Radacach!
Mná agus Réabhlóid na hÉireann

Baineann aistriúchán leis an sciorradh agus leis na nithe aisteacha agus rúndiamhracha a bhaineann le teanga. Go háirithe le filíocht, tagaimid ar domhan úr atá lán de bhrí agus de féidearthachtaí, agus is é ár ndóchas go bhfuil sé sin soiléir ins an eagrán aistrithe seo, Radacach! Mná agus Réabhlóid na hÉireann. Fuaireamar ár dtreoir ó thús ó bhanghníomhaithe an Éirí Amach agus ón nasc domhain a bhí acu leis an nGaeilge. Tá súil againn go méadaíonn na guthanna difriúla sa tionscadal an tuiscint atá ann faoi ról na mban i Réabhlóid na hÉireann. Tosaíodh an iniúchadh seo leis an mbunphaimfléád Radical! Women and the Irish Revolution le Julie Morrissy, agus tá áthas orainn obair le sár-scríbhneoirí na Gaeilge a fhoilsiú. Ba é an aidhm a bhí againn mar eagarthóirí ná tacú leis na scríbhneoirí seo a thug a gcuid eolais, a ndearcadh, agus a nguthanna chuig na dánta.

Julie Morrissy agus Aedín Ní Bhróithe Clements, eagarthóirí/editors

Aistriúcháin le/Translations by: Julie Breathnach-Banwait, Celia de Fréine, Ola Majekodunmi, Caitríona Ní Chléirchín, Ursula Ní Choill, Clíodhna Ní Chorráin, Annemarie Ní Churreáin, Éilís Ní Dhuibhne, Ciara Ní É, agus Clíona Ní Ríordáin.