{"id":817,"date":"2021-04-07T13:29:56","date_gmt":"2021-04-07T12:29:56","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=exhibitions&#038;p=817"},"modified":"2021-05-12T16:07:07","modified_gmt":"2021-05-12T15:07:07","slug":"1940s","status":"publish","type":"exhibitions","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/","title":{"rendered":"1940s"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>AIMSIR&nbsp; NA h\u00c9IGEAND\u00c1LA<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019fhan \u00c9ire neodrach sa Dara Cogadh Domhanda agus sa t\u00edr seo is \u00e9ard a tugadh&nbsp; ar an tr\u00e9imhse seo n\u00e1 \u2018Aimsir na h\u00c9igeand\u00e1la\u2019 n\u00f3 \u2018an \u00c9igeand\u00e1il\u2019. Ba \u00e9 Proinsias Mac Aodhag\u00e1in an tAire Comhordaithe Bearta Cosanta chomh maith le freagracht a bheith aige as an bhF\u00f3rsa Cosanta \u00c1iti\u00fail (FC\u00c1) (i bp\u00e1irt leis an arm, leis an aerch\u00f3r agus leis an tseirbh\u00eds muir\u00ed). Chuir an FC\u00c1 par\u00e1id\u00ed \u2018Step Together\u2019 ar si\u00fal ina ndeachaigh comhalta\u00ed na Croise Deirge isteach leo. I measc na n-eagra\u00edochta\u00ed deonacha eile a bh\u00ed ann, agus a raibh an gharchabhair acu mar shainch\u00faram bh\u00ed an tOrd Mh\u00e1lta agus Otharsheirbh\u00eds Naomh Eoin in \u00c9irinn (lena raibh a l\u00e1n ban ina mball iontu).<\/p>\n\n\n\n<p>Chuaigh bardaigh um r\u00e9amhch\u00faram in Aghaidh Aer-ruathar (ARP) ar phatr\u00f3il&nbsp; ar na sr\u00e1ideanna le linn uaireanta l\u00e1ndorchaithe chun deimhni\u00fa&nbsp; nach raibh aon solas le feice\u00e1il. Bh\u00ed rann\u00f3g mn\u00e1 t\u00ed san ARP. Tugadh le \ufb01os go raibh bean le f\u00e1il sa teach a raibh oili\u00faint uirthi chun c\u00fanamh a thabhairt sa ch\u00e1s go raibh c\u00e1rta gorm ar taispe\u00e1int i bhfuinneog an t\u00ed. L\u00e9ir\u00edodh gur cheannaire sr\u00e1ide ab ea an bhean nuair ba ch\u00e1rta dearg a bh\u00ed ann.<\/p>\n\n\n\n<p>Fuair 58,776 bean cead\u00fanas Taistil chun obair lasmuigh d\u2019\u00c9irinn \u00f3 1940&nbsp; go dt\u00ed 1945. I measc na bpost&nbsp; a bh\u00ed sonraithe do na cead\u00fanais sin, bh\u00ed m\u00fainteoir\u00ed, banaltra\u00ed, mn\u00e1 cabhrach, cail\u00edn\u00ed aimsire,&nbsp; oibrithe monarchan agus sti\u00farth\u00f3ir\u00ed bus n\u00f3 oibrithe iompair eile.<\/p>\n\n\n\n<p>Tuairisc\u00edodh go raibh 60 oi\ufb01geach agus 4,500 ban-eitleoir i dTuaisceart \u00c9ireann idir 1943&nbsp; agus 1944.&nbsp; D\u00f3ibh si\u00fad, tuairisc\u00edodh sa Bh\u00e9arla gur mhn\u00e1 as \u2018Northern Ireland\u2019 n\u00f3 as \u2018\u00c9ire\u2019 40% d\u00edobh.<\/p>\n\n\n\n<p>Aisghaireadh an staid \u00e9igeand\u00e1la oi\ufb01gi\u00fail in \u00c9irinn ar an 2 Me\u00e1n F\u00f3mhair 1946 ach leanadh ar aghaidh leis an gciond\u00e1il sna 1950\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Chead Bhean a Rinneadh Abhc\u00f3ide Sinsearach Di<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>In 1941, ba \u00ed an tOllamh Frances Moran an ch\u00e9ad bhean a rinneadh abhc\u00f3ide sinsir di nuair a glacadh isteach sa bharra laistigh \u00ed, ach n\u00edor chleachtaigh s\u00ed riamh mar Abhc\u00f3ide Sinsearach. Chomh maith leis sin, ba ise an ch\u00e9ad bhean riamh a ceapadh sa phost meas\u00fail mar Ollamh Regius i gCol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide, Baile \u00c1tha Cliath, in 1944, teideal a choime\u00e1d s\u00ed ar feadh tr\u00e9imhse 30 bliain. Chomh maith leis sin, ba ise an ch\u00e9ad bhean a bh\u00ed ina comhalta de Bhord an Chol\u00e1iste. In 1968 rinneadh \u00ed ina Comhalta agus Binseoir Oinigh d\u2019\u00d3sta\u00ed an R\u00ed i mBaile Cliath.<\/p>\n\n\n\n<p>Leis an Acht Rialtais \u00c1iti\u00fail, 1941, cuireadh an tAire Rialtais \u00c1iti\u00fail ar a chumas a fh\u00f3gairt, maidir le haon oi\ufb01g ainmnithe, nach mbeadh bean inch\u00e1ilithe don oi\ufb01g sin ach amh\u00e1in m\u00e1s baintreach n\u00f3 m\u00e1s rud \u00e9 nach raibh s\u00ed p\u00f3sta.<\/p>\n\n\n\n<p>Tugadh isteach \u00edoca\u00edocht leasa sh\u00f3isialaigh&nbsp; an Li\u00fantais Leana\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019\u00e9irigh leis an gCumann M\u00fainteoir\u00ed \u00c9ireann comhionannas a bhaint&nbsp; amach maidir le tuarastal p\u00e1 incriminteach do mh\u00fainteoir\u00ed idir mn\u00e1 agus \ufb01r shingil tr\u00ed stocaireacht a dh\u00e9anamh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1942<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>Cumann Mhn\u00e1 T\u00ed na h\u00c9ireann<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Buna\u00edodh Cumann Mhn\u00e1 T\u00ed na h\u00c9ireann in 1942&nbsp; agus leithdh\u00e1ileadh cothrom bia agus earra\u00ed gann eile le linn na tr\u00e9imhse ganntanais i rith an chogaidh mar sprioc ag an eagra\u00edocht. Is \u00e9ard a bh\u00ed sa chusp\u00f3ir a bh\u00ed acu n\u00e1: \u2018p\u00e1irt ghn\u00edomhach a ghlacadh i ngach uile ghn\u00e9 den phlean\u00e1il at\u00e1 \u00e1 d\u00e9anamh don t\u00edr\u2019. Bh\u00ed siad ag iarraidh leasuithe a chur i bhfeidhm: \u2018f\u00edor comhionannas maidir le saor\u00e1id\u00ed, st\u00e1das agus deiseanna do gach aon duine\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p>Tapa go leor, thug Cumann Mhn\u00e1 T\u00ed na h\u00c9ireann faoi deara n\u00e1r leor \u00e9 a bheith ag imp\u00ed ar an rialtas,&nbsp; mar a luaigh an ball bunaidh Hilda Tweedy n\u00edos deireana\u00ed, \u201cis \u00e9ard a bh\u00ed g\u00e1 leis n\u00e1 mn\u00e1 a bheith sna h\u00e1iteanna ina raibh na cinnt\u00ed \u00e1 mbeart\u00fa\u201d. In Olltoghch\u00e1n 1943&nbsp; chuir an Cumann feachtas i mbun ar son an iarrth\u00f3ra Hanna Sheehy-Ske\ufb03ngton i mBaile&nbsp; \u00c1tha Cliath Theas. Fuair Hanna Sheehy-Ske\ufb03ngton 917 v\u00f3ta ach n\u00edor toghadh \u00ed.&nbsp; Toghadh an tri\u00far ban ch\u00e9anna a toghadh roimhe sin chuig an 11\u00fa D\u00e1il \u00c9ireann. Toghadh an tri\u00far ban a luadh roimhe seo chun an 11\u00fa D\u00e1il: Bridget Mary Rice (FF), Bridget Mary Redmond (FG) agus Mary Reynolds (FG). Ba \u00ed Bridget Rice an t-aon bhean amh\u00e1in&nbsp; a shu\u00ed ar Bhins\u00ed an Rialtais.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Helena Concannon, Margaret \u2018Loo\u2019 Kennedy agus Margaret Pearse chun an Seanad tar \u00e9is an toghch\u00e1n Seanaid ar an 25 L\u00fanasa 1943 agus ansin toghadh iad go l\u00e9ir ar\u00eds chun an Seanad, leis, sa toghch\u00e1n a cuireadh ar si\u00fal ar an 1 L\u00fanasa 1944.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>PARLAIMINT NA mBAN.<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Thion\u00f3il an Chomhairle um Praghsanna \u00edsle agus Comhairle Mhn\u00e1 T\u00ed na h\u00c9ireann Comhairle N\u00e1isi\u00fanta na mBan um Ghn\u00edomh\u00fa, a tugadh Parlaimint na mBan uirthi.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Na blianta i ndiaidh an Chogaidh<\/strong><strong>Post-War Years<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Sna blianta a th\u00e1inig sna s\u00e1la ar an gcogadh, ba \u00ed Dorothy Macardle duine de na mn\u00e1 a raibh a haird d\u00edrithe ar ch\u00farsa\u00ed lasmuigh d\u2019\u00c9irinn. Rinne s\u00ed sraith de chraolta\u00ed chun suntas a thabhairt den anr\u00f3 a bh\u00ed \u00e1 fhulaingt ag leana\u00ed san Eoraip ag an am, agus d\u2019fhoilsigh s\u00ed Children of Europe in 1946, at\u00e1 i measc na h\u00e1bhair is luaithe ina ndearnadh doicim\u00e9ad\u00fa ar imeachta\u00ed an chogaidh agus an Uileloiscthe. Tugadh l\u00edon beag de leana\u00ed Gi\u00fadacha go h\u00c9irinn in 1946 tar \u00e9is idirghabh\u00e1il a rinne \u00c9amon de Valera.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Bhunaigh&nbsp; an Dr Kathleen&nbsp; Murphy, p\u00e9idiatra\u00ed \u00f3 Bhaile \u00c1tha Cliath, Save the German Children. I m\u00ed I\u00fail 1946, th\u00e1inig c\u00fapla c\u00e9ad leanbh Gearm\u00e1nach go h\u00c9irinn, idir tr\u00ed agus ceithre bliana d\u2019aois, in imeacht ar a dtugtar Operation Shamrock. N\u00ed raibh na leana\u00ed sin go l\u00e9ir ina nd\u00edlleachta\u00ed, n\u00edor tugadh iad anseo ach ar feadh&nbsp; tr\u00e9imhse, ach sa deireadh d\u2019fhan roinnt mhaith d\u00edobh sa t\u00edr.<\/p>\n\n\n\n<p>Roimh an gcogadh bh\u00ed an Dr Dorothy Stopford Price ag staid\u00e9ar sa Ghearm\u00e1in, sa tSualainn, sa Danmhairg&nbsp; agus san Eilv\u00e9is chun tuiscint n\u00edos fearr a fh\u00e1il ar mhodhanna nua sa mh\u00edochaine choisctheach agus sa vacsa\u00edni\u00fa. Bh\u00ed an eitinn (TB) tar \u00e9is d\u00f3 a bheith&nbsp; ina chr\u00e1 cro\u00ed ag muintir na h\u00c9ireann leis na gl\u00fanta agus fuair n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 leath an oiread de na daoine a fuair an galar b\u00e1s. Ceapadh an Dr Noel Browne ina Aire Sl\u00e1inte in 1948. I measc na ngealltanas a thug Clann na Poblachta don toghch\u00e1n, gheall siad go nd\u00e9anfaid\u00eds r\u00e9idh den eitinn sa t\u00edr. Laistigh de dh\u00e1 bhliain bh\u00ed breis is c\u00faig mh\u00edle leaba curtha ar f\u00e1il ag an rialtas i sanat\u00f3ir\u00ed speisialta.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed an Dr Stopford Price tar \u00e9is vacsa\u00edn BCG nua a thabhairt isteach in Ospid\u00e9al Naomh Ult\u00e1n le haghaidh trialach ar ghr\u00fapa beag leana\u00ed in 1938. Mar thoradh air sin, bhunaigh Bardas Bhaile \u00c1tha Cliath c\u00f3ras ollmh\u00f3r um vacsa\u00edn BCG, an ch\u00e9ad cheann d\u00e1 leith\u00e9id in \u00c9irinn. Deich mbliana ina dhiaidh sin, bh\u00ed s\u00e9 i mbun a bheith curtha i bhfeidhm ar fud an chuid eile den t\u00edr. In 1949 d\u2019\u00e9irigh leis an Dr Stopford Price, a scr\u00edobh Tuberculosis in Childhood a bheith ina cathaoirleach ar an gCoiste N\u00e1isi\u00fanta&nbsp; BCG.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Comhrialtas<\/strong><strong>Inter-Party Government<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>San olltoghch\u00e1n a ritheadh in 1948, toghadh Bridget Mary Rice, i Muineach\u00e1n, Honor Mary Crowley, i gCiarra\u00ed, agus Mary Bridget Ryan, i dTiobraid \u00c1rann mar theachta\u00ed de chuid Fhianna F\u00e1il sa D\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p>Th\u00e1inig Comhrialtas i gcumhacht agus John A Costello (FG) ina Thaoiseach air, lenar cuireadh deireadh le tr\u00e9imhse s\u00e9 bliana d\u00e9ag d\u2019Fhianna F\u00e1il a bheith sa rialtas. Sa 13\u00fa D\u00e1il bh\u00ed Bridget Mary Redmond (FG) agus Mary Reynolds (FG) ar bhins\u00ed an rialtais, c\u00e9 gur ch\u00falbhinseoir\u00ed iad, \u00e1fach.<\/p>\n\n\n\n<p>Faoin am sin bh\u00ed P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre scoilte idir P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre agus P\u00e1irt\u00ed N\u00e1isi\u00fanta an Lucht Oibre, agus n\u00ed raibh bean ina TD i gceachtar acu. Chuaigh Eleanor Butler san ioma\u00edocht i dtoghch\u00e1n 1948 ar son Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre ach fuair Noel Browne as Clann na Poblachta an ceann is fearr&nbsp; uirthi, agus 400 v\u00f3ta sa bhreis aigesean uirthi, i nD\u00e1ilcheantar Bhaile \u00c1tha Cliath Thoir Theas. Bhain Clann na Poblachta 10 su\u00edoch\u00e1n amach. Ba \u00e9 Se\u00e1n MacBride, mac She\u00e1in Mhic Giolla Bhr\u00edde (a cuireadh chun b\u00e1s \u00e9 in 1916) agus Maud Gonne MacBride&nbsp; (a bhunaigh&nbsp; Inghinidhe na h\u00c9ireann), ceannaire an ph\u00e1irt\u00ed. Sheas Caitl\u00edn Bean U\u00ed Chl\u00e9irigh ar son an ph\u00e1irt\u00ed i mBaile \u00c1tha Cliath Thoir Thuaidh ach n\u00edor \u00e9irigh l\u00e9i sa toghch\u00e1n.<\/p>\n\n\n\n<p>I dtoghch\u00e1n an tSeanaid ar an 7 Aibre\u00e1n 1948,&nbsp; toghadh Helena Concannon agus Margaret Mary Pearse, ar iarrth\u00f3ir\u00ed&nbsp; Fhianna F\u00e1il iad an bheirt&nbsp; acu, chun an tSeanaid, agus chuaigh Eleanor Butler, duine ar ainmnigh an Taoiseach \u00ed, isteach leo ann, chomh&nbsp; maith (rud a d\u2019fh\u00e1g gur ise an ch\u00e9ad&nbsp; bhean a bh\u00ed ina ball de chuid Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre). Bh\u00ed Eleanor, a raibh oili\u00faint ailtire uirthi, tar \u00e9is a bheith ina Comhairleoir i gComhairle Cathrach Bhaile \u00c1tha Cliath ar feadh tr\u00ed bliana. Tharla go raibh suim aici sa pholait\u00edocht c\u00farsa\u00ed oibre mar gheall ar dh\u00e1la\u00ed maireacht\u00e1la na mbocht uirbeach.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed Evelyn P. Owens ina c\u00e9ad bhan-oi\ufb01geach i gCeardchumann Oi\ufb01g\u00ed an Rialtas \u00c1iti\u00fail in \u00c9irinn (n\u00edos d\u00e9ana\u00ed Comhairle Lucht Tr\u00e1d\u00e1la an Rialtais \u00c1iti\u00fail agus Seirbh\u00eds\u00ed&nbsp; Poibl\u00ed) chomh maith sa bhliain ch\u00e9anna.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>F\u00f3gra\u00edodh Acht Phoblacht na h\u00c9ireann 1948<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>F\u00f3gra\u00edodh Acht Phoblacht na h\u00c9ireann 1948&nbsp; ar an 21 Nollaig 1948 agus cuireadh t\u00fas leis an bPoblacht go hoi\ufb01gi\u00fail ar an Luan C\u00e1sca 18 Aibre\u00e1n 1949 \u2013 ar chom\u00f3radh 33 bliain \u00c9ir\u00ed Amach 1916.&nbsp; Cuireadh searmanais ar si\u00fal lasmuigh d\u2019Ard-Oi\ufb01g an Phoist chun an \u00f3c\u00e1id a cheili\u00faradh agus bh\u00ed Aifreann speisialta sa Leas-Ardeaglais. Leis an Acht sin, cuireadh deireadh oi\ufb01gi\u00fail leis an r\u00f3l reacht\u00fail a bh\u00ed ag an gCor\u00f3in Bhriotanach sa St\u00e1t \u00c9ireannach a rinneadh tr\u00ed aisghairm an Achta Caidrimh Eachtraigh. Ina theannta sin, ag an am c\u00e9anna, d\u2019fh\u00e1g \u00c9ire Comhlathas Briotanach na N\u00e1isi\u00fan \u2013 lena gcuims\u00edodh cr\u00edocha a bh\u00ed in Impireacht na Breataine roimhe sin. Ina dhiaidh sin thug an rialtas Ireland Act 1949 isteach chun r\u00e9iteach a chur le hiarmhairt\u00ed Achta Phoblacht na h\u00c9ireann 1948.&nbsp; Leis an Acht sin, tugadh aitheantas don fh\u00edric go raibh an St\u00e1t \u00c9ireannach tar \u00e9is an Comhlathas a fh\u00e1g\u00e1il ach lena ndearnadh for\u00e1il, leis, go leanfar le saor\u00e1naigh \u00c9ireannacha seasmhacht d\u00e1la an tseasmhachta a bh\u00edonn&nbsp; ag daoine \u00f3 th\u00edortha an Chomhaltais faoi dhl\u00ed na Breataine.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed an Seanad\u00f3ir Eleanor Butler ar dhuine de na 750 toscaire a d\u2019fhreastail ar Chomhdh\u00e1il na hEorpa sa H\u00e1ig i mBealtaine 1948.&nbsp; Ba ise an t-aon ionada\u00ed amh\u00e1in ar son na h\u00c9ireann a bh\u00ed ag an gc\u00e9ad chruinni\u00fa chun an Reachta\u00edocht a tharraingt anuas don strucht\u00far agus don r\u00f3l a bheadh ag Comhairle na hEorpa n\u00edos d\u00e9ana\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019\u00e9irigh le Hilda Tweedy \u00f3 Chumann Mhn\u00e1 T\u00ed na h\u00c9ireann a bheith ina hambasad\u00f3ir neamhoi\ufb01gi\u00fail ar an gComhaontas Idirn\u00e1isi\u00fanta Ban.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aimsir na h\u00c9igeand\u00e1la<\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","class_list":["post-817","exhibitions","type-exhibitions","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.2 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>1940s - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"1940s - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Aimsir na h\u00c9igeand\u00e1la\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2021-05-12T15:07:07+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"10 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/\",\"name\":\"1940s - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\"},\"datePublished\":\"2021-04-07T12:29:56+00:00\",\"dateModified\":\"2021-05-12T15:07:07+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Exhibitions\",\"item\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"1940s\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"1940s - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"1940s - Mn\u00e1 100","og_description":"Aimsir na h\u00c9igeand\u00e1la","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2021-05-12T15:07:07+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"10 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/","name":"1940s - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"datePublished":"2021-04-07T12:29:56+00:00","dateModified":"2021-05-12T15:07:07+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1940s\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Exhibitions","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"1940s"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/817","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/exhibitions"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=817"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/817\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":864,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/817\/revisions\/864"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=817"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}