{"id":820,"date":"2021-04-06T13:34:58","date_gmt":"2021-04-06T12:34:58","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=exhibitions&#038;p=820"},"modified":"2021-05-12T16:07:23","modified_gmt":"2021-05-12T15:07:23","slug":"1950s","status":"publish","type":"exhibitions","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/","title":{"rendered":"1950s"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>\u00c9ire sna 1950id\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ba iad an cruatan eacnama\u00edochta, praghsanna airde agus p\u00e1 \u00edseal na ceisteanna a shocraigh an cl\u00e1r polaiti\u00fail sna 1950id\u00ed. Bh\u00ed leibh\u00e9al na d\u00edfhosta\u00edochta an-ard agus bh\u00ed na sochair St\u00e1it \u00edseal. Breathna\u00edodh ar an imirce mar an t-aon rogha a bh\u00ed ag na m\u00edlte fear agus ban \u00c9ireannach. Daoine \u00f3ga ab ea iad formh\u00f3r na ndaoine a d&#8217;imigh thar lear. Bh\u00ed go leor deiseanna ar f\u00e1il i dt\u00f3g\u00e1il i Sasana sa tr\u00e9imhse iarchogaidh; chuir an tSeirbh\u00eds N\u00e1isi\u00fanta Sl\u00e1inte oili\u00faint shaor in aisce agus post ar f\u00e1il do l\u00edon m\u00f3r banaltra\u00ed agus ban cabhrach \u00c9ireannach.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed s\u00e9 n\u00edos deacra obair a fh\u00e1il i Meirice\u00e1 Thuaidh mar bh\u00ed ar dhaoine urra\u00edocht a fh\u00e1il \u00f3 dhuine a bh\u00ed c\u00f3na\u00ed air\/uirthi i Meirice\u00e1 cheana f\u00e9in. Neartaigh s\u00e9 seo na naisc le muintir na h\u00c9ireann a bh\u00ed ag cur f\u00fathu i Meirice\u00e1 cheana f\u00e9in. Bh\u00ed l\u00edon na ndaoine a bh\u00ed ag dul le sagartacht agus ag dul sna mn\u00e1 rialta f\u00f3s ard sna 1950id\u00ed, agus bh\u00ed \u00c9ireannaigh ag obair i misin ar fud an domhain, go h\u00e1irithe in oideachas.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed oird reiligi\u00fanacha (gach creideamh) i mbun na scoileanna in \u00c9irinn agus n\u00ed raibh aon scoil St\u00e1it ann. Bh\u00ed t\u00e1ille le h\u00edoc chun freastal ar mhe\u00e1nscoil, agus mar sin d&#8217;fh\u00e1g formh\u00f3r na ndaoine oideachas foirmi\u00fail i ndiaidh an Teastais Bhunscoile nuair a bh\u00ed siad ceithre bliana d\u00e9ag. Bh\u00ed 47,000 duine san ioml\u00e1n ag freastal ar an me\u00e1nscoil sa bhliain 1950 ach n\u00edor chr\u00edochnaigh gach duine d\u00edobh na c\u00faig bliana. Bh\u00ed cothroma\u00edocht ann ag an leibh\u00e9al seo idir cail\u00edn\u00ed agus buachaill\u00ed faoi 1950 &#8211; c\u00e9 nach raibh an r\u00e9imse \u00e1bhar c\u00e9anna ar f\u00e1il do chail\u00edn\u00ed. N\u00ed dhearna ach 4,500 dalta an Ardteistim\u00e9ireacht an bhliain sin. Le linn na bliana c\u00e9anna, d&#8217;fhreastail 7,900 duine ar an ollscoil in \u00c9irinn agus mn\u00e1 ab ea iad an ceathr\u00fa cuid d\u00edobh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Sl\u00e1inte an N\u00e1isi\u00fain<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Go luath sna 1950id\u00ed, athra\u00edodh sol\u00e1thar c\u00faraim shl\u00e1inte go m\u00f3r nuair a tugadh c\u00f3ras sl\u00e1inte n\u00e1isi\u00fanta isteach. Buna\u00edodh An Bord Altranais faoi th\u00e9arma\u00ed Acht na nAltra\u00ed, 1950. Oscla\u00edodh ospid\u00e9il nua, cos\u00fail le Gort na Sil\u00edn\u00ed i mBaile \u00c1tha Cliath a th\u00e1inig in \u00e1it an Ospid\u00e9il Fiabhrais ar Shr\u00e1id Chorca\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 1951 bhunaigh an Bhantiarna Valerie Goulding,&nbsp; i gcomhar le daoine eile,&nbsp; seirbh\u00eds athshl\u00e1naithe &#8211; an Clinic L\u00e1rnach \u00cdocshl\u00e1inteach &#8211; do leana\u00ed agus daoine f\u00e1sta mar fhreagairt do bhriseadh amach de ph\u00f3ili\u00f3.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain sin, mhol&nbsp; an tAire Sl\u00e1inte a bh\u00ed ann ag an am, an Docht\u00fair Noel Brown, An Sc\u00e9im Mh\u00e1thar agus&nbsp; Linbh a chuirf\u00ed c\u00faram m\u00e1ithreachais agus iarbhreithe saor in aisce ar f\u00e1il do gach m\u00e1thair agus&nbsp; leanbh. Chuir Ceardchumann Dhocht\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann ina coinne agus thacaigh na heaspaig Chaitliceacha leo. Bhuail an Docht\u00fair Browne leis an Ardeaspag John Charles MacQuaid, ach dhi\u00faltaigh s\u00e9 glacadh le riachtanais na n-easpag. In Aibre\u00e1n 1951, chaill s\u00e9 an taca\u00edocht a bh\u00ed aige \u00f3na&nbsp; ph\u00e1irt\u00ed f\u00e9in,&nbsp; Clann na Poblachta, agus&nbsp; b&#8217;\u00e9igean d\u00f3 \u00e9ir\u00ed as. I ndiaidh d\u00f3 \u00e9ir\u00ed as a phost mar Aire Sl\u00e1inte, d&#8217;fh\u00e1g Brown Clann na Poblachta, ach atoghadh chun na D\u00e1la \u00e9 mar TD Neamhsple\u00e1ch do Bhaile \u00c1tha Cliath Thoir Theas sa ch\u00e9ad toghch\u00e1n eile.<\/p>\n\n\n\n<p>Go gairid ina dhiaidh sin, i ndiaidh toghch\u00e1n an 14\u00fa D\u00e1il, th\u00e1inig rialtas faoi sti\u00fair Fhianna F\u00e1il in \u00e1it an chomhrialtais. Thacaigh Clann na Poblachta agus na Teachta\u00ed D\u00e1la neamhsple\u00e1cha, Noel Browne ina measc, leis an rialtas. Toghadh Honor Mary Crowley, Bridget Mary Rice agus Mary Bridget Ryan mar Theachta\u00ed D\u00e1la d&#8217;Fhianna F\u00e1il agus atoghadh Bridget Redmond agus Mary Reynolds d&#8217;Fhine Gael.<\/p>\n\n\n\n<p>Th\u00e1inig&nbsp; Fianna F\u00e1il ar chomhr\u00e9iteach le lucht ceannais na hEaglaise Caitlic\u00ed agus chuir siad seirbh\u00eds m\u00e1thar agus linbh, a ndearnadh t\u00e1st\u00e1il acmhainne i dtaca l\u00e9i, ar f\u00e1il do dhaoine a bh\u00ed cl\u00fadaithe faoin Acht Leasa Sh\u00f3isialaigh (1952).<\/p>\n\n\n\n<p><strong>MN\u00c1 SA PHOLAIT\u00cdOCHT in \u00c9irinn, 1950id\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Mar gheall ar an imn\u00ed a bh\u00ed ann maidir leis an ngeilleagar, toghadh daoine cos\u00fail le Mary Frances Davidson, a bh\u00ed taith\u00ed acu le ceardchumainn, chun Rolla Oibreachais an tSeanaid sa bhliain 1950. Ba \u00ed an ch\u00e9ad bhean de chuid an Lucht Oibre a toghadh mar bhall den Oireachtas. Toghadh Jane&nbsp; Dowdall,&nbsp; n\u00e9e Doggett, baintreach an tSeanad\u00f3ra J.C. Dowdall, chun an rolla Tionscail agus Tr\u00e1cht\u00e1la chomh maith i dToghch\u00e1n an tSeanaid i L\u00fanasa 1951. Ba chomhairleoir \u00ed ar Bhardas Chorca\u00ed. Iarbhanaltra ab ea \u00ed a bh\u00ed i gceannas ar ghn\u00f3 an teaghlaigh i gCorcaigh ag an am seo. Atoghadh Mary Davidson, Jane Dowdall agus Margaret Pearse i dtoghch\u00e1n an tSeanaid ar an 14 I\u00fail 1954. Fuair Helena Concannon b\u00e1s in oi\ufb01g tar \u00e9is a atoghadh \u00ed sa bhliain 1951.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 1954, cuireadh Rialtas an 15\u00fa D\u00e1il le ch\u00e9ile, an dara chomhrialtas idir Fine Gael, Clann na Talmhan agus&nbsp; P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre. Bh\u00ed Celia Lynch, TD de chuid Fhianna F\u00e1il, in \u00e9ineacht le Honor&nbsp; Mary Crowley agus Mary Bridget Ryan anois. Atoghadh Mary Reynolds d&#8217;Fhine Gael ar\u00eds agus&nbsp; toghadh Maureen O&#8217;Connell do Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Honor Mary Crowley an ch\u00e9ad bhean a rinne ionada\u00edocht do rialtas na h\u00c9ireann nuair a bh\u00ed s\u00ed ar thoscaireacht go dt\u00ed Comhairle na hEorpa i Strasbourg idir 1954 agus&nbsp; 1957. Ainmn\u00edodh \u00ed ag an gComhrialtas c\u00e9 gur bhall de chuid Fhianna F\u00e1il \u00ed. Ba ch\u00e9im shuntasach \u00ed seo: bhain \u00c9ire tionchar ar ch\u00farsa\u00ed idirn\u00e1isi\u00fanta amach d\u00e1 bharr agus ba \u00ed seo an ch\u00e9ad ch\u00e9im i dtreo baint dh\u00edreach le c\u00farsa\u00ed Eorpacha. Bh\u00ed \u00c9ire ina ball den Eagra\u00edocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnama\u00edochta (ECFE) cheana f\u00e9in, eagra\u00edocht a rinne ionada\u00edocht ar 18 t\u00edr, na St\u00e1it Aontaithe agus Ceanada ina measc. Buna\u00edodh sa bhliain 1948 \u00ed chun cabhair faoin bPlean Marshall a dh\u00e1ileadh ar an Eoraip i ndiaidh an chogaidh.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Kathleen O&#8217;Connor de chuid Chlann na Poblachta san fhothoghch\u00e1n i M\u00ed Feabhra 1956, tar \u00e9is d\u00e1 hathair b\u00e1s a fh\u00e1il i dtimpiste chairr. N\u00ed raibh Kathleen, a bh\u00ed ag seasamh i gCiarra\u00ed Thuaidh, ach 21 bliain&nbsp; d&#8217;aois ag an am. N\u00ed raibh a hainm ar an gcl\u00e1r v\u00f3t\u00e1la agus n\u00ed raibh s\u00ed f\u00e9in \u00e1balta v\u00f3ta&nbsp; a chaitheamh. Bh\u00ed a hathair Johnny O&#8217;Connor ina Theachta D\u00e1la do Chiarra\u00ed Thuaidh do Chlann&nbsp; na Poblachta.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh for\u00e1il le hAcht Choimisin\u00e9ir\u00ed na St\u00e1tseirbh\u00edse, 1956 gur cuireadh ar chumas Choimisin\u00e9ir\u00ed na St\u00e1tseirbh\u00edse rial\u00fa a dh\u00e9anamh nach m\u00f3r d&#8217;iarrth\u00f3ir\u00ed mn\u00e1 a bheith neamhph\u00f3sta.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Ch\u00e9ad Cheann Misin Mn\u00e1 d&#8217;\u00c9irinn.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed Josephine McNeill ina cathaoirleach ar choiste gn\u00f3 Bhantracht na Tuaithe suas go dt\u00ed 1950&nbsp; agus ina gn\u00e1thbhall ar an gcoiste comhairleach ar Idirtheagmh\u00e1il Chult\u00fartha de chuid na Roinne Gn\u00f3tha\u00ed Eachtracha. Roghna\u00edodh \u00ed chun ionada\u00edocht a dh\u00e9anamh ar \u00c9irinn ar chomhthion\u00f3l ginear\u00e1lta UNESCO (Eagra\u00edocht Oideachais, Eola\u00edochta agus Chult\u00fair na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe)&nbsp; in 1949.<\/p>\n\n\n\n<p>In 1950&nbsp; ceapadh \u00ed mar Aire don \u00cdsilt\u00edr, an ch\u00e9ad bhean a ceapadh ina ceann misi\u00fain d\u2019\u00c9irinn. Bh\u00ed roinnt mhaith taith\u00ed ag Josephine ar an taidhleoireacht mar bhean ch\u00e9ile an Iar-Rialt\u00f3ir James McNeill, a raibh an oi\ufb01g sin aige idir 1928&nbsp; agus 1932.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>MN\u00c1 NA h\u00c9IREANN SA NUACHT, 1950id\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>1954<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Tugadh aicme &#8216;feirmeoir mn\u00e1&#8217;&nbsp; isteach ag an gCom\u00f3rtas N\u00e1isi\u00fanta Treabhd\u00f3ireachta sa bhliain&nbsp; 1954 &#8211; bh\u00ed gach bean in ann p\u00e1irt a ghlacadh \u2013 gan tagairt d&#8217;aois n\u00f3 st\u00e1das p\u00f3sta \u2013 agus tugadh &#8216;Queen of the Plough\u2019 ar an mbuaiteoir.<\/p>\n\n\n\n<p>Bhunaigh Bantracht na Tuaithe a gcol\u00e1iste ag an nGrian\u00e1n i dTearmann Feich\u00edn, Contae L\u00fa.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1955<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh R\u00fana\u00ed Chumann Treabhd\u00f3ireachta na h\u00c9ireann de Anna May McHugh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1956<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ghlac an ch\u00e9ad Oilimpeach mn\u00e1 \u00c9ireannach, Maeve Kyle, p\u00e1irt sa r\u00e1s 100 m\u00e9adar agus 200 m\u00e9adar i Melbourne san Astr\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh Uachtar\u00e1n ar Chumann M\u00fainteoir\u00ed \u00c9ireann de Margaret Skinnider.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1957<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Thug an tAcht um St\u00e1das Ban P\u00f3sta, 1957 cearta ar leith ar mhaoin do mhn\u00e1 agus ceada\u00edodh cumas conarthach foirmi\u00fail&nbsp; d\u00f3ibh.<\/p>\n\n\n\n<p>Fuarthas r\u00e9idh leis an mBac P\u00f3sta a bh\u00ed ar mh\u00fainteoir\u00ed bunscoile, mar fhreagairt don ghanntanas sealadach m\u00fainteoir\u00ed, ag an Aire Oideachais a bh\u00ed ann ag an am, Jack Lynch.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1958<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh for\u00e1il le hAcht an Gharda S\u00edoch\u00e1na, 1958 gur f\u00e9idir bangharda\u00ed a fhost\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>Ligeadh mn\u00e1 isteach sa seomra coiteann sinsearach i gCol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide, Baile \u00c1tha Cliath<\/p>\n\n\n\n<p>Ceapadh an ch\u00e9ad Ollamh mn\u00e1 ar Choiste Chol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide, Baile \u00c1tha Cliath.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1959<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh&nbsp; Coiste&nbsp; Comhairleach na mBan de chuid Chomhdh\u00e1il na gCeardchumann ar bun.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Jane Dowdall, n\u00e9e Doggett, an ch\u00e9ad Ardmh\u00e9ara mn\u00e1 Chorca\u00ed. Bh\u00ed s\u00ed in oi\ufb01g \u00f3 1959 go dt\u00ed 1960.<\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh&nbsp; t\u00fas le f\u00e9ile&nbsp; R\u00f3s Thr\u00e1 L\u00ed. N\u00ed raibh ach mn\u00e1 \u00f3 Thr\u00e1 L\u00ed inch\u00e1ilithe p\u00e1irt a ghlacadh. Go luath&nbsp; sna 1960id\u00ed, leathna\u00edodh an com\u00f3rtas go dt\u00ed mn\u00e1 as Ciarra\u00ed agus sa bhliain 1967 mn\u00e1 a rugadh&nbsp; in \u00c9irinn n\u00f3 mn\u00e1 de bhunadh na h\u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh an ch\u00e9ad d\u00e1 bhangharda dh\u00e9ag faoi mhionn ar an 10 I\u00fail 1959 ag Ceanncheathr\u00fa an Gharda S\u00edoch\u00e1na. T\u00e1 Mary Margaret Brown taifeadta mar an ch\u00e9ad earcach.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>\u00c9ire sna 1950id\u00ed<\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","class_list":["post-820","exhibitions","type-exhibitions","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.2 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>1950s - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"1950s - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"\u00c9ire sna 1950id\u00ed\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2021-05-12T15:07:23+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"8 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/\",\"name\":\"1950s - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\"},\"datePublished\":\"2021-04-06T12:34:58+00:00\",\"dateModified\":\"2021-05-12T15:07:23+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Exhibitions\",\"item\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"1950s\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"1950s - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"1950s - Mn\u00e1 100","og_description":"\u00c9ire sna 1950id\u00ed","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2021-05-12T15:07:23+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"8 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/","name":"1950s - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"datePublished":"2021-04-06T12:34:58+00:00","dateModified":"2021-05-12T15:07:23+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1950s\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Exhibitions","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"1950s"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/820","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/exhibitions"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=820"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/820\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":865,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/820\/revisions\/865"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=820"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}