Slat Tomhais
Mná100, Eipeasóid a Dó

Mná100, Eipeasóid a Dó

Déantar gné de shaol Constance de Markievicz nach bhfuil a fhios ag mórán fúithi a scrúdú sa chlár seo, a cáil mar ealaíontóir, aisteoir, drámadóir, file agus cumadóir amhrán.  Is iad a cumais ealaíne a bheidh mar chúlra le comhrá le triúr ealaíontóirí comhaimseartha Éireannacha, a dtugann a gcleachtas an léargas is fearr ar na disciplíní sin sa lá atá inniu ann.  Déanann siad machnamh ar Markievicz mar ‘Shlat tomhais’- idir an am atá caite agus an am i láthair.

Bronnadh an Duais-sparánacht Markievicz, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, ar an triúr Ealaíontóirí atá i gceist; an File Annemarie Ní Churreáin, buaiteoir na duaise sa bhliain 2019, a scríobh Bloodroot agus cuid den togra filíochta i gcomhar, (S)worn State(s), an Scríbhneoir Joanna Walsh, buaiteoir na duaise sa bhliain 2020, a dtagann a saothar faoi anáil foirmeacha eile ealaíne mar is léir óna nóibhille dhigiteach, Seed, agus an tAisteoir, Stiúrthóir agus Scríbhneoir Barbara Bergin, ar bronnadh an duais uirthi sa bhliain 2021, a bhfuil The Van, Intermission, Love is a Drug (a scríobh sí i gcomhar) agus On the Couch (a chruthaigh sí, a stiúir sí agus a scríobh sí i gcomhar) i measc a cuid creidiúintí aisteoireachta.

Is tionscnamh nua ban é Mná100, don chéim dheiridh de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán agus leanann den obair chun béim a leagan ar ról na mban le linn ré na réabhlóidí in Éirinn. Téigh chuig  www.mna100.ie chun tuilleadh a fháil amach.

Gailearaí Constance de Markievicz

Mná 100
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.