{"id":826,"date":"2021-04-03T13:37:44","date_gmt":"2021-04-03T12:37:44","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=exhibitions&#038;p=826"},"modified":"2022-02-02T13:11:18","modified_gmt":"2022-02-02T13:11:18","slug":"1980s","status":"publish","type":"exhibitions","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/","title":{"rendered":"1980s"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>An Ch\u00e9ad Bhreitheamh Mn\u00e1 den Ard-Ch\u00fairt<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Mella Elizabeth Laurie Carroll an ch\u00e9ad bhean riamh a ceapadh ina Breitheamh Ard\u2011Ch\u00fairte i m\u00ed Dheireadh F\u00f3mhair 1980. Ina dhiaidh sin, ba \u00ed an ball is faide ar an gc\u00fairt sin. Ba \u00ed an ch\u00e9ad&nbsp; cathaoirleach mn\u00e1 ar Chomhairle Bharra na h\u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Earcaigh Mn\u00e1 san Arm<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Earca\u00edodh mn\u00e1 in Arm na h\u00c9ireann (\u00d3glaigh na h\u00c9ireann) in 1980 nuair a ritheadh an tAcht Cosanta (Uimhir 2). \u00cdocadh an m\u00e9id c\u00e9anna leo agus a \u00edocadh leis na fir agus rinne siad an obair ch\u00e9anna seachas dul i mbun coinbhleachta armtha. In 1981 Fuair an ch\u00e9ad ochtar ban i stair an st\u00e1it a gcuid coimisi\u00fain oifigeach.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An ch\u00e9ad Bhainisteoir Bainc Mn\u00e1<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Pauline Martin \u00f3 bhrainse Bhanc\u2011Aontas \u00c9ireann i mBaile Breac, Co. Bhaile \u00c1tha Cliath an ch\u00e9ad bhainisteoir bainc mn\u00e1 in \u00c9irinn in 1981.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 i bPolait\u00edocht na h\u00c9ireann&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Re\u00e1cht\u00e1ladh Olltoghch\u00e1n don 22\u00fa D\u00e1il i m\u00ed an Mheithimh 1981. Bh\u00ed 78 su\u00edoch\u00e1n ag Fianna F\u00e1il nuair a moladh Cathal \u00d3 hEochaidh mar Thaoiseach ach buadh air. Tofadh Garret FitzGerald mar Thaoiseach agus chuaigh s\u00e9 i gcomhph\u00e1irt le P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre chun comhrialtas a chruth\u00fa le 80 su\u00edoch\u00e1n.<\/p>\n\n\n\n<p>Tofadh seisear ban d\u2019Fhine Gael don 22\u00fa D\u00e1il. Tugadh moladh do cheannaire Fhine Gael Garret FitzGerald d\u00e1 ghn\u00edomh ag an st\u00e1itse roghn\u00fach\u00e1in. Tofadh Myra Barry ar\u00eds maraon le Teachta\u00ed D\u00e1la nua:&nbsp; Mary Flaherty (lenar bhunaigh Myra Barry brainse \u00d3gra Fhine Gael i bhFionnghlas), Nuala Fennell, Alice Glenn, Nora Owen agus Madeleine Taylor.<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Eileen Desmond do Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre. Ceapadh \u00ed ina hAire Sl\u00e1inte agus ina hAire Leasa Sh\u00f3isialaigh. Ba \u00ed an 3<sup>\u00fa<\/sup> bean sa Rialtas \u00ed, an ch\u00e9ad bhean a raibh post sinsearach Rialtais aici.&nbsp;&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An<\/strong> <strong>3<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais <\/strong>\u2013 <strong>an tAire Sl\u00e1inte agus Leasa Sh\u00f3isialaigh &#8211; Eileen Desmond <\/strong>\u2013 <strong>nasc chuig na hAir\u00ed Rialtais.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Myra Barry, Eileen Desmond, Nuala Fennell, Mary Flaherty, M\u00e1ire Geoghegan-Quinn, Mary Harney, Gemma Hussey agus Nora Owen chuig an 23<sup>\u00fa<\/sup> D\u00e1il \u00c9ireann ar\u00eds i m\u00ed Feabhra.&nbsp; Rialtas mionlaigh a bh\u00ed ag Fianna F\u00e1il agus ba \u00e9 Charles Haughey a bh\u00ed ina Thaoiseach ar an Rialtas sin. N\u00ed raibh aon bhean ina hAire Rialtais.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;\u2018\u2018The Way Forward\u2019\u2019 &#8211; doicim\u00e9ad beartais \u00f3 Fhianna F\u00e1il &#8211; a raibh de thoradh air gur aistharraing P\u00e1irt\u00ed na nOibrithe a thaca\u00edocht don Rialtas. Ghlaoigh Garret Fitzgerald v\u00f3ta m\u00edmhuin\u00edne agus theip ar an Rialtas. F\u00f3gra\u00edodh Olltoghch\u00e1n do mh\u00ed na Samhna 1982 agus ina dhiaidh sin ainmn\u00edodh Garret FitzGerald mar Thaoiseach le Dick Spring, Ceannaire Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre mar Th\u00e1naiste.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 sa 24\u00fa D\u00e1il \u00c9ireann<\/strong><strong>Women of the 24<\/strong><strong><sup>th<\/sup><\/strong><strong> D\u00e1il \u00c9ireann<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Myra Barry, Nuala Fennell, Mary Flaherty, Madeline Taylor (at\u00e1 p\u00f3sta anois agus Taylor-Quinn mar shloinne uirthi), Nora Owen,&nbsp; Alice Glenn, Gemma Hussey a atoghadh d&#8217;Fhine Gael le Avril Doyle agus an Seanad\u00f3ir Monica Barnes a toghadh den ch\u00e9ad uair na mn\u00e1 a bh\u00ed sa 24<sup>\u00fa<\/sup> D\u00e1il \u00c9ireann. Tofadh Eileen Desmond ar\u00eds do Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht oibre. Ba iad M\u00e1ire Geoghegan-Quinn, Mary Harney, Eileen Lemass agus an Seanad\u00f3ir Mary O\u2019Rourke \u2013 \u00f3 Fhianna F\u00e1il gach duine acu &#8211; na 14 Teachta\u00ed D\u00e1la baininn eile sa 24\u00fa D\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p>Tugadh r\u00f3il do bheirt bhall de Chumann Polaiti\u00fail na mBan laistigh den Rialtas. Ceapadh Gemma Hussey go dt\u00ed an Chomhaireacht mar Aire Oideachais.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An<\/strong> <strong>4<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais\u00a0 <\/strong>\u2013 <strong>An tAire Oideachais <\/strong>\u2013 <strong>Gemma Hussey &#8211; \u2013 nasc chuig na hAir\u00ed Rialtais.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Nuala Fennell mar an ch\u00e9ad Aire St\u00e1it ag Roinn an Taoisigh agus an Roinn Dl\u00ed agus Cirt le dualgas do Ghn\u00f3tha\u00ed Ban agus Athch\u00f3iri\u00fa Dl\u00ed Teaghlaigh.<\/p>\n\n\n\n<p>In 1983 buna\u00edodh Comhchoiste Oireachtais um Chearta na mBan.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An 8\u00fa Leas\u00fa ar an mBunreacht<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>In 1980 th\u00e1inig an tAcht Sl\u00e1inte (Beart\u00fa Muir\u00edne) in \u00e9ifeacht. Buna\u00edodh an ch\u00e9ad Ionad Comhairleoireachta um Thoircheas in \u00c9irinn. Buna\u00edodh Ionad <em>Well Woman<\/em> Bhaile \u00c1tha Cliath.&nbsp; &nbsp;Seoladh an CCLB (An Cumann um Chosaint Leana\u00ed sa Bhroinn) chun cur i gcoinne tabhairt isteach reachta\u00edochta lena bhfor\u00e1lfa\u00ed ginmhilleadh. Bh\u00ed CCLB gn\u00edomhach maidir le cainteoir\u00ed frithghinmhillte a shol\u00e1thair scoileanna agus bhunaigh siad feachtas leasaithe ar son na beatha. In 1981 buna\u00edodh Feachtas Leasaithe na mBan ar son na Beatha (FLB).<\/p>\n\n\n\n<p>Leathnaigh Acht na gC\u00fairteanna 1981 dl\u00ednse na gC\u00fairteanna i gc\u00farsa\u00ed dl\u00ed teaghlaigh. Ritheadh an tAcht um an Dl\u00ed Teaghlaigh (C\u00e9il\u00ed agus Leana\u00ed a Chosaint) 1981. Th\u00e1inig an tAcht um an Dl\u00ed Coiri\u00fail (Ban\u00e9igean), 1981 in ionad an sainmh\u00ednithe srianta ar \u00e9igni\u00fa a bh\u00ed i bhfeidhm go dt\u00ed sin.<\/p>\n\n\n\n<p>Faoi Chomhrialtas Fhine Gael-P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre bh\u00ed plean chun an bunreacht a nua-aoisi\u00fa faoi l\u00e1nseol cheana f\u00e9in. Rinne Feachtas ar Leas\u00fa Ar Son Na Beatha le taca\u00edocht \u00f3n Eaglais Chaitliceach stocaireacht ar gach p\u00e1irt\u00ed polaiti\u00fail chun cosaint bhunreacht\u00fail a thabhairt don leanbh gan bhreith. Bh\u00ed ginmhilleadh neamhdhleathach in \u00c9irinn agus faoi r\u00e9ir ag pion\u00f3s coiri\u00fail \u00f3 1861.<\/p>\n\n\n\n<p>Tar \u00e9is neart d\u00edosp\u00f3ireachta sa D\u00e1il cuireadh an fhocala\u00edocht bhunaidh a bh\u00ed dr\u00e9achtaithe ag rialtas Fhianna F\u00e1il le Cathal \u00d3 hEochaidh a bh\u00ed i gcumhacht roimhe sin os comhair an phobail ar an 7 Me\u00e1n F\u00f3mhair 1983. D\u2019fhor\u00e1il an 8\u00fa leas\u00fa beartaithe don Bhunreacht d\u2019idirshliocht fo-ailt ag tabhairt aitheantais do chearta cothroma chun na beatha mn\u00e1 torrach agus an linbh gan bhreith.<\/p>\n\n\n\n<p>Tar \u00e9is reifrinn, ceada\u00edodh an t\u2011ocht\u00fa leas\u00fa ar an mBunreacht. For\u00e1ladh leis sin go gcuirf\u00ed isteach i mBunreacht Airteagal 40.3.3 a d\u00fairt \u2018Admha\u00edonn an St\u00e1t ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag f\u00e9achaint go cu\u00ed do chomhcheart na m\u00e1thar chun a beatha, r\u00e1tha\u00edonn s\u00e9 gan cur isteach lena dhl\u00edthe ar an gceart sin agus r\u00e1tha\u00edonn f\u00f3s an ceart sin a chosaint is a shu\u00edomh lena dhl\u00edthe sa mh\u00e9id gur f\u00e9idir \u00e9.\u2019 Tugadh an leas\u00fa \u2018ar son na beatha\u2019 ar an leas\u00fa seo ina dhiaidh sin.<\/p>\n\n\n\n<p>Dhearbhaigh an leas\u00fa seo nach gcead\u00f3fa\u00ed ginmhealladh sa reachta\u00edocht n\u00f3 sa l\u00e9amh breithi\u00fanach ach i gc\u00fains\u00ed ina mbeadh saol na mn\u00e1&nbsp; torrach i mbaol. Rinne an Taoiseach, roinnt ball d\u00e1 ph\u00e1irt\u00ed, baill de Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre agus daoine eile feachtasa\u00edocht i gcoinne an leas\u00fa seo a chur isteach ach&nbsp; glacadh leis le tromlach de 67%.<\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh Comhairleoireacht Doras Oscailte i mBaile \u00c1tha Cliath. Fuair CCLB urghaire i gcoinne Chomhairleoireacht Doras Oscailte agus Ionad Dea\u2011Shl\u00e1inte na mBan. Lean mn\u00e1 \u00c9ireannacha orthu ag taisteal thar lear le haghaidh ginmhillt\u00ed n\u00f3 chun toircheas a cheilt. Bh\u00ed saolta pr\u00edobh\u00e1ideacha tri\u00far m\u00e1ithreacha i mb\u00e9al an phobail in 1984. Ar an 31 Ean\u00e1ir 1984 bh\u00ed leanbh mic ag cail\u00edn a bh\u00ed c\u00faig bliana d\u00e9ag d\u2019aois ina haonar ag fochla amuigh faoin aer i nGr\u00e1nard, Contae an Longfoirt. Fuair an bheirt acu b\u00e1s. Ceithre l\u00e1 is seacht\u00f3 ina dhiaidh sin fuarthas corp leanbh mic le cr\u00e9achta\u00ed s\u00e1ite l\u00edonmhara ar an Tr\u00e1 Bh\u00e1n in aice le Cathair Saidhbh\u00edn &#8211; n\u00edor aithn\u00edodh a mh\u00e1thair riamh. Tugadh an \u2018Kerry Babies Case\u2019 ar an imscr\u00fad\u00fa a chuir na Garda\u00ed ar bun ina dhiaidh sin faoi na heachtra\u00ed bainteach leis an bh\ufb01onnachtain. In 1984 briseadh Eileen Flynn as a post m\u00fainteoireachta toisc go raibh leanbh aici lasmuigh den ph\u00f3sadh. T\u00f3gadh an ch\u00e9ad tearmann saincheaptha do mhn\u00e1 i R\u00e1th Maonais i mBaile \u00c1tha Cliath an bhliain ch\u00e9anna.<\/p>\n\n\n\n<p>I m\u00ed an Mh\u00e1rta 1985, glacadh leis an Acht Sl\u00e1inte Plean\u00e1il Clainne (Leas\u00fa) sa D\u00e1il le tr\u00ed v\u00f3ta is ocht\u00f3 in aghaidh ocht\u00f3, chun d\u00edolach\u00e1n frithghini\u00fanaigh a chead\u00fa do gach duine thar 18 mbliana d\u2019aois.<\/p>\n\n\n\n<p>Rialaigh an Breithi\u00fanas Hamilton (1986) go raibh s\u00e9 m\u00eddhleathach faisn\u00e9is a shol\u00e1thar in \u00c9irinn a d\u2019\u00e9asc\u00f3dh ginmhilleadh i Sasana. Fuair s\u00e9 urghaire i gcoinne tr\u00ed cheardchumann mac l\u00e9inn \u00f3 fhaisn\u00e9is maidir le clinic\u00ed ginmhilleadh na Breataine a fhoilsi\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>In 1987 buna\u00edodh L\u00edonra Eolais na mBan, a th\u00e1inig i ndiaidh an ghr\u00fapa um Cheart ag Mn\u00e1 Rogha a Dh\u00e9anamh. Nuair a buna\u00edodh \u00e9, bh\u00ed s\u00e9 ina ghr\u00fapa faoi thalamh comhdh\u00e9anta de l\u00edne chabhrach neamh\u2011threorach do mhn\u00e1.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 i bPolait\u00edocht na h\u00c9ireann sna 1980id\u00ed &#8211; An P\u00e1irt\u00ed Daonlathach<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>I m\u00ed na Nollag 1985, chomhbhunaigh Mary Harney agus Des O\u2019Malley an P\u00e1irt\u00ed Daonlathach. D\u00edbr\u00edodh as P\u00e1irt\u00ed Fhianna F\u00e1il \u00ed nuair a v\u00f3t\u00e1il s\u00ed i bhfabhar an Chomhaontaithe Angla-\u00c9ireannach. Dh\u00edbir Fianna F\u00e1il a comhbhunaitheoir Des O&#8217;Malley nuair a dhi\u00faltaigh s\u00e9 v\u00f3ta a chaitheamh i gcoinne bhille an chomhrialtais maidir le frithghini\u00fanaigh a dh\u00edol.<\/p>\n\n\n\n<p>Seoladh an p\u00e1irt\u00ed ar an 21 Nollaig 1985 agus faoin 6 Ean\u00e1ir 1986 bh\u00ed 4,000 duine cl\u00e1raithe mar bhaill. In Olltoghch\u00e1n mh\u00ed Feabhra 1987 sheas seachtar ban sa toghch\u00e1n don Ph\u00e1irt\u00ed Daonlathach agus toghadh ceathrar acu: Mary Harney (Baile \u00c1tha Cliath Theas Thiar), Anne Colley (Baile \u00c1tha Cliath Theas), Geraldine Kennedy (D\u00fan Laoghaire) agus M\u00e1ir\u00edn Quill (Corcaigh Thuaidh-L\u00e1r) .<\/p>\n\n\n\n<p>B\u2019in\u00edon \u00ed Anne Colley, 35, le George Colley, ball d\u00edlis d\u2019Fhianna F\u00e1il. Bh\u00ed Anne gn\u00edomhach sa ph\u00e1irt\u00ed sin \u00f3 na 1970id\u00ed ach chinn s\u00ed \u00e9 a fh\u00e1g\u00e1il agus chuaigh s\u00e9 isteach sa Ph\u00e1irt\u00ed Daonlathach. Bhain s\u00ed su\u00edoch\u00e1n amach leo (is \u00ed is m\u00f3 a fuair v\u00f3ta\u00ed).<\/p>\n\n\n\n<p>B\u2019iriseoir 35 bliain d&#8217;aois \u00ed Geraldine Kennedy leis an Irish Times agus scr\u00edobh s\u00ed go leor faoi mhn\u00e1 sa pholait\u00edocht \u00f3 na 1970id\u00ed agus d&#8217;\u00e1itigh Mary Harney uirthi p\u00e1irt a ghlacadh sa ph\u00e1irt\u00ed. Toghadh \u00ed i nD\u00fan Laoghaire ach theip ar a comhiarrth\u00f3ir Helen Keogh su\u00edoch\u00e1n a bhaint amach. Fuair Monica Barnes (FG) an c\u00faigi\u00fa su\u00edoch\u00e1n.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed r\u00f3l suntasach ag M\u00e1ir\u00edn Quill, as Ciarra\u00ed \u00f3 dh\u00fachas, i bhFianna F\u00e1il i gCorcaigh \u00f3 na 1960id\u00ed. D\u2019fh\u00e1g s\u00ed an p\u00e1irt\u00ed agus chaill s\u00ed d\u00f3chas i bp\u00e1irtithe bunaithe mar theip orthu athch\u00f3iri\u00fa polaiti\u00fail a dh\u00e9anamh. Chomh maith leis sin bh\u00ed s\u00ed go m\u00f3r&nbsp; i gcoinne cheannaire Fhianna F\u00e1il Charles Haughey. Nuair a bhuaigh s\u00ed an su\u00edoch\u00e1n \u2018bhuail s\u00ed v\u00f3ta Fhianna F\u00e1il agus v\u00f3ta Fhine Gael agus ghlac&nbsp; s\u00ed su\u00edoch\u00e1n Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre.\u2019<\/p>\n\n\n\n<p><strong>T\u00e1 Mn\u00e1 Lom D\u00e1ir\u00edre<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019eagraigh an IDA \u2018M\u00ed Mhn\u00e1 i dTionscail\u2019 ina raibh 4,000 rannph\u00e1irteach le linn mh\u00ed Dheireadh F\u00f3mhair 1985.&nbsp; Th\u00e1inig m\u00e9ad\u00fa 200 faoin gc\u00e9ad ar iarratais ar dheontas mar thoradh ar sin.<\/p>\n\n\n\n<p>Tar \u00e9is an ch\u00e9ad&nbsp; \u00e9ilimh ar dham\u00e1ist\u00ed faoin Acht um Chomhionannas Fosta\u00edochta, bhuaigh duine 15 bliain d\u2019aois as Contae&nbsp; L\u00fa p\u00e1 bliana.<\/p>\n\n\n\n<p>Chuir an Ghn\u00edomhaireacht um Mhn\u00e1 i bhFiontair Ghn\u00f3 comhairle agus taca\u00edocht saor in aisce&nbsp; ar f\u00e1il d\u2019fhiontraithe mn\u00e1. Dh\u00fan riarach\u00e1n Fhianna F\u00e1il \u00ed an bhliain ina dhiaidh sin.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019fhoilsigh Oifig an Aire St\u00e1it um Ghn\u00f3tha\u00ed Ban <em>Women Mean Business, An Introduction to setting&nbsp; up your own small business.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>In 1987, 35% ab ea \u00e9 an r\u00e1ta fosta\u00edochta do mhn\u00e1 in aois oibre.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>P\u00f3sadh, Teaghlach, Colscaradh<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 1980, buna\u00edodh an Gr\u00fapa Gn\u00edomha\u00edochta Colscartha i mBaile \u00c1tha Cliath chun feachtas a dh\u00e9anamh maidir le deireadh a chur le cosc bunreacht\u00fail an Cholscartha agus luaitear sa litr\u00edocht: &#8220;n\u00ed chuireann an toirmeasc bunreacht\u00fail ar cholscartha stop ar ph\u00f3sta\u00ed ag f\u00e1il bh\u00e1is \u2013 n\u00edl ann ach do ndi\u00falta\u00edonn s\u00e9 teastas b\u00e1is a thabhairt d\u00f3ibh.&#8217;<\/p>\n\n\n\n<p>D\u00fairt Charles Haughey sa D\u00e1il nach raibh pleananna ar bith aige maidir le reachta\u00edocht colscartha.<\/p>\n\n\n\n<p>I m\u00ed an Mh\u00e1rta 1986 cuireadh Bille Colscartha Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre os comhair Dh\u00e1il \u00c9ireann ach&nbsp; di\u00falta\u00edodh \u00e9. An mh\u00ed ina dhiaidh sin d&#8217;fhoilsigh an Rialtas bille ag moladh go mbeadh reifreann ann&nbsp; chun an cosc bunreacht\u00fail ar cholscaradh a bhaint (an deichi\u00fa leas\u00fa ar an mBunreacht).<\/p>\n\n\n\n<p>Ar an 9 Bealtaine seoladh an feachtas frithcholscartha i mBaile \u00c1tha Cliath. Ar an 13 Bealtaine, phriont\u00e1il na hEaspaig Chaitliceacha milli\u00fan c\u00f3ip de \u2018\u2018Marriage, Family and Divorce\u2019\u2019 ag r\u00e1 go nd\u00e1ilf\u00ed c\u00f3ipeanna ar gach teaghlach sa t\u00edr.<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9 gur mhol go leor de na mn\u00e1 v\u00f3ta \u2018T\u00e1\u2019 a chaitheamh, lena n-\u00e1ir\u00edtear Gemma Hussey as Fine Gael,&nbsp; chuaigh daoine eile cos\u00fail le Alice Glenn, a bh\u00ed na Teachta D\u00e1la le Fine Gael chomh maith, i mbun feachtais le haghaidh v\u00f3ta N\u00edl &#8211; ina Tuarasc\u00e1il Alice Glenn,&nbsp; d\u00fairt s\u00ed gurb ionann &#8216;v\u00f3t\u00e1il i gcomhair Colscartha agus turca\u00ed ag v\u00f3t\u00e1il don Nollaig.&#8217;<\/p>\n\n\n\n<p>Ar an 26 Meitheamh 1986 di\u00falta\u00edodh reifreann maidir le \u2018scaoileadh ar ph\u00f3sadh\u2019 36% ar a shon agus&nbsp; 63.5% ina aghaidh. I m\u00ed I\u00fail sheol an Rialtas an ch\u00e9ad seirbh\u00eds idirghabh\u00e1la riamh arna maoini\u00fa go poibl\u00ed lasmuigh de na c\u00fairteanna chun cuidi\u00fa le teaghlaigh a raibh deacrachta\u00ed p\u00f3sta tromch\u00faiseacha acu.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Thug an tAcht um Shainch\u00f3na\u00ed agus Aithint Colscartha\u00ed Coigr\u00edche, 1986&nbsp; cead sainch\u00f3na\u00ed do mhn\u00e1 ar leithligh \u00f3na bhfear. D\u2019achtaigh Nuala Fennell, an tAire St\u00e1it an t-acht seo.<\/p>\n\n\n\n<p>Tar \u00e9is feachtais ag an nGr\u00fapa Gn\u00edomha\u00edochta Colscartha cuireadh catag\u00f3ir le haghaidh&nbsp; \u2018scartha\u2019 isteach den ch\u00e9ad uair sa tuairisce\u00e1n daon\u00e1irimh in 1986.<\/p>\n\n\n\n<p>D&#8217;\u00e9irigh le feachtas a rinne gr\u00fapa\u00ed&nbsp; \u00e9ags\u00fala (lena n-\u00e1ir\u00edtear Mary Flaherty agus Myra Barry as Fine Gael \u00d3g) chun deireadh a chur leis an t\u00e9arma \u2018neamhdhlisteanacht\u2019 \u2013 i gc\u00e1s&nbsp; leana\u00ed a rugadh lasmuigh den ph\u00f3sadh.<\/p>\n\n\n\n<p>Dh\u00edrigh an tAcht um Idirscaradh Breithi\u00fanach agus Athch\u00f3iri\u00fa an Dl\u00ed Teaghlaigh 1989 ar choime\u00e1d leana\u00ed, maoin agus cothabh\u00e1il, scaradh breithi\u00fanach agus saincheisteanna athmhuintearaithe cuidithe.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An 25\u00fa D\u00e1il \u00c9ireann, 1987<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Th\u00e1inig m\u00e9ad\u00fa beag ar\u00eds ar ionada\u00edocht na mban sa 25\u00fa D\u00e1il tar \u00e9is Olltoghch\u00e1n Mh\u00ed na Samhna 1987. Bh\u00ed c\u00faig Theachta D\u00e1la ag Fine Gael agus Fianna F\u00e1il araon: Toghadh Monica Barnes, Avril Doyle, Mary Flaherty, Gemma Hussey&nbsp; agus Madeleine Taylor-Quinn d\u2019Fhine Gael agus toghadh M\u00e1ire Geoghegan-Quinn, Mary O&#8217;Rourke agus S\u00edle de Valera (anois ag d\u00e9anamh ionada\u00edochta ar an gCl\u00e1r) d\u2019Fhianna F\u00e1il mar aon le beirt Theachta\u00ed D\u00e1la nua Mary Mooney agus Mary Coughlan. Toghadh ceathrar Teachta\u00ed D\u00e1la don Ph\u00e1irt\u00ed Daonlathach &#8211; Mary Harney, Geraldine Kennedy, M\u00e1ir\u00edn Quill agus Anne Colley.<\/p>\n\n\n\n<p>I m\u00ed Feabhra 1986 nuair a rinneadh atheagar ar na hair\u00ed ceapadh Gemma Hussey ina hAire Leasa Sh\u00f3isialaigh. N\u00edor mhair a ceapach\u00e1n ach c\u00fapla&nbsp; m\u00ed. I m\u00ed na Nollag 1986 n\u00ed raibh Fine Gael agus an Lucht Oibre in ann t\u00e9arma\u00ed buis\u00e9id a chomhaont\u00fa agus chinn siad an comhrialtas a bhriseadh ar an 20 Ean\u00e1ir 1987. Sa toghch\u00e1n ina dhiaidh sin chaill Fine Gael l\u00edon suntasach su\u00edoch\u00e1n agus d\u2019\u00e9irigh Garret FitzGerald as mar cheannaire. Th\u00e1inig Alan Dukes i gcomharbacht air.<\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh Charles Haughey ina Thaoiseach ar\u00eds, an uair seo le Rialtas mionlaigh. Cheap s\u00e9 Mary O&#8217;Rourke d\u00e1 Chomh-Aireacht mar Aire Oideachais. D&#8217;fhan s\u00ed sa phost sin fad a bh\u00ed an 20\u00fa Rialtas i bhfeidhm in \u00c9irinn. <strong>Ceapadh Mary O\u2019Rourke ina hAire Oideachais in 1987 &#8211; an 5<sup>\u00fa<\/sup> Aire Rialtais<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019\u00e9irigh Gemma Hussey as an bpolait\u00edocht in 1989. Cheap an tUachtar\u00e1n Hillary \u00ed l\u00e1ithreach ar an gComhairle St\u00e1it.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An 26<\/strong><strong><sup>\u00fa<\/sup><\/strong><strong> D\u00e1il \u00c9ireann, 1989<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Re\u00e1cht\u00e1ladh an tOlltoghch\u00e1n don 26\u00fa D\u00e1il ar an 15 Meitheamh 1989.<\/p>\n\n\n\n<p>Chuaigh Fianna F\u00e1il i mbun comhrialtais leis an bP\u00e1irt\u00ed Daonlathach toisc go raibh s\u00e9 gann seacht su\u00edoch\u00e1n ar mh\u00f3ramh forioml\u00e1n. Rinneadh Aire St\u00e1it le freagracht as an Oi\ufb01g um Chaomhn\u00fa an Chomhshaoil de Mary Harney. Le linn na tr\u00e9imhse sin rinne s\u00ed maoirseacht ar bhun\u00fa na Gn\u00edomhaireachta um Chaomhn\u00fa Comhshaoil agus thug s\u00ed isteach reachta\u00edocht chun cosc a chur&nbsp; ar bhreosla a bh\u00ed ag cur le toitcheo.<\/p>\n\n\n\n<p>Ar na Teachta\u00ed D\u00e1la mn\u00e1 a th\u00e1inig ar ais chun seal eile a dh\u00e9anamh bh\u00ed Monica Barnes (FG), Mary T Coughlan, (FF), S\u00edle de Valera (FF), Nuala Fennell (FG),&nbsp; Mary Flaherty (FG), M\u00e1ire Geoghegan-Quinn, (FF), Mary Harney (FF), Mary O\u2019Rourke (FF), M\u00e1ir\u00edn Quill (PD) Madeleine Taylor-Quinn, (FG), Mary Wallace (FF) agus Nora Owen&nbsp; (FG).<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh beirt TD mn\u00e1&nbsp; nua:&nbsp; Theresa Ahern&nbsp; (Fine Gael) agus&nbsp; an t-iarSheanad\u00f3ir Mary Wallace (Fianna F\u00e1il), a raibh seanchleachtadh acu ar an bpolait\u00edocht.<\/p>\n\n\n\n<p>I dToghch\u00e1n Pharlaimint na hEorpa, toghadh&nbsp; Mary Banotti (FG) agus Bernie&nbsp; Malone (Lucht Oibre).<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>An Ch\u00e9ad Bhreitheamh Mn\u00e1 den Ard-Ch\u00fairt<\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","class_list":["post-826","exhibitions","type-exhibitions","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.6 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>1980s - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"1980s - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"An Ch\u00e9ad Bhreitheamh Mn\u00e1 den Ard-Ch\u00fairt\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2022-02-02T13:11:18+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"11 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1980s\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1980s\\\/\",\"name\":\"1980s - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\"},\"datePublished\":\"2021-04-03T12:37:44+00:00\",\"dateModified\":\"2022-02-02T13:11:18+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1980s\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1980s\\\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1980s\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Exhibitions\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/exhibitions\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"1980s\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"1980s - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"1980s - Mn\u00e1 100","og_description":"An Ch\u00e9ad Bhreitheamh Mn\u00e1 den Ard-Ch\u00fairt","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2022-02-02T13:11:18+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"11 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/","name":"1980s - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"datePublished":"2021-04-03T12:37:44+00:00","dateModified":"2022-02-02T13:11:18+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1980s\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Exhibitions","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"1980s"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/826","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/exhibitions"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=826"}],"version-history":[{"count":3,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/826\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":3079,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/826\/revisions\/3079"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=826"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}