{"id":815,"date":"2021-04-08T13:22:28","date_gmt":"2021-04-08T12:22:28","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=exhibitions&#038;p=815"},"modified":"2021-05-12T16:03:16","modified_gmt":"2021-05-12T15:03:16","slug":"1930s","status":"publish","type":"exhibitions","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/","title":{"rendered":"1930s"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>Mn\u00e1 agus Polait\u00edocht sna 1930id\u00ed&nbsp;&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Tharla athruithe suntasacha i gc\u00farsa\u00ed polait\u00edochta ar fud na hEorpa agus in \u00c9irinn le linn na 1930id\u00ed. Athra\u00edodh c\u00farsa\u00ed polait\u00edochta in \u00c9irinn go m\u00f3r agus bh\u00ed mn\u00e1 sa t\u00edr seo f\u00f3s feasach \u00f3 thaobh na polait\u00edochta de. Bh\u00ed r\u00f3l l\u00e1rnach ag mn\u00e1 i bhf\u00e1s ph\u00e1irt\u00ed Fhianna F\u00e1il ag leibh\u00e9al an Chumainn \u00e1iti\u00fail agus&nbsp; maidir&nbsp; leis an \u00e9ileamh ar an nuacht\u00e1n The Irish Press. In 1932 mh\u00e9adaigh Cumann Chomr\u00e1daithe an Airm, a raibh baill Arm an tSaorst\u00e1it at\u00e1 ar scor ina mball de, l\u00edon a bhallra\u00edochta agus d&#8217;athraigh siad an t-ainm. Ar dt\u00fas, tugadh an Garda Sibhialta orthu, agus ina dhiaidh sin athra\u00edodh an t-ainm ar\u00eds go Conradh na h\u00d3ige. Tugadh na L\u00e9inte Gorma (Blue&nbsp; Shirts) ar an eagra\u00edocht sin de ghn\u00e1th, mar&nbsp; gheall ar an \u00e9ide&nbsp; a chaith siad. Tugadh na Blue Blouses ar &#8216;rann\u00f3g na mban&#8217; den chumann de ghn\u00e1th.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba l\u00e9ir go raibh suim ag cuid mh\u00f3r de smaointeoir\u00ed agus gn\u00edomhaithe ban na h\u00c9ireann i gcumannachas agus sa R\u00fais Sh\u00f3iv\u00e9adach. Thug Hanna Sheehy-Ske\ufb03ngton agus Helena Molony,&nbsp; a bh\u00ed ina mball de Friends of Soviet Russia, i measc daoine eile&nbsp; camchuairt fhada ar an R\u00fais in 1930. Bh\u00ed Saor \u00c9ire, ar ph\u00e1irt\u00ed s\u00f3isialach poblachtach a buna\u00edodh in 1931 \u00e9 agus a raibh mn\u00e1 ar a choiste feidhmi\u00fach\u00e1in nuair&nbsp; a buna\u00edodh \u00e9, ar cheann de na p\u00e1irtithe i bhfad amach ar an eite chl\u00e9 a bh\u00ed ar an bhf\u00f3d sna 1930id\u00ed. In 1933 athra\u00edodh na Revolutionary Workers&#8217; Groups, a l\u00e1n ball ban ina measc, go P\u00e1irt\u00ed Cumannach na h\u00c9ireann. Bh\u00ed Nora Connolly O&#8217;Brien, in\u00edon James Connolly, ar dhuine de na pr\u00edomheagraithe d&#8217;eagra\u00edocht eile ar son an Chumannachais, The Republican Congress.<\/p>\n\n\n\n<p>Ghlac mn\u00e1 r\u00f3l t\u00e1bhachtach sa ghluaiseacht lucht&nbsp; oibre i gcoitinne. Ba \u00ed Louie Bennett an ch\u00e9ad Uachtar\u00e1n ban de Chomhdh\u00e1il na gCeardchumann nuair a ceapadh \u00ed in 1932.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Mn\u00e1 na Poblachta<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ba ann don eagra\u00edocht Cumann na mBan go f\u00f3ill ach tharla scoilt in 1933. Cuireadh Mn\u00e1 na Poblachta ar bun agus&nbsp; bh\u00ed s\u00e9 mar chro\u00ed-chreidi\u00faint acu gurbh iad baill den dara D\u00e1il an rialtas dlisteanach.<\/p>\n\n\n\n<p>Thug Rialtas Chumann na nGaedheal isteach an tAcht Bunreachta (Leas\u00fa Uimh. 17), 1931, Acht \u00e9 sin a cheadaigh bun\u00fa an Bhinse M\u00edleata agus a thoirmisc na sc\u00f3rtha eagra\u00edochta\u00ed. Bh\u00ed teannas sa t\u00edr go f\u00f3ill agus bh\u00ed a gcuid arm ina seilbh ag iarthrodaithe (idir fhir agus mhn\u00e1) Chogadh na Saoirse agus&nbsp; an Chogaidh Cathartha.<\/p>\n\n\n\n<p>I m\u00ed Feabhra 1932, scaoileadh marbh an Teachta D\u00e1la Patrick Reynolds as Liatroim le linn achrainn a tharla fad a bh\u00ed s\u00e9 ag toghch\u00e1na\u00edocht don olltoghch\u00e1n a tharla ar an 16 Feabhra 1932. Bh\u00ed an Teachta D\u00e1la Reynolds i nD\u00e1il \u00c9ireann ar feadh c\u00faig bliana mar TD Chumann na nGaedheal do Shligeach-Liatroim tar \u00e9is d\u00f3 a bheith tofa i dtr\u00ed olltoghch\u00e1n le linn na tr\u00e9imhse sin.<\/p>\n\n\n\n<p>Sheas Mary Reynolds sa toghch\u00e1n in \u00e1it a \ufb01r ch\u00e9ile. Ba \u00ed an ch\u00faigi\u00fa hiarrth\u00f3ir Chlann na nGaedheal i nd\u00e1ilcheantar a raibh tr\u00ed shu\u00edoch\u00e1n d\u00e9ag aige agus toghadh \u00ed. Chuaigh&nbsp; s\u00ed isteach ar an gc\u00falbhinse in \u00e9ineacht le Margaret Collins-O\u2019Driscoll ansin.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00e9 Fianna F\u00e1il an pr\u00edomhph\u00e1irt\u00ed i gcomhrialtas le P\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre. N\u00ed raibh bean ar bith&nbsp; ar bhins\u00ed an Rialtais.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Eaglais agus an St\u00e1t<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed tionchar na hEaglaise Caitlic\u00ed R\u00f3mh\u00e1na\u00ed ar \u00c9irinn ag dul i m\u00e9id \u00f3 go d\u00e9anach sa 19\u00fa haois ar aghaidh. Spreag an Vatac\u00e1in t\u00f3g\u00e1il tithe pobail agus leathn\u00fa an strucht\u00fair phar\u00f3iste. Bh\u00ed Oird Rialta i mbunscoileanna, me\u00e1nscoileanna agus col\u00e1ist\u00ed oili\u00fana m\u00fainteoir\u00ed, chomh maith le hospid\u00e9il, br\u00fanna, scoileanna ceart\u00fach\u00e1in agus c\u00f3ras leasa a chuimsigh d\u00edlleachtlanna, scoileanna saothair, na Neachtlanna Maigdil\u00e9ana agus Tithe M\u00e1ithreacha &amp; Na\u00edon\u00e1n.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Go luath sna&nbsp; 1930id\u00ed, d\u00fairt Easpaig na h\u00c9ireann go poibl\u00ed n\u00e1r cheart do Chaitlicigh \u00c9ireannacha p\u00e1irt&nbsp; a ghlacadh i ngn\u00edomha\u00edochta\u00ed na gluaiseachta Poblachta\u00ed n\u00e1 gn\u00edomha\u00edochta\u00ed na n-eagra\u00edochta\u00ed Cumannach (a bh\u00ed i gcoinne reiligi\u00fan eagraithe).<\/p>\n\n\n\n<p><strong>L\u00e1 na mBan &#8211; An Chomhdh\u00e1il Eocairisteach Idirn\u00e1isi\u00fanta&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Re\u00e1cht\u00e1ladh an Chomhdh\u00e1il Eocairisteach Idirn\u00e1isi\u00fanta i Meitheamh 1932. Ba eachtra mh\u00f3r \u00ed sin ar thacaigh an St\u00e1t l\u00e9i. Thaistil na m\u00edlte ch\u00fan p\u00e1irt a ghlacadh. C\u00e9 go raibh gn\u00edomha\u00edochta\u00ed ann a chuir&nbsp; f\u00e1ilte roimh dhaoine teacht le ch\u00e9ile agus gu\u00ed, ba ann&nbsp; d&#8217;imeachta\u00ed ar leith d&#8217;fhir, mn\u00e1&nbsp; agus&nbsp; p\u00e1ist\u00ed chomh maith. Tharla L\u00e1 na mBan ar an 24 Meitheamh agus re\u00e1cht\u00e1ladh Aifreann i bP\u00e1irc an Fhionnuisce ar fhreastail 200,000 air, meastar.<\/p>\n\n\n\n<p>Chuaigh&nbsp; eagra\u00edochta\u00ed do Chaitlicigh i m\u00e9id&nbsp; agus i dtreise. Buna\u00edodh The Legion of Mary sna 1920id\u00ed chun cuairt a thabhairt ar mhn\u00e1 tinne i mBaile \u00c1tha Cliath, ach faoi na 1930id\u00ed bh\u00ed siad ag pl\u00e9 le hoibreacha aspalda taobh amuigh d&#8217;\u00c9irinn. Buna\u00edodh Bearta\u00edocht na gCaitliceach i 1933 agus bh\u00ed foghr\u00fapa ar leith acu do mhn\u00e1.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed t\u00f3ir ar chuallachta\u00ed le deabh\u00f3id do Mh\u00e1ire sna scoileanna agus par\u00f3ist\u00ed ar fud na t\u00edre. Bh\u00ed idir fhir agus mhn\u00e1 ina mball de Chumann na R\u00e9ad\u00f3ir\u00ed (staonadh \u00f3n \u00f3l) agus, ina dhiaidh sin, bh\u00ed s\u00e9 ar cheann d&#8217;eagra\u00edochta\u00ed tuata na t\u00edre&nbsp; ba mh\u00f3 ar \u00e9irigh leis.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1933&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>I ndiaidh an olltoghch\u00e1in in 1933, bh\u00ed tri\u00far ban san ocht\u00fa D\u00e1il. Ba iad Bridget Mary Redmond do Chumann na nGaelheal agus Helena Concannon agus Margaret Mary Pearse d&#8217;Fhianna F\u00e1il. N\u00edor \u00e9irigh leis na Teachta\u00ed D\u00e1la de chuid Chumann na nGaedheal a bh\u00ed ag dul as oi\ufb01g, Mary Reynolds agus Margaret Collins-O\u2019Driscoll, a su\u00edoch\u00e1in a choinne\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p>Bheartaigh \u00c9amon de Valera toghch\u00e1n tobann a ghairm d&#8217;fhonn tromlach a fh\u00e1il ach ba ar \u00e9igean n\u00e1r \u00e9irigh leis le 77 su\u00edoch\u00e1n. I ndiaidh fothoghch\u00e1n ina dhiaidh sin, \u00e1fach, bhain Fianna F\u00e1il tromlach amach le linn an ocht\u00fa D\u00e1il. Chuir De Valera t\u00fas lena bheartas chun an Conradh a bhaint \u00f3 ch\u00e9ile nuair a dhi\u00faltaigh s\u00e9 an\u00e1id\u00ed tal\u00fan a bh\u00ed le h\u00edoc le Rialtas na Breataine faoi th\u00e9arma\u00ed an Chonartha a \u00edoc. Thaitin an beartas seo le daoine ar dt\u00fas mar ba ann do ch\u00fal\u00fa eacnama\u00edochta ar fud an domhain. Chuir s\u00e9 t\u00fas,&nbsp; \u00e1fach, le cogadh leis an mBreatain ar tugadh an Cogadh Eacnama\u00edoch air, cogadh a mhair go dt\u00ed 1938. Thug Fianna F\u00e1il reachta\u00edocht isteach chomh maith agus&nbsp; achta\u00edodh an tAcht Bunreachta (M\u00f3id do Chur ar Ceal) 1933.<\/p>\n\n\n\n<p>Spreag \u00c9amon de Valera Helena Concannon BA MA, a bh\u00ed ceithre bliana is caoga d&#8217;aois, dul leis an bpolait\u00edocht tr\u00ed sheasamh i dtoghch\u00e1n d&#8217;Ollscoil na h\u00c9ireann. Bh\u00ed s\u00ed ina Teachta D\u00e1la go dt\u00ed gur cuireadh deireadh leis an su\u00edoch\u00e1n, agus ina dhiaidh sin bh\u00ed s\u00ed ina Seanad\u00f3ir. Fuair s\u00ed c\u00e9im in Ollscoil&nbsp; R\u00edoga na h\u00c9ireann, agus d\u00fairt a comhaoisigh f\u00faithi go raibh s\u00ed &#8220;thar a bheith cliste&#8221;. Ba \u00fadar torth\u00fail \u00ed agus stara\u00ed ar mhn\u00e1 \u00c9ireannacha san Eaglais Chaitliceach. Bronnadh D.Litt uirthi in 1929 as \u2018an m\u00e9id suntasach a rinne s\u00ed ar son eolas stairi\u00fail\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p>Th\u00e1inig Margaret Mary Pearse i gcomharbacht ar a m\u00e1thair in olltoghch\u00e1n na bliana 1933, an bhliain i ndiaidh bh\u00e1s a m\u00e1thar. Ghlac s\u00ed \u00e1it a m\u00e1thar ar Choiste Feidhmi\u00fach\u00e1in Fhianna F\u00e1il chomh maith.<\/p>\n\n\n\n<p>Chuir s\u00e9 iontas ar a clann agus a cairde (a thug Tiny uirthi)&nbsp; gur aontaigh Bridget Redmond go seasfadh s\u00ed mar iarrth\u00f3ir san olltoghch\u00e1n a gaireadh don 24 Ean\u00e1ir 1933. Cuireadh in aithne do na v\u00f3t\u00e1laithe \u00ed mar &#8216;baintreach an Chaptaein m\u00f3r le r\u00e1 nach maireann, Captaen Redmond\u2019. Bh\u00ed teaghlaigh ann nach gcaith\ufb01d\u00eds v\u00f3ta &#8216;ach&nbsp; do Redmond&#8217;, agus th\u00f3g s\u00ed an ch\u00e9ad su\u00edoch\u00e1n i gCathair Phort L\u00e1irge tar \u00e9is di 6,849 v\u00f3ta a fh\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Bac P\u00f3sta&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Le linn na 1930id\u00ed, faoi Rialtas Fhianna F\u00e1il, rinneadh roinnt athruithe ar an reachta\u00edocht ar bhealach a chuathas i bhfeidhm go sonrach n\u00f3 go suntasach ar mhn\u00e1.<\/p>\n\n\n\n<p>An Bac P\u00f3sta: Leag an Roinn Oideachais amach go mbeadh ar gach m\u00fainteoir scoile n\u00e1isi\u00fanta a fuair post \u00f3 1933 ar aghaidh \u00e9ir\u00ed as a bpost a luaithe is a ph\u00f3s siad. I ndiaidh an Achta Fosta\u00edochta 1935 bhain an bac p\u00f3sta le st\u00e1tseirbh\u00edsigh chomh maith. (Tugadh an beart seo isteach i dt\u00edortha eile chomh maith mar gheall ar an gc\u00fal\u00fa eacnama\u00edochta).<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An tAcht um an Dl\u00ed Coiri\u00fail (Leas\u00fa), 1935<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Chuir an tAcht seo cosc ar fhrithghini\u00fanaigh a dh\u00edol. N\u00edorbh fh\u00e9idir iad a dh\u00edol, a fh\u00f3gairt n\u00e1 a iomp\u00f3rt\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An tAcht um Choinn\u00edollacha Fosta\u00edochta, 1936<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Tugadh an tAcht isteach mar bheart chun coinn\u00edollacha oibri\u00fach\u00e1in a fheabhs\u00fa, ach rialaigh s\u00e9 fosta\u00edocht na mban agus daoine \u00f3ga chomh maith. Faoi Alt 16, bh\u00ed an tAire Tionscla\u00edochta agus Tr\u00e1cht\u00e1la \u00e1balta fosta\u00edocht ban in earn\u00e1il na tionscla\u00edochta a rial\u00fa agus theorann\u00fa. Bh\u00ed treoir i bhfeidhm a shonraigh nach raibh cead ag fost\u00f3ir\u00ed l\u00edon n\u00edos m\u00f3 oibrithe ban n\u00e1 oibrithe fear a bheith acu mura ndearnadh ord taca\u00edochta ag an Aire.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An Bunreacht 1937<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh t\u00fas le poist an Taoisigh, an T\u00e1naiste agus an Uachtar\u00e1in mar Cheann St\u00e1it le Bunreacht na h\u00c9ireann in 1937 &#8211; \/ d&#8217;fh\u00e9adfa\u00ed a r\u00e1 gur Poblacht a bh\u00ed inti anois Athbhuna\u00edodh Seanad leis an mBunreacht agus tugadh an Seanad air. Cheap \u00c9amon de Valera Margaret \u2018Loo\u2019 Kennedy chuig an Seanad. Faoin strucht\u00far nua, tr\u00edna bhf\u00e9adfa\u00ed seanad\u00f3ir\u00ed a thoghadh tr\u00ed phain\u00e9il, toghadh Helena Concannon, Linda Kearns McWhinney agus Margaret Pearse.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Chuir Kathleen Clarke a mh\u00edsh\u00e1sta is a bh\u00ed s\u00ed le Bunreacht na bliana 1937 in i\u00fal tr\u00ed \u00e9ir\u00ed as Cumann Tom Clarke Fhianna F\u00e1il. N\u00edor \u00e9irigh s\u00ed as Coiste Feidhmi\u00fach\u00e1in Fhianna F\u00e1il. Chaill s\u00ed a su\u00edoch\u00e1n sa Seanad nuair a cuireadh deireadh leis agus n\u00edor \u00e9irigh l\u00e9i su\u00edoch\u00e1n a fh\u00e1il sa Seanad a buna\u00edodh ag Bunreacht nua 1939.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Ard-Mh\u00e9ara Bhaile \u00c1tha Cliath <\/strong>\u2013 <strong>Kathleen Clarke<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh ina hArd-Mh\u00e9ara Bhaile \u00c1tha Cliath in 1939 Kathleen Clarke, agus ba \u00ed an ch\u00e9ad bhean a toghadh ina m\u00e9ara in \u00c9irinn. Bh\u00ed s\u00ed ina m\u00e9ara ar feadh dh\u00e1 th\u00e9arma go dt\u00ed 1941. N\u00edor iarr s\u00ed go n-atoghfa\u00ed \u00ed mar gheall ar a sl\u00e1inte.&nbsp; Dhi\u00faltaigh Kathleen slabhra an Ard-Mh\u00e9ara a chaitheamh, mar bhronn William III, a bhfuil aithne n\u00edos fearr air mar R\u00ed Liam Or\u00e1iste, \u00e9 agus bh\u00ed a phr\u00f3if\u00edl ar an slabhra. Ina \u00e1it sin, bhain s\u00ed \u00fas\u00e1id as Slabhra an Choinsiasa.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>An tAon Bhean Amh\u00e1in ar Shu\u00edoch\u00e1in an Rialtais<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Bridget Mary Rice<\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh Bridget Mary Rice (n\u00e9e Henaghan), a bh\u00ed tr\u00ed bliana is caoga ag an am, don deichi\u00fa D\u00e1il in 1938. Th\u00e1inig s\u00ed in \u00e1it a \ufb01r ch\u00e9ile Fianna F\u00e1il TD Eamon Rice a fuair b\u00e1s i m\u00ed na Samhna roimhe sin de dheasca taom cro\u00ed. Bh\u00ed tionchar m\u00f3r ag c\u00farsa\u00ed polait\u00edochta ar a saol le ch\u00e9ile. Ba \u00ed an t-aon bhean amh\u00e1in \u00ed ar Shu\u00edoch\u00e1in an Rialtais sa 10\u00fa D\u00e1il \u00c9ireann, agus \u00ed ag d\u00e9anamh ionada\u00edochta ar Mhuineach\u00e1n.&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Mn\u00e1 agus Polait\u00edocht sna 1930id\u00ed<\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","class_list":["post-815","exhibitions","type-exhibitions","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.6 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>1930s - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"1930s - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Mn\u00e1 agus Polait\u00edocht sna 1930id\u00ed\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2021-05-12T15:03:16+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"10 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1930s\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1930s\\\/\",\"name\":\"1930s - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\"},\"datePublished\":\"2021-04-08T12:22:28+00:00\",\"dateModified\":\"2021-05-12T15:03:16+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1930s\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1930s\\\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/exhibitions\\\/1930s\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Exhibitions\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/exhibitions\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"1930s\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"1930s - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"1930s - Mn\u00e1 100","og_description":"Mn\u00e1 agus Polait\u00edocht sna 1930id\u00ed","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2021-05-12T15:03:16+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"10 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/","name":"1930s - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"datePublished":"2021-04-08T12:22:28+00:00","dateModified":"2021-05-12T15:03:16+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1930s\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Exhibitions","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"1930s"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/815","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/exhibitions"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=815"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/815\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":863,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/815\/revisions\/863"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=815"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}