Cothrom Céad Bliain ó Bunaíodh Cumann na Saoirse

Bhí a chéad chruinniú ag Cumann na Saoirse ar an 13 Márta 1922. Ba iad daoine a bhí i bhfabhar Shaorstát na hÉireann a bhunú a chuir an cumann le chéile. Ba í Jennie Wyse Power a bhí i gceannas an chruinnithe i dTeach an Ardmhéara. Tá Mná100 ag obair i gcomhpháirtíocht le Féile Pádraig SPTV agus le Ali Morris, údar Active Citizen: The Public Affairs Career of Jennie Wyse Power, a roinnfidh a cuid taithí agus an léargas nua atá aici ar an méid a rinne Jennie Wyse Power trí muid a thabhairt ar shiúlóid trí Theach an Ardmhéara cothrom céad bliain ó tionóladh an cruinniú.