{"id":5787,"date":"2024-02-01T15:48:00","date_gmt":"2024-02-01T15:48:00","guid":{"rendered":"https:\/\/www.mna100.ie\/?post_type=centenary-moments&#038;p=5787"},"modified":"2024-11-13T15:31:16","modified_gmt":"2024-11-13T15:31:16","slug":"an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness","status":"publish","type":"centenary-moments","link":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/","title":{"rendered":"An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness"},"content":{"rendered":"\n<p><\/p>\n\n\n\n<p>Agus Mn\u00e1100 ag teacht chun cr\u00edche, sa ph\u00edosa deiridh seo, breathn\u00f3idh muid ar an gc\u00e9ad ghl\u00fain eile de mhn\u00e1 ceannr\u00f3da\u00edocha.<\/p>\n<div style=\"width: 50%;\">\n<audio class=\"wp-audio-shortcode\" id=\"audio-1334-2\" preload=\"none\" style=\"width: 100%;\" controls=\"controls\"><source type=\"audio\/mpeg\" src=\"https:\/\/mna100.ie\/Catherine-McGuinness-Sinead-McCoole-Interview.mp3\" \/><a href=\"https:\/\/mna100.ie\/Catherine-McGuinness-Sinead-McCoole-Interview.mp3\">https:\/\/mna100.ie\/Catherine-McGuinness-Sinead-McCoole-Interview.mp3<\/a><\/audio>\n<\/div>\n\n\n\n<p>Shuigh an Dr Sin\u00e9ad McCoole s\u00edos le Catherine McGuinness ar an gC\u00e9adaoin, an 25 Deireadh F\u00f3mhair 2023 agus \u00ed ag pl\u00e9 a saol agus i mbun machnaimh ar a m\u00e1thair ch\u00e9ile, Mair\u00e9ad McGuinness (n\u00e9e de Lappe), a cuireadh i bpr\u00edos\u00fan le linn Chogadh na gCarad.&nbsp; Beidh t\u00fa in ann \u00e9isteacht lena gcomhr\u00e1 thuas agus beathaisn\u00e9is ghearr bunaithe ar an agallamh seo a l\u00e9amh, le go mbeidh t\u00fa in ann a saol agus go leor de na h\u00e9achta\u00ed a rinne s\u00ed a chur i gcomhth\u00e9acs n\u00edos fearr.<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9 gur fearr aithne uirthi faoina hainm p\u00f3sta, Catherine McGuinness, rugadh Catherine Isabel Brigid Ellis i nD\u00fan Muir\u00edgh, Co. Aontroma, i dTuaisceart \u00c9ireann, ar an 14 Samhain 1934. Ba iad Sylvia agus Robert Ellis a tuismitheoir\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Dh\u00e1 bhliain roimhe sin a d&#8217;aistrigh an l\u00e1n\u00fain go sr\u00e1idbhaile Dh\u00fan Muir\u00edgh, nuair a ceapadh Robert Ellis mar chur\u00e1ideach i gceannas ar phobal St. Colman\u2019s, Eaglais na h\u00c9ireann. Bh\u00ed an s\u00e9ip\u00e9al suite i sr\u00e1idbhaile Dh\u00fan Muir\u00edgh ar an bpr\u00edomhbh\u00f3thar idir B\u00e9al Feirste agus Lios na gCearrbhach, ach at\u00e1 anois i gc\u00falchr\u00edoch Iarthar Bh\u00e9al Feirste.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Catherine an ch\u00e9ad leanbh a bh\u00ed ag an l\u00e1n\u00fain, agus rugadh beirt eile d\u00f3ibh ina dhiaidh sin, a dearth\u00e1ireacha Ernest Stewart a th\u00e1inig ar an saol ar a dara breithl\u00e1 i 1936 agus Stephen a rugadh sa bhliain 1944.<\/p>\n\n\n\n<p>Bhuail tuismitheoir\u00ed Catherine le ch\u00e9ile i gCol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide, Baile \u00c1tha Cliath. I gContae an Chl\u00e1ir a rugadh Robert Ellis (1906-1994) agus b&#8217;as Rinn na Sp\u00e1inneach in Iarthar an Chl\u00e1ir d\u00e1 mhuintir. Bh\u00ed a athair, an Captaen Ernest Albert George, in Arm na Breataine agus throid s\u00e9 sa Ch\u00e9ad Chogadh Domhanda. Tholg s\u00e9 an eitinn agus fuair s\u00e9 b\u00e1s i 1931, gan \u00e9 ach 52 d\u00f3 bliain d\u2019aois. D&#8217;aistrigh an teaghlach go Baile \u00c1tha Cliath. Bh\u00ed c\u00faigear leana\u00ed \u00f3ga ag baintreach Robert, Mildred. Thuill s\u00ed airgead tr\u00ed sheomra\u00ed i dteach an teaghlaigh ar Bh\u00f3thar Bhaile Ph\u00e1mar a ligean ar c\u00edos le mic l\u00e9inn de chuid Chol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide. Bh\u00ed athair Catherine, Robert, an duine ba shine den teaghlach, ina scol\u00e1ire c\u00f3naithe sa Galway Grammar School nuair a d&#8217;\u00e9ag a athair. Nuair a chr\u00edochnaigh s\u00e9 a chuid scola\u00edochta th\u00e1inig s\u00e9 ar ais go Baile \u00c1tha Cliath le freastal ar Chol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide agus staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh ar an diagacht.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba san ollscoil a chas Robert Ellis le Sylvia Kathleen Eleanor Craig (1908-1985) as an Tulach Mh\u00f3r, Contae U\u00edbh Fhail\u00ed. Duine den chl\u00e9ir a bh\u00ed ina hathair, An tUrramach Robert Stewart Craig, agus bheadh beirt d\u00e1 dearth\u00e1ireacha \u2013 An tUrramach Graham Fetherstonhaugh Craig agus an tUrramach Cecil Henry Stewart Craig ina ministr\u00ed freisin.&nbsp; Bh\u00ed an-chur amach ag Sylvia ar an obair a chaithfeadh bean ch\u00e9ile an mhinistir a dh\u00e9anamh; chomh maith leis na dualgais a bh\u00ed le comhl\u00edonadh aici don phar\u00f3iste, d\u2019fhan s\u00ed muinteartha i gc\u00f3na\u00ed leis na cairde a bh\u00ed aici sa chol\u00e1iste. Ba chuimhin le Catherine cairde a m\u00e1thar a bheith ag teacht ar cuairt chuig an teach agus ba chuimhin l\u00e9i na comhr\u00e1ite a bh\u00edodh acu agus an d\u00fail a bh\u00ed ag an mbeirt acu sa litr\u00edocht. Tharla an Dara Cogadh Domhanda le linn \u00f3ige Catherine agus ar chuid de na ch\u00e9ad chuimhn\u00ed a bh\u00ed aici bh\u00ed ar na tithe a scriosadh de bharr buam\u00e1la. D&#8217;fhan an teaghlach ina gc\u00f3na\u00ed i nD\u00fan Muir\u00edgh agus ceapadh a hathair, Robert Ellis, ina Reachtaire ar St. Colman\u2019s i 1945.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 1946, agus \u00ed 12 bliain d&#8217;aois, chuaigh Catherine go Baile \u00c1tha Cliath chun freastal ar Chol\u00e1iste Alexandra, scoil a raibh c\u00e1il uirthi mar gheall ar an ardchaighde\u00e1n oideachais a chuir s\u00ed ar f\u00e1il do chail\u00edn\u00ed. Mac l\u00e9inn cumasach ba ea Catherine agus bh\u00ed scol\u00e1ireachta\u00ed ofr\u00e1ilte di chuig dh\u00e1 scoil eile. Bh\u00ed s\u00ed ina scol\u00e1ire c\u00f3naithe sa Scoil le haghaidh In\u00edonacha na Ministr\u00ed, in Ard\u00e1n Phort an Iarla, i mBaile \u00c1tha Cliath. C\u00e9 gur buna\u00edodh \u00ed seo mar scoil ar leith chun oideachas a chur ar in\u00edonacha le ministr\u00ed de chuid Eaglais na h\u00c9ireann, faoin am ar fhreastail Catherine ar an scoil bh\u00ed s\u00ed mar chuid de Chol\u00e1iste Alexandra. Nuair a rinneadh Pr\u00edomhchinnire di buaicphointe a bh\u00ed ann do Catherine ar na blianta a bh\u00ed caite aici sa scoil.<\/p>\n\n\n\n<p>Nuair a chr\u00edochnaigh s\u00ed a cuid scola\u00edochta i 1952 chuaigh Catherine go Col\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide chun staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh ar na nuatheangacha, ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis. N\u00edor fhill s\u00ed riamh ar Bh\u00e9al Feirste le c\u00f3na\u00ed ann, ach thugadh s\u00ed cuairt ar an \u00e1it go minic mar gur chaith a tuismitheoir\u00ed an chuid eile d\u00e1 saol ina gc\u00f3na\u00ed i nD\u00fan Muir\u00edgh.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"768\" height=\"1024\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-Grad-768x1024.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-5755\" srcset=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-Grad-768x1024.jpg 768w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-Grad-225x300.jpg 225w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-Grad-1152x1536.jpg 1152w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-Grad-1536x2048.jpg 1536w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-Grad-scaled.jpg 1920w\" sizes=\"auto, (max-width: 768px) 100vw, 768px\" \/><figcaption class=\"wp-element-caption\">Catherine McGuinness ar an l\u00e1 a bronnadh a c\u00e9im \u00f3 Chol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide uirthi. Le caoinchead \u00f3 chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Agus \u00ed f\u00f3s san Ollscoil, sa bhliain 1955 ph\u00f3s Catherine Proinsias Mac Aonghusa. Bh\u00ed sise 21 agus seisean 22. N\u00ed raibh Proinsias ina mhac l\u00e9inn san ollscoil; ina chainteoir d\u00fachais Gaeilge bh\u00ed s\u00e9 sa chol\u00e1iste mar go raibh baint aige leis an gCumann Gaelach. Bh\u00ed s\u00e9 ina aisteoir in Amharclann na Mainistreach cheana f\u00e9in. Thosaigh s\u00e9 ag obair do Radio \u00c9ireann nuair a bh\u00ed s\u00e9 19 mbliana d&#8217;aois, i dt\u00fas b\u00e1ire mar aisteoir, agus ina dhiaidh sin ag l\u00e9amh gearrsc\u00e9alta i nGaeilge agus i mB\u00e9arla. Faoin am ar bhuail s\u00e9 le Catherine bh\u00ed s\u00e9 cheana f\u00e9in ag pl\u00e9 le cl\u00e1racha c\u00farsa\u00ed reatha. Agus \u00ed cr\u00edochnaithe san ollscoil thosaigh Catherine ag m\u00faineadh ina seanscoil, Col\u00e1iste Alexandra.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 1957, dh\u00e1 bhliain tar \u00e9is di p\u00f3sadh, fuair Catherine taith\u00ed ar ch\u00farsa\u00ed toghch\u00e1na\u00edochta den ch\u00e9ad uair nuair a bh\u00ed a m\u00e1thair ch\u00e9ile, Mair\u00e9ad McGuinness, ina hiarrth\u00f3ir sa toghch\u00e1n. C\u00e9 n\u00e1r toghadh Mair\u00e9ad, bh\u00ed t\u00fas curtha ag Catherine lena saol sa pholait\u00edocht.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"593\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240808-Mairead-McGuinness-Election-Leaflet-1957-1024x593.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-5784\" srcset=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240808-Mairead-McGuinness-Election-Leaflet-1957-1024x593.jpg 1024w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240808-Mairead-McGuinness-Election-Leaflet-1957-300x174.jpg 300w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240808-Mairead-McGuinness-Election-Leaflet-1957-768x445.jpg 768w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240808-Mairead-McGuinness-Election-Leaflet-1957-1536x890.jpg 1536w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240808-Mairead-McGuinness-Election-Leaflet-1957.jpg 1854w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption class=\"wp-element-caption\">Bileog thoghch\u00e1in Mhair\u00e9ad McGuinness a foils\u00edodh in 1957. Le caoinchead \u00f3 chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Chuaigh Catherine agus Proinsias isteach i gcraobh She\u00e1in \u00d3 Conghaile de Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre, craobh a raibh s\u00e9 r\u00e1ite ina taobh gur &#8216;tearmann d&#8217;intleacht\u00f3ir\u00ed\u2019 a bh\u00ed inti. I 1961 ceapadh Catherine ina hOifigeach Parlaiminte i dTithe an Oireachtais, agus \u00ed ag obair do ceannaire an ph\u00e1irt\u00ed, Brendan Corish.<\/p>\n\n\n\n<p>Saorchraolt\u00f3ir a bh\u00ed ina fear c\u00e9ile, a raibh a sti\u00faideo taifeadta f\u00e9in aige agus \u00e9 ag obair tr\u00edna chomhlacht f\u00e9in. Bh\u00ed baint aige leis an gcl\u00e1r teilif\u00edse &#8216;An Fear agus a Sc\u00e9al&#8217; chomh maith le bheith ag scr\u00edobh do nuacht\u00e1in. Thacaigh Catherine le feachtas toghch\u00e1na\u00edochta Phroinsiais nuair a bh\u00ed s\u00e9 ina iarrth\u00f3ir ar son Ph\u00e1irt\u00ed an Lucht Oibre i nd\u00e1ilcheantar L\u00fa sa bhliain 1965. Bh\u00ed s\u00e9 ina Leas-Chathaoirleach ar an bp\u00e1irt\u00ed ar feadh tamaill ach d\u00edbr\u00edodh as an bp\u00e1irt\u00ed \u00e9 i 1967. Mar gheall air sin, d&#8217;\u00e9irigh Catherine as a post mar Oifigeach Parlaiminte.<\/p>\n\n\n\n<p>Rugadh in\u00edon, Caitr\u00edona, do Catherine sa bhliain 1963 agus dh\u00e1 bhliain ina dhiaidh sin i 1965 rugadh mac, D\u00f3nal, di. Rugadh an duine ab \u00f3ige den teaghlach, Diarmaid, ceithre bliana ina dhiaidh sin i 1969. An bhliain ch\u00e9anna sin sheas Proinsias ina iarrth\u00f3ir neamhsple\u00e1ch i nd\u00e1ilcheantar Dh\u00fan Laoghaire. C\u00e9 n\u00e1r toghadh \u00e9, bh\u00ed Catherine gn\u00edomhach ina fheachtas an uair seo freisin.<\/p>\n\n\n\n<p>Le linn an ama seo bh\u00ed Catherine p\u00e1irteach i bhfeachtas le scoil a bhun\u00fa sa chomharsanacht aici, is \u00ed sin Newpark Comprehensive School, a buna\u00edodh as dh\u00e1 scoil de chuid Eaglais na h\u00c9ireann a nascadh. Bh\u00ed c\u00e1il uirthi mar scoil fhor\u00e1sach, agus \u00ed ar an gc\u00e9ad scoil in \u00c9irinn ag a raibh Idirbhliain. Oscla\u00edodh \u00ed mar scoil chuimsitheach st\u00e1it i 1972.&nbsp; T\u00e1 an scoil tar \u00e9is c\u00e1il a bhaint amach mar l\u00e1rionad don nu\u00e1la\u00edocht san oideachais.<\/p>\n\n\n\n<p>Faoi th\u00fas na 1970id\u00ed bh\u00ed Proinsias ina chraolt\u00f3ir aitheanta agus \u00e9 ag d\u00e9anamh go maith ar na cl\u00e1ir Ghaeilge, ar n\u00f3s <em>F\u00e9ach<\/em>.<\/p>\n\n\n\n<p>I 1975 agus 1976 th\u00f3g Proinsias sos \u00f3na shaol sa chraolt\u00f3ireacht le dul ag obair ina Ionada\u00ed Speisialta do na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe i nDeisceart na hAfraice, \u00e1it ar oibrigh s\u00e9 le Se\u00e1n MacBride. Bh\u00ed baint acu le Cogadh na Saoirse sa Namaib. Bhunaigh s\u00e9 st\u00e1isi\u00fan raidi\u00f3 chun cabhr\u00fa le hEagra\u00edocht Phobail na hAfraice Thiar Theas, a bh\u00ed ag troid ar son neamhsple\u00e1chais \u00f3 Rialtas Apartheid na hAfraice Theas. Bh\u00edodh Catherine agus an teaghlach ina gc\u00f3na\u00ed in \u00e9ineacht leis i Lusaka sa tSaimbia le linn an tsamhraidh agus thugadh a mh\u00e1thair, Mair\u00e9ad McGuinness, cuairt orthu ansin. In \u00c9irinn ba dhl\u00fathchairde iad le Kadar Asmal, bunaitheoir Ghluaiseacht Frith-Apartheid na h\u00c9ireann. Ollamh le Dl\u00ed a bh\u00ed ann i gCol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide agus mhol s\u00e9 do Chaitr\u00edona c\u00e9im a bhaint amach sa Dl\u00ed. Bh\u00ed s\u00e9 ina Aire rialtais ina dhiaidh sin sa ch\u00e9ad Rialtas iar-Apartheid a bh\u00ed ag an Afraic Theas, faoi cheannas an Uachtar\u00e1in Nelson Mandela.<br><br><\/p>\n\n\n\n<p>Nuair a d&#8217;fhill a fear c\u00e9ile ar a chuid oibre in RT\u00c9 agus \u00e9 ag obair ar an gcl\u00e1r teilif\u00edse <em>F\u00e9ach<\/em>, chuaigh Catherine go Col\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide le staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh ar an Dl\u00ed. Ina dhiaidh sin chuaigh s\u00ed go dt\u00ed \u00d3sta\u00ed an R\u00ed. I 1977 glaodh chun an Bharra \u00ed agus chuir s\u00ed t\u00fas lena gairm sa dl\u00ed. Faoin am sin bh\u00ed s\u00ed 42. Bh\u00ed a cuid leana\u00ed 14, 12 agus 8. Bh\u00ed Catherine gn\u00edomhach sa Dl\u00ed Teaghlaigh \u00f3n t\u00fas. Ba bheag reachta\u00edochta a bh\u00ed sa r\u00e9imse seo ag an am agus n\u00ed raibh m\u00f3r\u00e1n taca\u00edochta ann do dhaoine ar chlis ar a bp\u00f3sta\u00ed.&nbsp; Bh\u00ed s\u00ed bainteach le hathruithe m\u00f3r le r\u00e1 le linn a gairme sa dl\u00ed, \u00f3 thaobh an reachta\u00edocht a athr\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>I 1979 d&#8217;fhill Catherine ar Thithe an Oireachtais nuair a toghadh \u00ed ina Seanad\u00f3ir do Chol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide sa bhfothoghch\u00e1n a bh\u00ed ar si\u00fal i m\u00ed na Nollag. Atoghadh \u00ed i 1981 agus ar\u00eds \u00f3 1983 go dt\u00ed 1987. Le linn a tr\u00e9imhse sa Seanad, bh\u00ed r\u00f3l t\u00e1bhachtach aici mar a bhain le cur i gcoinne an 8\u00fa Leas\u00fa ar an mBunreacht a thabhairt isteach, agus \u00f3 thaobh tac\u00fa leis an bhfeachtas chun deireadh a chur leis an gcosc bunreacht\u00fail ar cholscaradh i 1986.<br><br><\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"683\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-1024x683.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-5761\" srcset=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-1024x683.jpg 1024w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-300x200.jpg 300w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-768x512.jpg 768w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-1536x1024.jpg 1536w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-2048x1365.jpg 2048w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption class=\"wp-element-caption\">An Seanad\u00f3ir Catherine McGuinness, 1983. Le caoinchead Chartlann RT\u00c9.<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Ar an 2 Bealtaine 1988, cheap an tUachtar\u00e1n Patrick Hillery Catherine ar an gComhairle St\u00e1it agus bh\u00ed s\u00ed ann n\u00f3 gur th\u00e1inig deireadh le t\u00e9arma an Uachtar\u00e1in sa bhliain 1990. I 1989 glaodh chun an Bharra na Sinsear \u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Ba \u00ed Catherine an ch\u00e9ad bhean le bheith ceaptha ina Breitheamh sa Ch\u00fairte Chuarda, nuair a ceapadh \u00ed sa bhliain 1994. An bhliain ch\u00e9anna ceapadh Catherine ina cathaoirleach ar an bhF\u00f3ram um Sh\u00edoch\u00e1in agus Athmhuintearas, a bhunaigh Rialtas na h\u00c9ireann tar \u00e9is Dhearbh\u00fa Shr\u00e1id Downing i 1993. Rinneadh cur s\u00edos ar an bhf\u00f3ram sna nuacht\u00e1in ag an am mar &#8216;fh\u00f3ram chun dul i gcomhairle le ch\u00e9ile agus a bheith p\u00e1irteach san idirphl\u00e9 faoin todhcha\u00ed pholaiti\u00fail.\u2019 Bh\u00ed an ch\u00e9ad su\u00ed ag an bhF\u00f3ram ar an 28 Deireadh F\u00f3mhair 1994.<\/p>\n\n\n\n<p>Th\u00e1inig an f\u00f3ram le ch\u00e9ile i gCaisle\u00e1n Bhaile \u00c1tha Cliath sa d\u00e1 bhliain ina dhiaidh sin. Bh\u00ed 41 seisi\u00fan ioml\u00e1nach aige agus choimisi\u00fanaigh s\u00e9 na tuarasc\u00e1lacha, an <em>Joint Framework Document <\/em>(1995) agus <em>Paths to a Political Settlement: Realities, Principles and Requirements.\u2019 <\/em>(1996).<ins><\/ins> Sa bhliain 1996 ceapadh Catherine chuig an Ard-Ch\u00fairt.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"768\" height=\"1024\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-illustration-768x1024.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-5765\" srcset=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-illustration-768x1024.jpg 768w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-illustration-225x300.jpg 225w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-illustration-1152x1536.jpg 1152w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-illustration-1536x2048.jpg 1536w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20231113-CMG-illustration-scaled.jpg 1920w\" sizes=\"auto, (max-width: 768px) 100vw, 768px\" \/><figcaption class=\"wp-element-caption\">L\u00e9ar\u00e1id de Catherine McGuinness mar bhreitheamh. Le caoinchead \u00f3 chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Fuair Catherine ard\u00fa c\u00e9ime go dt\u00ed an Ch\u00fairt Uachtarach i m\u00ed Ean\u00e1ir na bliana 2000 agus bh\u00ed s\u00ed ann go dt\u00ed 2006.<\/p>\n\n\n\n<p>Le linn a tr\u00e9imhse sa Ch\u00fairt Uachtarach, fuair fear c\u00e9ile Catherine b\u00e1s, i 2003.&nbsp; Bh\u00ed siad p\u00f3sta ar feadh 48 bliain.<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed na blianta ina dhiaidh sin l\u00e1n de cheapach\u00e1in. I m\u00ed Feabhra 2005 ghlac s\u00ed le t\u00e9arma c\u00faig bliana ina hUachtar\u00e1n ar an gCoimisi\u00fan um Athch\u00f3iri\u00fa ar an Dl\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Chomh maith leis sin, i m\u00ed na Samhna 2005 ceapadh Catherine ina hOllamh Taca i nD\u00e1mh an Dl\u00ed in Ollscoil na h\u00c9ireann, Gaillimh. Bh\u00ed teach ag an teaghlach riamh anall i nGaillimh, \u00e1it ar chaith Proinsias blianta a \u00f3ige. Thaitin an contae le Catherine \u00f3n tr\u00e9imhse a chaith s\u00ed ar an gcol\u00e1iste ann, tr\u00e1th a raibh s\u00ed ina c\u00f3na\u00ed le teaghlach sa Spid\u00e9al ar mhaithe le barr feabhais a chur ar a cuid Gaeilge.<\/p>\n\n\n\n<p>I m\u00ed na Samhna 2011, ceapadh Catherine ina Cathaoirleach ar an <em>\u2018bhFeachtas do Leana\u00ed<\/em>&#8216; a dtugta\u00ed \u2018Yes for Children\u2019 air chomh maith. Bh\u00ed s\u00ed i gceannas ar an bhfeachtas cathartha chun athr\u00fa a dh\u00e9anamh ar an leas\u00fa ar an mBunreacht. Sular ceapadh chun na C\u00fairte Cuarda \u00ed sa bhliain 1993, d&#8217;iarr an tAire Sl\u00e1inte a bh\u00ed ann ag an am, Brendan Howlin, ar Catherine McGuinness a bheith i gceannas ar Imscr\u00fad\u00fa Ciorr\u00fa Coil Chill Chainnigh a bhain le n\u00e1r thug na gn\u00edomhaireachta\u00ed st\u00e1it \u00e1bhartha aird ar cearta \u00edospartaigh ciorr\u00fa coil thar thr\u00e9imhse 15 bliana. Mar thoradh ar an tuarasc\u00e1il, rinneadh athruithe ar an dl\u00ed a bhain le c\u00faram leana\u00ed, agus ar an bhfeachtas chun cearta leana\u00ed a bh\u00edonn tagtha ar an saol a chur isteach in Airteagail 14 agus 42 de Bhunreacht na h\u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<p>In 2011 freisin, cheap an T\u00e1naiste agus an tAire Gn\u00f3tha\u00ed Eachtracha a bh\u00ed ann ag an am, Eamon Gilmore, \u00ed mar ionada\u00ed d\u2019\u00c9irinn ar an Eagra\u00edocht um Shl\u00e1nd\u00e1il agus Chomhoibri\u00fa san Eoraip. Ba \u00e9 an sainch\u00faram a bh\u00ed uirthi n\u00e1 dul i ngleic le cin\u00edochas, seineaf\u00f3ibe agus idirdheal\u00fa, chomh maith le d\u00edri\u00fa ar an \u00e9adulaingt agus ar an idirdheal\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>Thug a hainm gradam d\u2019fheachtais agus d\u2019eagra\u00edochta\u00ed.&nbsp; Sa bhliain 2009 bronnadh gradam an Ardmh\u00e9ara uirthi mar gheall ar an m\u00e9id a chuir s\u00ed le &#8216;saol leana\u00ed agus teaghlaigh sa chathair {lena} hobair cheannr\u00f3da\u00edoch\u2019.&nbsp; In 2010 ainmn\u00edodh \u00ed mar dhuine de Dhaoine na Bliana, gradam a thug aitheantas don tseirbh\u00eds a bh\u00ed tugtha aici le fada do mhuintir na h\u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa bhliain 2013 thosaigh s\u00ed ag tac\u00fa leis an bhfeachtas chun deireadh a chur le sol\u00e1thar d\u00edreach agus an bhliain ch\u00e9anna ceapadh \u00ed ina hUachtar\u00e1n Oinigh ar Sheirbh\u00eds Chomhairle Dl\u00ed Chol\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide. Bhronn Ollscoil na h\u00c9ireann, Ollscoil Uladh agus Col\u00e1iste R\u00edoga na M\u00e1inlianna d\u00e1mhachtain\u00ed agus docht\u00faireachta\u00ed oinigh uirthi.<\/p>\n\n\n\n<p>An bhliain ch\u00e9anna sin cheap an tAire Cumars\u00e1ide, Fuinnimh agus Acmhainn\u00ed N\u00e1isi\u00fanta ag an am, Pat Rabbitte, Catherine le bheith ina cathaoirleach ar phain\u00e9al de shaineolaithe chun scr\u00fad\u00fa a dh\u00e9anamh ar an bhf\u00e9idearthacht a bhainfeadh le beala\u00ed faoi thalamh a chur ar f\u00e1il don eangach n\u00e1isi\u00fanta.<\/p>\n\n\n\n<p>In 2014, bhunaigh an Chomhghuaill\u00edocht um Chearta Leana\u00ed \u2018<em>The Catherine McGuinness Fellowship on Children\u2019s Rights and Child Law\u2019. <\/em>Tugann an cl\u00e1r bliana seo deis d&#8217;abhc\u00f3ide nuach\u00e1ilithe a bheith ag obair mar chuid d&#8217;fhoireann dl\u00ed agus beartais. Thug s\u00e9 seo l\u00e9argas ar saol oibre ina ndeachaigh s\u00ed \u00f3 bheith ina hOifigeach Parlaiminte go dt\u00ed go raibh s\u00ed ina Breitheamh sa Ch\u00fairt Uachtarach. Ceapadh \u00ed ar an gComhairle St\u00e1it den dara huair tar \u00e9is do Mhiche\u00e1l D. \u00d3 hUig\u00ednn a bheith tofa ina Uachtar\u00e1in agus bh\u00ed s\u00ed ann go dt\u00ed 2019.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"686\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/Council-of-State-2012-1024x686.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-5767\" srcset=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/Council-of-State-2012-1024x686.jpg 1024w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/Council-of-State-2012-300x201.jpg 300w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/Council-of-State-2012-768x514.jpg 768w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/Council-of-State-2012-1536x1029.jpg 1536w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/Council-of-State-2012-2048x1371.jpg 2048w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption class=\"wp-element-caption\">\u00d3st\u00e1lann an tUachtar\u00e1n l\u00f3n do chomhalta\u00ed nuacheaptha na Comhairle St\u00e1it in \u00c1ras an Uachtar\u00e1in. An tUachtar\u00e1n Michael D. \u00d3 hUiginn in \u00e9ineacht le baill nuacheaptha den Chomhairle St\u00e1it \u00f3 chl\u00e9, An tOllamh Gearoid \u00d3 Tuathaigh Leas-Uachtar\u00e1n Ollscoil na h\u00c9ireann, Ruair\u00ed Mc Kiernan Gn\u00edomha\u00ed Pobail agus fiontra\u00ed s\u00f3isialta, An tOllamh Gerard Quinn Sti\u00farth\u00f3ir an Ionad Dl\u00ed agus Beartas M\u00edchumais i Scoil Dl\u00ed O\u00c9 Gaillimh, an Breitheamh On\u00f3rach Catherine McGuinness, an tOllamh Deirdre Heenan Propast agus D\u00e9an na Forbartha Acad\u00fala ar Champas Mhic Aodha Ollscoil Uladh Sally Mulready, Comhairleoir Oibreachais i mBuirg Hackney i Londain agus Michael Farrell aturnae sinsearach le hIonaid Chomhairle Dl\u00ed Saor in Aisce. Picti\u00far le Maxwells. Le caoinchead \u00f3 chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Idir 2015 agus 2017, bh\u00ed Catherine ina cathaoirleach ar<em> Chomhairle N\u00e1isi\u00fanta an Fh\u00f3raim um Dheireadh Saoil<\/em> tar \u00e9is imscr\u00fad\u00fa, a thosaigh in 2009, a bheidh cr\u00edochnaithe An bhForas Osp\u00edse. Mar thoradh air sin, buna\u00edodh an Chomhairle N\u00e1isi\u00fanta. Ag labhairt di ag an am, d\u00fairt Catherine \u2018Mar shaor\u00e1naigh agus mar shocha\u00ed is g\u00e1 d\u00fainn deireadh a chur leis an tab\u00fa a bhaineann leis an mb\u00e1s. N\u00ed m\u00f3r d\u00fainn tac\u00fa lena ch\u00e9ile chun tuiscint n\u00edos fearr ar an bhfreagracht phearsanta a fhorbairt agus c\u00f3rais \u00e9ifeachtacha a chur i bhfeidhm.\u2019<\/p>\n\n\n\n<p>Le linn an fheachtais chun an 8\u00fa Leas\u00fa a Aisghairm, bh\u00ed Catherine i mbun feachtais ar an teilif\u00eds agus ar an raidi\u00f3, labhair s\u00ed ag imeachta\u00ed agus thug s\u00ed bileoga amach. Bh\u00ed tr\u00ed ghl\u00fain d\u00e1 muintir p\u00e1irteach ann, agus t\u00e1 an l\u00fach\u00e1ir a bh\u00ed ar Catherine mar gheall ar an toradh ar taifead.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"768\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-Kay-Burley-Dublin-Castle-May-2018-1024x768.jpeg\" alt=\"\" class=\"wp-image-5771\" srcset=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-Kay-Burley-Dublin-Castle-May-2018-1024x768.jpeg 1024w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-Kay-Burley-Dublin-Castle-May-2018-300x225.jpeg 300w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-Kay-Burley-Dublin-Castle-May-2018-768x576.jpeg 768w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-Kay-Burley-Dublin-Castle-May-2018-1536x1152.jpeg 1536w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-Kay-Burley-Dublin-Castle-May-2018.jpeg 2048w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption class=\"wp-element-caption\">Catherine McGuinness le Kay Burley i gCaisle\u00e1n Bhaile \u00c1tha Cliath do thortha\u00ed an reifrinn maidir leis an 8\u00fa Leas\u00fa a Aisghairm. Le caoinchead \u00f3 chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"709\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-TFY-March2018-1024x709.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-5773\" srcset=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-TFY-March2018-1024x709.jpg 1024w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-TFY-March2018-300x208.jpg 300w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-TFY-March2018-768x532.jpg 768w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-TFY-March2018-1536x1064.jpg 1536w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/CMcG-TFY-March2018.jpg 1600w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption class=\"wp-element-caption\">Feachtas Together for Yes Catherine McGuinness (sa l\u00e1r). Le caoinchead \u00f3 chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Anois agus \u00ed ina cuid 80id\u00ed theastaigh \u00f3 Catherine a bheith f\u00f3s gn\u00edomhach agus ghlac s\u00ed le Cathaoirleacht ar an \u00dadar\u00e1s Rialaithe in Ollscoil na h\u00c9ireann, Gaillimh, c\u00faram a bh\u00ed uirthi go dt\u00ed M\u00ed na Nollag 2022, nuair a bh\u00ed s\u00ed 88 bliain d\u2019aois.<\/p>\n\n\n\n<p>Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann t\u00e1 a h\u00edomh\u00e1 crochta i gcuid mhaith foirgnimh phoibl\u00ed, agus saothair ar bhalla\u00ed Chol\u00e1iste Alexandra, Thithe an Oireachtais, san Aula Maxima, in Ollscoil na h\u00c9ireann, Gaillimh agus i nGaileara\u00ed N\u00e1isi\u00fanta na h\u00c9ireann.<\/p>\n\n\n\n<figure class=\"wp-block-image aligncenter size-full\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"690\" height=\"864\" src=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240821-NGI-CMG-2022.33.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-5823\" srcset=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240821-NGI-CMG-2022.33.jpg 690w, https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/20240821-NGI-CMG-2022.33-240x300.jpg 240w\" sizes=\"auto, (max-width: 690px) 100vw, 690px\" \/><figcaption class=\"wp-element-caption\">Miseon Lee, <em>Justice Catherine McGuinness, Supreme Court Judge and Reformer<\/em>, 2022. Presented, Tara Doyle, 2022 NGI.2022.33 National Gallery of Ireland Collection <br>\u00a9 Miseon Lee. Photo, National Gallery of Ireland<\/figcaption><\/figure>\n\n\n\n<p>Bu\u00edochas le Diarmaid agus Cian Mac Aonghusa chomh maith le Vivienne Wood agus Ian Doyle as cabhr\u00fa le Mn\u00e1100.&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Agus Mn\u00e1100 ag teacht chun cr\u00edche, sa ph\u00edosa deiridh seo, breathn\u00f3idh muid ar an gc\u00e9ad ghl\u00fain eile de mhn\u00e1 ceannr\u00f3da\u00edocha. https:\/\/mna100.ie\/Catherine-McGuinness-Sinead-McCoole-Interview.mp3 Shuigh an Dr Sin\u00e9ad McCoole s\u00edos le Catherine McGuinness ar an gC\u00e9adaoin, an 25 Deireadh F\u00f3mhair 2023 agus \u00ed ag pl\u00e9 a saol agus i mbun machnaimh ar a m\u00e1thair ch\u00e9ile, Mair\u00e9ad McGuinness (n\u00e9e &hellip; <a href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/\">Continued<\/a><\/p>\n","protected":false},"author":4,"featured_media":5761,"menu_order":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","template":"","categories":[32],"class_list":["post-5787","centenary-moments","type-centenary-moments","status-publish","has-post-thumbnail","hentry","category-article-ga"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.6 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness - Mn\u00e1 100<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness - Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Agus Mn\u00e1100 ag teacht chun cr\u00edche, sa ph\u00edosa deiridh seo, breathn\u00f3idh muid ar an gc\u00e9ad ghl\u00fain eile de mhn\u00e1 ceannr\u00f3da\u00edocha. https:\/\/mna100.ie\/Catherine-McGuinness-Sinead-McCoole-Interview.mp3 Shuigh an Dr Sin\u00e9ad McCoole s\u00edos le Catherine McGuinness ar an gC\u00e9adaoin, an 25 Deireadh F\u00f3mhair 2023 agus \u00ed ag pl\u00e9 a saol agus i mbun machnaimh ar a m\u00e1thair ch\u00e9ile, Mair\u00e9ad McGuinness (n\u00e9e &hellip; Continued\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Mn\u00e1 100\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2024-11-13T15:31:16+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-scaled.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"2560\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"1707\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptCulturelRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"15 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\\\/\",\"name\":\"An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness - Mn\u00e1 100\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\\\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/app\\\/uploads\\\/2024\\\/08\\\/2298-098-scaled.jpg\",\"datePublished\":\"2024-02-01T15:48:00+00:00\",\"dateModified\":\"2024-11-13T15:31:16+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\\\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\\\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/app\\\/uploads\\\/2024\\\/08\\\/2298-098-scaled.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/app\\\/uploads\\\/2024\\\/08\\\/2298-098-scaled.jpg\",\"width\":2560,\"height\":1707,\"caption\":\"Senator Catherine McGuinness (1983)\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/ga\\\/centenary-moments\\\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Centenary Moments\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/centenary-moments\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/\",\"name\":\"Mn\u00e1 100\",\"description\":\"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.mna100.ie\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness - Mn\u00e1 100","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness - Mn\u00e1 100","og_description":"Agus Mn\u00e1100 ag teacht chun cr\u00edche, sa ph\u00edosa deiridh seo, breathn\u00f3idh muid ar an gc\u00e9ad ghl\u00fain eile de mhn\u00e1 ceannr\u00f3da\u00edocha. https:\/\/mna100.ie\/Catherine-McGuinness-Sinead-McCoole-Interview.mp3 Shuigh an Dr Sin\u00e9ad McCoole s\u00edos le Catherine McGuinness ar an gC\u00e9adaoin, an 25 Deireadh F\u00f3mhair 2023 agus \u00ed ag pl\u00e9 a saol agus i mbun machnaimh ar a m\u00e1thair ch\u00e9ile, Mair\u00e9ad McGuinness (n\u00e9e &hellip; Continued","og_url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/","og_site_name":"Mn\u00e1 100","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/DepartmentofCultureIRL\/","article_modified_time":"2024-11-13T15:31:16+00:00","og_image":[{"width":2560,"height":1707,"url":"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-scaled.jpg","type":"image\/jpeg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptCulturelRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"15 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/","name":"An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness - Mn\u00e1 100","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-scaled.jpg","datePublished":"2024-02-01T15:48:00+00:00","dateModified":"2024-11-13T15:31:16+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-scaled.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.mna100.ie\/app\/uploads\/2024\/08\/2298-098-scaled.jpg","width":2560,"height":1707,"caption":"Senator Catherine McGuinness (1983)"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/centenary-moments\/an-chead-100-bliain-eile-de-ghniomhaiochas-o-oidhreacht-go-saoranacht-ghniomhach-br-catherine-mcguinness\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Centenary Moments","item":"https:\/\/www.mna100.ie\/centenary-moments\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"An Ch\u00e9ad 100 Bliain Eile de Ghn\u00edomha\u00edochas \u00f3 Oidhreacht go Saor\u00e1nacht Ghn\u00edomhach: Mrs Justice Catherine McGuinness"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.mna100.ie\/#website","url":"https:\/\/www.mna100.ie\/","name":"Mn\u00e1 100","description":"Highlighting the role of women during this Decade of Centenaries.","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.mna100.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/centenary-moments\/5787","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/centenary-moments"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/centenary-moments"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/4"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=5787"}],"version-history":[{"count":13,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/centenary-moments\/5787\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":5887,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/centenary-moments\/5787\/revisions\/5887"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/5761"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=5787"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.mna100.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=5787"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}