{"id":830,"date":"2021-04-01T13:40:07","date_gmt":"2021-04-01T12:40:07","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=exhibitions&#038;p=830"},"modified":"2021-05-12T16:10:17","modified_gmt":"2021-05-12T15:10:17","slug":"2000s","status":"publish","type":"exhibitions","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/","title":{"rendered":"2000+"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>An tAcht um St\u00e1das Comhionann 2000<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Chuir an bhliain 2000 t\u00fas le Deich mBliana nua agus le hAois nua &#8211; bh\u00ed an daonra ag f\u00e1s, le hinimirce lean\u00fanach agus d\u00e9imeagrafach a bh\u00ed ag athr\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>Achta\u00edodh an tAcht um St\u00e1das Comhionann 2000 an bhliain sin, acht a chuir cosc ar idirdheal\u00fa i sol\u00e1thar seirbh\u00eds\u00ed. An bhliain d\u00e1r gcionn sheol Mary Wallace, an tAire Dl\u00ed agus Cirt, Comhionannais agus Athch\u00f3irithe Dl\u00ed <em>Ag T\u00f3g\u00e1il don Todhcha\u00ed (Framing the Future)<\/em>. Rinne Comhairle N\u00e1isi\u00fanta na mBan coimisi\u00fan\u00fa ar an staid\u00e9ar taighde seo chun rannph\u00e1irt\u00edocht na mban i ngr\u00fapa\u00ed pobail agus deonacha a aithint. L\u00e9ir\u00edodh sa bhunachar sonra\u00ed n\u00e1isi\u00fanta a tiomsa\u00edodh don staid\u00e9ar go raibh 2,631 eagra\u00edocht ban i 26 chontae na h\u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An tOlltoghch\u00e1n, 2002<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Atoghadh 17 Teachta D\u00e1la mn\u00e1 ar an 17 Bealtaine 2002; Seisear \u00f3 Fhianna F\u00e1il, seachtar \u00f3 Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre agus duine amh\u00e1in \u00f3 Fhine Gael, le teachta\u00ed nua; M\u00e1ire Hoctor (FF), Marian Harkin (Neamhsple\u00e1ch), Olwyn Enright (FG) Mae Sexton (PD) agus Fiona O\u2019Malley (PD). An bhliain sin, ba \u00ed an t-iar-Theachta D\u00e1la, Geraldine Kennedy, an ch\u00e9ad bhean a ceapadh ina hEagarth\u00f3ir ar <em>The Irish Times<\/em>. D&#8217;fhan ceannaire an Ph\u00e1irt\u00ed Daonlathach, Mary Harney, ina T\u00e1naiste agus ina hAire Fiontra\u00edochta, Tr\u00e1d\u00e1la agus Fosta\u00edochta. Ceapadh Mary Coughlan, (FF), ina hAire Gn\u00f3tha\u00ed S\u00f3isialta agus Teaghlaigh. Mary Coughlan \u2013 10<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais &#8211; Nasc chuid Bord an Rialtais<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Comhionannas&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00e9 pr\u00edomhthionscadal <em>Longford Women\u2019s Link<\/em> an <em>Longford Women\u2019s Manifesto Group<\/em>, a buna\u00edodh mar gur bhraith mn\u00e1 nach raibh guth acu sa chinnteoireacht ina gcontae. Bh\u00ed an tsamhail rannph\u00e1irt\u00edochta a chruthaigh siad idir mn\u00e1 agus cinnteoir\u00ed \u00e1iti\u00fala ina teimpl\u00e9ad agus ina hacmhainn th\u00e1bhachtach do chontaetha eile.<\/p>\n\n\n\n<p>Bhunaigh Sinn F\u00e9in Roinn Comhionannais laistigh den ph\u00e1irt\u00ed, le beartais shonracha chun mn\u00e1 a chur chun cinn. Sa bhliain 2004, ba \u00ed Mary Lou McDonald an ch\u00e9ad Fheisire de Pharlaimint na hEorpa do Shinn F\u00e9in in \u00c9irinn, in \u00e9ind\u00ed le Avril Doyle agus Mairead McGuinness \u00f3 Fhine Gael agus na Neamhsple\u00e1igh, Kathy Sinnott agus Marian Harkin.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Go luath sna 2000id\u00ed, tugadh ainm nua \u2018Mn\u00e1 an Lucht Oibre\u2019 ar choiste comhairleach ban Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre a buna\u00edodh sa bhliain 1971. Athscr\u00edobhadh an bunreacht de r\u00e9ir mar a rinne an gr\u00fapa an daichead\u00fa bliain \u00f3 buna\u00edodh \u00e9 a chom\u00f3radh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An tUachtar\u00e1n M\u00e1ire Mhic Giolla \u00cdosa ag cur t\u00fas lena Dara T\u00e9arma<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Atoghadh M\u00e1ire Mhic Giolla \u00cdosa ina hUachtar\u00e1n na h\u00c9ireann don dara t\u00e9arma i m\u00ed na Samhna 2004, ag gealladh go rachadh s\u00ed i mbun pl\u00e9 le daoine \u00f3ga, \u2018Ag cuimhneamh le gean ar na laethanta is fearr d\u00e1 raibh againn riamh, tugaimid aghaidh ar an todhcha\u00ed gan fios go cinnte c\u00e9ard at\u00e1 i nd\u00e1n d\u00fainn ach le tuiscint mhaith ar an obair chrua amach romhainn, obair at\u00e1 le d\u00e9anamh againn uilig mar shaor\u00e1naigh, agus n\u00ed obair don rialtas amh\u00e1in.\u2019 (<em>\u2018Cherishing the best of our past we turn to our future not knowing exactly what it holds but with a clear idea of the hard work ahead of us, work for all of us as citizens and not simply for government alone.\u2019)<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong>An 71\u00fa Teachta D\u00e1la Mn\u00e1 i nD\u00e1il \u00c9ireann<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Sheas Catherine Murphy mar Neamhsple\u00e1ch i bhfothoghch\u00e1n 2005 agus ba \u00ed an 71\u00fa Teachta D\u00e1la mn\u00e1 i nD\u00e1il \u00c9ireann. In Olltoghch\u00e1n na bliana 2007, toghadh 23 Teachta D\u00e1la mn\u00e1, lena n-\u00e1ir\u00edtear teachta\u00ed nua; \u00c1ine Brady agus Catherine Byrne \u00f3 Fhianna F\u00e1il; Lucinda Creighton \u00f3 Fhine Gael; Mary White \u00f3n gComhaontas Glas agus Joanna Tuffy \u00f3 Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>2008 \u2013 Com\u00f3radh 90 bliain \u00f3 toghadh an ch\u00e9ad bhean chuig D\u00e1il \u00c9ireann<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh com\u00f3radh 90 bliain \u00f3 toghadh Constance de Markievicz a cheili\u00faradh tr\u00ed ghrianghraf stairi\u00fail a ghlacadh d\u2019iar-bhaill agus de bhaill reatha \u00f3 dh\u00e1 Theach an Oireachtais i seomra na D\u00e1la ar an 9 Nollaig 2008. Arna eagr\u00fa ag an Seanad\u00f3ir Ivana Bacik, a d\u00fairt: \u2018Is \u00e9 seo an ch\u00e9ad uair i stair st\u00e1t na h\u00c9ireann &#8211; sna naoi mbliana fichead \u00f3 thoghch\u00e1n stairi\u00fail na bliana 1918 &#8211; go mbeidh an Seomra seo beagnach leath l\u00edonta le hionadaithe mn\u00e1.\u2019 (<em>\u2018This will be the first time in the history of the Irish state \u2013 in the nine decades since that historic 1918 election \u2013 that this Chamber will be nearly half filled with women representatives.\u2019)<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong>An dara T\u00e1naiste mn\u00e1 in \u00c9irinn, 2008<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Mary Coughlan mar an dara T\u00e1naiste mn\u00e1 in \u00c9irinn i m\u00ed Bealtaine na bliana 2008, tar \u00e9is Brian Cowan a cheapadh ina Thaoiseach. Bh\u00ed s\u00ed ina T\u00e1naiste fad is a bh\u00ed tr\u00e9imhse cruatain eacnama\u00edochta i r\u00e9im sa t\u00edr, tar \u00e9is tr\u00e9imhse rath\u00fanais ar a thugtar an T\u00edogair Cheilteach. Sna blianta ina dhiaidh sin, d\u2019fh\u00f3in an T\u00e1naiste Mary Coughlan agus an tAire Mary Hanafin sa Rialtas le roinnt c\u00faraim\u00ed \u00e9ags\u00fala.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Ch\u00e9ad Choimisin\u00e9ir Eorpach de chuid na h\u00c9ireann<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>San Eoraip, ceapadh M\u00e1ire Geoghegan-Quinn mar an ch\u00e9ad Choimisin\u00e9ir Eorpach de chuid na h\u00c9ireann. I gcaitheamh na bliana sin, 2008, rialaigh an Ch\u00fairt Eorpach um Chearta an Duine go raibh dl\u00ed na h\u00c9ireann maidir le ginmhilleadh ag s\u00e1r\u00fa chearta daonna na mban.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>50:50<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Seoladh an Feachtas 50:50 i m\u00ed Mhe\u00e1n F\u00f3mhair na bliana 2010. Bh\u00ed an feachtas bunaithe ar mhian amh\u00e1in, agus ba \u00e9 sin abhc\u00f3ideacht a dh\u00e9anamh ar son ionada\u00edocht chomhionann sa pholait\u00edocht.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Ch\u00e9ad Bhean mar Phr\u00edomh-Bhreitheamh na h\u00c9ireann<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 2011, ceapadh an Breitheamh On\u00f3rach Susan Denham mar Phr\u00edomh-Bhreitheamh na h\u00c9ireann. Ba \u00ed an ch\u00e9ad bhean riamh sa phost.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An tOlltoghch\u00e1n, 2011<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>In Olltoghch\u00e1n na bliana 2011, toghadh 25 bean chuig an 31\u00fa D\u00e1il, an l\u00edon is airde riamh. N\u00edor toghadh aon chomhalta mn\u00e1 \u00f3 ph\u00e1irt\u00ed Fhianna F\u00e1il. Thogh Fine Gael 11 bean, an l\u00edon is m\u00f3 Teachta\u00ed D\u00e1la mn\u00e1 a bh\u00ed ag an bp\u00e1irt\u00ed go dt\u00ed sin, lena n-\u00e1ir\u00edtear Teachta\u00ed D\u00e1la nua Nicky McFadden (FG), Mary Mitchell O&#8217;Connor (FG), \u00c1ine Collins (FG), Heather Humphreys (FG), agus Michelle Mulherin ( FG).<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Ann Phelan, Ann Ferris agus Ciara Conway \u00f3 Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre. Ba iad Mary Lou MacDonald agus Sandra McLellan na Teachta\u00ed D\u00e1la a toghadh \u00f3 Shinn F\u00e9in. Toghadh Clare Daly mar ionada\u00ed don Ph\u00e1irt\u00ed S\u00f3isialach agus toghadh Joan Collins \u00f3n gComhaontas Pobal Roimh Bhrab\u00fas. D&#8217;\u00e9irigh Mary Harney as a post sa bhliain 2011 agus ba \u00ed an Teachta D\u00e1la mn\u00e1 ab fhaide seirbh\u00eds, \u00ed ag f\u00f3namh sa D\u00e1il \u00f3n mbliain 1981.<\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh comhrialtas ar bun idir Fine Gael agus P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre; Ceapadh Enda Kenny ina Thaoiseach agus ceapadh Joan Burton ina hAire Cosanta S\u00f3isialta. Joan Burton \u2013 12<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais \u2013 Nasc chuig Bord an Rialtais&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Cheap an Taoiseach Frances FitzGerald ina hAire Leana\u00ed agus Gn\u00f3tha\u00ed \u00d3ige. Frances Fitzgerald \u2013 13<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais \u2013 Nasc chuig Bord an Rialtais&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>Women for Election<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Is gr\u00fapa neamhbhrab\u00fais \u00e9 \u2018<em>Women for Election\u2019<\/em>, a corpra\u00edodh in 2012, chun oili\u00faint a chur ar mhn\u00e1 a bhfuil baint acu leis an bpolait\u00edocht, tac\u00fa leo agus iad a spreagadh. I m\u00ed an Mh\u00e1rta 2013, th\u00e1inig Teachta\u00ed D\u00e1la nua chuig D\u00e1il \u00c9ireann tar \u00e9is na bhfothoghch\u00e1n, lena n-\u00e1ir\u00edtear Helen McEntee a toghadh i bhfothoghch\u00e1n a d\u2019eascair as b\u00e1s a hathar. Sa bhliain 2014, toghadh Gabriella McFadden as Fine Gael chuig su\u00edoch\u00e1n a deirf\u00e9ar nuair a bh\u00e1saigh a deirfi\u00far. Toghadh Ruth Coppinger freisin chun ionada\u00edocht a dh\u00e9anamh ar Dhl\u00fathph\u00e1irt\u00edocht \u2013 Pobal Roimh Bhrab\u00fas.<\/p>\n\n\n\n<p>I dtreo dheireadh dara t\u00e9arma an Uachtar\u00e1in Mary McAleese; chuir s\u00ed f\u00e1ilte roimh an mBanr\u00edon Eil\u00eds II go h\u00c9irinn ar chuairt St\u00e1it i m\u00ed na Bealtaine 2014.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Tr\u00ed\u00fa T\u00e1naiste Mn\u00e1<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Joan Burton, ceannaire Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre, ina T\u00e1naiste ar an 4 I\u00fail 2014.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 ag Bord an Rialtais, 2014<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Jan O\u2019Sullivan ina hAire Oideachais agus Scileanna. Jan O\u2019Sullivan \u2013 14<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais \u2013 Nasc chuig Bord an Rialtais&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Heather Humphreys chun an Rialtais ar an 11 I\u00fail 2014 ina hAire Eala\u00edon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys \u2013 15<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais \u2013 Nasc chuig Bord an Rialtais&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Ch\u00e9ad Easpag Mn\u00e1<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Th\u00e1inig athruithe eile sa bhliain 2014, lena n-\u00e1ir\u00edtear an ch\u00e9ad Easpag mn\u00e1 in \u00c9irinn n\u00f3 sa Bhreatain oirnithe ag Eaglais na h\u00c9ireann, nuair a ceapadh an tUrramach Pat Storey mar Easpag na M\u00ed agus Chill Dara.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Ch\u00e9ad Choimisin\u00e9ir na nGarda\u00ed Mn\u00e1<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Noreen O\u2019Sullivan mar an ch\u00e9ad Choimisin\u00e9ir na nGarda\u00ed mn\u00e1.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed M\u00e1ire Geoghegan-Quinn ina cathaoirleach ar phain\u00e9al neamhsple\u00e1ch chun ceist an neamhionannais inscne i measc fhoireann oideachais na h\u00c9ireann a ini\u00fachadh, tar \u00e9is an c\u00e1s rath\u00fail a thug an Dr Micheline Sheehy Skeffington, garin\u00edon na Sufraig\u00e9ide Hanna Sheehy Skeffington, i gcoinne Ollscoil na h\u00c9ireann, Gaillimh.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>I m\u00ed I\u00fail na bliana 2015, bhunaigh tri\u00far neamhsple\u00e1cha na Daonlathaithe S\u00f3isialta (\u00c9ire). Ba iad comhcheannair\u00ed an ph\u00e1irt\u00ed R\u00f3is\u00edn Shorthall (an Teachta D\u00e1la is faide seirbh\u00eds go lean\u00fanach, tar \u00e9is gach toghch\u00e1n a bhuachan \u00f3n mbliain 1992) agus Catherine Murphy.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Olltoghch\u00e1n na bliana 2016 \u2013 Cu\u00f3ta\u00ed Inscne<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Tar \u00e9is Olltoghch\u00e1n 2016, ceapadh 35 bean chuig D\u00e1il \u00c9ireann. Bh\u00ed cu\u00f3ta\u00ed inscne, a cheadaigh maoini\u00fa St\u00e1it p\u00e1irt\u00ed a ghearradh ina dh\u00e1 leath mura mn\u00e1 iad 30% d\u00e1 n-iarrth\u00f3ir\u00ed, tar \u00e9is d\u00e9imeagrafach Dh\u00e1il \u00c9ireann a athr\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>Maidir le hionada\u00edocht na mban, rinne an tAontas Idirpharlaiminteach \u00c9ire a rang\u00fa sa 75\u00fa h\u00e1it ar domhan. Toghadh 19 Teachta D\u00e1la nua, lena n-\u00e1ir\u00edtear Maria Bailey, Kate O\u2019Connell, Hildegarde Naughton agus Josepha Madigan \u00f3 Fhine Gael. Bh\u00ed Mary Butler (FF), Lisa Chambers (FF), Margaret Murphy O\u2019Mahony (FF), Fiona O\u2019Loughlin (FF), Anne Rabbitte (FF), agus Niamh Smyth (FF) ina Teachta\u00ed D\u00e1la nua-thofa \u00f3 Fhianna F\u00e1il. I measc Theachta\u00ed D\u00e1la nua Shinn F\u00e9in bh\u00ed Imelda Munster (SF), Denise Mitchell (SF), Louise O\u2019Reilly (SF), Kathleen Funchion (SF) agus Carol Nolan (SF). I measc na ndaoine eile a toghadh bh\u00ed Clare Daly (Neamhsple\u00e1igh ar son an Athraithe), Joan Collins (Neamhsple\u00e1igh ar son an Athraithe), Catherine Connolly (Neamhsple\u00e1ch), Brid Smith (Comhaontas Frith-Dh\u00e9ine \u2013 Pobal Roimh Bhrab\u00fas) agus Catherine Martin (an Comhaontas Glas).<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 ag Bord an Rialtais, 2016<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Le linn dara t\u00e9arma Enda Kenny mar Thaoiseach, ceapadh an l\u00edon is m\u00f3 ban chun na Comh-Aireachta; tri\u00far \u00f3 Fhine Gael &#8211; Frances Fitzgerald, Heather Humphreys, agus Mary Mitchell O\u2019Connor, agus an Teachta D\u00e1la Neamhsple\u00e1ch &#8211; Katherine Zappone. Ceapadh Frances FitzGerald ina T\u00e1naiste agus ina hAire Dl\u00ed agus Cirt agus Comhionannais. Ceapadh Mary Mitchell O\u2019Connor ina hAire Post, Fiontar agus Nu\u00e1la\u00edochta. Mary Mitchell O\u2019Connor \u2013 16<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais \u2013 Nasc chuig Bord an Rialtais &nbsp;Ceapadh Katherine Zappone ina hAire Leana\u00ed agus Gn\u00f3tha\u00ed \u00d3ige. Katherine Zappone &#8211; 17<sup> \u00fa<\/sup> Aire Rialtais \u2013 Nasc chuig Bord an Rialtais<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Ceathr\u00fa T\u00e1naiste Mn\u00e1<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Nuair a d\u2019\u00e9irigh Enda Kenny as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael sa bhliain 2017, rinne a chomharba, Leo Varadkar, Frances Fitzgerald a athcheapadh ina T\u00e1naiste.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 ag Bord an Rialtais, 2017<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed ceathrar ban san \u00e1ireamh sa Rialtas nua; Frances Fitzgerald, Heather Humphreys, Katherine Zappone, agus Regina Doherty, a ceapadh ina hAire Gn\u00f3tha\u00ed Fosta\u00edochta agus Cosanta S\u00f3isialta. Regina Doherty \u2013 18<sup>\u00fa <\/sup>Aire Rialtais \u2013 Nasc chuig Bord an Rialtais &nbsp;Ar an 30 Samhain, le linn a ch\u00e9ad t\u00e9arma i nD\u00e1il \u00c9ireann, ceapadh Josepha Madigan ina hAire Cult\u00fair, Oidhreachta agus Gaeltachta; an 19\u00fa Aire. Josepha Madigan &#8211; 19<sup> \u00fa<\/sup> Aire Rialtais \u2013 Nasc chuig Bord an Rialtais<\/p>\n\n\n\n<p><strong>C\u00e1cas Parlaiminte na mBan in \u00c9irinn<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 2017, buna\u00edodh C\u00e1cas Parlaiminte na mBan in \u00c9irinn mar fh\u00f3ram Trasph\u00e1irt\u00ed chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a th\u00e9ann i bhfeidhm ar mhn\u00e1 go pr\u00edomha. Bh\u00ed Teachta D\u00e1la an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin ina cathaoirleach air.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 2017, rinneadh an t-eala\u00edont\u00f3ir Noel Murphy a choimisi\u00fan\u00fa chun saothar a ph\u00e9inte\u00e1il a chuimseodh gach ball de na 53 ball mn\u00e1 i dTithe an Oireachtais, na Teachta\u00ed agus na Seanad\u00f3ir\u00ed araon, ar aon chanbh\u00e1s amh\u00e1in. Tugadh an obair chun cr\u00edche thar thr\u00e9imhse s\u00e9 mh\u00ed, agus rinneadh cl\u00e1r faisn\u00e9ise, <em>A Woman\u2019s Place<\/em>, a scann\u00e1n\u00fa i gcaitheamh an ama sin. Taispe\u00e1nadh an picti\u00far i dTeach Laighean mar chuid de cheili\u00faradh bliana, V\u00f3t\u00e1il100, faoi sti\u00fair coiste trasph\u00e1irt\u00ed faoi chathaoirleacht an tSeanad\u00f3ra Ivana Bacik.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>An tAcht um St\u00e1das Comhionann 2000<\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","class_list":["post-830","exhibitions","type-exhibitions","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.2 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>2000+ - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"2000+ - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"An tAcht um St\u00e1das Comhionann 2000\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2021-05-12T15:10:17+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"11 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/\",\"name\":\"2000+ - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\"},\"datePublished\":\"2021-04-01T12:40:07+00:00\",\"dateModified\":\"2021-05-12T15:10:17+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Exhibitions\",\"item\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"2000+\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"2000+ - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"2000+ - Mn\u00e1 100","og_description":"An tAcht um St\u00e1das Comhionann 2000","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2021-05-12T15:10:17+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"11 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/","name":"2000+ - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"datePublished":"2021-04-01T12:40:07+00:00","dateModified":"2021-05-12T15:10:17+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/2000s\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Exhibitions","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"2000+"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/830","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/exhibitions"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=830"}],"version-history":[{"count":3,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/830\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":871,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/830\/revisions\/871"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=830"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}