{"id":995,"date":"2021-08-12T21:39:00","date_gmt":"2021-08-12T20:39:00","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=centenary-moments&#038;p=995"},"modified":"2024-08-21T13:39:16","modified_gmt":"2024-08-21T12:39:16","slug":"mainlymuseums-com","status":"publish","type":"centenary-moments","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/","title":{"rendered":"MainlyMuseums.com"},"content":{"rendered":"\n<p><em>Teach an Ch\u00f3iste, Gaird\u00edn\u00ed Caisle\u00e1n Bhaile \u00c1tha Cliath. Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/ Fennell Photography<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Is cuid de chl\u00e1r na h\u00c9ireann um Dheich mBliana na gCuimhneach\u00e1n \u00e9 an taispe\u00e1ntas seo, arna re\u00e1cht\u00e1il \u00f3 2012 go 2023 \u2013 chun com\u00f3radh a dh\u00e9anamh ar na himeachta\u00ed stairi\u00fala suntasacha as a lean bun\u00fa St\u00e1t na h\u00c9ireann.\u00a0 Taispe\u00e1ntas is ea<strong> Tob-Mh\u00fasaem na mBan \u2013 100 Bliain de Mhn\u00e1 sa Pholait\u00edocht agus sa Saol Poibl\u00ed<\/strong> ina mbreathna\u00edtear ar mhn\u00e1 agus ar an r\u00f3l a bh\u00ed acu i mbun\u00fa na h\u00c9ireann comhaimseartha, at\u00e1 ar cheann de st\u00e1it dhaonlathacha pharlaiminteacha is sine at\u00e1 f\u00f3s ar marthain san Eoraip.\u00a0<\/p>\n\n\n\n<p>Sa taispe\u00e1ntas seo, baintear \u00fas\u00e1id as rogha \u00edomh\u00e1nna, scann\u00e1n, taispe\u00e1ntas idirghn\u00edomhach, nithe agus \u00e9id\u00ed, treora\u00edtear an cuairteoir tr\u00ed aistear na mban ag an obair \u2013 a gcuid \u00e9ada\u00ed, m\u00e1la\u00ed, \u00e1bhar toghch\u00e1na\u00edochta, a ndeasca agus a n-uirlis\u00ed scr\u00edbhneoireachta, ruda\u00ed ar th\u00e1inig athr\u00fa orthu le himeacht aimsire. Pl\u00e9ann gach cuid le deich mbliana ar leithligh, agus tugann na tr\u00e9imhs\u00ed ama forl\u00e9argas don chuairteoir ar na himeachta\u00ed agus ar an reachta\u00edocht a raibh tionchar acu ar shaol na mban.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/04\/Banner-1024x256.jpg\" alt=\"\"\/><figcaption>Bain sult as an turas f\u00edor\u00fail seo ar Thob-Mh\u00fasaem na mBan. &nbsp; &nbsp; \u00c9ist leis an sc\u00e9al, 100 Bliain de Mhn\u00e1 sa Pholait\u00edocht agus sa Saol Poibl\u00ed in \u00c9irinn.<br>100 Bliain de Mhn\u00e1 sa Pholait\u00edocht agus sa Saol Poibl\u00ed 1918-2018<br><\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Oscla\u00edodh an taispe\u00e1ntas in 2018 chun \u00f3c\u00e1id staire a tharla c\u00e9ad bliain \u00f3 shin a chom\u00f3radh.&nbsp; Bliain shuntasach a bh\u00ed sa bhliain 1918 do mhn\u00e1 in \u00c9irinn agus sa Bhreatain. Rith Parlaimint Westminster an <em>Representation of the People Act<\/em> an bhliain sin, inar tugadh ceart v\u00f3t\u00e1la do mhn\u00e1 a bh\u00ed os cionn 30 bliana d\u2019aois agus ina gc\u00e9imithe ollscoile n\u00f3 a chomhl\u00edon c\u00e1il\u00edocht r\u00e9admhaoine. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa bhliain sin, tugadh cead do mhn\u00e1 seasamh i dtoghch\u00e1n, ar comhch\u00e9im le fir, nuair a ritheadh an t-acht, <em>Parliament (Qualification of Women) Act<\/em>. Rinneadh com\u00f3radh sa tob-mh\u00fasaem seo ar thabhairt isteach na gceart v\u00f3t\u00e1la do mhn\u00e1 agus ar an gceart a bh\u00ed acu seasamh i dtoghch\u00e1in pharlaiminte. Ba \u00ed Constance de Markievicz, a rinne ionada\u00edocht do Bhaile \u00c1tha Cliath, an t-aon bhean a toghadh sa toghch\u00e1n sin.<\/p>\n\n\n\n<p>Ins\u00edtear an sc\u00e9al sin sa taispe\u00e1ntas, ag tos\u00fa le toghadh Markievicz, agus ins\u00edtear sc\u00e9alta reacht\u00f3ir\u00ed agus ceannair\u00ed mn\u00e1 eile a th\u00e1inig chun cinn sna c\u00e9ad bliain ina dhiaidh sin. Leagtar amach an taispe\u00e1ntas mar thuras tr\u00ed na deicheanna de bhlianta &#8211; na 1920id\u00ed, 1930id\u00ed, 1940id\u00ed, 1950id\u00ed, 1960id\u00ed, 1970id\u00ed, 1980id\u00ed, 1990\u00ed agus isteach sna 2000id\u00ed.&nbsp; Bord na Comh-Aireachta is ea buaicphointe an taispe\u00e1ntais, ina l\u00e9ir\u00edtear na 19 mbean a bh\u00ed ina nAir\u00ed Aireachta sa tr\u00e9imhse 1918-2018.&nbsp;&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/04\/DCG0119WP101-1024x682.jpg\" alt=\"\"\/><figcaption>Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/Ros Kavanagh<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Leis an Tob-Mh\u00fasaem, ins\u00edtear sc\u00e9alta os cionn 206 ionada\u00ed tofa agus ceannr\u00f3da\u00ed mn\u00e1 \u00c9ireannach eile a rannchuidigh go m\u00f3r leis an bpolait\u00edocht agus leis an saol poibl\u00ed in \u00c9irinn \u00f3n mbliain 1918; agus scr\u00fada\u00edtear na d\u00fashl\u00e1in a bh\u00ed rompu agus na bacainn\u00ed a sh\u00e1raigh siad. D\u2019fhonn an taispe\u00e1ntas seo a chur le ch\u00e9ile, tugadh rochtain fhlaithi\u00fail n\u00e1r tugadh riamh cheana ar chartlanna pearsanta agus ar chartlanna nach bhfacthas roimhe sin \u00f3 Theachta\u00ed \u00c9ireannacha, Comhalta\u00ed de Pharlaimint na hEorpa agus \u00f3 ghn\u00edomhaithe mn\u00e1 eile. N\u00edor ins\u00edodh a sc\u00e9alta riamh roimhe seo ar a leith\u00e9id de bhealach chomh uil\u00edoch, pearsanta, inrochtana agus sp\u00e9isi\u00fail sin.&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 an Tob-Mh\u00fasaem ar cheann de 48 dtionscnamh agus mar chuid de l\u00edonra agus is cuid de l\u00edonra m\u00fasaem \u00e9 ina bhfuil 96 m\u00fasaem fhisiceacha agus 21 mh\u00fasaem f\u00edor\u00fail ar fud an domhain a dh\u00edr\u00edonn ar mhn\u00e1 [<em>The International Association of Women\u2019s Museums<\/em> https:\/\/iawm.international\/] Is \u00e9 seo an ch\u00e9ad uair a chuaigh \u2018m\u00fasaem na mban\u2019 n\u00f3 taispe\u00e1ntas a dh\u00edr\u00edonn go sonrach ar mhn\u00e1 ar camchuairt ar fud t\u00edre.&nbsp;&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Ceann de l\u00e1idreachta\u00ed m\u00f3ra an Tob-Mh\u00fasaeim is ea a shol\u00fabtha at\u00e1 s\u00e9 \u2013 i ngach l\u00e1ithre\u00e1n, d\u2019oibrigh Aonad na gCuimhneach\u00e1n sa Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n go rath\u00fail i gcomhar leis na pobail \u00e1iti\u00fala chun an t-inneachar a chruth\u00fa agus a dh\u00edri\u00fa chun aird an lucht f\u00e9achana \u00e1iti\u00fail a tharraingt.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Oscla\u00edodh an Tob-Mh\u00fasaem i mBaile \u00c1tha Cliath i m\u00ed na Nollag 2018 agus thaistil s\u00e9 go dt\u00ed na ceithre c\u00faige. I gC\u00faige na Mumhan, cuireadh ar taispe\u00e1ntas \u00e9 i gCathair Luimnigh agus i Halla Istrabraq na Comhairle Contae.&nbsp; Aistr\u00edodh \u00e9 go dt\u00ed C\u00faige Uladh ansin, go dt\u00ed M\u00fasaem Chontae Dh\u00fan na nGall i Leitir Ceanainn. Ansin cuireadh ar taispe\u00e1int \u00e9 in Oifig\u00ed Chomhairle Chontae Ros Com\u00e1in i gC\u00faige Chonnacht agus aistr\u00edodh ar ais go dt\u00ed Caisle\u00e1n Bhaile \u00c1tha Cliath ansin \u00e9 don dara taispe\u00e1ntas.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/04\/DCG0720WP008-1024x721.jpg\" alt=\"\"\/><figcaption>Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/Ros Kavanagh<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Agus t\u00fa ag d\u00e9anamh do bhealaigh tr\u00edd an taispe\u00e1ntas, ins\u00edtear duit faoi nithe t\u00e1bhachtacha i saolta na mban, amhail <em>Sex Disqualification (Removal) Act 1919<\/em> lenar tugadh cead do mhn\u00e1 tabhairt faoi ghairmeacha den ch\u00e9ad uair. T\u00e1 nithe ar leis na ch\u00e9ad dl\u00edod\u00f3ir\u00ed mn\u00e1 in \u00c9irinn iad ar taispe\u00e1int. L\u00e9ir\u00edtear an tr\u00e9imhse ama \u2013 breis agus c\u00e9ad bliain \u2013 le taispe\u00e1ntas de na peiri\u00faic\u00ed agus de na r\u00f3ba\u00ed ar le Pr\u00edomh-Bhreitheamh mn\u00e1 na h\u00c9ireann iad, bean a ceapadh sa phost sin i rith na deich mbliana seo caite.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>D\u00e9antar cur s\u00edos ar imeachta\u00ed \u00f3 gach tr\u00e9imhse deich mbliana ar na pain\u00e9il le haghaidh gach cuid.&nbsp; Sna 1920id\u00ed, t\u00e1 \u00e9ide Chumann na mBan, eagra\u00edocht do mhn\u00e1 a ghlac p\u00e1irt san fheachtas ar son an neamhsple\u00e1chais, san \u00e1ireamh ar na nithe. Cuireadh m\u00e9ideanna m\u00f3ra comhalta\u00ed den ghr\u00fapa sin sa phr\u00edos\u00fan i gCogadh na gCarad.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Sna 1930id\u00ed, ar tr\u00e9imhse cruatain eacnama\u00edochta a bh\u00ed ann, n\u00edor shuigh mn\u00e1 ag Bord na Comh-Aireachta. Throid gr\u00fapa\u00ed ban, amhail Cumann na mBanch\u00e9imithe, ar son chearta na mban agus in aghaidh fhocla\u00edocht Bhunreacht na h\u00c9ireann 1937. Cumhda\u00edodh \u00e1it na mban sa bhaile sa Bhunreacht. Achta\u00edodh dl\u00edthe i rith na deich mbliana sin a mbeadh tionchar acu ar rannph\u00e1irt\u00edocht na mban sa lucht saothair ar feadh na ndeicheanna de bhlianta ina dhiaidh sin.&nbsp;&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>I rith na 1940id\u00ed, ghlac \u00c9ire seasamh neodrach sa Dara Cogadh Domhanda. D\u2019fh\u00e1g go leor ban \u00c9ireannach chun p\u00e1irt a ghlacadh in iarracht an chogaidh. Chuaigh roinnt d\u00edobh le bheith ag obair ina haltra\u00ed ach t\u00e1 taifid ann den iliomad r\u00f3l eile a ghlac siad, lena n-\u00e1ir\u00edtear mn\u00e1 a rugadh in \u00c9irinn a chuaigh isteach sa <em>Royal Air Force<\/em> (RAF).<\/p>\n\n\n\n<p>Chuaigh an t-uaf\u00e1s daoine ar imirce as \u00c9irinn sna 1950id\u00ed mar gheall ar dheacrachta\u00ed eacnama\u00edochta. N\u00ed raibh ach l\u00edon beag ban p\u00e1irteach sa pholait\u00edocht an t-am sin. I rith na ndeich mbliana sin, chuaigh go leor ban leis an reiligi\u00fan, agus bh\u00ed r\u00f3l ollmh\u00f3r ag mn\u00e1 rialta i riarach\u00e1n an St\u00e1it \u2013 rith siad scoileanna, ospid\u00e9il agus institi\u00faid\u00ed eile. Thaifid an daon\u00e1ireamh gur thug 90% den daonra Caitliceachas mar an gcreideamh a bh\u00ed acu.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Sna 1960id\u00ed, thug Uachtar\u00e1n St\u00e1it Aontaithe Mheirice\u00e1, John F Kennedy, cuairt ar Dh\u00e1il \u00c9ireann agus t\u00e1 p\u00edosa scann\u00e1na\u00edochta den \u00f3c\u00e1id sin san \u00e1ireamh sa taispe\u00e1ntas. N\u00ed raibh ach tri\u00far Teachta\u00ed D\u00e1la mn\u00e1 i nD\u00e1il \u00c9ireann ag an am. Chuaigh comhalta\u00ed mn\u00e1 na leis an bpolait\u00edocht ach nuair a th\u00e1inig deireadh leis an deich mbliana sin, n\u00ed raibh ach ceathrar ban tofa chun f\u00f3namh mar ionadaithe poibl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/04\/DCG0720WP081-Copy-1024x447.jpg\" alt=\"\"\/><figcaption>Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/Ros Kavanagh<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Sa deich mbliana ina dhiaidh sin, th\u00e1inig Gluaiseacht Saoirse na mBan go h\u00c9irinn, d\u2019ainneoin an choisc ar leabhair agus iris\u00ed \u00e1irithe. Pointe l\u00e1rnach thaispe\u00e1ntas na 1970id\u00ed is ea t\u00e1bla agus cathaoireacha i seomra bia, chun mn\u00e1 ag obair \u00f3n mbaile a l\u00e9iri\u00fa. Taispe\u00e1ntar litr\u00edocht agus \u00e1bhair \u00f3 na heagra\u00edochta\u00ed a bhunaigh mn\u00e1 do mhn\u00e1 in \u00c9irinn le linn na tr\u00e9imhse sin. Chuaigh \u00c9ire isteach i gComhphobal Eacnama\u00edochta na hEorpa i rith na ndeich mbliana sin agus ceada\u00edodh p\u00e1 comhionann do mhn\u00e1 agus d\u2019fhir arbh st\u00e1tseirbh\u00edsigh iad. Dul chun cinn mall a bh\u00ed ann i gc\u00farsa\u00ed polait\u00edochta. Buna\u00edodh eagra\u00edochta\u00ed polaiti\u00fala nua chun mn\u00e1 a spreagadh dul leis an bpolait\u00edocht. I measc na slu\u00e1n a bh\u00ed acu, bh\u00ed \u2018<em>Why not a Woman\u2019,<\/em> chun lucht v\u00f3t\u00e1la a spreagadh v\u00f3t\u00e1il do bhean. Ghlac na p\u00e1irtithe ar fad p\u00e1irt san fheachtas sin.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Faoin am ar toghadh an dara bean, M\u00e1ire Geoghegan Quinn, chuig Aireacht na h\u00c9ireann, bh\u00ed seasca bliain caite \u00f3 toghadh an Chuntaois de Markievicz.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Sna 1980id\u00ed, cuireadh t\u00fas le mn\u00e1 a earc\u00fa isteach in Arm na h\u00c9ireann; ceapadh an ch\u00e9ad tiom\u00e1na\u00ed mn\u00e1 chun bus a thiom\u00e1int i mBaile \u00c1tha Cliath, agus ceapadh breithimh mhn\u00e1 sna hard-ch\u00fairteanna. Chuaigh n\u00edos m\u00f3 ban leis an bpolait\u00edocht \u2013 ba \u00ed an tAire Sl\u00e1inte agus Leasa Sh\u00f3isialaigh, Eileen Desmond, an tAire Aireachta ba shinseara\u00ed go dt\u00ed an d\u00e1ta sin, a chaith an chulaith \u00e9ada\u00ed sa phicti\u00far th\u00edos. Roghnaigh an tAire Desmond culaith le dearth\u00f3ir \u00c9ireannach a bh\u00ed bunaithe ar \u00e9ide thraidisi\u00fanta de sciorta agus se\u00e1l, agus \u00e9 d\u00e9anta as br\u00e9id\u00edn \u00c9ireannach.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/04\/DCG0119WP056-1024x682.jpg\" alt=\"\"\/><figcaption>Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/Ros Kavanagh<br><\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 1990, thogh muintir na h\u00c9ireann an ch\u00e9ad Uachtar\u00e1n mn\u00e1, Mary Robinson. Sa taispe\u00e1ntas seo, taispe\u00e1ntar l\u00e9ine acla\u00edochta agus suaitheantas \u00f3n bhfeachtas sin. Sular th\u00e1inig deireadh leis an deich mbliana sin, toghadh an dara Uachtar\u00e1n mn\u00e1, Mary McAleese, a d\u2019fh\u00f3in ar feadh dh\u00e1 th\u00e9arma, \u00f3 1997 go dt\u00ed 2011.&nbsp; Sa bhliain 1992, foils\u00edodh leabhar chun ceili\u00faradh a dh\u00e9anamh ar an gc\u00e9ad uair ar toghadh bean chuig D\u00e1il \u00c9ireann. Chuaigh mn\u00e1 nua leis an bpolait\u00edocht agus leis an saol poibl\u00ed \u2013 l\u00e9ir\u00edtear na mn\u00e1 ba mh\u00f3 a d\u2019fh\u00e1g a lorg ar \u00c9irinn ar na pain\u00e9il. Ceapadh an ch\u00e9ad T\u00e1naiste mn\u00e1, (Leas-Phr\u00edomh-Aire), Mary Harney Uasal.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa taispe\u00e1ntas, is i scann\u00e1n a ins\u00edtear sc\u00e9al an sc\u00f3r bliain deiridh, 2000-2018. Cuireadh an scann\u00e1n sin le ch\u00e9ile go sonrach chun sc\u00e9alta a insint faoi thoghadh na mban, agus chun sc\u00e9alta a insint faoi na mn\u00e1 a bhain rath amach i r\u00e9ims\u00ed eile, amhail Clare O\u2019Leary, an ch\u00e9ad bhean \u00c9ireannach a bhain barr&nbsp; Everest amach agus Katie Taylor, an ch\u00e9ad bhean a bhuaigh bonn \u00f3ir don dorn\u00e1la\u00edocht sna cluich\u00ed Oilimpeacha.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/04\/DCG0720WP126-1024x682.jpg\" alt=\"\"\/><figcaption>Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/Ros Kavanagh<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Leagadh an taispe\u00e1ntas sa Tob-Mh\u00fasaem fisiceach amach chun an cuairteoir a threor\u00fa tr\u00edd \u00e1r stair, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann agus chun breathn\u00fa ar an todhcha\u00ed amach romhainn, ar cheannair\u00ed mn\u00e1 nua, ar dh\u00fashl\u00e1in nua, ar dheiseanna nua, ar a thuilleadh \u00e9ags\u00falachta agus ar dheiseanna nua.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 turas f\u00edor\u00fail den taispe\u00e1ntas, le tr\u00e1chtaireacht, cruthaithe ag an Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n. Is f\u00e9idir an turas a th\u00f3g\u00e1il ach clice\u00e1il ar an nasc th\u00edos.&nbsp;<br>https:\/\/www.decadeofcentenaries.com\/enjoy-this-virtual-tour-of-the-pop-up-womens-museum\/ <\/p>\n\n\n\n<p>Is f\u00e9idir leat clice\u00e1il ar dheighleog ar bith den chiorcal chun dearcadh uath\u00fail ar eisp\u00e9iris na mban in \u00c9irinn a fh\u00e1il, de r\u00e9ir na ndeicheanna de bhlianta. T\u00e1 s\u00fail againn go mbainfidh t\u00fa sult as.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p><strong>Teistim\u00e9ireachta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cThank you for this amazing exhibition; it\u2019s a brilliant mix of experiences and important information. I feel totally uplifted\u201d.&nbsp; Melbourne, Australia.&nbsp;<\/li><\/ul>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cNo matter how forward we are going, it is always important to see where we have come from. Thank you for the amazing place for me to do that.\u201d<\/li><\/ul>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cImportant and excellent exhibition \u2013 still a way to go for women! So thankful for all the efforts of previous generations.\u201d Shirley Graham, Director of the Gender Equality Institute at International Affairs School, Washington D.C.<\/li><\/ul>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cSuch an important story to tell, I am a teacher and I will bring my young women to see this. Thank you. \u201c<\/li><\/ul>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cSuperbly done \u2013 thank you, it\u2019s a first (but hopefully will be continued in the future) for inspiring young women candidates to make change and continue to nurture and encourage young Irish women to stand up and lead in government and social employment. \u201c Suzanne Lynch.&nbsp;<\/li><\/ul>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cVery important to see Irish politics through the lens of the women who paved the way. Equality to women. Superb exhibition.\u201d Senator Grace O\u2019Sullivan, Waterford.<\/li><li>\u201cTaispe\u00e1ntas t\u00e1bhachtach agus s\u00e1rmhaith \u2013 t\u00e1 b\u00f3thar fada roimh na mn\u00e1 f\u00f3s! T\u00e1im thar a bheith bu\u00edoch as iarrachta\u00ed na ngl\u00fanta ar fad a th\u00e1inig romhainn.\u201d Shirley Graham, Sti\u00farth\u00f3ir na hInstiti\u00faide um Chomhionannas Inscne ag an Scoil Gn\u00f3tha\u00ed Idirn\u00e1isi\u00fanta, Washington D.C.<\/li><\/ul>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cIs sc\u00e9al an-t\u00e1bhachtach \u00e9 seo le hinsint. Is m\u00fainteoir m\u00e9 agus tabharfaidh m\u00e9 na mn\u00e1 \u00f3ige faoi mo ch\u00faram chuig an taispe\u00e1ntas seo. Bu\u00edochas. \u201c<\/li><\/ul>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cS\u00e1r-jab; go raibh maith agaibh. Is \u00e9 seo an ch\u00e9ad uair (ach n\u00ed an ceann deireadh, t\u00e1 s\u00fail againn) a fheictear iarrth\u00f3ir\u00ed spreagthacha ar mhn\u00e1 \u00f3ga iad ag athr\u00fa ruda\u00ed agus ag lean\u00faint orthu ag coth\u00fa agus ag spreagadh mn\u00e1 \u00f3ga na h\u00c9ireann seasamh suas agus bheith ina gceannair\u00ed sa rialtas agus san fhosta\u00edocht sh\u00f3isialta. \u201c Suzanne Lynch.&nbsp;<\/li><\/ul>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>\u201cAn-t\u00e1bhachtach polait\u00edocht na h\u00c9ireann a fheice\u00e1il \u00f3 dhearcadh na mban a r\u00e9itigh an chonair. Comhionannas do na mn\u00e1. Taispe\u00e1ntas den scoth.\u201d An Seanad\u00f3ir Grace O\u2019Sullivan, Port L\u00e1irge.<\/li><\/ul>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Teach an Ch\u00f3iste, Gaird\u00edn\u00ed Caisle\u00e1n Bhaile \u00c1tha Cliath. Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/ Fennell Photography Is cuid de chl\u00e1r na h\u00c9ireann um Dheich mBliana na gCuimhneach\u00e1n \u00e9 an taispe\u00e1ntas seo, arna re\u00e1cht\u00e1il \u00f3 2012 go 2023 \u2013 chun com\u00f3radh a dh\u00e9anamh ar na himeachta\u00ed stairi\u00fala suntasacha as a lean bun\u00fa &hellip; <a href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/\">Continued<\/a><\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":1123,"menu_order":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","categories":[32],"class_list":["post-995","centenary-moments","type-centenary-moments","status-publish","has-post-thumbnail","hentry","category-article-ga"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.6 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>MainlyMuseums.com - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"MainlyMuseums.com - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Teach an Ch\u00f3iste, Gaird\u00edn\u00ed Caisle\u00e1n Bhaile \u00c1tha Cliath. Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/ Fennell Photography Is cuid de chl\u00e1r na h\u00c9ireann um Dheich mBliana na gCuimhneach\u00e1n \u00e9 an taispe\u00e1ntas seo, arna re\u00e1cht\u00e1il \u00f3 2012 go 2023 \u2013 chun com\u00f3radh a dh\u00e9anamh ar na himeachta\u00ed stairi\u00fala suntasacha as a lean bun\u00fa &hellip; Continued\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2024-08-21T12:39:16+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/05\/D22570-0093-2-1.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"1280\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"896\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"11 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/mainlymuseums-com\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/mainlymuseums-com\\\/\",\"name\":\"MainlyMuseums.com - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/mainlymuseums-com\\\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/mainlymuseums-com\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/app\\\/uploads\\\/2021\\\/05\\\/D22570-0093-2-1.jpg\",\"datePublished\":\"2021-08-12T20:39:00+00:00\",\"dateModified\":\"2024-08-21T12:39:16+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/mainlymuseums-com\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/mainlymuseums-com\\\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/mainlymuseums-com\\\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/app\\\/uploads\\\/2021\\\/05\\\/D22570-0093-2-1.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/app\\\/uploads\\\/2021\\\/05\\\/D22570-0093-2-1.jpg\",\"width\":1280,\"height\":896},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/mainlymuseums-com\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Centenary Moments\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/centenary-moments\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"MainlyMuseums.com\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"MainlyMuseums.com - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"MainlyMuseums.com - Mn\u00e1 100","og_description":"Teach an Ch\u00f3iste, Gaird\u00edn\u00ed Caisle\u00e1n Bhaile \u00c1tha Cliath. Creidi\u00faint: An Roinn Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n\/ Fennell Photography Is cuid de chl\u00e1r na h\u00c9ireann um Dheich mBliana na gCuimhneach\u00e1n \u00e9 an taispe\u00e1ntas seo, arna re\u00e1cht\u00e1il \u00f3 2012 go 2023 \u2013 chun com\u00f3radh a dh\u00e9anamh ar na himeachta\u00ed stairi\u00fala suntasacha as a lean bun\u00fa &hellip; Continued","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2024-08-21T12:39:16+00:00","og_image":[{"width":1280,"height":896,"url":"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/05\/D22570-0093-2-1.jpg","type":"image\/jpeg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"11 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/","name":"MainlyMuseums.com - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/05\/D22570-0093-2-1.jpg","datePublished":"2021-08-12T20:39:00+00:00","dateModified":"2024-08-21T12:39:16+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/05\/D22570-0093-2-1.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2021\/05\/D22570-0093-2-1.jpg","width":1280,"height":896},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/mainlymuseums-com\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Centenary Moments","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/centenary-moments\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"MainlyMuseums.com"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/centenary-moments\/995","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/centenary-moments"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/centenary-moments"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=995"}],"version-history":[{"count":7,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/centenary-moments\/995\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1125,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/centenary-moments\/995\/revisions\/1125"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/1123"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=995"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=995"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}