Curator’s Message
Curator’s Message
Inseofar scéalta na mban a ghlac páirt in imeachtaí 100 bliain ó shin le Mná100.ie.
Táthar ag insint leagan nua den tréimhse seo i Nua-Stair na hÉireann le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán; leagan atá i bhfad Éireann níos casta, níos caolchúisí agus níos uileghabhálaí, agus déanfar sin a éascú leis an mbunfhoinse ábhair a chuirfear ar fáil gan srian ar líne chomh maith le bailiúcháin phríobháideacha a bheidh le cur ar fáil don phobal. Tá níos mó eolais á fháil amach againn faoi shaol na mban seo agus faoin méid a rinneadar le linn na tréimhse sin i stair na tíre seo; go háirithe iadsan a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad, agus iadsan a thug seirbhís i saol na polaitíochta agus sa saol poiblí sa tréimhse ina dhiaidh sin.
Le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, tugadh ugach arís teacht a bheith ag an méid daoine agus is féidir ar bhunfhoinse ábhair agus sin a bheith ar fáil go héasca. Tá teacht go héasca agus saor in aisce anois ar thaifid ríthábhachtacha, lena n-áirítear taifid na Cartlainne Míleata. Tá tús curtha ag go leor eagraíochtaí agus go leor institiúidí eile, an Leabharlann Náisiúnta, an Chartlann Mhíleata, an Chartlann Náisiúnta, leabharlanna, cartlanna agus iarsmalanna ar fud líonra na n-údarás áitiúil, cumainn staire agus ionaid oidhreachta ina measc, le cláir shuntasacha dhigitithe trína bhfuil daoine ábalta teacht a bheith acu ar stór saibhir eolais a bhaineann leis an tréimhse sin de stair na tíre. Tá an jab atá ag Staraí na tréimhse sin níos tairbhí de bharr na dtaifead sin agus tugtar léargas maith iontu ar scéal na ngnáthshaighdiúirí agus ar mhná na hÉireann sa stair ach go háirithe, agus tá teacht ag an bpobal ar stór saibhir ábhair leis na taifid sin chomh maith.
Tugaimid aitheantas do shliocht na mban sin a ghlac páirt sa tréimhse bharrthábhachtach sin de stair na hÉireann as a bhflaithiúlacht cead a thabhairt teacht a bheith againn ar a gcartlanna príobháideacha féin – grianghraif luachmhara dá muintir, litreacha agus cuimhní cinn pearsanta – tá go leor acu á roinnt ar an láithreán gréasáin seo den chéad uair riamh. Tugtar léargas ar leith ar shaol na mban sin le bunfhoinsí nua trína bhfuilimid ábalta a scéal a insint chun a chinntiú go gcuimhnítear ar an méid a rinneadar le linn thréimhse na réabhlóide.
Ar an láithreán gréasáin seo, beidh tú ábalta súil a chaitheamh ar ‘Aistear 100 Bliain’ mhná na hÉireann, ina ndéantar cur síos ar na bearta a rinne daoine aonair agus ar na comhbhearta a rinne grúpaí. Cumann na mBan agus Cumann na Saoirse sna 1920idí. Mná na Poblachta, na Blúsanna Gorma, sna 1930idí. Cumann Mhná Tí na hÉireann agus an Lower Price Council sna 1940idí. Ó Chumann Náisiúnta na mBaintreach a bunaíodh sna 1960idí go dtí Cumann Polaitíochta na mBan, chomh maith le grúpaí eile mar Cherish agus Mná na hÉireann Aontaithe a bunaíodh sna 1970idí. Chuir leor grúpaí tús lena gcuid struchtúir a chur ar bhonn foirmiúil chun maoiniú Rialtais a fháil, grúpaí mar LOT (Lesbians Organising Together). Sna deich mbliana deiridh den 20ú haois tháinig Tithe an Oireachtais agus Grúpa de 84 duine le chéile chun troid ar son mná i saol na polaitíochta. Bunaíodh an Grúpa 50:50 in 2010 agus ba é an t-aon chuspóir a bhí acu ionadaíocht chothrom a bhaint amach i nDáil Éireann agus sin amháin, cuspóir atá fós le tabhairt chun fíre.
I gcaitheamh an ama sin tháinig athrú mór millteach chun cinn; ó 1912 nuair nach raibh cead vótála ag mná; go dtí deireadh na 1930idí nuair arbh í Bridget Mary Rice, T.D. do Chontae Muineacháin, an t-aon bhean amháin a bhí ar shuíocháin an rialtais; go dtí na róil atá ag mná sa lá atá inniu ann, ní hamháin sa pholaitíochta, ach sa Státseirbhís, sa Bhreithiúna, agus i gceannas ar Chomhlachtaí Stáit agus forais Stáit.
Ceanglaímid an dul chun cinn mall atá déanta maidir le stádas na mban le tús na 20ú haoise in Éirinn, mar a bhí freisin in go leor tíortha san iarthar. Tugann sé an t-athrú sciobtha a tháinig ar chúrsaí le Deich mbliana anuas chun cuimhne. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na mban a dtugtar aitheantas dóibh mar cheannródaithe ina réimse oibre ar fud an domhain le deich mbliana. Leantar de thionscnaimh agus d’fheachtais éagsúla go dtí an lá atá inniu ann, tionscnaimh agus feachtais a leagann béim ar chúiseanna a gcaithfidh mná fós a bheith ag troid ar a son sa 21ú haois. D’fhéadfaí a áitiú go bhfuil go leor oibre fós le tabhairt fúithi chun comhionannas a bhaint amach i ngach gné de shaol na mban in Éirinn.
Tá súil againn go gcuirfidh Mná100.ie scéalta na mban sin i láthair lucht spéise nua trí mheán na scannánaíochta, an phodchraolta, na n-alt, na dtaispeántas, na n-aistí grianghraif agus seimineár gréasáin. Cuirfear bunfhoinse eile ar líne ar fáil leis an láithreán gréasáin seo le go mbeidh daoine, beag beann ar aois agus a bhfuil spéis acu sa tréimhse cuimhneacháin seo, ábalta úsáid a bhaint as mar acmhainn eile.
Tá rannpháirtíocht fhorleathan glactha ag daoine in imeachtaí a bhaineann leis an am atá imithe le linn Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, d’fhéadfaí a rá gur ionann an athbheochan sin agus cuimhní nua comhaimseartha a dhéanamh.
An Dr. Sinéad McCoole
Aonad na gCuimhneachán
Bealtaine 2021