachtáin an lá dár gcionn, guíodh ‘gach rath’ ar an Rialtas Sealadach nua agus cuireadh in iúl ‘dóchas dáiríre go mbainfí amach faoina choimirce an idéal d’Éirinn a bheadh sásta, saor agus rathúil.’

Bhí an cruinniú i Seomra na Ríchomhairle ar siúl ar feadh níos lú ná uair an chloig. Thosaigh baill de Riarachán na Breataine ag imeacht ag 2.10in, agus ina dhiaidh sin d’imigh baill den Rialtas Sealadach nua ag thart ar 2.30in. Thug an Irish Independent le fios ina dtuairisc an 17 Eanáir 1922 go raibh líon áirithe oifigeach de chuid an Chaisleáin agus roinnt cuairteoirí Meiriceánacha (fós gan aithint) sa slua.

Michael Collins, Kevin O’Higgins agus WT Cosgrave ag fágáil Chaisleán Bhaile Átha Cliath tar éis do na Briotanaigh riail na hÉireann a thabhairt suas go searmanasach, 16 Eanáir 1922. Cashman, Joseph, 1881-1969, grianghrafadóir. NPA CIVP4. Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Déantar cur síos san íomhá seo ar na mná gan aithint a fheictear ar chlé agus Kevin O’Higgins, Michael Collins agus Éamonn Duggan ag teacht amach as Caisleán Bhaile Átha Cliath tar éis an chruinnithe, mar ‘Chlóscríobhaithe mná’ sa bpíosa scannánaíochta Pathé News, ach d’fhéadfadh siad a bheith ina bhfostaithe ag Riarachán na Breataine, b’fhéidir go bhfuil baint ag an dreach gruama atá orthu leis an éiginnteacht a bhaineann lena bhfostaíocht amach anseo. 

Rinne comhaltaí an Rialtais Shealadaigh a mbealach ar ais go dtí Teach an Ard-Mhéara. Leanadh ar aghaidh le gnóthaí ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear stórais, éadaí leapa agus cáipéisí a thógáil amach as. Thug an tuairisceoir de chuid an Freeman’s Journal  faoi deara le linn an chruinnithe i Seomra na Ríchomhairle go raibh leoraí míleata lasmuigh de svuít na Ríchomhairle, sa Chlós Uachtarach díreach taobh thiar de thúr Bermingham agus go raibh sé á luchtú le líon ollmhór imleabhar, cuid acu, ar aon nós, ar seaniarsmaí substaintiúla’ a bhí iontu. Mheas an t-iriseoir: ‘Bheadh sé suimiúil a fháil amach an raibh siad i measc na dtaifead ar a dtugtar “Rúnda” sa tseanréimeas.

Tháinig an Rialtas Sealadach le chéile go hoifigiúil arís ag 4in agus thug siad ráiteas gairid faoin méid a bhí díreach tar éis tarlú. ‘Tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath ar láimh do bhaill Rialtais Shealadaigh na hÉireann ag 1.45pm inniu. Is le náisiún na hÉireann é anois.’

Ar 16 Eanáir 1922 agus solas an lae ag imeacht, tháinig léitheoirí an Evening Herald ar an moladh go ‘nDéanfadh an Rialtas Sealadach botún mór mura leagfaí Caisleán Bhaile Átha Cliath go talamh’.

Bhí Halla na Cathrach mar bhaile ag an Rialtas Sealadach, in ainneoin tairiscint, nár éirigh leis, a bheith curtha síos cúpla lá ina dhiaidh sin ag Comhairleoir Shinn Féin agus TD Kathleen Clarke (née Daly ) ( a bhí i gcoinne an Chonartha ), ag éileamh gur cheart don Rialtas Sealadach ‘iad féin a shocrú in áit a mbeadh go leor spáis acu – is é sin an Caisleán a tugadh ar láimh dóibh. ‘Toghadh Kathleen ina TD do Bhaile Átha Cliath i mí na Bealtaine 1921. Vótáil sí i gcoinne na nAirteagal Comhaontaithe do Chonradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire.  Gabhadh í agus coinníodh í i mBeairic Shráid na Loinge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tar éis Éirí Amach 1916. Bhí Kathleen Clarke ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan. Cuireadh chun báis a fear céile Tom Clarke agus a deartháir Edward (Ned) Daly mar gheall ar an bpáirt a ghlacadar in Éirí Amach na Cásca 1916.

Baintreach eile de chuid duine de Cheannairí 1916, Grace Plunkett (née Gifford), cuireadh chun báis í mar gheall ar a páirt in Éirí Amach 1916. Ba Ealaíontóir, Cartúnaí agus Tráchtaire Polaitíochta í agus thaifead sí a dearcadh ar imeachtaí i ngnáthchartún. Phós sí Joseph Plunkett an oíche sular cuireadh chun báis é.

Foilsithe i mí Aibreáin 1922, léiríonn an cartún seo Collins ag umhlú os comhair ‘Ghobharnóir na Breataine’ agus taibhsí na gceannairí a cuireadh chun báis le linn Éirí Amach na Cásca ag breathnú orthu. The Plain People (Na daoine macánta), IE CA IR-1/8/3/2/C, Le caoinchead ó Chartlann Capuchin na hÉireann.

Léiríonn an cartún seo, a foilsíodh i mí Aibreáin 1922, Collins ag umhlú os comhair ‘Ghobharnóir na Breataine’ agus taibhsí na gceannairí a cuireadh chun báis le linn Éirí Amach na Cásca ag breathnú orthu. Cuirtear an cheist ráiteasach sa bhfotheideal:: ‘An ar son seo a fuair siad bás?’ Ba é a bhí á thabhairt le tuiscint aici go raibh Collins tar éis géilleadh don Bhreatain; a mhalairt ar fad ar an gcaoi ar léirigh Collins agus lucht tacaíochta an Chonartha an ócáid.

Clúdaíodh go hidirnáisiúnta an comhthéacs polaitiúil níos leithne a bhain le himeachtaí mhí Eanáir 1922 in eagarfhocal an New York Times a tuairiscíodh an 17 Eanáir 1922:

Anois is le Éire an Caisleán. Tugann an Tiarna FitzAlan suas an áit láidir go “Mickey” Collins. Tá an foirgneamh, a sheas ar feadh i bhfad d’fhorlámhas Shasana, mar chomhartha anois do bhua na hÉireann. Buntáiste níos cumhachtaí amháin atá ag an Rialtas Sealadach is ea seilbh an Chaisleáin ag an tSaorstát i gcoinne lucht doréitithe na hÉireann. An mbeidh de Valera ag trácht anois ar an sean nós in aghaidh thionchar an “Chaisleáin” tar éis do Michael Collins bogadh isteach ina áit chónaithe oifigiúil? Ní tharlóidh sin mura bhfuil greann na hÉireann imithe i léig. Ní féidir dul siar ar na céimeanna atá glactha cheana féin. Is le Éire anois an Caisleán a mbíodh an ghráin uirthi, agus is faoi na hÉireannaigh atá sé, más féidir leo, foinse agus ionad an Rialtais shaoir sheasmhaigh a chruthú ann.

Scríobh tuairisceoir de chuid an Manchester Guardian, a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, sa nuachtán an 17 Eanáir 1922: ‘Tá súil agam nach suíomh údaráis a bheidh ann go deo ag Rialtas Éireannach ar bith ’, mar gheall ar, ‘an scéal uafásach’ agus na húsáidí a baineadh as le déanaí, go mbeadh Caisleán Bhaile Átha Cliath ‘ina bhaile marfach d’aon Rialtas sa tír seo’.

Rinne an Dr Elspeth Payne anailís ar thráchtaireacht preasa bhreise agus tá cuid dá cuid oibre ar an tuairisciú i nuachtáin na Breataine san áireamh anseo.

Má bhí a fhios ag preas na Breataine go raibh na ‘triúr nó ceathrar ban clóscríobhaithe’ sna gluaisteáin ag fágáil Chlós an Chaisleáin Íochtair ag 2.30in le rialtas sealadach na hÉireann an 16 Eanáir 1922, níor mhaith leo an t-eolas seo a roinnt lena gcuid léitheoirí.

Scríobhadh cúig fhocal, a luadh sa Drogheda IndependentIrish Weekly agus san Ulster Examiner, agus san Ulster Herald chun cur in iúl go raibh na mná seo gan ainm i láthair ach ní raibh sé seo fiú sna tuarascálacha níos mionsonraithe a cuireadh i gcló i nuachtáin náisiúnta agus áitiúla na Breataine. 

Rialtas Sealadach na hÉireann ag tearmann na Breataine in Éirinn—the surrender of Dublin Castle’, Illustrated London News, 21 Eanáir 1922; ©Illustrated London News/Mary Evans Picture Library.

Ní haon ionadh é seo. Cé gur liostaíodh i gcuid de na teidil na comhaltaí uile den Rialtas Sealadach a bhí páirteach in imeachtaí an lae sin de réir ainm, rinne daoine eile tagairt don ghrúpa mar ‘Mr. Michael Collins agus seachtar gnáth-Éireannach an Deiscirt’.

Go deimhin, is cinnte nach léiríonn neamhláithreacht na ‘clóscríobhaithe ban’ an easpa suime in imeachtaí Chaisleán Bhaile Átha Cliath an lá sin. Cé nár ligeadh aon iriseoir isteach ag an searmanas, bhí cuntais mhionsonraithe ag preas na Breataine ar na radhairc ‘stairiúla’ laistigh agus lasmuigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath, le grianghraif, agus ráitis oifigiúla agus teileagraim.

Tá na mná le feiceáil ar an imeall sna hábhair seo. Agus an-suim acu spléachadh a fháil ar rialtas nua na hÉireann agus a bheith mar chuid den lá mór le rá, tá siad le feiceáil sna pictiúir atá i gcló de na sluaite ar an tsráid.  Luaitear i dtuairiscí áirithe ina ndéantar cur síos ar ‘streachailt’ mar gheall ar an union jack, gur gortaíodh cailín óg ach níor luadh é seo i ngach tuairisc.  Tugadh faoi deara sa nuachtán tablóideach Daily Mail go ndeachaigh Michael Collins ar cuairt chuig an mbean a raibh sé geallta léi, Kitty Kiernan, i gContae an Longfoirt.

Sliocht as an Nottingham Journal, 17 Eanáir 1922.

Cé nár cheart áibhéil a dhéanamh do thagairtí dá leithéid – dhírigh an tuairisciú ar na fir mhóra – níor scriosadh na mná go hiomlán ó pholaitíocht agus ó shaol na hÉireann in 1922. Bhí a fhios ag nuachtáin na Breataine, mar shampla, gur scaoileadh príosúnaigh mná chomh maith le fir faoin bpardún ginearálta an mhí sin.  Ach díreach mar a bhí an preas gafa níos mó ag Michael Collins ná a sheachtar comhghleacaithe, go hiondúil ba iad Constance de Markievicz agus Mary MacSwiney – ar a dtugtaí ‘mná poblachtánacha taomacha diongbháilte’ – a ghnóthaigh clú sna nuachtáin. 

Roinnt smaointe ar thabhairt ar láimh an Chaisleáin. NAI, Roinn an Taoisigh, TSCH/3/S26/1. Le caoinchead ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann.

Ba mhaith le Mná100 buíochas a ghabháil leis an Dr Kate O’Malley, leis an Dr John Gibney, leis an Dr Valeria Cavalli agus le Ruth Hegarty ó Acadamh Ríoga na hÉireann. An Dr Elspeth Payne ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Sean Gannon ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh as a gcúnamh agus a n-ionchur.