{"id":824,"date":"2021-04-04T13:37:06","date_gmt":"2021-04-04T12:37:06","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=exhibitions&#038;p=824"},"modified":"2021-05-12T16:08:07","modified_gmt":"2021-05-12T15:08:07","slug":"1970s","status":"publish","type":"exhibitions","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/","title":{"rendered":"1970s"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>Na 1970id\u00ed, Deich mBliana d&#8217;Athr\u00fa<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh an ch\u00e9ad Choimisi\u00fan um St\u00e1das Ban ag t\u00fas na 1970id\u00ed. Ceapadh an Dr Thekla Beere (an ch\u00e9ad bhean a ceapadh ina R\u00fana\u00ed Roinn St\u00e1tseirbh\u00edse in 1959) ina Cathaoirleach air. Bh\u00ed ar an gcoimisi\u00fan \u2018molta\u00ed a dh\u00e9anamh ar na bearta riachtanacha le rannph\u00e1irt\u00edocht na mban a chinnti\u00fa faoi th\u00e9arma\u00ed agus coinn\u00edollacha a bh\u00ed mar an gc\u00e9anna leo si\u00fad d\u2019fhir i mbeatha pholaiti\u00fail, sh\u00f3isialta, chult\u00fartha agus gheilleagrach na t\u00edre.\u2019&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>For\u00e1ladh san Acht Leasa Sh\u00f3isialaigh, 1970 do li\u00fantas banch\u00e9ile thr\u00e9igthe. Riala\u00edodh sa ch\u00e1s C\u00fairte Murtagh Properties v Clery, faoi Airteagal 40.3 den Bhunreacht, go raibh an ceart ag mn\u00e1 chun sl\u00ed mhaireacht\u00e1la a thuilleamh agus go raibh idirdheal\u00fa ar bhonn gn\u00e9is i mbeartais earca\u00edochta fosta\u00edochta m\u00edbhunreacht\u00fail.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Cumann For\u00e1sach na mBan<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>In 1970, bhunaigh Margaret Waugh Cumann For\u00e1sach na mBan. Cuireadh na ch\u00e9ad chruinnithe ar bun ina teach. Tugadh Cumann Polaiti\u00fail na mBan air ina dhiaidh sin. Ba \u00e9 a chusp\u00f3ir chun an bhaint a bh\u00ed ag mn\u00e1 sa saol poibl\u00ed agus polaiti\u00fail in \u00c9irinn a mh\u00e9ad\u00fa tr\u00edd an gc\u00f3ras p\u00e1irtithe polait\u00edochta. Ceapadh an Seanad\u00f3ir M\u00e1ire Bourke ina c\u00e9ad Uachtar\u00e1n ar an gcumann (tugadh an tUasal Robinson uirthi n\u00ed ba dh\u00e9ana\u00ed an bhliain sin).&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Faoi Chos n\u00f3 Athr\u00fa?<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Re\u00e1cht\u00e1ladh na ch\u00e9ad chruinnithe de chuid Ghluaiseacht Saoirse Mhn\u00e1 na h\u00c9ireann i dteach Mary Maher. Seoladh a gc\u00e1ip\u00e9is, Chains or Change ar an gcl\u00e1r teilif\u00edse The Late Late Show in 1971. D\u2019\u00e9iligh s\u00e9 p\u00e1 cothrom, comhionannas os comhair an dl\u00ed, oideachas cothrom, frithghini\u00faint, agus ceartas do mhn\u00e1 c\u00e9ile tr\u00e9igthe, m\u00e1ithreacha neamhph\u00f3sta agus baintreacha. Cuireadh an ch\u00e9ad chruinni\u00fa poibl\u00ed ar si\u00fal i dTeach an Ard-Mh\u00e9ara in Aibre\u00e1n 1971.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Gn\u00edomha\u00edochas na mBan<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Chas mn\u00e1 a raibh an dearcadh c\u00e9anna acu lena ch\u00e9ile agus thosaigh siad gn\u00edomha\u00edochas d\u00edrithe agus rinne daichead a seacht d\u00edobh an cinneadh chun ceann de na toirmisc a th\u00e1st\u00e1il ar an 22 Bealtaine. I dtionlacan na me\u00e1n, thaistil siad \u00f3 Bhaile \u00c1tha Cliath go B\u00e9al Feirste ar an traein chun coisc\u00edn\u00ed a cheannach, agus scaip siad iad nuair a d\u2019fhill siad. N\u00edor l\u00e9adh an bille a d\u2019fhoilsigh na Seanad\u00f3ir\u00ed Mary Robinson, John Horgan agus Trevor West sa Seanad chun an dl\u00ed a rialaigh an fh\u00e1il a bh\u00ed ar fhrithghini\u00fanaigh a l\u00e9irscaoileadh.<\/p>\n\n\n\n<p>Thug Cumann N\u00e1isi\u00fanta na mBaintreach (a buna\u00edodh in 1967) faoi mh\u00e1irse\u00e1il chuig D\u00e1il \u00c9ireann i Samhain 1972 chun riachtanais a mball a thabhairt chun solais, i ndiaidh cruinni\u00fa i Halla na Saoirse.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019aithin go leor daoine an luach a bhain le br\u00fastocaireacht a dh\u00e9anamh le ch\u00e9ile. Rinne C\u00f3naidhm Eagra\u00edochta\u00ed Ban Chorca\u00ed seacht gcumann d\u00e9ag \u00e1iti\u00fala a ch\u00f3nascadh agus bh\u00ed an ch\u00e9ad Bhi\u00far\u00f3 Comhairle Saor\u00e1nach mar thoradh ar a gcuid oibre.<\/p>\n\n\n\n<p>I rith na tr\u00e9imhse deich mbliana seo, d\u2019eascair eagra\u00edochta\u00ed nua as an r\u00f3l traidisi\u00fanta a bh\u00ed ag mn\u00e1&nbsp; chun c\u00faram a thabhairt do dhaoine d\u00edothacha. Caitheadh an m\u00e9id ba l\u00fa in \u00c9irinn ag an tr\u00e1th sin ar sheirbh\u00eds\u00ed s\u00f3isialta i dtaobh ollt\u00e1irgeacht n\u00e1isi\u00fanta in Iarthar na hEorpa. In 1973, bhain g\u00e9arch\u00e9im na hola le fadhbanna reatha le boilsci\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>Bhunaigh seisear m\u00e1ithreacha singile Cherish in 1972 faoi sti\u00fair Maura O\u2019Dea Richards chun seirbh\u00eds\u00ed a shol\u00e1thar do thuismitheoir\u00ed singile agus a leana\u00ed, agus chun feachtas a dh\u00e9anamh ar a son, chomh maith. Ba \u00ed Mary Robinson a ch\u00e9ad Uachtar\u00e1n. Crutha\u00edodh ADAPT (Cumann na dTuismitheoir\u00ed Tr\u00e9igthe agus Aonair) in Aibre\u00e1n 1973. An bhliain ch\u00e9anna, ch\u00e1iligh m\u00e1ithreacha idirscartha, colscartha agus singile do li\u00fantas leasa sh\u00f3isialaigh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Gn\u00edomh, Eolas, Spreagadh<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Bhunaigh Nuala Fennell agus daoine eile AIM (Action Information Motivation) in 1972. Buna\u00edodh \u00e9 chun staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh ar dhl\u00edthe a bhaineann le p\u00f3sadh agus sonra\u00ed agus staitistic\u00ed a bhaili\u00fa. Faoin mbliain 1974, bh\u00ed ionad comhairle oscailte aige. Chuir an Ghluaiseacht um Shaoirse Ghn\u00e9asach (SLM) a ch\u00e9ad chruinni\u00fa poibl\u00ed ar si\u00fal in 1973. Buna\u00edodh C\u00fanamh do Mhn\u00e1 i m\u00ed Bealtaine 1974. D\u2019oscail s\u00e9 a ch\u00e9ad tearmann do mhn\u00e1 c\u00e9ile buailte ar Shr\u00e1id Fhearchair i m\u00ed I\u00fail na bliana c\u00e9anna.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1973<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ghlac \u00c9ire ballra\u00edocht i gComhphobal Eacnama\u00edochta na hEorpa ar an 1 Ean\u00e1ir 1973. Bhain seo go leor athruithe amach, ar deireadh thiar, d\u2019fhir agus mn\u00e1 i bhfoirm reachta\u00edochta nua. Leagadh oibleag\u00e1id in Airteagal 119 de Chonradh na R\u00f3imhe ar bhallst\u00e1it lena chinnti\u00fa go bhfuair fir agus mn\u00e1 p\u00e1 cothrom as obair chothrom. Rinne Treoir 75\/117 agus Treoir 76\/207 \u00f3n gComhairle Eorpach an t-airteagal seo a threisi\u00fa n\u00ed ba mh\u00f3.<\/p>\n\n\n\n<p>Baineadh an toirmeasc ar mhn\u00e1 p\u00f3sta sa st\u00e1tseirbh\u00eds, sna h\u00fadar\u00e1is \u00e1iti\u00fala agus boird sl\u00e1inte in Acht na St\u00e1tseirbh\u00edse (Fost\u00fa Ban P\u00f3sta), 1973.&nbsp; Mn\u00e1 ab ea iad 27% d\u00edobh si\u00fad a bh\u00ed fostaithe.<\/p>\n\n\n\n<p>I measc na dTeachta\u00ed D\u00e1la mn\u00e1 a toghadh in Olltoghch\u00e1n na bliana 1973 bh\u00ed Celia Lynch d&#8217;Fhianna F\u00e1il, Bridget Hogan-O\u2019Higgins agus Joan T Burke d&#8217;Fhine Gael agus Eileen Desmond do Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre. Taobh amuigh den D\u00e1il, d\u2019fh\u00f3gair Cumann Polaiti\u00fail na mBan go raibh \u2018ionada\u00edocht bhaineann i nD\u00e1il \u00c9ireann, ina gcuims\u00edtear baintreacha agus in\u00edonacha laochra\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p>I dToghch\u00e1n an tSeanaid ar an 23 Feabhra 1973,&nbsp; bh\u00ed na Seanad\u00f3ir\u00ed Kit Ahern, Mary Robinson agus Evelyn P. Owens i dteannta Mary Walsh (Pain\u00e9al&nbsp; Cult\u00fartha agus Oideachais) a ndearnadh an ch\u00e9ad&nbsp; Chathaoirleach mn\u00e1 di ar Chomhairle Ghinear\u00e1lta na gComhairl\u00ed Contae. Le linn an tseisi\u00fain sin ba \u00ed Evelyn P. Owens an ch\u00e9ad bhean a bh\u00ed ina Leas-Chathaoirleach ar an Seanad.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Coimisi\u00fan ar St\u00e1das na mBan<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Foils\u00edodh tuarasc\u00e1il an Choimisi\u00fain um St\u00e1das Ban i m\u00ed na Bealtaine 1973. Rinneadh molta\u00ed ann sna limist\u00e9ir seo a leanas: fosta\u00edocht, leas s\u00f3isialach, c\u00e1nachas, dl\u00ed, oideachas, bainist\u00edocht teaghlaigh, plean\u00e1il clainne agus polait\u00edocht agus an saol poibl\u00ed. Crutha\u00edodh an Chomhairle um St\u00e1das Ban, brateagra\u00edocht do ghr\u00fapa\u00ed ban, chun br\u00fa a choime\u00e1d ar an Rialtas chun na molta\u00ed&nbsp; si\u00fad a chur i bhfeidhm. Ceapadh Hilda Tweedy mar a ch\u00e9ad Chathaoirleach.<\/p>\n\n\n\n<p>Bhunaigh an tAire Saothair Michael O\u2019Leary Coiste Ionada\u00edoch na mBan a raibh Eileen Desmond ina cathaoirleach air, chun na molta\u00ed a chur i bhfeidhm. D\u2019fh\u00f3gair an Coimisi\u00fan Eorpach go raibh p\u00e1 cothrom d\u2019fhir agus mn\u00e1 \u00e9igeantach. Fuair 3,000 bean sa st\u00e1tseirbh\u00eds a gc\u00e9ad tr\u00e1thchuid de ph\u00e1 cothrom in 1973.&nbsp; Foils\u00edodh treoirl\u00ednte maidir leis an bhFeachtas do Ph\u00e1 Cothrom d\u2019oibrithe mn\u00e1 agus ionadaithe ceardchumainn faoin Acht in Aghaidh Idirdheal\u00fa (P\u00e1), 1974.<\/p>\n\n\n\n<p>Litr\u00edocht na bhFeimineach<strong>Feminists Literature<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Rinne The Irish Times cinneadh in 1974&nbsp; chun deireadh a chur lena alt \u2018Womens First\u2019 agus luaigh s\u00e9 nach raibh \u2018gn\u00f3tha\u00ed mn\u00e1&nbsp; \u00e1 dteorann\u00fa a thuilleadh d\u2019alt den nuacht\u00e1n a bh\u00ed d\u00edrithe go hioml\u00e1n ar mhn\u00e1\u2019. In \u00e1iteanna eile, bh\u00ed irisleabhair fheimineacha, ar n\u00f3s Spare Rib, ar f\u00e1il. Foils\u00edodh tortha\u00ed AIM (Action, Information, Motivation) mar Irish Marriage \u2013 How Are You! (Mercier Press, 1974) agus d\u2019eisigh siad Can You Stay Married? a self-help guide for women ina dhiaidh sin. D\u2019oscail AIM ionad ban an bhliain sin, chomh&nbsp; maith, chun taca\u00edocht agus comhairle a shol\u00e1thar maidir le fadhbanna dl\u00edthi\u00fala agus p\u00f3sta.<\/p>\n\n\n\n<p>Dhi\u00faltaigh Seanad \u00c9ireann Bille um Plean\u00e1il Clainne Mary Robinson a l\u00e9amh den dara huair. Thug an Taoiseach, Liam Cosgrave, seisear teachta\u00ed le Fine Gael leis isteach i mbr\u00faghr\u00fapa an fhreas\u00fara a chabhraigh le bille a rialtais f\u00e9in a sh\u00e1r\u00fa maidir le hIomp\u00f3rt\u00e1il, D\u00edol agus D\u00e9ant\u00fas\u00fa Frithghini\u00fanach a Rial\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Banshee<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00e9 1975 Bliain Idirn\u00e1isi\u00fanta na mBan de chuid na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe. Buna\u00edodh Mn\u00e1 \u00c9ireannacha Aontaithe in Aibre\u00e1n 1975 agus re\u00e1cht\u00e1ladh a ch\u00e9ad chomhdh\u00e1il i Halla na Saoirse i m\u00ed an Mheithimh. Rinne Nell McCa\ufb00erty tuairisci\u00fa ar \u2018gr\u00fapa \u00f3g agus radacach de&nbsp; leispiaigh, radacaithe, agus lucht na heite cl\u00e9\u2019 a bhunaigh Mn\u00e1 \u00c9ireannacha Aontaithe i m\u00ed na Bealtaine 1975, \u2018a thug an ag\u00f3id ar ais ar na sr\u00e1ideanna, i dtaispe\u00e1ntas br\u00edomhar a ghluais gan str\u00f3 idir Cumann Lead\u00f3ige uile-fhear Fitzwilliam agus ceanncheathr\u00fa Ch\u00f3naidhm na bhFost\u00f3ir\u00ed Aontaithe\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p>Foils\u00edodh an t-irisleabhar Banshee de chuid an ghr\u00fapa feiminigh radacaigh Mn\u00e1 na h\u00c9ireann Aontaithe toisc gur \u2018bhrath baill gur gh\u00e1 t\u00fas a chur le p\u00e1ip\u00e9ar feimineach a luaithe agus ab fh\u00e9idir\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p>Foils\u00edodh Cairt Mhn\u00e1 \u00c9ireannacha Aontaithe in Banshee in 1976. Chuir an Bord Cinsireachta toirmeasc ar an irisleabhar.<\/p>\n\n\n\n<p>In 1977, cuireadh toirmeasc ar Spare Rib, rinne Mn\u00e1 \u00c9ireannacha Aontaithe ag\u00f3id sna me\u00e1in n\u00e1isi\u00fanta chl\u00f3ite agus thug siad \u2018ionsa\u00ed ar an bhfeimineachas agus gluaiseacht na mban\u2019 air.<\/p>\n\n\n\n<p>In 1977 Rinne \u2018comharghr\u00fapa\u2019 irisleabhar WICCA a fhoilsi\u00fa den ch\u00e9ad uair. Ba \u00e9 an ch\u00e9ad irisleabhar nach raibh ceangailte le haon eagra\u00edocht.<\/p>\n\n\n\n<p>Bronnadh faoiseamh san Acht um an Dl\u00ed Teaghlaigh (Cothabh\u00e1il C\u00e9il\u00ed agus Leana\u00ed), 1976 do theaghlaigh neamhchothabh\u00e1la. Ina theannta sin, tugadh isteach ann orduithe urchoisc breithi\u00fanacha do ch\u00e9il\u00ed for\u00e9igneacha.<\/p>\n\n\n\n<p>For\u00e1ladh san Acht um Chaomhn\u00fa \u00c1ras an Teaghlaigh, 1976 do chosaint do theach an teaghlaigh, d\u2019fhonn nach bhf\u00e9adfadh an c\u00e9ile a bh\u00ed i seilbh an t\u00ed an teaghlaigh a dhi\u00fascairt (trosc\u00e1n agus feistis&nbsp; ina measc) gan toili\u00fa scr\u00edofa a fh\u00e1il \u00f3n gc\u00e9ile eile. Faoin Acht, bh\u00ed oibleag\u00e1id ar an d\u00e1 chomhph\u00e1irt\u00ed i bp\u00f3sadh chun tac\u00fa leis an teaghlach. D\u2019fh\u00e9adfadh c\u00fairt ord\u00fa urchoisc a dheon\u00fa a chuir cosc ar an gc\u00e9ile a bh\u00ed i seilbh an t\u00ed \u00f3 theach an teaghlaigh a iontr\u00e1il. D\u2019fh\u00e9adfadh an bheirt ch\u00e9il\u00ed i bp\u00f3sadh iarratas a dh\u00e9anamh go ngearrfar c\u00e1in orthu go leithleach. Fuair mn\u00e1 c\u00e9ile oibre an li\u00fantas c\u00e9anna c\u00e1nach pearsanta a fuair an fear c\u00e9ile. Aithn\u00edodh mn\u00e1 c\u00e9ile agus m\u00e1ithreacha idirscartha mar thion\u00f3nta\u00ed \u00fadar\u00e1is \u00e1iti\u00fail ina gceart f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p>For\u00e1ladh in Acht na nGi\u00fair\u00e9ithe, 1976 go raibh mn\u00e1 agus fir chomh hinch\u00e1ilithe c\u00e9anna do sheirbh\u00eds ghi\u00fair\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>Ar an 27 Ean\u00e1ir 1976, rinneadh mn\u00e1 a ghairm le haghaidh seirbh\u00eds ghi\u00fair\u00e9 ag an gC\u00fairt Chuarda i mBaile \u00c1tha Troim, Contae&nbsp; na M\u00ed. N\u00edor fh\u00f3in siad mar gheall n\u00e1r theastaigh gi\u00fair\u00e9 \u00f3 na c\u00e1sanna n\u00f3 cuireadh ar athl\u00e1 iad.<\/p>\n\n\n\n<p>CAP Contraceptive Action \u2013 feachtas i rith 1976 a thug neamhaird ar an dl\u00ed maidir le frithghini\u00fanaigh a dh\u00edol.<\/p>\n\n\n\n<p>Ceada\u00edodh san Acht Ucht\u00e1la, 1976 ucht\u00e1il nach raibh an creideamh c\u00e9anna ag na leana\u00ed n\u00e1d\u00fartha agus uchtaithe.<\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh an Coimisi\u00fan Comhdheiseanna (an CCD).<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Ghn\u00edomhaireacht um Chomhionannas Fosta\u00edochta&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh an Ghn\u00edomhaireacht um Chomhionannas Fosta\u00edochta in 1977 agus rinneadh ceann na gn\u00edomhaireachta de Sylvia Meehan. Chomh maith lena chinnti\u00fa gur clo\u00edodh leis an Acht um Chomhionannas Fosta\u00edochta, bhailigh an Ghn\u00edomhaireacht taighde ar steir\u00e9it\u00edop\u00e1il ar bhonn inscne agus an g\u00e1 a bh\u00ed le saoire mh\u00e1ithreachais agus c\u00faram leana\u00ed. Ritheadh an tAcht um Chomhionannas Fosta\u00edochta (1977). Faoin Acht, bh\u00ed s\u00e9 in aghaidh an dl\u00ed idirdheal\u00fa a dh\u00e9anamh i bhfosta\u00edocht ar bhun\u00fas gn\u00e9is n\u00f3 st\u00e1das p\u00f3sta. Buna\u00edodh&nbsp; an Ghn\u00edomhaireacht um Chomhionannas Fosta\u00edochta.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Olltoghch\u00e1n 1977<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ag an Olltoghch\u00e1n don 21\u00fa D\u00e1il i m\u00ed an Mheithimh 1977, bh\u00ed \ufb01che a s\u00e9 iarrth\u00f3ir mn\u00e1 ann. Chuir Cumann Polaiti\u00fail na mBan (CPB) feachtas br\u00edomhar ar si\u00fal ina raibh na slu\u00e1in \u2018Why not a woman\u2019 agus \u2018Whose your woman?\u2019&nbsp; Chuir CPB gach iarrth\u00f3ir baineann chun cinn.<\/p>\n\n\n\n<p>Bhr\u00faigh an Taoiseach Jack Lynch roinnt iarrth\u00f3ir\u00ed mn\u00e1 chun cinn seachas \u00fas\u00e1id a bhaint as pr\u00f3iseas roghnaithe an choinbhinsi\u00fain \u00e1iti\u00fail &#8211; ina measc seo bh\u00ed Mary Harney i mBaile&nbsp; \u00c1tha Cliath Thoir Theas agus Ma\u00edr\u00edn Quill i gCathair Chorca\u00ed. N\u00edor roghna\u00edodh ceachtar d\u00edobh, agus n\u00edor roghna\u00edodh an Seanad\u00f3ir Mary Robinson, Bourke roimh ph\u00f3sadh di, a sheas le P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre i mBaile \u00c1tha Cliath (R\u00e1th Maonais).<\/p>\n\n\n\n<p>Sheas Nuala Fennell mar iarrth\u00f3ir neamhsple\u00e1ch do Chontae Bhaile \u00c1tha Cliath Theas agus c\u00e9 gur bhain s\u00ed breis agus 3,000 v\u00f3ta c\u00e9adrogha amach, n\u00edor leor sin chun \u00ed a thoghfa\u00ed. Ina ainneoin sin, ba chos\u00fail go ndeachaigh feachtas CPB i bhfeidhm ar dhaoine ar fud na t\u00edre,&nbsp; agus th\u00e1inig m\u00e9ad\u00fa faoi dh\u00f3 ar v\u00f3ta\u00ed c\u00e9adrogha do mhn\u00e1.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba iad an seisear ban a toghadh leis an 21\u00fa D\u00e1il Eileen Desmond (P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre), Joan T Burke (FG), a bhain na v\u00f3ta\u00ed ba mh\u00f3 amach ar\u00eds, agus M\u00e1ire Geoghegan-Quinn (FF). Toghadh tri\u00far Teachta\u00ed le Fianna F\u00e1il, Kit Ahern (Seanad\u00f3ir ar feadh 12 bhliain agus ionada\u00ed na h\u00c9ireann le Comhairle&nbsp; na hEorpa 1970-1973), Eileen Lemass agus S\u00edle de Valera. Bhain Fianna F\u00e1il tromlach soil\u00e9ir, 84 su\u00edoch\u00e1n, amach sa D\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p>I dtoghch\u00e1n an tSeanaid ar an 17 L\u00fanasa 1977, atoghadh an Seanad\u00f3ir Mary Robinson chun ionada\u00edocht a dh\u00e9anamh ar Ollscoil Bhaile \u00c1tha Cliath agus bh\u00ed na Seanad\u00f3ir\u00ed nua Tras Honan, Eileen Cassidy, Lady Valerie Goulding, Mary Harney, agus Gemma Hussey in \u00e9ineacht l\u00e9i.<\/p>\n\n\n\n<p>I measc ainmni\u00fach\u00e1in an Taoisigh Jack Lynch, bh\u00ed Lady Valerie Goulding, Monckton roimh ph\u00f3sadh di, as an gClinic L\u00e1rnach \u00cdocshl\u00e1inteach.<\/p>\n\n\n\n<p>Roghnaigh s\u00e9 Eileen Cassidy, Foreman roimh ph\u00f3sadh di, chomh maith. Cuireadh glao gan choinne ar an m\u00e1thair le seachtar clainne a bh\u00ed 45 bliain d\u2019aois agus fiafra\u00edodh di an nglacfadh s\u00ed leis an ainmni\u00fach\u00e1n chuig an Seanad \u00f3n Taoiseach.<\/p>\n\n\n\n<p>Ainmn\u00edodh Mary Harney \u00f3n bPain\u00e9al Oideachais. Ba ch\u00e9im\u00ed 24 bliain d\u2019aois \u00ed \u00f3 Chol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide. Ba \u00ed an ch\u00e9ad bhean a ceapadh ina reacht\u00f3ir ar \u2018an Hist\u2019, cumann sa chol\u00e1iste a bhain c\u00e1il amach as na h\u00f3r\u00e1idithe agus d\u00edosp\u00f3ir\u00ed iontacha a bh\u00ed ann agus rinne s\u00ed ionada\u00edocht ar ph\u00e1irt\u00ed Fhianna F\u00e1il ag comhdh\u00e1lacha na n-\u00f3g.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1978<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh an ch\u00e9ad Chomhdh\u00e1il Bhan ar Leispiachas ar si\u00fal i gCol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide, Baile \u00c1tha Cliath.<\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh Seimine\u00e1r ar Chomhionannas Fosta\u00edochta in Ionad Oibre \u2018na mBan\u2019 i nGeilleagar na h\u00c9ireann\u2019 ar si\u00fal i gCol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide, Baile \u00c1tha Cliath.<\/p>\n\n\n\n<p>Laistigh den ghr\u00fapa P\u00e1irtithe S\u00f3isialaithe i bParlaimint na hEorpa, buna\u00edodh gr\u00fapa oibre ban ina raibh baill \u00c9ireannacha.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Thosaigh Leispiaigh i gCorcaigh (L.INC) ag casadh lena ch\u00e9ile ar an Luan \u00f3 Ean\u00e1ir na bliana sin.<\/p>\n\n\n\n<p>I nGaillimh, re\u00e1cht\u00e1ladh Comhdh\u00e1il N\u00e1isi\u00fanta Ban ina ndearnadh pl\u00e9 ar an bhfor\u00e9igean.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019fhoilsigh Margaret MacCuratin agus Donncha \u00d3 Corr\u00e1in Women in Irish Society: The Historical Dimension. Leagadh amach an caighde\u00e1n ann don stair a lean.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinne an Comh-Eagarth\u00f3ir i dTeach Arlen, Eavan Boland, molt\u00f3ireacht ar an gc\u00e9ad chom\u00f3rtas scr\u00edbhneoireachta cruthaith\u00ed; foils\u00edodh an saothar a d\u2019eascair as in The Wall Reader, 1979.<\/p>\n\n\n\n<p>Meastar gur ghlac 7,000 bean p\u00e1irt i m\u00e1irse\u00e1il faoi sholas t\u00f3irse in aghaidh for\u00e9igin i gcoinne ban, a ghabh tr\u00ed shr\u00e1ideanna Bhaile \u00c1tha Cliath. Ba \u00ed an ag\u00f3id phoibl\u00ed ba mh\u00f3 a d\u2019eagraigh feiminigh riamh.<\/p>\n\n\n\n<p>1979<\/p>\n\n\n\n<p>Re\u00e1cht\u00e1ladh na ch\u00e9ad toghch\u00e1in le Parlaimint na hEorpa ar an 7 Meitheamh 1979. Ba iad S\u00edle de Valera (FF) agus Eileen Desmond (P\u00e1irt\u00ed an Lucht&nbsp; Oibre) na ch\u00e9ad mhn\u00e1 \u00c9ireannacha a toghadh chun Parlaimint na hEorpa. Bhain siad dh\u00e1 shu\u00edoch\u00e1n amach as c\u00faig shu\u00edoch\u00e1n d\u00e9ag de chuid na h\u00c9ireann.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Myra Barry ar an 7 Samhain 1979 sa chorrthoghch\u00e1n i gCorcaigh. Rinne s\u00ed f\u00e9in agus a hathair ionada\u00edocht ar an toghcheantar c\u00e9anna sa D\u00e1il ch\u00e9anna, an ch\u00e9ad uair a rinne athair agus in\u00edon a leith\u00e9id.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Charles Haughey ina Thaoiseach ar an 21\u00fa D\u00e1il i m\u00ed na Nollag 1979. Cheap seisean M\u00e1ire Geoghegan Quinn, an dara Aire mn\u00e1, seasca bliain i ndiaidh an ch\u00e9ad bhean a ceapadh ina hAire, ceapadh M\u00e1ire Geoghegan Quinn ina hAire Gaeltachta. \u2013 nasc chuig na hAir\u00ed Rialtais&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Achta\u00edodh an tAcht Sl\u00e1inte (Plean\u00e1il Clainne), 1979. Faoin Acht, ceada\u00edodh frithghini\u00fanaigh do l\u00e1n\u00faineacha p\u00f3sta os cionn aois 18 mbliana.<\/p>\n\n\n\n<p>I mbreithi\u00fanas sa ch\u00e1s a thug an tUasal Josie Airey in aghaidh an Rialtais i dtaobh easpa c\u00fanamh dl\u00ed saor in aisce, rial\u00e1il an Ch\u00fairt Eorpach um Chearta an Duine gur sh\u00e1raigh \u00c9ire airteagail de Choinbhinsi\u00fan um Chearta an Duine 1950. I ndiaidh an ch\u00e1is, bhunaigh an Rialtas sc\u00e9im neamhreacht\u00fail c\u00fanaimh dl\u00ed agus comhairle a riarfa\u00ed tr\u00ed ionaid dl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Crutha\u00edodh an gr\u00fapa Saoirse do Leispiaigh na h\u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh an gr\u00fapa Women\u2019s Right to Choose.<\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh t\u00fas leis an gcl\u00e1r teilif\u00edse \u2018Women Today\u2019 ar RT\u00c9.<\/p>\n\n\n\n<p>Den ch\u00e9ad uair, toghadh mn\u00e1 chun gach \u00fadar\u00e1s \u00e1iti\u00fail.<\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh Comhdh\u00e1il Mhn\u00e1 Uile-\u00c9ireann ar si\u00fal i mBaile \u00c1tha Cliath.<\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh Ionad \u00c9igeand\u00e1la um \u00c9igni\u00fa Bhaile \u00c1tha Cliath.<\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh An Ch\u00f3naidhm N\u00e1isi\u00fanta LGBT.<\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh Network do mhn\u00e1 gn\u00f3 ionchasacha.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019iontr\u00e1il M\u00e1ire Kenny agus Marie MacMahon le f\u00f3rsa isteach i leithreas na bhfear sa D\u00e1il mar ag\u00f3id a thug chun solais gur \u00edoc mn\u00e1 as saor\u00e1id\u00ed leithris nuair n\u00e1r \u00edoc fir astu.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019eitil ch\u00e9ad ph\u00edol\u00f3tach mn\u00e1 Aer Lingus, Gr\u00e1inne Cronin \u00f3 Mhullach \u00cdde, a c\u00e9ad eitilt sceidealaithe \u00f3 Frankfurt go Sionainn.<\/p>\n\n\n\n<p>Bhronn M\u00e1ir\u00edn Bean U\u00ed Dh\u00e1laigh, Leas-Seansail\u00e9ar Ollscoil Bhaile \u00c1tha Cliath, c\u00e9imeanna, agus ba \u00ed an ch\u00e9ad bhean a rinne amhlaidh riamh in ollscoil \u00c9ireannach.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Na 1970id\u00ed, Deich mBliana d&#8217;Athr\u00fa<\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","class_list":["post-824","exhibitions","type-exhibitions","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.6 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>1970s - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"1970s - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Na 1970id\u00ed, Deich mBliana d&#039;Athr\u00fa\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2021-05-12T15:08:07+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"16 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1970s\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1970s\\\/\",\"name\":\"1970s - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\"},\"datePublished\":\"2021-04-04T12:37:06+00:00\",\"dateModified\":\"2021-05-12T15:08:07+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1970s\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1970s\\\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1970s\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Exhibitions\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/exhibitions\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"1970s\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"1970s - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"1970s - Mn\u00e1 100","og_description":"Na 1970id\u00ed, Deich mBliana d'Athr\u00fa","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2021-05-12T15:08:07+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"16 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/","name":"1970s - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"datePublished":"2021-04-04T12:37:06+00:00","dateModified":"2021-05-12T15:08:07+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1970s\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Exhibitions","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"1970s"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/824","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/exhibitions"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=824"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/824\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":867,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/824\/revisions\/867"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=824"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}