{"id":828,"date":"2021-04-02T13:38:56","date_gmt":"2021-04-02T12:38:56","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=exhibitions&#038;p=828"},"modified":"2021-05-12T16:09:02","modified_gmt":"2021-05-12T15:09:02","slug":"1990s","status":"publish","type":"exhibitions","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/","title":{"rendered":"1990s"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>An Dara Coimisi\u00fan um St\u00e1das na mBan<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Bhunaigh an Taoiseach Charles Haughey an Dara Coimisi\u00fan um St\u00e1das na mBan in 1990. Th\u00e1inig an glaoch air \u00f3n gComhairle um St\u00e1das na mBan (a dh\u00e9anann ionada\u00edocht anois do n\u00edos m\u00f3 na 80 eagra\u00edocht ban). Ar an 1 Samhain 1990, th\u00e1inig an coimisi\u00fan de 19 mball le ch\u00e9ile den ch\u00e9ad uair (16 bhean agus tri\u00far fear) faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Mella Carroll.<\/p>\n\n\n\n<p>Uachtar\u00e1n na h\u00c9ireann, Mary Robinson<\/p>\n\n\n\n<p>Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, re\u00e1cht\u00e1ladh an ch\u00e9ad toghch\u00e1n Uachtar\u00e1nachta a bh\u00ed ann \u00f3 1973. Roimhe sin, ba iad iarrth\u00f3ir\u00ed de chuid Fhianna F\u00e1il amh\u00e1in a d\u2019\u00e9irigh leo. Theastaigh \u00f3n Lucht Oibre iarrth\u00f3ir l\u00e1idir a ainmni\u00fa don Uachtar\u00e1nacht. Bh\u00ed Mary Robinson ina Seanad\u00f3ir le \ufb01che bliain ach n\u00ed raibh s\u00ed ag iarraidh go n-atoghfa\u00ed \u00ed in 1989. Sa bhliain 1990, d\u2019iarr an Lucht Oibre uirthi seasamh mar iarrth\u00f3ir sa toghch\u00e1n Uachtar\u00e1nachta sa bhliain sin agus ghlac s\u00ed leis gan dul isteach sa Lucht Oibre ar\u00eds. \u00d3n t\u00fas, chuaigh Mary Robinson i mbun feachtais dinimici\u00fail agus na mana\u00ed seo a leanas san&nbsp; \u00e1ireamh aici: \u2018Uachtar\u00e1n le Cusp\u00f3ir\u2019 agus \u2018 T\u00e1 guth agat agus cuir\ufb01dh mise in i\u00fal \u00e9\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00e9 Brian Lenihan, T\u00e1naiste, agus Aire Cosanta, iarrth\u00f3ir Fhianna F\u00e1il, agus bh\u00ed Austin Currie,&nbsp; bunaitheoir an SDLP, ina iarrth\u00f3ir ag Fine Gael. Tar \u00e9is fheachtas toghch\u00e1nach consp\u00f3ideach, toghadh Mary Robinson ina c\u00e9ad ban-uachtar\u00e1n ar \u00c9irinn. Insealbha\u00edodh \u00ed ar an 3 Nollaig 1990.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>C\u00e1s X agus an m\u00e9id a tharla ina dhiaidh&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Sna \ufb01che bliain deiridh den ch\u00e9ad seo caite, th\u00e1inig m\u00e9ad\u00fa ar l\u00edon na m\u00e1ithreacha neamhph\u00f3sta in \u00c9irinn, ar bhonn lean\u00fanach, go dt\u00ed 28% agus ba \u00e9 an l\u00edon ab airde in Iarthar na Eorpa. I M\u00ed Feabhra 1992, i gc\u00e1s dl\u00ed, an tArd-Aighne in \u00e9adan X agus daoine eile, (ar a dtugtar C\u00e1s X) dheonaigh an Ardch\u00fairt urghaire a chuir bac ar chail\u00edn 14 bliana d\u2019aois (X) a bh\u00ed ag iompar clainne, taisteal thar lear lena tuismitheoir\u00ed, i gcomhair ginmhillte. Rinne comharsa \u00e9igni\u00fa reacht\u00fail uirthi. Th\u00e1inig na m\u00edlte amach ar na sr\u00e1ideanna i mbun ag\u00f3ide, lena n-\u00e1ir\u00edtear an \u00d3ige ar son Rogha.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh achomharc ar urghaire na hArd-Ch\u00fairte chuig an gC\u00fairt Uachtarach, agus iompa\u00edodh an cinneadh a fuair an St\u00e1t roimhe sin bac a chur uirthi an t\u00edr a fh\u00e1g\u00e1il, iompa\u00edodh \u00e9 le tromlach 4 le 1. Ba ch\u00e1s cinni\u00fanach \u00e9 sa Ch\u00fairt Uachtarach, c\u00e1s a chuir t\u00fas le ceart ban na h\u00c9ireann ar ghinmhilleadh sa ch\u00e1s ina raibh riosca m\u00f3r agus substainti\u00fail ann don mh\u00e1thair, lena&nbsp; n-\u00e1ir\u00edtear riosca f\u00e9inmharaithe. Ba \u00e9 concl\u00faid na C\u00fairte Eorpaigh um Chearta an Duine, n\u00e1 go raibh ceart bunreacht\u00fail ann cheana.<\/p>\n\n\n\n<p>Lean na hag\u00f3id\u00ed idir Gr\u00fapa\u00ed ar son na Beatha agus Gr\u00fapa\u00ed ar son Rogha, de r\u00e9ir mar a cuireadh leasuithe ar an mBunreacht os comhair na ndaoine i Samhain 1992. D\u2019fhaomh an reifreann seo an tr\u00ed\u00fa leas\u00fa d\u00e9ag agus an ceathr\u00fa leas\u00fa d\u00e9ag ar an mBunreacht. D\u2019fhor\u00e1il an tr\u00ed\u00fa leas\u00fa d\u00e9ag n\u00e1r chuir&nbsp; an chosaint ar cheart chun beatha an linbh sa bhroinn, de r\u00e9ir na Bunreachta, bac ar shaoirse an duine taisteal amach \u00f3n St\u00e1t n\u00f3 isteach ann.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019fhor\u00e1il an ceathr\u00fa leas\u00fa d\u00e9ag n\u00e1r chuir cosaint cheart an linbh sa bhroinn, bac ar eolas faoi sheirbh\u00eds\u00ed i dt\u00edortha eile, a dh\u00e1ileadh. Faomhadh an d\u00e1 leas\u00fa sa reifreann ar an 25 Samhain 1992 agus s\u00edn\u00edodh sa dl\u00ed iad ar an 23 Nollaig 1992.<\/p>\n\n\n\n<p>De r\u00e9ir shuirbh\u00e9 n\u00e1isi\u00fanta, n\u00ed raibh ach leath na mban a raibh s\u00e9 furasta d\u00f3ibh rochtain a fh\u00e1il ar sheirbh\u00eds plean\u00e1la clainne (c\u00e9 go raibh coisc\u00edn\u00ed ar f\u00e1il \u00f3 mheais\u00edn\u00ed d\u00edola in 1993).<\/p>\n\n\n\n<p>In 1993 buna\u00edodh an tAonad um Imscr\u00fad\u00fa ar Ionsaithe Gn\u00e9is agus ar Fhor\u00e9igean Teaghlaigh, den Gharda S\u00edoch\u00e1na. Bhunaigh C\u00fanamh do Mhn\u00e1 l\u00edne teagmh\u00e1la 24 uair.<\/p>\n\n\n\n<p>Ritheadh an tAcht um Rial\u00e1il Faisn\u00e9ise (Seirbh\u00eds\u00ed lasmuigh den St\u00e1t chun toirchis a Fhoirceannadh), 1995. Cheadaigh an tAcht eolas faoi sheirbh\u00eds\u00ed ginmhillte lasmuigh d\u2019\u00c9irinn a chur ar f\u00e1il go dl\u00edthi\u00fail.<\/p>\n\n\n\n<p>Ritheadh an tAcht um Fhor\u00e9igean Teaghlaigh (1996): leathnaigh s\u00e9 orduithe urchoisc agus orduithe cosanta chuig neamh\u2011ch\u00e9il\u00ed. Thug s\u00e9 cumhacht do Bhoird Sl\u00e1inte iarratas a dh\u00e9anamh ar Orduithe C\u00fairte. Neartaigh s\u00e9 cumhachta\u00ed na ngarda\u00ed chun duine a ghabhadh gan bar\u00e1ntas i gc\u00e1s s\u00e1raithe.<\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh Tascfh\u00f3rsa N\u00e1isi\u00fanta ar Fhor\u00e9igean in aghaidh na mBan in 1997. D\u2019fhor\u00e1il s\u00e9 do thascfh\u00f3rsa\u00ed r\u00e9igi\u00fanacha agus n\u00e1isi\u00fanta agus do chomhord\u00fa taighde agus do chur i bhfeidhm pholasaithe.<\/p>\n\n\n\n<p>In 1999 tar \u00e9is staid\u00e9ar maoinithe ag an rialtas, foils\u00edodh P\u00e1ip\u00e9ar Glas ar Ghinmhilleadh, ina ndearnadh na roghanna \u00e9ags\u00fala a leagan amach, lena n\u2011\u00e1ir\u00edtear reachta\u00edocht agus an tr\u00ed\u00fa reifreann ar ghinmhilleadh. Cuireadh deireadh leis na horduithe coisc a bh\u00ed ann faoi na hAchtanna um Chinsireacht Foilseach\u00e1in, a bhain le frithghini\u00faint agus le deireadh a chur leis an toircheas.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>GLEN<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Leasa\u00edodh bunreacht na C\u00f3naidhme do Dhaoine Aeracha i 1990 agus Rinneadh an Ch\u00f3naidhm do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha di. Buna\u00edodh roinnt gr\u00fapa\u00ed, an L\u00edonra Comhionannais do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha (Glen) ina measc, a rinne stocaireacht chun an dl\u00ed a leas\u00fa. Bronnadh c\u00faram linbh ar mh\u00e1thar leispiach den ch\u00e9ad uair i 1992. Buna\u00edodh LOT<em> Lesbians Organising Together<\/em> i 1991. Bhronn an Roinn Leasa Sh\u00f3isialaigh deontas IR\u00a350,000 ar an eagra\u00edocht. D&#8217;oscail an eagra\u00edocht ionad buail isteach ar Shr\u00e1id Ch\u00e9ipil i 1995. Lean an t-imeacht &#8216;<em>Lesbian Lives<\/em>&#8216;, ar aghaidh, imeacht a tosa\u00edodh mar L\u00e1 de Phl\u00e9it\u00ed in Ionad Taighde agus Acmhainne na mBan i gCol\u00e1iste Ollscoile, Baile \u00c1tha Cliath. Agus deireadh ag teacht leis na deich mbliana chuir LEA (<em>Lesbian Education and Awareness<\/em>) feachtas iomr\u00e1iteach i dtoll a ch\u00e9ile, feachtas n\u00e1isi\u00fanta cl\u00e1ir f\u00f3gra\u00ed agus deireadh seachtaine Togra Sofheictheachta ina measc.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Cl\u00e1r Faisn\u00e9ise <\/strong><strong><em>Dear Daughter<\/em><\/strong><strong>, 1992<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Chuaigh Christine Buckley ar She\u00f3 Gay Byrne in 1992 agus labhair s\u00ed faoin m\u00ed\u2011\u00fas\u00e1id a d\u2019fhulaing s\u00ed in \u00c1ras an Droichid \u00d3rga agus faoin m\u00ed\u2011\u00fas\u00e1id i scoileanna saothair. I 1996 rinneadh cl\u00e1r faisn\u00e9ise as a sc\u00e9al ar a tugadh <em>Dear Daughter. <\/em>In 1999 bhunaigh Christine Buckley agus Carmel Mc Donnell, ionad oideachais agus taca\u00edochta Aislinn, chun tac\u00fa le hiar-ch\u00f3naitheoir\u00ed na scoileanna saothair.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Na Mn\u00e1 a d&#8217;\u00c9irigh Leo<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh 20 bean chun D\u00e1il \u00c9ireann le linn an olltoghch\u00e1in ar an 25 Samhain 1992, uimhir nach rabhthas ag s\u00fail leis.<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Niamh Bhreathnach, Joan Burton, Eithne FitzGerald, Breeda Moynihan-Cronin agus Ro\u00eds\u00edn&nbsp; Shortall don Lucht Oibre. Toghadh Frances Fitzgerald, Teachta D\u00e1la nua do Bhaile \u00c1tha Cliath Thoir Theas, d\u2019Fhine Gael chomh maith le Theresa Ahern, Mary Flaherty, Nora Owen agus Avril Doyle. Toghadh Mary Coughlan, S\u00edle de Valera, Mary Wallace, Mary O\u2019Rourke agus M\u00e1ire Geoghegan-Quinn d\u2019Fhianna F\u00e1il. Th\u00e1inig Helen Keogh agus Liz O\u2019Donnell isteach le Mary Harney agus Mair\u00edn Quill mar Theachta\u00ed D\u00e1la sa Ph\u00e1irt\u00ed Daonlathach. Ba \u00ed Liz O\u2019Donnell an ch\u00e9ad bhean a toghadh don Daonlathas Cl\u00e9, nuachumtha.<\/p>\n\n\n\n<p>Gr\u00fapa 84<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed an Seanad\u00f3ir Mary Henry a bhunaigh Gr\u00fapa 84 an bhliain sin. Cumann trasph\u00e1irt\u00ed de theachta\u00ed d\u00e1la agus de sheanad\u00f3ir\u00ed mn\u00e1 a d&#8217;oibreodh le ch\u00e9ile ar shaincheisteanna ina raibh leas acu ar fad iontu,&nbsp; ba ionann teideal an ghr\u00fapa agus an m\u00e9id a bh\u00ed siad ag iarraidh a bhaint amach,&nbsp; is \u00e9 sin 84 bean a bheith i dTithe an Oireachtais, an t-ionada\u00edocht chu\u00ed ar mhn\u00e1.Group 84<\/p>\n\n\n\n<p>That year Senator Mary Henry established the Group 84. A cross party association of women deputies and senators who would work together on issues of mutual interest, their title represented their aspiration, the ideal representation for women in the Houses of the Oireachtas was 84.<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Albert Reynolds ina Thaoiseach agus ceapadh Dick Spring, den Lucht Oibre ina Th\u00e1naiste. Den ch\u00e9ad uair, bh\u00ed beirt bhan sa chomh-aireacht, M\u00e1ire Geoghegan Quinn, Fianna F\u00e1il ina hAire Dl\u00ed is Cirt agus Niamh Bhreathnach, Lucht Oibre ina hAire Oideachais. <a href=\"http:\/\/museum-update.chevronstudio.com\/NIAMH_BHREATHNACH.html\"><strong>Ceapadh Niamh Bhreathnach ina hAire Oideachais &#8211; an 6<\/strong><strong><sup>\u00fa<\/sup><\/strong><strong> Aire Rialtais<\/strong><\/a><\/p>\n\n\n\n<p>Fad a bh\u00ed M\u00e1ire Geoghegan-Quinn ina hAire Dl\u00ed agus Cirt achta\u00edodh an tAcht um an Dl\u00ed Coiri\u00fail (Cionta Gn\u00e9asacha), a dh\u00edchoirigh gn\u00edomhartha comhthoili\u00fala homaighn\u00e9asacha.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 agus Obair sna 1990id\u00ed&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Tuairisc\u00edodh gur th\u00e1inig athr\u00fa ar an lucht saothair agus fir agus mn\u00e1 \u00f3ga, a raibh oideachas n\u00edos fearr orthu agus a bh\u00ed &#8216;n\u00edos sol\u00fabtha&#8217; ag t\u00f3g\u00e1il \u00e1it &#8216;na bhfear me\u00e1naosta gan m\u00f3r\u00e1n oideachais\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p>Thug tortha\u00ed an Choimisi\u00fain um St\u00e1das na mBan ceisteanna do mhn\u00e1 chun solais, lena n-\u00e1ir\u00edtear, an g\u00e1 a bh\u00ed le c\u00f3ras iompair n\u00edos fearr, le hionaid sl\u00e1inte m\u00f3ib\u00edleacha agus le sraith \u00e1iseanna oili\u00fana agus oideachais.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain sin, th\u00e1inig an Roinn Comhionannais agus Athch\u00f3irithe Dl\u00ed ar an bhf\u00f3d, agus go ceann tr\u00e9imhse idir Samhain agus Nollaig 1994, bh\u00ed M\u00e1ire Geoghegan Quinn ina hAire Gn\u00edomhach tar \u00e9is do Mervyn Taylor, Aire an Lucht&nbsp; Oibre, \u00f3n gComhrialtas, \u00e9ir\u00ed as a phost.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Susan Denham an ch\u00e9ad bhean a ceapadh don Ch\u00fairt Uachtarach. Buna\u00edodh an ch\u00e9ad aonad den Fh\u00f3rsa Cosanta \u00c1iti\u00fail, ar mhn\u00e1 iad go l\u00e9ir, i nD\u00fan an tS\u00e1irse\u00e1laigh, i Luimneach. In 1994 ceapadh Evelyn P. Owens ina c\u00e9ad cathaoirleach ar an gC\u00fairt Oibreachais. Faoi 1997, mn\u00e1 ab ea iad 51% den&nbsp; fh\u00f3rsa oibre.<\/p>\n\n\n\n<p>Leathnaigh an tAcht um Chomhionannas Fosta\u00edochta (1998), na forais ina mbeadh cosc ar idirdheal\u00fa d\u00edreach n\u00f3 ind\u00edreach i bhfosta\u00edocht \u2013 lena n\u2011\u00e1ir\u00edtear claonadh gn\u00e9asach agus st\u00e1das clainne. Rinne an dl\u00ed seo ciapadh gn\u00e9is a ch\u00f3d\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 agus Saol na Polait\u00edochta<\/strong><strong>Mn\u00e1 agus Athr\u00fa i gC\u00farsa\u00ed Polait\u00edochta&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>San fhothoghch\u00e1n a re\u00e1cht\u00e1ladh i m\u00ed na Samhna 1994, toghadh Kathleen Lynch, a bh\u00ed ina gn\u00edomha\u00ed polaiti\u00fail sna 80id\u00ed, ina Teachta D\u00e1la don Daonlathas Cl\u00e9, i gCorcaigh Thuaidh L\u00e1r. Mh\u00e9adaigh s\u00ed a v\u00f3ta thar na mblianta. Agus \u00ed ina ball de Chumann N\u00e1isi\u00fanta Eagra\u00edocht na dTion\u00f3nta\u00ed, bh\u00ed s\u00ed i mbun feachtais in \u00e9adan th\u00e1ill\u00ed seirbh\u00edse na n-\u00fadar\u00e1s \u00e1iti\u00fala, mha\u00edgh s\u00ed go raibh na t\u00e1ill\u00ed seo ina gc\u00e1in dh\u00fabailte. Chuaigh s\u00ed isteach i bPairt\u00ed na nOibrithe agus toghadh \u00ed do Bhardas Chorca\u00ed agus ina dhiaidh sin bh\u00ed s\u00ed ar dhuine de bhunaitheoir\u00ed an Daonlathais Chl\u00e9. Ar l\u00e1 a tofa, thit Comhaireacht Fhianna F\u00e1il agus an Lucht Oibre as a ch\u00e9ile.<\/p>\n\n\n\n<p>Crutha\u00edodh Rialtas nua ar an 15 Nollaig 1994, comhrialtas ilph\u00e1irt\u00ed. Bh\u00ed Fine Gael, an Lucht Oibre agus an Daonlathas Cl\u00e9 ann, le John Bruton, ceannaire nua Fhine Gael, ina Thaoiseach. Ceapadh Bertie Ahern ina cheannaire ar Fhianna F\u00e1il agus ceapadh Mary O\u2019Rourke ina Leas-Cheannaire.<\/p>\n\n\n\n<p><a href=\"http:\/\/museum-update.chevronstudio.com\/NORA_OWEN.html\"><strong>Ceapadh Nora Owen ina hAire Dl\u00ed agus Cirt &#8211; an 7<\/strong><strong><sup>\u00fa<\/sup><\/strong><strong> Aire Rialtais<\/strong> &#8211;<strong>&nbsp;<\/strong><\/a><\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Nora Owen ina hAire Dl\u00ed is Cirt agus bh\u00ed s\u00ed sa phost sin le linn th\u00e9arma an Rialtais, am a tharla an sos comhraic i dTuaisceart \u00c9ireann, an ch\u00e9ad chuairt oi\ufb01gi\u00fail a thug Teaghlach R\u00edoga na Breataine ar an t\u00edr, an Doicim\u00e9ad um Chreat Angla-\u00c9ireannach agus bun\u00fa an Fh\u00f3raim um Sh\u00edoch\u00e1in agus Athmhuintearas. Th\u00e1inig an F\u00f3ram ar an bhf\u00f3d in 1994 faoi chathaoirleacht Catherine Mc Guinness.<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Mildred&nbsp; Fox san fhothoghch\u00e1n i m\u00ed an Mheithimh 1995, nuair a ghlac s\u00ed su\u00edoch\u00e1n a hathar, Johnny Fox, TD Neamhsple\u00e1ch, Chill Mhant\u00e1in, a bh\u00e1saigh.<\/p>\n\n\n\n<p>Tar \u00e9is bh\u00e1s Neil T. Blaney, toghadh Cecelia Keaveney don D\u00e1il nD\u00fan na nGall Thoir Thuaidh, in Aibre\u00e1n 1996. Bh\u00ed a hathair ina Theachta D\u00e1la ar feadh tamaill i l\u00e1r na 1970id\u00ed. Bh\u00ed sise ina ball den Chomhairle Contae.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Ag Labhairt le Tithe an Oireachtais<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>\u00c1bhar lena mBaineann T\u00e1bhacht Phoibl\u00ed<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Ar an 2 Feabhra 1995, labhair Mary Robinson le dh\u00e1 Theach an Oireachtais, den dara huair.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh f\u00f3gra\u00edocht ar an aitheasc mar &#8216;\u00e1bhar lenar bhain t\u00e1bhacht phoibl\u00ed leis&#8217;.&nbsp; <em>Cherishing the Irish Diaspora an teideal a bh\u00ed ar an aitheasc. <\/em>Dh\u00edrigh s\u00ed ar mheas a l\u00e9iri\u00fa ar Dhiasp\u00f3ra na h\u00c9ireann le linn a t\u00e9arma ina hUachtar\u00e1n di &#8211; c\u00e9 nach raibh s\u00e9 ach i gceist aici sin a dh\u00e9anamh ar bhealach siombalach ar dt\u00fas tr\u00ed sholas a scaladh i gceann d&#8217;fhuinneoga \u00c1rais an Uachtar\u00e1in. Ina haitheasc roinn s\u00ed a cuid taith\u00ed nuair a bhuail s\u00ed le daoine \u00f3ga as \u00c9irinn in \u00e1iteanna chomh fada \u00f3 bhaile le Calc\u00fata agus an Astr\u00e1il sna ceithre bliana roimhe sin, daoine a bhraith nach raibh aon rogha acu ach dul ar imirce. Labhair s\u00ed orthusan n\u00e1r sheas riamh ar thailte na h\u00c9ireann ach a bhraitheann f\u00f3s go mbaineann siad leis an t\u00edr seo.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Tharla seo ag am ina raibh laghd\u00fa den ch\u00e9ad uair ar fhigi\u00fair\u00ed&nbsp; imirceacha \u00f3 bh\u00ed na 80id\u00ed ann. Th\u00e1inig&nbsp; athr\u00fa suntasach ar an sc\u00e9al \u00f3n mbliain 1995 nuair a thosaigh an inimirce go h\u00c9irinn. Tugadh isteach reachta\u00edocht a thug cead do dhaoine n\u00e1r n\u00e1isi\u00fanaigh den AE iad, glacadh le fosta\u00edocht i r\u00e9imse leathan tionscail, lena n-\u00e1ir\u00edtear poist do dhaoine neamhoilte agus breacoilte.<\/p>\n\n\n\n<p>1996&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Scaoil baill de dhrong coirpeach Veronica Guerin marbh ar an 26 Meitheamh 1996. B\u2019iriseoir leis an Sunday Independent \u00ed agus ba de bharr a cuid tuairiscithe ar ghn\u00edomha\u00edochta\u00ed coiri\u00fala an dronga, a rinne siad \u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>Thug Michelle Smith tr\u00ed bhonn \u00f3ir l\u00e9i sa sn\u00e1mh an samhradh sin: Saorst\u00edl 400m na mban, meascra aonair 400m na mban, sn\u00e1mh f\u00e9ileac\u00e1in 200m na mban agus bonn cr\u00e9-umha i meascra aonair 200m na mban sna Cluich\u00ed Oilimpeacha in Atlanta.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>D\u00fanadh na Neachtlanna Magdalene&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>D\u00fanadh na Neachtlanna Magdalene deireanacha. Bh\u00ed c\u00f3na\u00ed ar 40 bean i Neachtlann Shr\u00e1id Gloucester (Sr\u00e1id Mhic Dhiarmada), n\u00ed raibh gaolta ar aithne ag naon\u00far acu agus shocraigh siad fanacht leis na mn\u00e1 rialta.<\/p>\n\n\n\n<p>20:166<\/p>\n\n\n\n<p>28\u00fa D\u00e1il \u00c9ireann:&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Le linn Olltoghch\u00e1n 1997, bhuaigh mn\u00e1 20 ceann de na 166 su\u00edoch\u00e1n a bh\u00ed ar f\u00e1il: Toghadh Theresa Ahern,&nbsp; Monica Barnes, Frances FitzGerald agus Nora Owen, an athuair d\u2019Fhine Gael; toghadh Mary O\u2019Rourke, Mary Coughlan, S\u00edle de Valera, Cecilia Keaveney agus Mary Wallace an athuair d\u2019Fhianna F\u00e1il; toghadh Mary Harney agus Liz O\u2019Donnell an athuair don Ph\u00e1irt\u00ed Daonlathach; toghadh Breeda Moynihan-Cronin agus Ro\u00eds\u00edn Shortall an athuair don Lucht Oibre agus toghadh Liz McManus (Daonlathas Cl\u00e9), agus Mildred Fox (Neamhsple\u00e1ch) an athuair chomh maith.<\/p>\n\n\n\n<p>Ina theannta sin, toghadh c\u00faigear ban den ch\u00e9ad uair san olltoghch\u00e1n in 1997: toghadh Deirdre Clune agus Olivia Mitchell d\u2019Fhine Gael, Beverley Cooper Flynn, Mary Hana\ufb01n agus Marian McGennis d\u2019Fhianna F\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>\u00c9ire ag Athr\u00fa: <\/strong><strong><em>Droichid a Th\u00f3g\u00e1il<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Chuaigh&nbsp; M\u00e1ire Geoghegan Quinn ar scoir \u00f3n bpolait\u00edocht le linn Olltoghch\u00e1n 1997, agus&nbsp; luaigh&nbsp; s\u00ed ceisteanna pr\u00edobh\u00e1ideachais mar ch\u00fais leis.<\/p>\n\n\n\n<p>Bean eile m\u00f3r&nbsp; le r\u00e1 a d\u2019fh\u00e1g \u00c9ire in 1997 ba ea Mary Robinson, a d\u2019\u00e9irigh as a post mar Uachtar\u00e1n ar an 12 Me\u00e1n F\u00f3mhair 1997, dh\u00e1 mh\u00ed roimh dheireadh a tr\u00e9imhse, agus chuaigh s\u00ed ar aghaidh chuig r\u00f3l nua mar Ard-Choimisin\u00e9ir na N\u00e1isi\u00fain Aontaithe um Chearta an Duine. Cuireadh t\u00fas le hainmni\u00fach\u00e1in don Uachtar\u00e1nacht ar an 15 Mean F\u00f3mhair 1997. Ainmn\u00edodh c\u00faigear agus bh\u00ed c\u00e1il air mar r\u00e1s na mban, mar go raibh ceathrar ban ag seasamh ann.<\/p>\n\n\n\n<p>Fuair Mary Banotti an l\u00e1mh in uachtar ar Avril Doyle le bheith ina hiarrth\u00f3ir d\u2019Fhine Gael ach n\u00ed raibh m\u00f3r\u00e1n eatarthu. Bh\u00ed Mary Banotti (n\u00e9e O\u2019Mahoney) ina MEP in am an toghch\u00e1in. Ainmn\u00edodh Adi Roche, 42 bliain&nbsp; ag an am, don Lucht&nbsp; Oibre agus bh\u00ed s\u00ed \u00e1 tac\u00fa ag an bP\u00e1irt\u00ed Glas agus ag an Daonlathas Cl\u00e9. Bhunaigh s\u00ed an charthanacht idirn\u00e1isi\u00fanta, Chernobyl Children in 1991.<\/p>\n\n\n\n<p>Mhol comhairl\u00ed contae Dh\u00fan na nGall, Chiarra\u00ed, Longfoirt, Thiobraid \u00c1rann agus Chill Mhant\u00e1in Rosemary Scallon (a bhfuil c\u00e1il uirthi&nbsp; \u00f3na hainmn st\u00e1itse, Dana)&nbsp; mar&nbsp; iarrth\u00f3ir. Bh\u00ed an-aithne uirthi n 1970 mar gur bhuaigh an cail\u00edn \u00f3g seo as Doire Com\u00f3rtas Amhr\u00e1na\u00edochta Eoraif\u00edse.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019ainmnigh Fianna Fail Mary Mc Aleese, tar \u00e9is di an bua a fh\u00e1il ar an iarThaoiseach Albert Reynolds i bpr\u00f3iseas roghn\u00fach\u00e1in inmhe\u00e1nach an ph\u00e1irt\u00ed. Rugadh \u00ed i mB\u00e9al Feirste agus bh\u00ed s\u00ed ina hiriseoir, ina craolt\u00f3ir agus ina L\u00e9acht\u00f3ir Dl\u00ed agus ba \u00ed an ch\u00e9ad Leas-Seansail\u00e9ir C\u00fanta mn\u00e1 \u00ed in Ollscoil na Banr\u00edona, B\u00e9al Feirste.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00e9 Derek Nally, Garda ar scoir agus feachtas\u00f3ir ar son cearta \u00edospartach, an t-iarrth\u00f3ir deireanach. Bh\u00ed ainmni\u00fach\u00e1in faighte aige \u00f3 chomhairl\u00ed contae sa Chl\u00e1r, i gCeatharlach, i gCill Dara, i mBaile \u00c1tha Cliath Theas agus&nbsp; i Loch Garman.<\/p>\n\n\n\n<p>Bhuaigh Mary Mc Aleese an toghch\u00e1n uachtar\u00e1nachta agus insealbha\u00edodh \u00ed ar an 11 Samhain 1997.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Ch\u00e9ad T\u00e1naiste Mn\u00e1<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Th\u00e1inig an 25\u00fa Rialtas le ch\u00e9ile i m\u00ed an Mheithimh 1997 agus Bertie Ahern ina Thaoiseach air. Ba \u00ed Mary Harney den Ph\u00e1irt\u00ed Daonlathach an ch\u00e9ad bhean riamh a ceapadh ina T\u00e1naiste. Ba ise an tAire Fiontair, Tr\u00e1d\u00e1la agus Fosta\u00edochta chomh maith.<\/p>\n\n\n\n<p><a href=\"http:\/\/museum-update.chevronstudio.com\/MARY_HARNEY.html\"><strong>Ceapadh Mary Harney ina T\u00e1naiste &#8211; an 8<\/strong><strong><sup>\u00fa<\/sup><\/strong><strong> Aire Rialtais<\/strong><\/a><strong> &#8211;<\/strong><strong>&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh S\u00edle de Valera ina hAire Eala\u00edon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oile\u00e1n, don Chomhaireacht.<\/p>\n\n\n\n<p><a href=\"http:\/\/museum-update.chevronstudio.com\/SILE_de_VALERA.html\"><strong>S\u00edle de Valera &#8211; an 9<\/strong><strong><sup>\u00fa<\/sup><\/strong><strong> Aire Rialtais &#8211; nasc chuig na hAir\u00ed Rialtais<\/strong><\/a><\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Mary O\u2019Rourke ina hAire Fiontar Poibl\u00ed. Ceapadh Mary Wallace ina hAire St\u00e1it sa Roinn Dl\u00ed agus Cirt, Comhionannais agus&nbsp; Athch\u00f3irithe Dl\u00ed agus ceapadh Liz O\u2019Donnell ina hAire St\u00e1it sa Roinn Gn\u00f3tha\u00ed Eachtracha.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed coinn\u00edollacha chomhaont\u00fa Bh\u00e9al Feirste, (ar a dtugtar Comhaont\u00fa Aoine an Ch\u00e9asta anois) \u00e1 socr\u00fa agus thosaigh r\u00e9 nua s\u00edoch\u00e1nta i dTuaisceart \u00c9ireann. Rinne v\u00f3t\u00e1laithe ar fud oile\u00e1n na h\u00c9ireann, an comhaont\u00fa a fhaomhadh, in dh\u00e1 reifreann a tharla ar an 22 Bealtaine 1998.<\/p>\n\n\n\n<p>I dtreo dheireadh an ch\u00e9id, bh\u00ed an 28\u00fa D\u00e1il, le Bertie Ahern ina Thaoiseach agus Mary Harney ina T\u00e1naiste, i gceannas ar thr\u00e9imhse rath\u00fanais gan fasach.<\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Inez Mc Cormack, ball de UNISON, ina c\u00e9ad Uachtar\u00e1n mn\u00e1 ar Chomhdh\u00e1il na gCeardchumann.<\/p>\n\n\n\n<p>Craoladh States of Fear, cl\u00e1r faisn\u00e9ise i dtr\u00ed chuid, le Mary Raftery, ina ndearnadh pl\u00e9 ar institi\u00faid\u00ed c\u00f3naithe.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>An Dara Coimisi\u00fan um St\u00e1das na mBan<\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","class_list":["post-828","exhibitions","type-exhibitions","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.2 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>1990s - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"1990s - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"An Dara Coimisi\u00fan um St\u00e1das na mBan\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2021-05-12T15:09:02+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"16 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/\",\"name\":\"1990s - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\"},\"datePublished\":\"2021-04-02T12:38:56+00:00\",\"dateModified\":\"2021-05-12T15:09:02+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Exhibitions\",\"item\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"1990s\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"1990s - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"1990s - Mn\u00e1 100","og_description":"An Dara Coimisi\u00fan um St\u00e1das na mBan","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2021-05-12T15:09:02+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"16 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/","name":"1990s - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"datePublished":"2021-04-02T12:38:56+00:00","dateModified":"2021-05-12T15:09:02+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1990s\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Exhibitions","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"1990s"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/828","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/exhibitions"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=828"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/828\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":869,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/828\/revisions\/869"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=828"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}