{"id":575,"date":"2021-05-11T10:06:24","date_gmt":"2021-05-11T09:06:24","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=exhibitions&#038;p=575"},"modified":"2021-12-15T11:52:40","modified_gmt":"2021-12-15T11:52:40","slug":"1920-29","status":"publish","type":"exhibitions","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/","title":{"rendered":"1920 &#8211; 29"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>AN FEACHTAS AR SON AN NEAMHSPLE\u00c1CHAIS<\/strong><br>Sna toghch\u00e1in \u00e1iti\u00fala in Ean\u00e1ir 1920, toghadh daichead a tr\u00ed bean leis na comhairl\u00ed cathrach, contae agus buirge. Rinne WT Cosgrave, an tAire Rialtais \u00c1iti\u00fail, maoirseacht ar fhoras cathrach a raibh a dh\u00edlseacht ag athr\u00fa anois \u00f3 pharlaimint na Breataine go D\u00e1il \u00c9ireann.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Thug Arthur Gri\ufb03th, mar an tAire Gn\u00f3tha\u00ed Baile, faoin gc\u00f3ras dl\u00ed a bhun\u00fa, C\u00fairteanna na D\u00e1la ina measc. Ba bhreitheamh \u00ed Kathleen Clarke i mBaile \u00c1tha Cliath Thuaidh. Ba shean\u00f3ir \u00ed, chomh maith, i mBardas Bhaile \u00c1tha Cliath do Bharda\u00ed Choill an Chalaidh agus Mhuinseo.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinne an tAire Airgeadais, M\u00edche\u00e1l \u00d3 Coile\u00e1in, iasacht a thioms\u00fa chun an foras nua a mhaoini\u00fa, chun d\u00edol bhanna\u00ed na D\u00e1la a chur chun cinn tr\u00ed scann\u00e1n a dh\u00e9anamh, inar ghlac gaolta leo si\u00fad a cuireadh chun b\u00e1is mar gheall ar an bp\u00e1irt a ghlac siad in \u00c9ir\u00ed Amach 1916, le r\u00f3l feice\u00e1lach.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed Margaret Pearse (m\u00e1thair le P\u00e1draig agus Liam) ina measc agus rinneadh an scann\u00e1n\u00fa ag Scoil an Phiarsaigh, Scoil \u00c9anna, i R\u00e1th Fearn\u00e1in.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00e9 Cathal Brugha an tAire Cosanta. Cuireadh feachtas m\u00edleata ar si\u00fal in aghaidh na Cor\u00f3nach agus tugadh \u00d3glaigh na h\u00c9ireann (an tIRA) ar na saighdi\u00fair\u00ed ag an tr\u00e1th sin. Ba threallchogadh a bh\u00ed ann agus tugadh \u2018col\u00fain reatha\u2019 ar na haonaid. Thug daoine a raibh b\u00e1 orthu i leith na saighdi\u00fair\u00ed bia agus foscadh d\u00f3ibh.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinne beirt de na ch\u00e9ad docht\u00fair\u00ed mn\u00e1 in \u00c9irinn, an Dr Kathleen Lynn agus an Dr Ada English, foscadh a thabhairt do na daoine a gorta\u00edodh agus c\u00f3ir leighis a chur orthu.<\/p>\n\n\n\n<p>De r\u00e9ir mar a chuaigh an cogadh in olcas, thug an Bhreatain earcaithe isteach san fh\u00f3rsa p\u00f3il\u00edneachta. Tugadh na D\u00fachr\u00f3naigh agus na Saighdi\u00fair\u00ed C\u00fanta orthu.&nbsp; Rinne F\u00f3rsa\u00ed na Cor\u00f3nach ruathar seasta ar thithe agus gn\u00f3lachta\u00ed mar chuid den fhrithbhearta\u00edocht i 1920.&nbsp; Rinneadh ionsaithe ar mhuilte, uachtarlanna agus monarchana n\u00ed ba mhinice agus rinneadh Cathair Chorca\u00ed a scriosadh agus a dh\u00f3.<\/p>\n\n\n\n<p>Thosaigh rialtas na Breataine le \ufb01r agus roinnt ban a chur chun pr\u00edos\u00fain (de r\u00e9ir tuairisce \u00f3 Chumann na mBan, n\u00edor cuireadh ach 50 d\u00e1 mbaill chun pr\u00edos\u00fain ag an tr\u00e1th seo, an Dr Ada English ina measc). Bh\u00ed an Chuntaois de Markievicz ar ais i bpr\u00edos\u00fan i mBaile \u00c1tha Cliath, chomh maith.<\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh go leor ionadaithe poibl\u00ed chun pr\u00edos\u00fain, chomh maith, Ard-Mh\u00e9ara Chorca\u00ed, Terence MacSwiney, ina measc a fuair b\u00e1s i bPr\u00edos\u00fan Brixton i Londain ar an 25 Deireadh F\u00f3mhair 1920 i ndiaidh 74 l\u00e1 a chaitheamh ar stailc ocrais mar ag\u00f3id in aghaidh a ghafa. Rinne a dheir\ufb01\u00far ba shine, Mary, suim na nuacht\u00e1n sa sc\u00e9al a chomhord\u00fa, a mheall aird idirn\u00e1isi\u00fanta. Nuair a d\u2019fhill \u00c9amon de Valera \u00f3n turas tiomsaithe airgid agus poibl\u00edochta sna St\u00e1it Aontaithe i Nollaig 1920, d\u2019iarr s\u00e9 ar Mary MacSwiney chun lean\u00faint lena obair ansin, agus an troid ar son fh\u00e9inchinnti\u00fach\u00e1n na h\u00c9ireann a phoibli\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>An 23 Nollaig 1920, th\u00e1inig an tAcht um Rialtas na h\u00c9ireann i bhfeidhm sa dl\u00ed. Cheadaigh seo do Thuaisceart \u00c9ireann agus Poblacht na h\u00c9ireann chun a bparlaimint f\u00e9in a bheith acu, ach bheadh \u00c9ire mar chuid d\u2019Impireacht na Breataine go f\u00f3ill agus bheadh an Monarc f\u00f3s mar Cheann an St\u00e1it.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>AN tOLLTOGHCH\u00c1N, BEALTAINE 1921<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>I mBealtaine 1921, cuireadh toghch\u00e1in ar si\u00fal faoin Acht um Rialtas na h\u00c9ireann. Ghlac Sinn F\u00e9in p\u00e1irt sa toghch\u00e1n ach dhi\u00faltaigh s\u00e9 an d\u00e1 pharlaimint a aithint. Chruthaigh siad an Dara D\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p>Chuaigh c\u00faigear ban sa bhreis leis an gCuntaois de Markievicz: Kathleen Clarke, an Dr Ada English, Mary MacSwiney, Margaret Pearse agus Kate O\u2019Callaghan. Bhain Kate O\u2019Callaghan aird phoibl\u00ed amach lena foilseach\u00e1n ar \u2018Limerick Curfew Murders\u2019 inar sonra\u00edodh go ndearnadh a fear c\u00e9ile a l\u00e1mhach agus a mhar\u00fa i m\u00ed an Mh\u00e1rta 1921.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>NA CH\u00c9AD ABHC\u00d3ID\u00cd MN\u00c1&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Bronnadh in The Sex Disquali\ufb01cation (Removal) Act, 1919&nbsp; gairmeacha beatha ar mhn\u00e1 sa dl\u00ed, sa mh\u00e1inliacht tr\u00e9idliachta agus sa st\u00e1tseirbh\u00eds n\u00ed b\u2019airde nach raibh teacht acu orthu go dt\u00ed sin.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba iad an ch\u00e9ad&nbsp; bheirt&nbsp; bhan a rinneadh a ghairm chun Barra na h\u00c9ireann ar an 1 Samhain 1921&nbsp; Frances Christian Kyle \u00f3 Bh\u00e9al&nbsp; Feirste agus Averil Katherine Slatter Deverell \u00f3 na Clocha Liatha, Contae&nbsp; Chill Mhant\u00e1in. Bhain an bheirt acu C\u00e9im sa Dl\u00ed amach \u00f3 Chol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide. Tugadh cead isteach d\u00f3ibh chuig \u00d3sta\u00ed an R\u00ed in Ean\u00e1ir 1920.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Frances Kyle an ch\u00e9ad bhean, de r\u00e9ir na gcuntas, ar tugadh cead isteach di chuig an mBarra. Ba \u00ed an ch\u00e9ad bhean, chomh maith leis sin, ar bronnadh Scol\u00e1ireacht John Brooke uirthi. Ba \u00ed Deverell an ch\u00e9ad bhean a chleachtaigh ag an mbarra. Rinneadh a leathch\u00fapla dearth\u00e1r, Liam Berenger Slatter Deverell, a ghairm chun an bharra an l\u00e1 c\u00e9anna, chomh maith.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1921&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Scaoileadh an Chuntaois de Markievicz \u00f3n bpr\u00edos\u00fan. Athcheapadh \u00ed ina R\u00fana\u00ed Saothair ar an 26 L\u00fanasa&nbsp; 1921. N\u00edor phost ioml\u00e1n comh-aireachta \u00e9 seo a thuilleadh, \u00e1fach. Luaigh Kate O\u2019Callaghan sa D\u00e1il go raibh \u201caif\u00e9ala uirthi nach mbronnfa\u00ed c\u00e9im chomh-aireachta ar an t-aon bhall baineann den chomh-aireacht sa socr\u00fa nua\u2019\u201d. Luaigh Mary MacSwiney,&nbsp; go raibh \u201cfasach \u00e1 chruth\u00fa\u201d&nbsp; tr\u00edd \u201can t-aon bhall baineann den chomh-aireacht a chur amach\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa ch\u00e9ad toghch\u00e1n a thit amach i gc\u00faige nua Thuaisceart \u00c9ireann, toghadh beirt bhan, Julia McMordie agus Dehra S. Chicester (an Bhantiarna Dehra Parker ina dhiaidh sin) leis an bp\u00e1irt\u00ed Aontachtach. Ba bhaill iad de Chomhairle Aontachtach Mhn\u00e1 Uladh (UWUC). Spreag baill den UWUC v\u00f3t\u00e1laithe a chl\u00e1r\u00fa agus chuir siad ranganna ar si\u00fal ar ionada\u00edocht chomhr\u00e9ireach. I gContae an Chabh\u00e1in, Contae Mhuineach\u00e1in agus Contae Dh\u00fan na nGall, thug gr\u00fapa ar ar tugadh C\u00f3naidhm Chathartha na mBan faoina shamhail d\u2019obair.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1922 AN CONRADH AGUS AN TR\u00c9IMHSE INA DHIAIDH<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Glacadh sos cogaidh \u00f3n gcoimhlint ar an 11 I\u00fail 1921.Thaistil l\u00e1nchumhachtaigh go Londain chun socr\u00fa deiridh a shocr\u00fa, an Conradh Angla-\u00c9ireannach, i ndiaidh gur cuireadh cainteanna ar si\u00fal idir Pr\u00edomh-Aire na Breataine, David Lloyd George, agus \u00c9amon de Valera (Uachtar\u00e1n Dh\u00e1il \u00c9ireann) i samhradh 1921.&nbsp; Th\u00e1inig deighilt ar Dh\u00e1il \u00c9ireann mar gheall ar th\u00e9arma\u00ed an Chonartha.<\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019fh\u00e1g iad si\u00fad a chuir in aghaidh an Chonartha an seomra ar an 9 Ean\u00e1ir 1922, an seisear ban a bh\u00ed ina dTeachta\u00ed D\u00e1la ina measc. \u00a0Bh\u00ed baill de Chumann na mBan ar aon intinn leo, a dhi\u00faltaigh t\u00e9arma\u00ed airteagail an chomhaontaithe ag a gcoinbhinsi\u00fan, 419 v\u00f3ta in aghaidh 6 v\u00f3ta. Chruthaigh mn\u00e1 a thacaigh leis an gConradh Cumann na Saoirse ina dhiaidh sin.<\/p>\n\n\n\n<p>Ar an 14 Ean\u00e1ir 1922, thug an Rialtas ar thaobh an Chonartha faoi Shaorst\u00e1t \u00c9ireann a bhun\u00fa. Ar an 16 Ean\u00e1ir 1922, ghlac an rialtas nua ceannas ar Chaisle\u00e1n Bhaile \u00c1tha Cliath, su\u00edoch\u00e1n chumhacht na Breataine in \u00c9irinn leis na c\u00e9adta bliain. Crutha\u00edodh Arm N\u00e1isi\u00fanta (\u00d3glaigh na h\u00c9ireann) agus Garda Cathartha (ar ar tugadh an Garda S\u00edoch\u00e1na n\u00ed ba dh\u00e9ana\u00ed).<\/p>\n\n\n\n<p>Crutha\u00edodh an 3\u00fa D\u00e1il i ndiaidh olltoghch\u00e1in ar an 16 Meitheamh 1922 agus crutha\u00edodh Rialtas Sealadach Dheisceart na h\u00c9ireann. Toghadh beirt bhan, Mary MacSwiney le Cathair Chorca\u00ed agus Kate O\u2019Callaghan le Cathair Luimnigh agus Oirthear Luimnigh.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed f\u00f3rsa\u00ed in Aghaidh an Chonartha lonnaithe sna Ceithre Ch\u00fairt i mBaile \u00c1tha Cliath. Deirtear gur cuireadh t\u00fas le coimhlint an Chogaidh Chathartha nuair a chaith Saighdi\u00fair\u00ed ar thaobh an Chonartha sliog\u00e1in leis an bhfoirgneamh ar an 28 Meitheamh 1922. Thit t\u00fas an chomhraic mh\u00edleata amach roimh ch\u00e9ad su\u00ed na 3\u00fa D\u00e1la, a bh\u00ed le tion\u00f3l ar an 30 Meitheamh.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh baintreach de Chaitl\u00edn Brugha ar an 7 I\u00fail 1922 agus daichead a tr\u00ed bliain sl\u00e1naithe aici. D\u2019iarr an mh\u00e1thair le seisear clainne go poibl\u00ed go bhfeidhmeodh na mn\u00e1 a bh\u00ed ar son ghluaiseacht na bPoblachtach mar na pr\u00edomhchaointeoir\u00ed agus mar gharda on\u00f3ra ag sochraid a fir ch\u00e9ile.<\/p>\n\n\n\n<p>Chuir a fear c\u00e9ile, Cathal Brugha, in aghaidh an Chonartha, ach n\u00edor \u00e9irigh leis stop a chur le g\u00e9ar\u00fa an naimhdis a raibh cogadh cathartha mar thoradh air. A luaithe is a cuireadh t\u00fas leis an gcoga\u00edocht, rinneadh ceannasa\u00ed de ar na f\u00f3rsa\u00ed ar Shr\u00e1id U\u00ed Chonaill. Gorta\u00edodh \u00e9 ar an 5 I\u00fail, agus fuair s\u00e9 b\u00e1s dh\u00e1 l\u00e1 ina dhiaidh sin.<\/p>\n\n\n\n<p>San olltoghch\u00e1n a cuireadh ar bun ar an 27 L\u00fanasa 1923, sheas Caitl\u00edn Brugha mar Phoblachtach do shu\u00edoch\u00e1n a fir ch\u00e9ile n\u00e1r mhair. Bhain s\u00ed an l\u00edon ba mh\u00f3 v\u00f3ta\u00ed amach agus n\u00edor ghlac s\u00ed lena su\u00edoch\u00e1n sa 4\u00fa D\u00e1il. Sheas s\u00ed ar\u00eds eile sa toghch\u00e1n don 5\u00fa D\u00e1il ar an 9 Meitheamh 1927, mar bhall de Shinn F\u00e9in. Ba TD \u00ed n\u00e1r fhreastail riamh agus chlo\u00edgh s\u00ed le beartas a p\u00e1irt\u00ed gan dlisteanacht Dh\u00e1il \u00c9ireann a aithint.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Ceannr\u00f3daithe Polaiti\u00fala<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Toghadh c\u00faigear ban leis an 4\u00fa D\u00e1il \u00c9ireann ar an 27 L\u00fanasa 1923,&nbsp; Caitl\u00edn Brugha, an Dr Kathleen&nbsp; Lynn, Mary MacSwiney, an Chuntaois&nbsp; de Markievicz agus Margaret Collins-O\u2019Driscoll a sheas ar son Bhaile \u00c1tha Cliath Thuaidh mar bhall den Ph\u00e1irt\u00ed ar thaobh an Chonartha, ar tugadh Cumann na nGaedheal air ag an tr\u00e1th sin.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Margaret an deir\ufb01\u00far ba shine le Michael Collins. Bh\u00ed Collins ina Uachtar\u00e1n ar Dh\u00e1il \u00c9ireann agus ba \u00e9 Ardcheannasa\u00ed Arm Shaorst\u00e1t \u00c9ireann nuair a mharaigh f\u00f3rsa\u00ed in aghaidh an chonartha \u00e9 i rith lu\u00edoch\u00e1in i ngar do theach a theaghlaigh in Iarthar Chorca\u00ed an 22 L\u00fanasa 1922. D\u2019fh\u00e1g Margaret Iarthar Chorca\u00ed i ndiaidh bh\u00e1s a dearth\u00e1r. D\u2019fh\u00e1g go leor daoine an \u00e1it inar ch\u00f3naigh&nbsp; a dteaghlaigh leis na cianta mar thoradh ar an gCogadh Cathartha, ina raibh comharsana ag achrann lena ch\u00e9ile.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed Cogadh Cathartha ar si\u00fal timpeall uirthi nuair a d\u2019fh\u00f3in Margaret a ch\u00e9ad t\u00e9arma i nD\u00e1il \u00c9ireann. Faoin Acht Cumhachta\u00ed Pr\u00e1inne, cuireadh na m\u00edlte fear agus breis agus 700 bean&nbsp; in aghaidh an chonartha, na hiar-TDanna Mary MacSwiney agus Kate O\u2019Callaghan ina measc, chun pr\u00edos\u00fain. Scaoileadh leis an mbeirt bhan seo go luath \u00f3n bpr\u00edos\u00fan i ndiaidh stailceanna ocrais.&nbsp; Cuireadh an Chuntaois&nbsp; de Markievicz i bpr\u00edos\u00fan,&nbsp; chomh&nbsp; maith,&nbsp; agus bh\u00ed s\u00ed ar stailc ocrais.<\/p>\n\n\n\n<p>I dtosach, cuireadh mn\u00e1 i bpr\u00edos\u00fan fud fad na t\u00edre, ach bh\u00ed siad go l\u00e9ir \u00e1 gcoime\u00e1d go l\u00e1rnach&nbsp; i mBaile&nbsp; \u00c1tha Cliath faoi thr\u00e1th d\u00e9anach i 1923. D\u2019fhreastail an ch\u00e9ad&nbsp; Oi\ufb01geach&nbsp; Coimisi\u00fanta&nbsp; baineann in Arm Shaorst\u00e1t \u00c9ireann orthu,&nbsp; an Dr Bridget Lyons Thornton, a throid taobh le go leor de na mn\u00e1 sna blianta roimhe&nbsp; sin. Scaoileadh leis na pr\u00edos\u00fanaigh dheireanacha mhn\u00e1 i Nollaig 1923.&nbsp; N\u00edor cuireadh aon bhean chun b\u00e1is agus n\u00ed bhfuair aon bhean b\u00e1s de bharr&nbsp; stailc ocrais.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1924<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>TEACH LAIGHEAN<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>In 1924,&nbsp; d\u2019aistrigh an pharlaimint isteach i dTeach Laighean ar Shr\u00e1id Chill Dara. Faoi th\u00e9arma\u00ed an chonartha, bh\u00ed dh\u00e1 theach le bheith ag \u00c9irinn, an D\u00e1il agus an Seanad, ar a dtugtar Tithe an Oireachtais. Bh\u00ed 153 Teachta D\u00e1la tofa tr\u00ed \u00fas\u00e1id a bhaint as c\u00f3ras an v\u00f3ta aonair<\/p>\n\n\n\n<p>inaistrithe seachas c\u00f3ras&nbsp; \u2018an ch\u00e9ad&nbsp; duine thar an l\u00edne\u2019 a bh\u00ed ar bun sa Bhreatain. Buna\u00edodh aon roinn St\u00e1it d\u00e9ag san Acht Air\u00ed agus R\u00fanaithe, 1924.<\/p>\n\n\n\n<p>Rinneadh&nbsp; for\u00e1il i mBunreacht Shaorst\u00e1t \u00c9ireann do sheanad seasca ball. Cheap WT Cosgrave, mar Uachtar\u00e1n na Comhairle Feidhmi\u00fach\u00e1in, 30 d\u00edobh seo don ch\u00e9ad tr\u00e9imhse tr\u00ed bliana \u00f3 1922&nbsp; go 1925.<\/p>\n\n\n\n<p>Rolla veillim, ar a bhfuil s\u00edni\u00fa gach comhalta de ch\u00e9ad sheanad na h\u00c9ireann, a thug Alice Stopford Green do Thithe an&nbsp; Oireachtais.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Fianna F\u00e1il<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>D\u2019\u00e9irigh deich mball de bhuanchoiste Shinn F\u00e9in as ag Halla Bhaile R\u00e1th Maonais ar an 29 M\u00e1rta 1926. I ndiaidh c\u00fapla seachtain bh\u00ed p\u00e1irt\u00ed polaiti\u00fail ar ar tugadh Fianna F\u00e1il bunaithe ag \u00c9amon de Valera agus a lucht taca\u00edochta. An P\u00e1irt\u00ed Poblachtach a bh\u00ed mar fhotheideal an ph\u00e1irt\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed an Chuntaois&nbsp; de Markievicz ina cathaoirleach ar chruinni\u00fa tionscnaimh an ph\u00e1irt\u00ed ag Amharclann La Scala i mBaile&nbsp; \u00c1tha Cliath ar an 19 Bealtaine 1926. Th\u00e1inig borradh tapa ar an taca\u00edocht a tugadh don ph\u00e1irt\u00ed. Buna\u00edodh Cumann i ngach Par\u00f3iste Caitliceach.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed Mary Ryan, ball de Chumann na mBan, i measc ch\u00e9ad bhaill an ph\u00e1irt\u00ed i dTiobraid \u00c1rann. Thug s\u00ed chun cuimhne n\u00ed ba dh\u00e9ana\u00ed gur iarradh uirthi f\u00e9in agus a fear c\u00e9ile, Martin, freastal ar chruinni\u00fa tionscnaimh Fhianna F\u00e1il i ndiaidh Aifrinn ag Crois na Rae. D\u00fairt s\u00ed: \u2018n\u00ed raibh orm athmhachnamh a dh\u00e9anamh\u2019 agus d\u2019imigh s\u00ed leo \u2018ar an toirt\u2019. Ghlac Mary le freagracht as cruinnithe a chur ar si\u00fal, taca\u00edocht a fh\u00e1il agus cist\u00ed a thioms\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>Tugadh le \ufb01os ar an 24 Samhain 1926&nbsp; gur fhreastail 500 toscaire ar ch\u00e9ad Ard-Fheis an ph\u00e1irt\u00ed. I measc na bpr\u00edomhthaca\u00edochta\u00ed baineanna, bh\u00ed Margaret Pearse, Dorothy Macardle, Hanna Sheehy-Ske\ufb03ngton agus Linda Kearns. Bh\u00ed Kathleen&nbsp; Clarke agus an Chuntaois de Markievicz mar chuid den Fheidhmeannacht.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Sinn F\u00e9in<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Lean s\u00ed le Sinn F\u00e9in agus rinneadh Leas-Uachtar\u00e1n de Mary MacSwiney agus sheas Caitl\u00edn Brugha mar iarrth\u00f3ir&nbsp; de chuid Shinn F\u00e9in san olltoghch\u00e1n don 5\u00fa D\u00e1il i Meitheamh 1927.&nbsp; Toghadh \u00ed, chomh&nbsp; maith le Kathleen&nbsp; Clarke agus an Chuntaois de Markievicz le Fianna F\u00e1il ach<\/p>\n\n\n\n<p>n\u00edor ghlac siad lena su\u00edoch\u00e1in. Ar\u00eds eile, ba \u00ed Margaret Collins-O\u2019Driscoll le Cumann na nGaedheal an t-aon TD baineann sa D\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1926<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Cuireadh c\u00faigi\u00fa Comhdh\u00e1il Chonradh Idirn\u00e1isi\u00fanta na mBan ar son na S\u00edoch\u00e1na agus na Saoirse ar si\u00fal i mBaile \u00c1tha Cliath i 1926. D\u2019fhreastail 150 toscaire \u00f3 20 t\u00edr air agus ba \u00e9 an ch\u00e9ad tion\u00f3l d\u2019eagra\u00edocht idirn\u00e1isi\u00fanta i Saorst\u00e1t \u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1927<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Dearbha\u00edodh in Acht na nGi\u00fair\u00e9ithe, 1927 go roghn\u00f3fa\u00ed gi\u00fair\u00e9ithe i gc\u00e1sanna coiri\u00fala&nbsp; agus<\/p>\n\n\n\n<p>sibhialta \u00f3 \u00edoc\u00f3ir\u00ed r\u00e1ta\u00ed.&nbsp; Rinne seo mn\u00e1 a eisiamh beagnach go hioml\u00e1n. N\u00ed raibh mn\u00e1 i dteideal seirbh\u00eds ghi\u00fair\u00e9 a thabhairt mura ndearna siad iarratas ar leith.<\/p>\n\n\n\n<p>Tugadh an tAcht Timpeall Toghch\u00e1n (Leas\u00fa) (1927) isteach i ndiaidh gur feallmhara\u00edodh an tAire Dl\u00ed agus Cirt, Kevin O\u2019Higgins. For\u00e1ladh san Acht gur g\u00e1 d\u2019iarrth\u00f3ir\u00ed ar thoghadh le D\u00e1il \u00c9ireann mionnscr\u00edbhinn a sh\u00edni\u00fa go nglacfaid\u00eds lena su\u00edoch\u00e1n agus leis an mionn d\u00edlseachta leis an monarc laistigh de dh\u00e1 mh\u00ed, d\u00e1 dtoghfa\u00ed iad. Cheadaigh s\u00e9 seo, i bhf\u00edrinne, meicn\u00edocht d\u2019Fhianna F\u00e1il chun an D\u00e1il a iontr\u00e1il. Chuir \u00c9amon de Valera ina lu\u00ed ar a ph\u00e1irt\u00ed glacadh leis seo agus d\u00fairt s\u00e9: \u201cTugann teachta\u00ed d\u00e1la Fhianna F\u00e1il f\u00f3gra, leis seo, go mbearta\u00edonn siad chun caitheamh leis an dearbh\u00fa mar fhoirmi\u00falacht gan taca agus go ndearbha\u00edonn siad ar\u00eds eile gur le n\u00e1isi\u00fan na h\u00c9ireann at\u00e1 a nd\u00edlseacht f\u00e9in &#8230;\u201d<\/p>\n\n\n\n<p>N\u00ed raibh an Chuntaois de Markievicz i l\u00e1thair \u2013 fuair s\u00ed b\u00e1s ar an 15 I\u00fail 1927.&nbsp; Ba \u00ed Margaret Collins-O\u2019Driscoll an t-aon bhean a shuigh sa 6\u00fa D\u00e1il.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1928&nbsp;<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>I Nollaig 1928, chuaigh Kathleen Clarke le Eileen Costello, Ellen, Cuntaois Bhaile Mhic Dh\u00e1ith, Alice Stopford Green agus Jennie Wyse Power agus ionada\u00edocht \u00e1 d\u00e9anamh acu d\u2019Fhianna F\u00e1il sa Seanad.<\/p>\n\n\n\n<p>Lean baill Shinn F\u00e9in le cruinnithe an dara D\u00e1la a chur ar si\u00fal. Ba \u00e9 an tion\u00f3l dlisteanach a toghadh agus n\u00e1r scaoileadh riamh, dar leo. Lean siad leis an tion\u00f3l a chur i mb\u00e9al an phobail agus chas siad lena ch\u00e9ile go rialta. Tugadh D\u00e1il In\u00edon MacSwiney air sna nuacht\u00e1in. D\u2019fhreastail Kate O\u2019Callaghan agus an Dr Ada English air, chomh maith.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed an Bhantiarna Mary Bailey, a rugadh i gContae Mhuineach\u00e1in, an ch\u00e9ad bhean a d\u2019eitil l\u00e9i f\u00e9in \u00f3 Londain go Cape Town. Tugadh \u2018eitleoir mn\u00e1 seaimp\u00edn an domhain\u2019&nbsp; uirthi.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>1929<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ritheadh an tAcht um Scr\u00fad\u00f3ireacht Fhoilseach\u00e1n, 1929. Rinne seo sol\u00e1thar do Bhord Cinsireachta nua a chruth\u00fa. Rinneadh for\u00e1il ann freisin do chosc \u00e9igeantach a chur ar leabhair n\u00f3 tr\u00e9imhseach\u00e1in a thacaigh le \u2018cosc m\u00edn\u00e1d\u00fartha a chur ar ghini\u00faint\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed M\u00e1ir\u00e9ad&nbsp; N\u00ed Ghr\u00e1da an ch\u00e9ad l\u00e1ithreoir raidi\u00f3 mn\u00e1. Choime\u00e1d s\u00ed r\u00f3l an phr\u00edomhl\u00e1ithreora i Raidi\u00f3 \u00c9ireann \u00f3 1929&nbsp; go dt\u00ed 1935.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>An Feachtas ar son an Neamhsple\u00e1chais<\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","class_list":["post-575","exhibitions","type-exhibitions","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.2 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>1920 - 29 - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"1920 - 29 - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"An Feachtas ar son an Neamhsple\u00e1chais\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2021-12-15T11:52:40+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"11 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/\",\"name\":\"1920 - 29 - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\"},\"datePublished\":\"2021-05-11T09:06:24+00:00\",\"dateModified\":\"2021-12-15T11:52:40+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Exhibitions\",\"item\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"1920 &#8211; 29\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"1920 - 29 - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"1920 - 29 - Mn\u00e1 100","og_description":"An Feachtas ar son an Neamhsple\u00e1chais","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2021-12-15T11:52:40+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"11 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/","name":"1920 - 29 - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"datePublished":"2021-05-11T09:06:24+00:00","dateModified":"2021-12-15T11:52:40+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/exhibitions\/1920-29\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Exhibitions","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/exhibitions\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"1920 &#8211; 29"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/575","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/exhibitions"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=575"}],"version-history":[{"count":7,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/575\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2832,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/exhibitions\/575\/revisions\/2832"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=575"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}