Forógra Chorcaí

Rinneadh ceiliúradh ar chéad bliain ó eisíodh ‘Forógra Chorcaí’ sa Cork Examiner ar an 6 Aibreán 2022.  Tá an ghearrthóg nuachtáin seo ar cheann de na nithe i mBailiúchán Conlon i Músaem Poiblí Chorcaí, ar bailiúchán an-mhór é. Thug Dan Breen, Coimeádaí Mhúsaem Poiblí Chorcaí i gcomhair an chomórtha céad bliain seo, léargas ar chuid de na príomhnithe sa bhailiúchán sin. Mhínigh sé gur foinse thábhachtach í de bharr raon an mhéid atá inti, lena n-áirítear ábhar áitiúil.

Ba chuid de chomhrá poiblí an cuir i láthair seo, a reáchtáladh mar chuid de chlár Leabharlanna Cathrach Chorcaí. 

Tá clár Leabharlanna Cathrach Chorcaí, 2022 dírithe go mór ar leabhair.

 Is sliocht é ‘It Seems History is to Blame’ as Ulysses le James Joyce. Tá mar aidhm leis an gclár seo tuiscint a fháil ar an méid a tharla agus ar an údar ar tharla sé, agus b’fhéidir go dtabharfaí deis dúinn ceachtanna a fhoghlaim a bheidh ábhartha in aimsir an lae inniu. 

Déantar an chuimhne atá ag gnáthdhaoine ar imeachtaí a scrúdú le clár 2022. Plé a bhí san imeacht beo Cuimhneacháin Mná100 speisialta seo a sruthaíodh beo agus a raibh an Dr Sinéad McCoole, Coimeádaí Mná100, ina cathaoirleach air agus a raibh na painéalaithe an Dr John Borgonovo (Scoil Staire Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.), Cal McCarthy (Músaem Theach Mhíchíl Uí Coileáin, údar an leabhair Cumann na mBan and the Irish Revolution, The Collins Press, 2007), Dan Breen (Músaem Poiblí Chorcaí), Anne Twomey (Cumann Staire Sheandúin), agus an Comhairleoir Colette Finn (Cácas Ban Chomhairle Cathrach Chorcaí) páirteach ann.

Reáchtáladh an t-imeacht i Leabharlann Chathair Chorcaí, An Meal.

Chuir David O’Brien, Leabharlannaí Cathrach i Leabharlann Chathair Chorcaí fáilte roimh an imeacht Mná100:

Le linn ceiliúradh a bheith á dhéanamh ar Thréimhse na Réabhlóide, 1920 – 1923, tá súil ag Comhairle Cathrach Chorcaí tuilleadh a fháil amach faoin tsochaí faoi láthair trí thuiscint a fháil ar an gcaoi ar mhúnlaigh na daoine agus na himeachtaí san am atá caite muid. Tá béim á leagan ar theacht aniar, ar mhisneach agus ar sháriarrachtaí shaoránaigh Chorcaí fad a bhí siad ag togáil a gcathair arís i ndiaidh Loscadh Mhí na Nollag, 1921 agus iad ag iarraidh Éire a shamhlaigh na hÓglaigh a thabhairt chun fíre, tír an chomhionannais, na cothroime, ina mbeadh cearta ag mná agus teacht ar phoist. Tá machnamh déanta ag Cathair Chorcaí, agus tá an t-am atá caite tugtha chun cuimhne aici freisin, trí bhéim a leagan ar thaithí na mban le linn na tréimhse sin agus ar an méid a rinne siad chun cur leis na himeachtaí a thit amach, trí íomhánna agus cuir síos ar ghnáthshaol na ‘ngnáthdhaoine’, mar a thugtaí orthu, trí thaispeántais agus cainteanna a reáchtáil, trí scannáin a thaispeáint agus trí ábhair foilsithe a chur amach. Cuireann lucht Leabharlanna Cathrach Chorcaí féilire le chéile gach aon bhliain le linn na tréimhse comórtha seo ina mbíonn íomhánna nach bhfeictear chomh minic sin chun an chathair agus muintir na cathrach a thabhairt chun cuimhne.

Fad a bhímid ag déanamh machnaimh agus ag coinneáil daoine i gcuimhne, cuimhnímid nach mbíonn an stair chomh simplí sin agus nár cheart í a ligean i ndearmad. Ní mór scéalta a insint ó gach aon taobh chun athmhuintearas agus slánú a éascú. Agus sin ar intinn againn beidh comhdháil náisiúnta dar teideal ‘Cogadh Cathartha na hÉireann’ ar siúl idir an 15 agus an 18 Meitheamh agus beidh imeachtaí imeallacha ar siúl gach tráthnóna ag Leabharlann na Cathrach. Is é aidhm na comhdhála rannpháirtíochtaí fiúntacha a bheith ag daoine le tréimhse dheacair agus thrámach.

Is féidir liosta d’imeachtaí atá thart a fháil anseo.

Is iar-státseirbhíseach é Cal McCarthy atá ag obair i láthair na huaire i Músaem Theach Mhíchíl Uí Coileáin i gCloich na Coillte. Scríobh sé agus bhí sé ina chomhúdar ar chúig phríomhstaidéar inar pléadh stair na réabhlóide agus stair na bpéindlíthe in Éirinn agus stair mhuirí na hÉireann. Is é a leabhar Cumann na mBan and the Irish Revolution, The Collins Press, 1997 an chéad leabhar a foilsíodh ar Chumann na mBan ó scríobh Lil Conlon Chorcaí Cumann na mBan and the Women of Ireland 1913-25.

Clúdach Cumann na mBan and the Irish Revolution le Cal McCarthy. Le caoinchead Shinéad McCoole.

Is céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh í Anne Twomey. Tá Baitsiléir Ealaíon sa Bhéarla agus sa Stair, Máistir Ealaíon sa Stair agus Ard-Dioplóma san Oideachas aici. Tá sí ag obair san Oideachas d’Aosaigh ón mbliain 1998. Is í Anne an Comhordaitheoir Oideachais d’Aosaigh i Meánscoil na Toirbhearta Thuaidh i gCathair Chorcaí agus múineann sí Stair, Béarla agus Léann na Polaitíochta ar an gclár.

Is ball de Ghrúpa Staire Cheantar Sheandúin i gCathair Chorcaí freisin í, grúpa staire áitiúil atá an-ghníomhach. Bhí baint acu le taispeántais ar stair áitiúil agus d’fhoilsigh siad an leabhar Ordinary Women in Extraordinary Times, the story of 11 Cork women during the revolutionary years, i gcomhair chomóradh céad bliain na bliana 2019. Tá leathanach Facebook ag an ngrúpa ar a mbíonn postálacha rialta ar ábhair a bhaineann le stair na háite agus le stair na tíre. Bíonn Anne ina rannpháirtí rialta i Scoil Samhraidh Mother Jones, Corcaigh. Is seachtain oidhreachta áitiúil í sin, agus Féile don Fhoghlaim ar feadh an tSaoil. Labhraíonn sí os comhair grúpaí staire áitiúil ar fud chathair agus chontae Chorcaí. Bhí sí ina rannpháirtí i roinnt clár faisnéise chomh maith. Is ar an méid a chuir mná Chorcaí le stair a gcathrach is mó a dhíríonn Anne. Ba é tionscadal Cothrom Trí Chéad Bliain Shéipéal Sheandúin an tionscadal is déanaí ar a raibh Grúpa Staire Áitiúil Sheandúin ag obair. Comóradh ar stair cheann de na foirgnimh is cáiliúla sa chathair is ea é.

Na Deirfiúracha Conlon ar an tSráid, Cumann na mBan, Bailiúchán Conlon 2007.38.438 . CD21.15. Le caoinchead Mhúsaem Poiblí Chorcaí

Na Deirfiúracha Conlon agus an méid a chuir siad le Cumann na mBan, Corcaigh, 1923-25.

they gave of their best in the stormy years ahead and made heroic sacrifices in diverse ways…

D’fhoilsigh Lil Conlon an leabhar Cumann na mBan and the Women of Ireland 1913-25, sa bhliain 1969 a raibh mar aidhm leis an ganntanas ábhair a bhí ann ina ndearnadh cur síos ar ról mhná na hÉireann le linn na dtréimhsí réabhlóideacha a chur ina cheart. Is éard is mó atá sa leabhar ná cnuasach den méid a rinne craobhacha Chorcaí Chumann na mBan. Is ó thaifid agus cuimhní cinn na ndeirfiúracha Conlon, ón méid a thaifead siad le linn na mblianta dochreidte sin, a fuarthas an t-eolas. Is ionann é, mar sin féin, agus cuntas finné súl na ndeirfiúracha a bhí go huile agus go hiomlán tiomanta do shaoirse na hÉireann agus nach ndearna aon idirdhealú idir fir agus mná. Comrádaithe a bhí iontu ar fad, a fuair gairm chun gnímh ar son na cúise:

mothers, wives, sisters, sweet hearts…who were dragged into that cauldron of self-sacrifice where the cost

 was not assessed or defined by limitations…to prove that sex was no deterrent in the National fight..”

Ba é réamhrá ionraic agus teasaí Lil sa leabhar a thug ábhar machnaimh dúinn i nGrúpa Staire Áitiúil Sheandúin i gCorcaigh agus a spreag an grúpa an cheist shearbhasach agus shoiniciúil ‘Céard go díreach a rinne na mná ar aon nós?’  a fhreagairt ar ár mbealach féin. Ba bheag nach raibh a blas Chorcaí le cloisteáil againn agus í ag rá “really lads…really.. do I have to spell it out for ye?”Ba léir gur ghoill an nóisean sin uirthi a daingníodh de bharr go bhféadfaí a rá go ndearnadh dearmad glan ar a deirfiúr May Conlon, Kate “Birdie” Conway, Sorcha Duggan agus a cuid deirfiúracha Peg, Annie agus Bríd agus go leor mná eile dá leithéid; seachas comhartha aitheantais gearr a rinneadh do mhórshiúl a thug siad thar an GPO, níor luadh dada faoin obair mhór a rinne na “gnáthmhná” sin sa chath chun saoirse na tíre a bhaint amach ná níor taifeadadh i gceart an obair sin. Seo mar a chuir Lil síos ar na mná:

organised and unorganised who rendered such gallant and heroic assistance during the years 1913-25

 and of whom little or no mention has ever been made”

Nuair a léigh mé féin é sin is é an líne “no mention has ever been made” a chuaigh i bhfeidhm orm.

Bhí an tasc a thug sí faoi chomh huathúil sin mar go raibh sí ag iarraidh na mná sin a choinneáil i gcuimhne sula ligfí i ndearmad ar fad iad tar éis a mbáis. I bhfocail eile, bhí sí ag impí ar dhaoine eile amhlaidh a dhéanamh agus stair níos cuimsithí a scríobh ar mhná ar fud na hÉireann a rinne a gcuid, mná ar nós a deirféar, agus sin a dhéanamh sula mbeadh sé ródhéanach. Thuig sí go maith go raibh an t-am ag éirí gearreireaballach do go leor de na mná sin faoi na 1960idí agus ó tharla gur imigh a deirfiúr féin, May, ar shlí na fírinne sa bhliain 1946, cuireann sé gné chumhach leis an obair a bhí ar siúl aici. Ní fhéadfadh Lil mórán eile a dhéanamh ach an leabhar a scríobh i gcuimhne May agus súil a bheith aici is dóigh go gcoinneofaí í agus na daoine eile a rinne an oiread le linn na mblianta sin agus a rinne íobairtí cróga ar go leor bealaí i gcuimhne. Spreag sé muid tabhairt faoin taispeantas seo sa bhliain 2016, ag leagan béim ar an méid a rinne 11 bean as Corcaigh sa troid ar son shaoirse na hÉireann inár gcathair, rinneadh sin trí scéalchláir a úsáid.

Chuir muid scéal na mban sin i leabhar sa bhliain 2019 dar teideal Ordinary Women in Extraordinary Times. Bhain an scéala a fuair muid ó shliocht an aon bhean déag an gus asainn, scéalta nach raibh ar eolas ach ag corr dhuine. Bhí súil againn go bhfuil guí Lil, nach ligfí na mná sin i ndearmad, faighte aici. Ní raibh na Deirfiúracha Conlon i measc an aon bhean déag ó tharla go raibh daoine eile ag díriú orthu. Is fúinne atá sé anois i nGrúpa Staire Sheandúin, áfach, achoimre ghearr a thabhairt ar gníomhaíochtaí May agus Lil le linn na mblianta achrannacha sa troid ar son na saoirse.

Ba as Sráid na Blarnan i gceartlár thuaisceart Chathair Corcaí Lil (Elizabeth) agus May (Mary) Conlon. Bhog siad go dtí teach i dTobar Rí an Domhnaigh tráth níos déanaí ach ní raibh siad i bhfad riamh ón gceantar sin sa chathair óna bhfuair an chraobh de Chumann na mBan a bhunaigh siad in Eanáir 1918 a hainm, Craobh Sheandúin. Seachtar clainne a bhí ag a dtuismitheoirí, Elizabeth agus Michael Conlon, triúr buachaillí agus ceathrar cailíní. Bhí post seasta ag a n-athair Michael ina “tail-pipe man” sa tionscal driogtha áitiúil. Ó tharla ioncaim láidir a bheith ag an teaghlach d’fhág go raibh cúinsí eacnamaíochta, chomh maith leis an gcreideamh láidir a bhí acu san oideachais, go bhféadfaí oideachas d’ardchaighdeán a chur ar a gclann mhac agus ar a gclann iníne.  Bhí siad ar fad báite i saol sóisialta, cultúir, spóirt agus polaitiúil Chathair Chorcaí. Bhí May agus Lil an-ghar ó thaobh aoise de, rugadh May ar an 26 Aibreán 1892 agus rugadh Lil ar an 29 Márta 1894 agus dá bhrí sin bhí dáimh láidir fadsaoil ar leith eatarthu. Bhí an bheirt díobh an-tugtha don CLG, cúrsaí drámaíochta, Conradh na Gaeilge, Éire Ghaelach, agus cuir siad leis na réimsí sin ar bhealach ar bith a d’fhéad siad. Tharraing bunú Chumann na mBan sa bhliain 1914 aird Lil agus May ón gcéad lá ó tharla gur eagraíocht í a rinne beart, áit ina bhféadfadh siad páirt gníomhach a ghlacadh seachas a bheith ar an taobhlíne, mar a dúirt an té a dúirt é.

Reáchtáladh cruinniú ar an 8 Meitheamh 1914 i Halla na Cathrach chun an talamh a bhrath roimh ré maidir le craobh de Chumann na mBan a bhunú i gCorcaigh. I measc na ndaoine a d’freastail ar an gcruinniú bhí Agnes Farrelly agus Bulmer Hobson. Ba í Mary MacSwiney a bhí i gceannas ar an gcruinniú a sheol Cruinniú na mBan i gCorcaigh. Bunaíodh craobh amháin ar tugadh craobh “Chorcaí” uirthi. I measc na mban a bhí páirteach ón gcéad lá bhí an t-amhránaí ceoldrámaíochta a bhí éirithe as, Kate “Birdie” Conway, Magdalen (Mid) Hegarty, bean chéile Sheáin Hegarty a bheadh ina cheannasaí ar an IRA i gCorcaigh níos déanaí, roinnt deirfiúracha, na deirfiúracha Murphy as Sráid Washington, na Duggans as an Linn Dubh agus May Conlon ghríobhach as Sráid na Blarnan agus a deirfiúr níos óige, Lil. Ní raibh mórán sa chraobh ag an tús ach bhí na mná seo, i measc daoine eile, tiomanta don ghluaiseacht a mhéadú ar fud chathair agus chontae Chorcaí.  Thosaigh toradh ag teacht ar a gcuid oibre ón mbliain 1918, nuair a bunaíodh craobhacha ar an mBlarna, ar an bPasáiste, i nDúglas, i mBaile an Easpaig, i bPoll an Duibh, ar an gCóbh, sa Linn Dubh, i mBaile Roisín agus craobh Mary MacSwiney féin, Poblacht na hÉireann, gan ach cúpla ceann a lua.

Bunaíodh Craobh Sheandúin de Chumann na mBan in Eanáir 1918. Bhí ról riachtanach ag May, nó Bealtaine mar a tugadh uirthi, an Chraobh a bhunú, í a choinneáil ag imeacht, daoine eile a earcú agus a chinntiú go mbeadh an chraobh an-ghníomhach i gceantar Sheandúin, Shráid na Blarnan agus Thobar Rí an Domhnaigh. Dar le Lil í féin bhí craobh Sheandúin ar cheann de na craobhacha ba ghníomhaí agus ba dhíocasaí sa tír. Riarthóir iontach a bhí in May agus ba í rúnaí oinigh na craoibhe. Ní raibh aon phost ag Lil sa chraobh mar gur cheap sí féin agus May nach mbeadh sé go maith an iomarca post a bheith in aon theaghlach amháin. Ina áit sin, bhí Lil ar an gcoiste, ach i ndáiríre bhí sí ina cúltaca dá deirfiúr agus ghlac sí cúram ar a cuid dualgas de réir mar ba ghá. Bhí Lil lárnach i ranganna Gaeilge a bhunú agus a mhúineadh sa chraobh.  Ó tharla gurbh í Lil rúnchara a deirféar bhí teacht aici ar mhiontuairiscí ar fad Chraobh Sheandúin agus ón mbliain 1920 ar aghaidh, bhí teacht aici ar mhiontuairiscí Chomhairle Cheantair Chorcaí chomh maith le comhfhreagrais agus meamraim uile na craoibhe. Nuair a tharla scoilt i gCumann na mBan, Corcaigh mar gheall ar vóta an Chonartha, dhiúltaigh May, agus fios maith ag Lil faoi, ceann ar bith de na taifid a thabhairt ar lámh agus chuir sí i dtaisce iad in áit folaigh shlán. Bhí a fhios ag Lil go maith cár cuireadh i dtaisce na taifid sin, taifid arbh iad croí a cuid taighde dá leabhar. Thar aon bhean eile sa ghrúpa, bhí na deirfiúracha an-mhór le Kate “Birdie” Conway agus d’iarr siad uirthi a bheith ina hUachtarán ar Chraobh Sheandúin, agus thug sí faoi ghníomhaíochtaí chun airgead a bhailiú go fonnmhar sa phost sin agus d’úsáid sí an lucht aitheantais a bhí aici i ndomhan an cheoil chun feasacht a ardú ar an troid ar son na saoirse. Bhí an ról sin aici freisin i bhfeidhmeannas Chorcaí 1922 i bhfabhar an Chonartha, le taobh May. Scríobh May píosa molta ó chroí i dtuairisc bháis Kate sa Cork Examiner sa bhliain 1936.

Bhí craobh Sheandúin ag feidhmiú i gceantar ina raibh teannas géaraithe le linn Chogadh na Saoirse agus le linn an Chogaidh Chathartha tráth níos déanaí.  Bhí aonaid Dheonacha Áitiúla an-ghníomhach i ndúichí Thobar Rí an Domhnaigh, Shráid na Blarnan, Phaidhc na gCiarraíoch. Mar thoradh air sin, bhí orthu aghaidh a thabhairt ar go leor ionsaithe, gabhálacha, beart díoltais, stórála armas chomh maith le hionsaithe ó Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus na Dúchrónaigh. Bhí príosún na mban i dTobar Rí an Domhnaigh agus tháinig méadú ar líon na gcailíní agus na mban a gabhadh ón mbliain 1920 ar aghaidh. Bhí dlúthbhaint ag na deirfiúracha Conlon agus ag craobh Sheandúin le soláthairtí a chur ar fáil do na príosúnaigh mná, cuairt a thabhairt orthu agus sólas a thabhairt dóibh. Go deimhin, gabhadh May Conlon í féin as paimfléid a scaipeadh agus gearradh téarma gearr i bPríosún Thobar Rí an Domhnaigh uirthi. Thuig sí go maith go dtarlódh sin agus bhí súil aici leas a bhaint as an ngabhadh agus as an bpríosúnacht mar bholscaireacht chun aird a tharraingt ar choinníollacha sa phríosún.

Coinnigh na deirfiúracha Conlon dlúthnasc leis na teaghlaigh a bhí ina gcónaí sna dúichí mórthimpeall agus d’earcaigh siad mná ó na teaghlaigh sin agus thacaigh leo in am an ghátair. Bhí an-bhaint ag Cumann Sheandúin leis an méid a thit amach i ndiaidh shlad Bhaile Uí Chanáin, i ndiaidh bhás an Óglaigh Denis Spriggs agus an Athar O’Callaghan, cara Liam de Róiste, agus chuidigh le corp Mhíchíl Uí Choileáin a thabhairt chomh fada le hospidéal Thobar Rí an Domhnaigh, le linn an Chogaidh Chathartha. Mhúnlaigh an díocas a bhí ag an gCumann sa troid ar son na saoirse an cinneadh a rinne siad glacadh leis an gConradh agus obair a dhéanamh chun go nglacfaí leis níos forleithne i gCorcaigh. Bhí a ndóthain den fhoréigean acu agus bhí siad trína chéile faoi mharú an Choileánaigh ar éirigh siad mór leis le linn Chogadh na Saoirse agus sna chéad mhíonna den Chogadh Cathartha.

Dé réir mar a tugadh Cogadh na Saoirse chun cinn, tugadh na róil a bhí ag na deirfiúracha Conlon chun cinn chomh maith. Fuair May ardú céime go ról rúnaí oinigh Chomhairle Cheantair Chorcaí de Chumann na mBan sa bhliain 1919 de bharr chomh cumasach agus a bhí sí le cúrsaí riaracháin. Bhí sí sa phost sin go dtí 1922, tréimhse a chur craobhacha Chorcaí lena dtiomantas agus lena dtacaíocht do na hÓglaigh sa chathair agus sa chontae, ag cur cúram leighis riachtanach ar fáil, ag seachadadh arm, ag scaipeadh paimfléad, ag bailiú airgid, ag cur airgead ar fáil do chleithiúnaithe na bpríosúnach, ag soláthar bia etc. Ba thoscaire Chorcaí ar fheidhmeannas náisiúnta Chumann na mBan í freisin.

Bhunaigh May, le tacaíocht ó Lil agus Birdie Conway agus daoine eile, Feidhmeannas Chorcaí Chumann na mBan nuair a tharla an easaontas faoin gConradh. Bhí May ina rúnaí oinigh ar an bhfeidhmeannas agus bhí ina ball de Cheanncheathrú Ghinearálta Chumann na mBan. Bhí na deirfiúracha Conlon lárnach i dtaobh brú a chur tacaíocht a thabhairt don Chonradh i measc chraobhacha Chorcaí. D’oibrigh siad chun go gcaithfí vóta a léireodh go cinnte gur thacaigh Cumann na mBan, Corcaigh leis an gConradh. Gan amhras d’fhág sé sin go raibh aighneas idir iad agus Mary MacSwiney chomh maith le daoine eile a bhí glan in aghaidh an chonartha, mar an gcéanna le craobhacha eile ar fud na tíre. I mí Feabhra 1922 vótáil Cumann na mBan i bhfábhar an Chonradh, 16 i bhfábhar agus 7 ina aghaidh. Bhí na deirfiúracha Conlon ar thús cadhnaíochta sa vóta sin a thacaigh le hiarrachtaí an Rialtais Shealadaigh é féin a bhunú ina rialtas dlisteanach ar an Saorstát nua. Bhí an scoilt agus troid nimhneach chun smacht a ghlacadh ar Chumann na mBan a d’eascair as sin i gCorcaigh le feiceáil ar fud na tíre, ag bord na cistine in go leor tithe ó tharla gur pléadh téarmaí an Chonartha go láidir i ngach cearn den tír. Mhaígh dream amháin díobh sa Cork Examiner gurbh iadsan ceannairí Chumann na mBan agus thiocfadh an dream eile ar ais ag maíodh a mhalairt sa pháipéar. Sna coimhlintí sin cháin an dá thaobh a chéile, na mná a bhí i gcoinne an Chonartha agus iadsan a bhí i bhfábhar an Chonartha, agus d’impigh ar phobal Chorcaí gan cead cainte a thabhairt don taobh eile labhairt ar son Chumann na mBan. In Aibreán 1922, d’eisigh May, faoina códainm Bealtaine Ní Choindealbháin agus le tacaíocht ó Shiobhán Ní hÉigeartaigh, cáipéis a dtabharfaí ‘Forógra Chorcaí’ air. Spreagadh chun gnímh a bhí ann do mhná i gCorcaigh a thacaigh leis an gConradh an fód a sheasamh agus a ndílseacht a fhógairt don Rialtas Sealadach, a gceart a choinneáil gníomhú mar Chumann na mBan agus gan ligean do na baill i gCumann na mBan a bhí i gcoinne an Chonartha faitíos a chur orthu gan sin a dhéanamh. Bhí siad meáite labhairt ar son Chumann na mBan i gCorcaigh, agus gan glacadh leis an teideal Cumann na Saoirse, mar a bhí déanta ag craobhacha de Chumann na mBan a bhí i bhfábhar an Chonartha i gcontaetha eile.

Litreacha Comhfhreagrais, May Conlon a caitheadh amach as an Eagraíocht in 1922, Cumann na mBan, Bailiúchán Conlon 2007.38.257 D21.13 . Le caoinchead Mhúsaem Poiblí Chorcaí
Litreacha Comhfhreagrais, Easaontú faoin gConradh, Cumann na mBan, Bailiúchán Conlon 2007.38.259A D21.13. Le caoinchead Mhúsaem Poiblí Chorcaí

Lean na deirfiúracha Conlon den tacaíocht dhiongbháilte sin a thabhairt don Chonradh agus d’Arm Náisiúnta an Rialtais Shealadaigh go dtí 1925. D’áitigh Lil Conlon go raibh an Rialtas agus an tArm seanbhunaithe faoin mbliain sin, agus rinneadh an cinneadh seo a leanas ag cruinniú de chuid fheidhmeannas Chumann na mBan, Corcaigh:

“… discontinue the Organisation as it was the considered opinion we had conscientiously performed our duty to the Government and the Nation.”

Níor thug na deirfiúracha Conlon cúl don chathair ar ar fhreastal siad le linn na dtréimhsí achrannacha. Lean siad de bhaint a bheith acu le saol an chultúir sa chathair agus bhí siad i measc lucht leanúna fhoirne CLG Chorcaí. Mar a tharlaíonn sé, chuidigh a ndeirfiúr Kate le tús a chur leis an gcamógaíocht i gCorcaigh. Bhí Lil ag obair ina státseirbhíseach i mBaile Átha Cliath ar feadh blianta agus ina dhiaidh sin d’oibrigh sí i gcúrsaí riaracháin i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a raibh beirt dá gcuid deartháireacha, Michael agus Seán, ar fhoras rialaithe an Choláiste. Cé go raibh blianta caite ag May ag obair sa saol tráchtála sa chathair, d’éirigh sí as agus chuaigh sí abhaile go dtí teach a muintire, Radharc na Laoi, Tobar Rí an Domhnaigh, ó tharla nach raibh an tsláinte go maith aici. D’aineoinn sin, bhí baint aici le hobair misinéara Bhráithre an Spioraid Naomh a chur chun cinn. Ghlac Lil, a bhí chomh dílis dá deirfiúr agus a bhí riamh, le ról an rúnaí oinigh ar Chraobh Chorcaí Bhráithre an Spioraid Naomh. Níor phós ceachtar de na mná riamh, agus lean siad orthu ag cur fúthu i dteach a muintire. Luí drochshláinte go trom ar May agus d’imigh sí ar shlí na fírinne ar an 2 Meán Fómhair 1946.  Ina fógra báis moladh an bealach dochloíte a bhí léi, a misneach agus a díograis. Bhásaigh Lil ar an 29 Deireadh Fómhair, 1983 agus ina tuairisc bháis luadh an bhaint láidir a bhí aici leis an athbheochan náisiúnta i bhfad roimh 1916. Tá siad beirt curtha in uaigh a muintire i seanreilig Mhainistir Chill Chré, Contae Chorcaí.

Mar fhocal scoir téim ar ais chuig leabhar Lil Conlon agus a rún obair mhná Chumann na mBan a thaifead. Chuig na focail a scríobh sí ag moladh na mban sin, focail atá fíor freisin faoi May agus Lil Conlon iad féin, bunaitheoirí Chraobh Sheandúin Chumann na mBan i gCorcaigh.

heroines of history, unsung, unrecorded but none-the-less fulfilling a glorious destiny” .

  • Is ó Lil Conlon, Cumann na mBan and the Women of the Ireland, 1969 Kilkenny People Ltd a tógadh na sliochtanna go léir.

Anne Twomey MA HDE

Grúpa Staire Cheantar Sheandúin, Corcaigh

Ríomhphost: [email protected]

Leathanach Facebook:  https://m.facebook.com/ShandonHistory/