Conradh Cosanta na mBanphríosúnach

I mí Lúnasa 2022 bhí sé céad bliain ó bunaíodh Conradh Cosanta na mBanphríosúnach de réir cáipéise a fuarthas ag 47 Cearnóg Parnell am éigin sna 1970idí, agus atá i mbailiúchán príobháideach anois:


Máithreacha, mná céile agus deirfiúracha na bPríosúnach Poblachtánach a bhunaigh Conradh Cosanta na mBanphríosúnach, go neamhfhoirmiúil lasmuigh de gheataí Phríosún Mhuinseo, Baile Átha Cliath i mí Lúnasa 1922. Bhíodh na sluaite ban bailithe lasmuigh de gheataí an phríosúin chun scéala a fháil faoina gclann mhac, a bhfir chéile agus a n-iníonacha a bhí ar iarraidh, nó chun bia agus éadach a thabhairt chomh fada leo sin a fuarthas a bhí i láthair. Níor ceadaíodh aon chuairteanna agus níor tugadh aon eolas. Lámhacadh bean amháin sa chos agus í ag iarraidh scéala a fháil faoina fear céile lasmuigh de Bheairic Wellington [Beairic Uí Ghríofa nó Coláiste Uí Ghríofa anois]. Maraíodh buachaill óg taobh amuigh de Phríosún Mhuinseo, agus é i gcuideachta bean a bhí ag lorg scéala faoina mac. Scaipeadh scéalta uafáis, scéalta a deimhníodh níos déanaí, de phríosúnaigh a bheith á mbualadh agus á gcéasadh chun eolas a fháil uathu. I bhfianaise daoine a bheith á lámhacadh go rialta sna príosúin agus príosúnaigh a bheith á ngortú, b’fhacthas go raibh géarghá le Conradh Cosanta Príosúnach a bhunú. Deimhníodh an Conradh go foirmiúil agus ceapadh coiste ina raibh Charlotte Despard ina hUachtarán agus Maud Gonne MacBride ina Rúnaí ag ollchruinniú de chuid na mban sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara.

‘Siad na cuspóirí a bhí leis an gconradh go scaoilfí saor na Príosúnaigh Phoblachtánacha agus go gcaithfí leo mar phríosúnaigh cogaidh go dtí go scaoilfí saor iad agus cúnamh a thabhairt do theaghlaigh eolas a fháil faoina gcuid gaolta sna príosúin. Ar mhaithe le cuspóirí an chonartha a bhaint amach, reáchtáil an Conradh cruinnithe gach seachtain sna fothracha ón gcogadh ar Shráid Uí Chonaill, agus bailíodh agus scaipeadh eolas ón bpríosún. Eagraíodh cruinnithe in áiteanna eile agus paráidí póstaeir, péinteáladh sráideanna, etc. Seoladh toscaireachtaí chuig Bardas Bhaile Átha Cliath agus chuig Cumann na Croise Deirge. Chinntigh siad gur bunaíodh fiosrúchán faoi mhionn ón Ardmhéara faoi mar a bhíothas ag caitheamh le Príosúnaigh Phoblachtánacha, cé gur chuir Rialtas an tSaorstáit cosc ar shuí an fhiosrúcháin ar an tríú lá… d’oibrigh an Conradh go díograiseach, iad i mbun cruinnithe ar thraenacha, ag tabhairt cuairte ar ospidéil agus i mbun buannachta…


Ansin d’eagraigh an Conradh seirbhís chun súil a choimeád ar na cúirteanna agus chun bia a sholáthar do Phríosúnaigh Polaitiúla sa Bridewell. Ní dhéantaí aon soláthar cuí chun bia a chur ar fáil do phríosúnaigh sa Bridewell agus bhí fulaingt mhór i ndán dóibh sin ó ar fud na tíre, go háirithe iad sin nach bhfuil aon ghaolta acu i mBaile Átha Cliath chun breathnú amach dóibh, agus gan pingin acu chun bia a cheannach … B’obair dheonach ar fad a bhí i gceist le hobair an chonartha.

Is féidir tras-scríbhinn iomlán a fháil den cháipéis sin: anseo.

Deir an Dr Cormac Moore, Staraí Cónaithe, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus é ag díriú ar an gceantar Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár maidir le Conradh Cosanta na mBanphríosúnach a bunaíodh i mí Lúnasa 1922:


Le linn an Chogadh Cathartha, cuireadh thart ar 13,000 Poblachtánach i bpríosún nó faoi ghlas agus ba mhná iad breis agus 500 acu sin. I bhfianaise an líon ard sin, ní raibh na seirbhísí príosún ábalta freastal orthu. Bhí na príosúin ag cur thar maoil agus lán, agus ba mhinic suas le seisear in aon chillín amháin. Bhíodh daoine seasta ag gearán faoi bhia, galair agus róphlódú sna príosúin. Cé nár ceadaíodh cuairteoirí bhíodh scéala ag teacht amach go mbíodh príosúnaigh á gcéasadh istigh iontu. Bhíodh teaghlaigh a mbíodh duine bainteach leo sa phríosún ag fulaingt go mór freisin mar gur mhinic gurb é an duine a bhí sa phríosún an té a bhíodh ag saothrú roimhe sin.

Póstaer sínithe ag Maud Gonne MacBride do Chonradh Cosanta na mBanphríosúnach. Le caoinchead Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath

Bunaíodh Conradh Cosanta na mBanphríosúnach, in iarracht stádas príosúnach cogaidh agus coinníollacha níos fearr a chinntiú do phríosúnaigh agus do dhaoine faoi ghlas. Ba í Charlotte Despard, an sufraigéid agus náisiúnach (deirfiúr le hiar-fhear Ionaid an Rí John French), a toghadh ina huachtarán agus ghlac an gníomhaí polaitíochta Maud Gonne MacBride, ról an rúnaí. Ba chairde iad Despard agus Gonne MacBride le blianta fada, bhog Despard go buan go hÉirinn agus cheannaigh siad teach in éineacht, Teach Roebuck i gCluain Sceach, Baile Átha Cliath in 1922.

D’eagraigh Conradh Cosanta na mBanphríosúnach cruinnithe agóide in áiteanna mar Theach an Ardmhéara agus mórshiúlta ar Shráid Uí Chonaill, ag tarraingt airde ar chruachás na bpríosúnach agus chuir Baill den Chonradh isteach ar imeachtaí Dháil Éireann agus chuir brú ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tuarascáil a choimisiúnú ar choinníollacha na bpoblachtánach a bhí sa phríosún.  Eagraíodh bigilí lasmuigh de na príosúin sna háiteanna a raibh poblachtánaigh á gcoinneáil.

Tá PhD ó Ollscoil De Montfort i Leicester ag Cormac Moore, agus is é údar Birth of the Border: The Impact of Partition in Ireland (2019), The Irish Soccer Split (2015) agus The GAA V Douglas Hyde: The Removal of Ireland’s First President as GAA Patron (2012). Tá sé ag scríobh leabhair faoi láthair ar Laois agus ar Réabhlóid na hÉireann agus ceaptar go bhfoilseofar é in 2023 agus is eagarthóir é ar Atlas of Irish Sport, atá le foilsiú in 2023 freisin. Bíonn sé páirteach go rialta sna meáin freisin agus scríobhann sé colún míosúil don Irish News ar 100 bliain ón gcríochdheighilt.

An Dr Mary Muldowney

Staraí Cónaithe Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (ag díriú ar an gceantar Baile Átha Cliath Láir). Do Mná100 scrúdaíonn sí obair Chonradh Cosanta na mBanphríosúnach agus dírítear go sonrach ar mhná a gabhadh le linn an Chogadh Cathartha.

Léarscáil de shuímh Banphríosúnaigh an Chogaidh Chathartha i mBaile Átha Cliath ón Atlas of Irish Revolution. Le caoinchead Cork University Press.

Léirítear sa léarscáil in Atlas of the Irish Revolution na háiteanna cónaithe a bhí ag na mná a cuireadh i bpríosún idir 1922 agus 1923, agus léirítear gur chónaigh na príosúnaigh den chuid is mó i gceantair níos saibhre.  Ba líon beag ban ón lucht oibre a d’éiligh pinsin agus léirítear ar an léarscáil an laghad daoine ó na ceantair ba bhoichte i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh sa phríosún.

Díríonn an Dr Mary Muldowney ar bheirt bhan Kathleen Barrett (Connolly roimh phósadh di) agus Molly (Mary) O’Reilly.

Bhí mná mar sin ó cheantair in áiteanna eile sa tír a d’éiligh pinsin ach mar thoradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 den chuid is mó agus ní rómhinic mar gheall ar ghníomhartha le linn Chogadh na Saoirse.  Is fíor a rá gur mó ban a chuir Saorstát na hÉireann i bpríosún ná mar a rinne an Bhreatain, i dtréimhse ama níos lú.

D’oibrigh Cumann na mBan a bhí i gcoinne an Chonartha agus an IRA le chéile ag ullmhú luíochán ar arm an tSaorstáit.  Cé nach bhfuil aon fhianaise ann gur ghlac mná aon pháirt sna luíocháin féin, bhí ról suntasach acu ag soláthar, ag stóráil, ag glanadh agus ag ullmhú na ngunnaí.  Ghníomhaigh siad mar theachtairí freisin agus gabhadh iad agus iad ag iompar cáipéisí faisnéise nó mar gheall go raibh cáipéisí faisnéise i bhfolach ina n-áiteanna cónaithe.

Le linn thréimhse an chogaidh agus ar feadh roinnt míonna i ndiaidh na hairm a bheith dumpáilte, rud a chuir deireadh leis, coimeádadh banphríosúnaigh pholaitiúla i bPríosún Chill Mhaighneann, i bPríosún Mhuinseo agus in Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh, a bhíodh in úsáid mar bheairic de chuid Arm na Breataine le linn Chogadh na Saoirse.  Sna trí phríosún sin, thoghadh na mná comhairle príosúnach agus ba é an ról a bhí acu déileáil leis na húdaráis agus smacht a chur i bhfeidhm freisin, cé nach mba bhaill de Chumann na mBan iad gach duine de na príosúnaigh ag an am.

Leabhar na Mionscríbhinní de chuid Chomhairle na bPríosúnach in Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh, 1923. ‘Le caoinchead Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann /OPW. KMGLM.20MS-1B43-28

Le linn Chogadh na Saoirse, thug an obair a rinne baill de Chumann na mBan leis an IRA muinín dóibh ina gcumas féin, go háirithe i measc na mban Poblachtánach a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a bhí chun cinn i gCumann na mBan in aghaidh an Chonartha.

Ba dhuine de na mná óga sin í Kathleen Barrett (Connolly roimh phósadh di), ó theaghlach ina raibh ochtar mac agus ochtar iníon, gach uile duine acu ina bPoblachtánaigh dhíograiseacha. Bhí Kathleen ina ball d’Arm na Saoránach (ICA) le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus ina ball teachtaire dílis do Gharastún Halla na Cathrach, áit ar lámhacadh agus a maraíodh a deartháir Seán. Cuireadh sa phríosún í i Sráid na Long, sular aistríodh í chuig Beairic Richmond agus ina dhiaidh sin chuig Príosún Chill Mhaighneann, agus scaoileadh amach í ar an 09 Bealtaine 1916.

Kathleen Barrett (Connolly roimh phósadh di) aibhsithe sa ghrianghraf de na Mná a bhí páirteach in Éirí Amach 1916 ag Teach Ely O’Carroll, Plás Pheadair, Baile Átha Cliath.
Le caoinchead Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann KMGLM.18PC-1B53-02

Chuaigh sí isteach sa Bhrainse Lárnach de Chumann na mBan agus bhí sí gníomhach ag bailiú don Chiste Náisiúnta Cúnaimh agus Cleithiúnaigh.  Bhí sí i mbun feachtasaíochta do Shinn Féin in Olltoghchán 1918 agus bhí sí gníomhach freisin i bhfeachtas frith-choinscríobh níos luaithe an bhliain sin.  Le linn Chogadh na Saoirse thug sí cuairt ar óglaigh san ospidéal agus ghlac sí páirt i mbigilí taobh amuigh de Mhuinseo le linn stailceanna ocrais agus nuair a cuireadh daoine chun báis.

I 1922 bhí sí ar an taobh in aghaidh an Chonartha agus ghlac sí páirt in urphoist frith-Chonartha le linn Chath Bhaile Átha Cliath.  Ba theachtaire a bhí inti don Toscaireacht Poblachtánach i Londain, Art O’Brien.  I Márta 1923, gabhadh i Londain í agus seoladh ar ais go Baile Átha Cliath í chun í a choimeád i bPríosún Mhuinseo agus in Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh.  Féach Taifead Pinsean Staire an Bhiúró Míleata do Kathleen Barrett anseo.

Bhí Molly (Mary) O’Reilly gníomhach sa chistin anraith san íoslach i Halla na Saoirse in iarracht bia a roinnt leis na teaghlaigh a bhí ag fulaingt leis an ocras mar gheall ar oibrithe a bheith coinnithe amach ón gcuid oibre le linn Frithdhúnadh Bhaile Átha Cliath i 1913.  D’iarr Séamus Ó Conghaile uirthi bratach na Poblachta a chur ar foluain os cionn Halla na Saoirse roimh Éirí Amach na Cásca 1916 nuair nach raibh sí ach ceithre bliana déag d’aois.  Cailín áitiúil ó Shráid Ghairdinéir a bhí ina ball de Chlann na nGaedheal, gasóga ban Poblachtánacha, ó bhí sí aon bhliain déag. Bhí sí ina ball d’Arm na Saoránach i 1916 agus d’oibrigh sí mar theachtaire le linn Sheachtain na Cásca.

Grianghraf de Mollie O’Reilly. Le caoinchead Constance Corcoran Cowley nach maireann.

Ghníomhaigh Molly mar spiaire do Mhícheál Ó Coileáin ina dhiaidh sin le linn Chogadh na Saoirse agus bhain sí leas as a jab sa Chumann Seirbhísí Aontaithe do shaighdiúirí na Breataine chun í féin a choimeád faoi cheilt agus í gníomhach ag bailiú faisnéise.

I 1922 gabhadh Molly agus cuireadh sa phríosún í mar gheall ar a seasamh in aghaidh an Chonartha.  Chuaigh sí ar stailc ocrais agus í i bPríosún Mhuinseo. Scaoileadh saor í i mí na Samhna 1923.

Scríobh Hannah Moynihan, bean óg ó Chiarraí ina dialann faoi mar a chonaic sí féin agus daoine eile ó chúlra faoin tuath na ceannairí agus mar a bhrath siad fúthu. Bhí na ceannairí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, An Ceanncheathrú (ar a dtugtaí GHQ), agus b’amhlaidh mar a bhí leis an IRA agus mhothaigh Hannah Moynihan agus a comrádaithe cineál scanraithe roimh na bpríosúnaigh eile a bhí an-díograiseach. Bhí teannas le brath idir an IRA frith-Chonartha agus an GHQ a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath mar gheall ar easpa cumarsáide, go háirithe ach a raibh an Conradh sínithe.

We are awed by the wonderful self-possession and confidence of the Dublin girls. The people from GHQ had always been mentioned by us with bated breath. How here we are face to face with them; living under the same roof and they seem to us more wonderful than we had ever dreamed.

Hannah Moynihan ón iontráil thuas ina dialann.
Dialann Hannah Moynihan, príosún Thrá Lí, Príosún Chill Mhaighneann agus Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Márta-Deireadh Fómhair 1923. Le caoinchead Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann /OPW. KMGLM.2010.0246

Much to our dismay all speakers pressed for hunger strike. Fresh from the country our appetites are healthy and big. Have we the physical courage to refuse?… We must consider the moral aspect – is one justified in dying for letters and parcels?

Hannah Moynihan ón iontráil thuas ina dialann.
Dialann Hannah Moynihan, Príosún Thrá Lí, Príosún Chill Mhaighneann agus Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Márta-Deireadh Fómhair 1923. Le caoinchead Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann /OPW. KMGLM.2010.0246

Bhí sé de dhualgas ar phríosúnaigh pholaitiúla a gcuid cóiríochta a choimeád glan ach dhiúltaigh comhairlí Chumann na mBanphríosúnach sin a dhéanamh, cé gur chloígh na príosúnaigh ar fir iad leis na rialacha sin.  Sheol Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge toscaireacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha in rabhthas ag coimeád na bpríosúnach frith-Chonartha.  Sa tuarascáil a heisíodh tar éis an imscrúdaithe, bhreithnigh an t-údar go raibh fócas na mbanphríosúnach ar éilimh lena ligean saor seachas ar na coinníollacha ina rabhthas á gcoimeád agus toisc go raibh sé sin lasmuigh de théarmaí tagartha na cigireachta, breithníodh nach mba gá cuairt a thabhairt ar na trí phríosún ina raibh na banphríosúnaigh á gcoimeád.

Bronnadh céim Ph.D ar Mary Muldowney ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. D’fhoilsigh an Irish Academic Press (2007) leabhar a bhí bunaithe ar a tráchtas, The Second World War and Irish Women . Áirítear ar a cuid foilseachán le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, caibidil i ngach aon cheann de na leabhair History on your Doorstep a d’fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus rinne sí eagarthóireacht i gcomhar ar an imleabhar is déanaí.  Rinne sí eagarthóireacht agus scríobh sí caibidlí faoi 100 Bliain ina dhiaidh sin: Oidhreacht Frithdhúnadh 1913 in 2013.

Scríobh Mary léachtaí agus cainteanna agus chuir sí i láthair iad ar líne maidir le raon leathan gnéithe de stair Bhaile Átha Cliath, go háirithe i ndáil le deich mbliana na réabhlóide.  Is féidir teacht orthu trí leathanach Facebook Staraí Cónaithe Bhaile Átha Cliath Láir agus táthar roinnte go forleathan. (@dublincentralHIR) Mar bhall den Ghrúpa Oibre Saineolaithe maidir le Stair Ghráinseach Ghormáin tá sí ag stiúradh tionscadal píolótach staire ó bhéal. (Grangegorman Histories @ ria.ie)

Tá teacht ag an bpobal ar agallaimh Mary le lucht gníomhaithe sa ghluaiseacht ar son rogha in Éirinn 1983-2010 trí Thaisclann Dhigiteach na hÉireann. (The pro-choice movement in Ireland from 1983-2010.)

Faoi láthair, tá sí ag obair ar stair ó bhéal faoi Mhargadh Eallach Bhaile Átha Cliath agus stair ó bhéal faoi bhrainse den Cheardchumann Náisiúnta de Thógálaithe Feithiclí de chuid Cheardchumann Cónasctha Iompair agus Ilsaothair na hÉireann.  Is ball í den choiste eagraithe de Chumann Staire Saothair na hÉireann agus ceapadh le déanaí í mar chomheagarthóir de Saothar, irisleabhar aitheanta idirnáisiúnta de chuid an ILHS. (www.irishlabourhistorysociety.com)

An Dr Lia Brazil, Comhalta Taighde, Coláiste Nuffield, Ollscoil Oxford.

Is comhalta taighde iardhochtúireachta í Lia Brazil ag Coláiste Nuffield agus tá sí ag obair ar thionscadal arna mhaoiniú ag an AHRC-, International NGOs and the Long Humanitarian Century: Legacy, Legitimacy and Leading into the Future in éineacht leis an Ollamh Andrew Thompson agus an tOllamh Mike Aaronson. Cuireadh tús leis an tionscadal sin in 2021 agus meastar go mbeidh sé tugtha chun críche in 2024.

Anseo cuireann Lia Brazil an méid seo a leanas ar fáil maidir le Conradh Cosanta na mBanphríosúnach agus an zeitgeist daonnúil: A gcuid Gníomhaíochtaí Idirnáisiúnta in 1922 agus 1923.

Ráiteas ó Mhná na hÉireann chuig Seanad agus Comhdháil na Stát Aontaithe. 
Le caoinchead Leabharlann na hÉireann. MS 41,511/1/31

Theastaigh ó Chonradh Cosanta na mBanphríosúnach tionchar a bheith acu níos faide anonn ná Éirinn amháin.  Bhí Fraincis ar a dtoil ag an mbeirt bhunaitheoirí Charlotte Despard agus Maud Gonne MacBride agus nasc acu le heagraíochtaí idirnáisiúnta ar fud na hEorpa, agus sheol siad a gcuid agóidí ag an am céanna ar an stáitse idirnáisiúnta.  Threisigh siad a dtionchar trí cheangal le heagraíochtaí ban mar Chonradh Idirnáisiúnta na mBan don tSíochán agus don tSaoirse (WILPF), agus lorg siad idirghabháil thar ceann phríosúnaigh phoblachtánacha na hÉireann ó Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus ó Léig na Náisiún.

D’eascair Conradh Idirnáisiúnta na mBan don Síochán agus don Saoirse ó Chomhdháil Idirnáisiúnta Síocháin a reáchtáil mná in 1915 a bhí in aghaidh páirt a ghlacadh sa Chéad Chogadh Domhanda.  Ba ghearr go raibh Charlotte Despard ar dhuine de na baill ba ghníomhaí ann. Bhí sí ar dhuine de chúigear ban ar thoscaireacht a sheol an WILPF chuig Comhdháil Síochána Pháras in 1919 chun agóid a dhéanamh in aghaidh théarmaí an chonartha iarchogaidh.  Iar-iarrthóir de chuid pháirtí an Lucht Oibre, bhí aithne mhór uirthi i measc na heite chlé sa Bhreatain, go háirithe mar bhunaitheoir d’eagraíocht shíochánta ceart vótála do mhná, Conradh Síochána na mBan.

Faoin am ar thosaigh an cogadh cathartha, bhí Despard ina cónaí le Maud Gonne MacBride, bunaitheoir eile den WPDL. Chomh fada siar le 1914, bhí teagmháil déanta ag Gonne MacBride le Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge sa Ghinéiv, agus súil aici Cumann Croise Deirge in Éirinn a bheadh neamhspleách a bhunú, a mbeadh ceangal aige lena heagraíocht náisiúnta ban féin, Inghinidhe na hÉireann.[1] Ó 1864 bhí mandáid ag Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge faoin dlí idirnáisiúnta cloí le Coinbhinsiún na Ginéive, agus d’aithin cách é le linn an Chéad Chogadh Domhanda mar idirghabhálaí neodrachta agus mar urlabhraí ar son chearta agus cosaintí na bpríosúnach cogaidh.  Le linn na coimhlinte rinne an Chros Dhearg cigireacht ar champaí príosúin agus bhíothas i mbun feachtasaíochta chun coinníollacha níos fearr a chinntiú do phríosúnaigh.

Bhí Despard agus Gonne MacBride ar an eolas faoi chumas eagraíochtaí idirnáisiúnta mar an Chros Dhearg stocaireacht a dhéanamh ar rialtais chun caitheamh go daonna le príosúnaigh.  I ndiaidh an chogaidh, scaip eagraíochtaí daonnachta ar fud na hEorpa agus é mar aidhm leo an mór-roinn a atógáil, feabhas a chur ar choinníollacha maireachtála d’iarshaighdiúirí agus a chinntiú go scaoilfí saor na mílte príosúnach cogaidh a bhí á gcoimeád ar fud an domhain mhór.  Bhí gníomhaithe in Éirinn tar éis leas a bhaint cheana féin as an zeitgeist daonnachta seo le linn Chogadh na Saoirse (1919 – 1921).

Sna Stáit Aontaithe, mháirseáil mná i Washington agus iad ag éileamh idirghabháil ó Chros Dhearg Mheiriceá in Éirinn. Chun tuilleadh comhthéacs a fháil, féach (https://www.mna100.ie/centenary-moments/toward-america/).

Agóidí na nÉireannach ag an Teach Bán, 1920. Grianghraf. https://www.loc.gov/item/2016830880/. Le caoinchead Leabharlann na Comhdhála.

Bhí baill ó Chonradh Cosanta na mBanphríosúnach mar bhaill de Chros Bhán na hÉireann freisin.  D’fhoghlaim na mná a bhí i gceist conas aird na meán a tharraingt orthu féin trí imeachtaí poiblí a phleanáil go cúramach agus mar thoradh ar a gcuid gníomhartha tugadh na mílte ar mhaithe le faoiseamh daonnachta in Éirinn.  I ndiaidh thús an Chogaidh Chathartha i mí an Mheithimh 1922, lorg siad idirghabháil daonnachta seachas faoiseamh do phríosúnaigh phoblachtánacha.

Tar éis do pholasaí cur chun báis an Rialtais Shealadaigh a theacht i bhfeidhm i mí na Samhna 1922, cuireadh achainí i láthair Chomhdháil na Stát Aontaithe, Comhdháil Síochána ag Lausanne, agus Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge sa Ghinéiv.  Sna hachainí agus sna hagóidí sin, spreag baill Chonradh Cosanta na mBanphríosúnach bolscaireacht na daonnachta agus caitheadh aird ar an bhfulaingt chun aird an domhain mhór a tharraingt ar phríosúin agus ar champaí géibhinn Shaorstát Éireann.

Áitíodh sna hachainí sin, mar a dhéantar sa cheann seo thar ceann mhná ‘Croíbhriste’ na hÉireann, go rabhadar ag déanamh ionadaíochta ar mháithreacha agus ar mhná céile a bhí coinnithe scartha óna gclann mhac agus óna bhfir chéile.  Bhí droch-choinníollacha maireachtála sna príosúin, mhaígh an WPDL sna hachainí, go raibh sé ‘deacair glacadh go bhféadfadh coinníollacha a bheith chomh dona in ‘aois na sibhialta’.  D’éiligh siad go raibh an Saorstát ag briseadh rialacha leasa idirnáisiúnta agus thagair siad go sonrach don 10ú Comhdháil Idirnáisiúnta de chuid na Croise Deirge, 1921, áit ar leathnaíodh dualgas na heagraíochta chun cosaint a thabhairt do phríosúnaigh le linn cogaí cathartha agus coimhlintí inmheánacha.  Cé go mba léir nach raibh an WPDL cinnte faoi dhlíthiúlacht an tsocraithe sin – thagair siad dó mar chuid de Choinbhinsiúin na Ginéive, seachas mar réiteach comhdhála faoi cheangal – ach d’áitigh siad gur sháraigh Saorstát na hÉireann spiorad an tsocraithe sin.  D’éiligh siad dearbhú idirnáisiúnta go gcaithfí le príosúnaigh Phoblachtánacha mar phríosúnaigh chogaidh, ag súil go gcuirfeadh sin stop le polasaí cur chun báis an tSaorstáit.  Áitíodh ina gcuid cáipéisí go raibh an Bhreatain freagrach as an gcogadh a bheith fós ag dul ar aghaidh agus d’éiligh siad idirghabháil ‘in ainm na daonnachta’.  Mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí, in Aibreán 1923, tháinig an Chros Dhearg go hÉirinn chun coinníollacha na bpríosún a scrúdú, cé ina dtuarascáil ar deireadh tugadh le fios go raibh Saorstát na hÉireann saor ó mhilleán.

Is díol suntais é an úsáid a bhain baill Chonradh Cosanta na mBanphríosúnach as reitric a bhí ag teacht chun cinn den dlí idirnáisiúnta agus cearta na bpríosúnach.  Bhí siad ar an eolas faoi mhisin ón gCros Dhearg i mBúdaipeist, sa Pholainn agus san Úcráin agus chonaic siad an deis a bhí ann go ndéanfaí idirghabháil ar bhonn daonnachta chun feabhas a chur ar choinníollacha do na príosúnaigh Phoblachtánacha.  Ar an tslí chéanna, rinne siad amhlaidh agus a rinne iarrachtaí na mban ar fud na hEorpa tar éis an chogaidh, trí bhéim a chur gur máithreacha a bhí iontu mar chosaint dá n-obair dhaonnúil, go háirithe Eglantyne Jebb agus an Ciste chun Leanaí a Shábháil.

Cé go raibh siad seasta faoi bhagairt príosúin iad féin, d’fhan baill den WPDL gníomhach go hidirnáisiúnta le linn an chogaidh cathartha, agus thaisteal mná mar Albinia BrodrickKathleen O’Brennan agus Kathleen Lynn chuig an nGinéiv le linn na coimhlinte.  Chas daoine móra le rá oifigiúla leo ansin agus bhí tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta faoina gcuid iarrachtaí.  Cuireadh béim sna hachainí tosaigh ar an ról a bhí acu mar mháithreacha agus mar mhná céile, ach de réir mar a lean an cogadh ar aghaidh, roinn siad eolas faoina dtaithí féin sa phríosún chun aird a tharraingt ar an drochíde a bhí an Saorstát a thabhairt do phríosúnaigh idir fhir agus mhná.  Le linn an chogadh cathartha in Éirinn, nuair nach raibh go leor san Eoraip ar an eolas faoi choinníollacha agus gnóthaí in Éirinn, d’fheidhmigh an WPDL mar nasc luachmhar idir Éirinn agus an chuid eile den domhan.


[1] Is ionann seo agus iníonacha na hÉireann, Inghinidhe na hÉireann, (1900 – 1914) agus chónasc siad níos déanaí le Cumann na mBan.

Chríochnaigh Lia Brazil a PhD dár teideal, International Law and the Rule of Law in the British Empire, 1899 – 1921 ag Institiúid Ollscoil na hEorpa, Flórans in 2021.  Díríodh sa togra sin ar úsáid argóintí dlí idirnáisiúnta ar an talamh le linn an Dara Cogadh san Afraic Theas (1899 – 1902) agus iarrachtaí na hÉireann ar shaoirse a bhaint amach (1916 – 1923).  Rinne sí staidéar dá Céim BA ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus a Céim MA sa Stair Eorpach ag Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Scrúdaítear ina cuid taighde reatha ar mar a bhain aisteoirí leas as INGOnna le linn coimhlintí agus dírítear go háirithe ar ghluaiseacht na Croise Deirge.  Tá a taighde leanúnach ar Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus ar idirnáisiúnachas na mban le linn Chogadh Cathartha na hÉireann maoinithe ag Cumann Stair Dlíthiúil na hÉireann.

Marie Coleman, ‘Cumann na mBan Opposes the Anglo-Irish Treaty: Women Activists During the Civil War’, in Darragh Gannon and Fearghal McGarry (eds) Ireland 1922: Independence, Partition, Civil War (Dublin, Royal Irish Academy, 2021)

John Dorney, The Civil War in Dublin: The Fight for the Irish Capital, 1922-1924 (Kildare: Merrion Press, 2017)

Diarmaid Ferriter, Between Two Hells: The Irish Civil War (London: Profile Books, 2021) 

Irish Times

Irish Independent

Belfast News Letter

Cork Examiner

Evening Echo

Strabane Chronicle

Gné-Íomhá: Sceitse leis an Chuntaois Markievicz. Le caoinchead Theach Lissadell.