100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.








1980s

An Chéad Bhreitheamh Mná den Ard-Chúirt

Ba í Mella Elizabeth Laurie Carroll an chéad bhean riamh a ceapadh ina Breitheamh Ard‑Chúirte i mí Dheireadh Fómhair 1980. Ina dhiaidh sin, ba í an ball is faide ar an gcúirt sin. Ba í an chéad  cathaoirleach mná ar Chomhairle Bharra na hÉireann.

Earcaigh Mná san Arm

Earcaíodh mná in Arm na hÉireann (Óglaigh na hÉireann) in 1980 nuair a ritheadh an tAcht Cosanta (Uimhir 2). Íocadh an méid céanna leo agus a íocadh leis na fir agus rinne siad an obair chéanna seachas dul i mbun coinbhleachta armtha. In 1981 Fuair an chéad ochtar ban i stair an stáit a gcuid coimisiúin oifigeach.

An chéad Bhainisteoir Bainc Mná

Ba í Pauline Martin ó bhrainse Bhanc‑Aontas Éireann i mBaile Breac, Co. Bhaile Átha Cliath an chéad bhainisteoir bainc mná in Éirinn in 1981.

Mná i bPolaitíocht na hÉireann 

Reáchtáladh Olltoghchán don 22ú Dáil i mí an Mheithimh 1981. Bhí 78 suíochán ag Fianna Fáil nuair a moladh Cathal Ó hEochaidh mar Thaoiseach ach buadh air. Tofadh Garret FitzGerald mar Thaoiseach agus chuaigh sé i gcomhpháirt le Páirtí an Lucht Oibre chun comhrialtas a chruthú le 80 suíochán.

Tofadh seisear ban d’Fhine Gael don 22ú Dáil. Tugadh moladh do cheannaire Fhine Gael Garret FitzGerald dá ghníomh ag an stáitse roghnúcháin. Tofadh Myra Barry arís maraon le Teachtaí Dála nua:  Mary Flaherty (lenar bhunaigh Myra Barry brainse Ógra Fhine Gael i bhFionnghlas), Nuala Fennell, Alice Glenn, Nora Owen agus Madeleine Taylor.

Toghadh Eileen Desmond do Pháirtí an Lucht Oibre. Ceapadh í ina hAire Sláinte agus ina hAire Leasa Shóisialaigh. Ba í an 3ú bean sa Rialtas í, an chéad bhean a raibh post sinsearach Rialtais aici.  

An 3ú Aire Rialtais an tAire Sláinte agus Leasa Shóisialaigh – Eileen Desmond nasc chuig na hAirí Rialtais.

Toghadh Myra Barry, Eileen Desmond, Nuala Fennell, Mary Flaherty, Máire Geoghegan-Quinn, Mary Harney, Gemma Hussey agus Nora Owen chuig an 23ú Dáil Éireann arís i mí Feabhra.  Rialtas mionlaigh a bhí ag Fianna Fáil agus ba é Charles Haughey a bhí ina Thaoiseach ar an Rialtas sin. Ní raibh aon bhean ina hAire Rialtais. 

 ‘‘The Way Forward’’ – doiciméad beartais ó Fhianna Fáil – a raibh de thoradh air gur aistharraing Páirtí na nOibrithe a thacaíocht don Rialtas. Ghlaoigh Garret Fitzgerald vóta mímhuiníne agus theip ar an Rialtas. Fógraíodh Olltoghchán do mhí na Samhna 1982 agus ina dhiaidh sin ainmníodh Garret FitzGerald mar Thaoiseach le Dick Spring, Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre mar Thánaiste.

Mná sa 24ú Dáil ÉireannWomen of the 24th Dáil Éireann

Myra Barry, Nuala Fennell, Mary Flaherty, Madeline Taylor (atá pósta anois agus Taylor-Quinn mar shloinne uirthi), Nora Owen,  Alice Glenn, Gemma Hussey a atoghadh d’Fhine Gael le Avril Doyle agus an Seanadóir Monica Barnes a toghadh den chéad uair na mná a bhí sa 24ú Dáil Éireann. Tofadh Eileen Desmond arís do Pháirtí an Lucht oibre. Ba iad Máire Geoghegan-Quinn, Mary Harney, Eileen Lemass agus an Seanadóir Mary O’Rourke – ó Fhianna Fáil gach duine acu – na 14 Teachtaí Dála baininn eile sa 24ú Dáil.

Tugadh róil do bheirt bhall de Chumann Polaitiúil na mBan laistigh den Rialtas. Ceapadh Gemma Hussey go dtí an Chomhaireacht mar Aire Oideachais.

An 4ú Aire Rialtais  An tAire Oideachais Gemma Hussey – – nasc chuig na hAirí Rialtais.

Ceapadh Nuala Fennell mar an chéad Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus an Roinn Dlí agus Cirt le dualgas do Ghnóthaí Ban agus Athchóiriú Dlí Teaghlaigh.

In 1983 bunaíodh Comhchoiste Oireachtais um Chearta na mBan.

An 8ú Leasú ar an mBunreacht

In 1980 tháinig an tAcht Sláinte (Beartú Muiríne) in éifeacht. Bunaíodh an chéad Ionad Comhairleoireachta um Thoircheas in Éirinn. Bunaíodh Ionad Well Woman Bhaile Átha Cliath.   Seoladh an CCLB (An Cumann um Chosaint Leanaí sa Bhroinn) chun cur i gcoinne tabhairt isteach reachtaíochta lena bhforálfaí ginmhilleadh. Bhí CCLB gníomhach maidir le cainteoirí frithghinmhillte a sholáthair scoileanna agus bhunaigh siad feachtas leasaithe ar son na beatha. In 1981 bunaíodh Feachtas Leasaithe na mBan ar son na Beatha (FLB).

Leathnaigh Acht na gCúirteanna 1981 dlínse na gCúirteanna i gcúrsaí dlí teaghlaigh. Ritheadh an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint) 1981. Tháinig an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981 in ionad an sainmhínithe srianta ar éigniú a bhí i bhfeidhm go dtí sin.

Faoi Chomhrialtas Fhine Gael-Páirtí an Lucht Oibre bhí plean chun an bunreacht a nua-aoisiú faoi lánseol cheana féin. Rinne Feachtas ar Leasú Ar Son Na Beatha le tacaíocht ón Eaglais Chaitliceach stocaireacht ar gach páirtí polaitiúil chun cosaint bhunreachtúil a thabhairt don leanbh gan bhreith. Bhí ginmhilleadh neamhdhleathach in Éirinn agus faoi réir ag pionós coiriúil ó 1861.

Tar éis neart díospóireachta sa Dáil cuireadh an fhocalaíocht bhunaidh a bhí dréachtaithe ag rialtas Fhianna Fáil le Cathal Ó hEochaidh a bhí i gcumhacht roimhe sin os comhair an phobail ar an 7 Meán Fómhair 1983. D’fhoráil an 8ú leasú beartaithe don Bhunreacht d’idirshliocht fo-ailt ag tabhairt aitheantais do chearta cothroma chun na beatha mná torrach agus an linbh gan bhreith.

Tar éis reifrinn, ceadaíodh an t‑ochtú leasú ar an mBunreacht. Foráladh leis sin go gcuirfí isteach i mBunreacht Airteagal 40.3.3 a dúirt ‘Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.’ Tugadh an leasú ‘ar son na beatha’ ar an leasú seo ina dhiaidh sin.

Dhearbhaigh an leasú seo nach gceadófaí ginmhealladh sa reachtaíocht nó sa léamh breithiúnach ach i gcúinsí ina mbeadh saol na mná  torrach i mbaol. Rinne an Taoiseach, roinnt ball dá pháirtí, baill de Pháirtí an Lucht Oibre agus daoine eile feachtasaíocht i gcoinne an leasú seo a chur isteach ach  glacadh leis le tromlach de 67%.

Bunaíodh Comhairleoireacht Doras Oscailte i mBaile Átha Cliath. Fuair CCLB urghaire i gcoinne Chomhairleoireacht Doras Oscailte agus Ionad Dea‑Shláinte na mBan. Lean mná Éireannacha orthu ag taisteal thar lear le haghaidh ginmhilltí nó chun toircheas a cheilt. Bhí saolta príobháideacha triúr máithreacha i mbéal an phobail in 1984. Ar an 31 Eanáir 1984 bhí leanbh mic ag cailín a bhí cúig bliana déag d’aois ina haonar ag fochla amuigh faoin aer i nGránard, Contae an Longfoirt. Fuair an bheirt acu bás. Ceithre lá is seachtó ina dhiaidh sin fuarthas corp leanbh mic le créachtaí sáite líonmhara ar an Trá Bhán in aice le Cathair Saidhbhín – níor aithníodh a mháthair riamh. Tugadh an ‘Kerry Babies Case’ ar an imscrúdú a chuir na Gardaí ar bun ina dhiaidh sin faoi na heachtraí bainteach leis an bhfionnachtain. In 1984 briseadh Eileen Flynn as a post múinteoireachta toisc go raibh leanbh aici lasmuigh den phósadh. Tógadh an chéad tearmann saincheaptha do mhná i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath an bhliain chéanna.

I mí an Mhárta 1985, glacadh leis an Acht Sláinte Pleanáil Clainne (Leasú) sa Dáil le trí vóta is ochtó in aghaidh ochtó, chun díolachán frithghiniúnaigh a cheadú do gach duine thar 18 mbliana d’aois.

Rialaigh an Breithiúnas Hamilton (1986) go raibh sé mídhleathach faisnéis a sholáthar in Éirinn a d’éascódh ginmhilleadh i Sasana. Fuair sé urghaire i gcoinne trí cheardchumann mac léinn ó fhaisnéis maidir le clinicí ginmhilleadh na Breataine a fhoilsiú.

In 1987 bunaíodh Líonra Eolais na mBan, a tháinig i ndiaidh an ghrúpa um Cheart ag Mná Rogha a Dhéanamh. Nuair a bunaíodh é, bhí sé ina ghrúpa faoi thalamh comhdhéanta de líne chabhrach neamh‑threorach do mhná.

Mná i bPolaitíocht na hÉireann sna 1980idí – An Páirtí Daonlathach

I mí na Nollag 1985, chomhbhunaigh Mary Harney agus Des O’Malley an Páirtí Daonlathach. Díbríodh as Páirtí Fhianna Fáil í nuair a vótáil sí i bhfabhar an Chomhaontaithe Angla-Éireannach. Dhíbir Fianna Fáil a comhbhunaitheoir Des O’Malley nuair a dhiúltaigh sé vóta a chaitheamh i gcoinne bhille an chomhrialtais maidir le frithghiniúnaigh a dhíol.

Seoladh an páirtí ar an 21 Nollaig 1985 agus faoin 6 Eanáir 1986 bhí 4,000 duine cláraithe mar bhaill. In Olltoghchán mhí Feabhra 1987 sheas seachtar ban sa toghchán don Pháirtí Daonlathach agus toghadh ceathrar acu: Mary Harney (Baile Átha Cliath Theas Thiar), Anne Colley (Baile Átha Cliath Theas), Geraldine Kennedy (Dún Laoghaire) agus Máirín Quill (Corcaigh Thuaidh-Lár) .

B’iníon í Anne Colley, 35, le George Colley, ball dílis d’Fhianna Fáil. Bhí Anne gníomhach sa pháirtí sin ó na 1970idí ach chinn sí é a fhágáil agus chuaigh sé isteach sa Pháirtí Daonlathach. Bhain sí suíochán amach leo (is í is mó a fuair vótaí).

B’iriseoir 35 bliain d’aois í Geraldine Kennedy leis an Irish Times agus scríobh sí go leor faoi mhná sa pholaitíocht ó na 1970idí agus d’áitigh Mary Harney uirthi páirt a ghlacadh sa pháirtí. Toghadh í i nDún Laoghaire ach theip ar a comhiarrthóir Helen Keogh suíochán a bhaint amach. Fuair Monica Barnes (FG) an cúigiú suíochán.

Bhí ról suntasach ag Máirín Quill, as Ciarraí ó dhúchas, i bhFianna Fáil i gCorcaigh ó na 1960idí. D’fhág sí an páirtí agus chaill sí dóchas i bpáirtithe bunaithe mar theip orthu athchóiriú polaitiúil a dhéanamh. Chomh maith leis sin bhí sí go mór  i gcoinne cheannaire Fhianna Fáil Charles Haughey. Nuair a bhuaigh sí an suíochán ‘bhuail sí vóta Fhianna Fáil agus vóta Fhine Gael agus ghlac  sí suíochán Pháirtí an Lucht Oibre.’

Tá Mná Lom Dáiríre

D’eagraigh an IDA ‘Mí Mhná i dTionscail’ ina raibh 4,000 rannpháirteach le linn mhí Dheireadh Fómhair 1985.  Tháinig méadú 200 faoin gcéad ar iarratais ar dheontas mar thoradh ar sin.

Tar éis an chéad  éilimh ar dhamáistí faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, bhuaigh duine 15 bliain d’aois as Contae  Lú pá bliana.

Chuir an Ghníomhaireacht um Mhná i bhFiontair Ghnó comhairle agus tacaíocht saor in aisce  ar fáil d’fhiontraithe mná. Dhún riarachán Fhianna Fáil í an bhliain ina dhiaidh sin.

D’fhoilsigh Oifig an Aire Stáit um Ghnóthaí Ban Women Mean Business, An Introduction to setting  up your own small business.

In 1987, 35% ab ea é an ráta fostaíochta do mhná in aois oibre.

Pósadh, Teaghlach, Colscaradh

Sa bhliain 1980, bunaíodh an Grúpa Gníomhaíochta Colscartha i mBaile Átha Cliath chun feachtas a dhéanamh maidir le deireadh a chur le cosc bunreachtúil an Cholscartha agus luaitear sa litríocht: “ní chuireann an toirmeasc bunreachtúil ar cholscartha stop ar phóstaí ag fáil bháis – níl ann ach do ndiúltaíonn sé teastas báis a thabhairt dóibh.’

Dúirt Charles Haughey sa Dáil nach raibh pleananna ar bith aige maidir le reachtaíocht colscartha.

I mí an Mhárta 1986 cuireadh Bille Colscartha Pháirtí an Lucht Oibre os comhair Dháil Éireann ach  diúltaíodh é. An mhí ina dhiaidh sin d’fhoilsigh an Rialtas bille ag moladh go mbeadh reifreann ann  chun an cosc bunreachtúil ar cholscaradh a bhaint (an deichiú leasú ar an mBunreacht).

Ar an 9 Bealtaine seoladh an feachtas frithcholscartha i mBaile Átha Cliath. Ar an 13 Bealtaine, phriontáil na hEaspaig Chaitliceacha milliún cóip de ‘‘Marriage, Family and Divorce’’ ag rá go ndáilfí cóipeanna ar gach teaghlach sa tír.

Cé gur mhol go leor de na mná vóta ‘Tá’ a chaitheamh, lena n-áirítear Gemma Hussey as Fine Gael,  chuaigh daoine eile cosúil le Alice Glenn, a bhí na Teachta Dála le Fine Gael chomh maith, i mbun feachtais le haghaidh vóta Níl – ina Tuarascáil Alice Glenn,  dúirt sí gurb ionann ‘vótáil i gcomhair Colscartha agus turcaí ag vótáil don Nollaig.’

Ar an 26 Meitheamh 1986 diúltaíodh reifreann maidir le ‘scaoileadh ar phósadh’ 36% ar a shon agus  63.5% ina aghaidh. I mí Iúil sheol an Rialtas an chéad seirbhís idirghabhála riamh arna maoiniú go poiblí lasmuigh de na cúirteanna chun cuidiú le teaghlaigh a raibh deacrachtaí pósta tromchúiseacha acu. 

Thug an tAcht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986  cead sainchónaí do mhná ar leithligh óna bhfear. D’achtaigh Nuala Fennell, an tAire Stáit an t-acht seo.

Tar éis feachtais ag an nGrúpa Gníomhaíochta Colscartha cuireadh catagóir le haghaidh  ‘scartha’ isteach den chéad uair sa tuairisceán daonáirimh in 1986.

D’éirigh le feachtas a rinne grúpaí  éagsúla (lena n-áirítear Mary Flaherty agus Myra Barry as Fine Gael Óg) chun deireadh a chur leis an téarma ‘neamhdhlisteanacht’ – i gcás  leanaí a rugadh lasmuigh den phósadh.

Dhírigh an tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh 1989 ar choimeád leanaí, maoin agus cothabháil, scaradh breithiúnach agus saincheisteanna athmhuintearaithe cuidithe.

An 25ú Dáil Éireann, 1987

Tháinig méadú beag arís ar ionadaíocht na mban sa 25ú Dáil tar éis Olltoghchán Mhí na Samhna 1987. Bhí cúig Theachta Dála ag Fine Gael agus Fianna Fáil araon: Toghadh Monica Barnes, Avril Doyle, Mary Flaherty, Gemma Hussey  agus Madeleine Taylor-Quinn d’Fhine Gael agus toghadh Máire Geoghegan-Quinn, Mary O’Rourke agus Síle de Valera (anois ag déanamh ionadaíochta ar an gClár) d’Fhianna Fáil mar aon le beirt Theachtaí Dála nua Mary Mooney agus Mary Coughlan. Toghadh ceathrar Teachtaí Dála don Pháirtí Daonlathach – Mary Harney, Geraldine Kennedy, Máirín Quill agus Anne Colley.

I mí Feabhra 1986 nuair a rinneadh atheagar ar na hairí ceapadh Gemma Hussey ina hAire Leasa Shóisialaigh. Níor mhair a ceapachán ach cúpla  mí. I mí na Nollag 1986 ní raibh Fine Gael agus an Lucht Oibre in ann téarmaí buiséid a chomhaontú agus chinn siad an comhrialtas a bhriseadh ar an 20 Eanáir 1987. Sa toghchán ina dhiaidh sin chaill Fine Gael líon suntasach suíochán agus d’éirigh Garret FitzGerald as mar cheannaire. Tháinig Alan Dukes i gcomharbacht air.

Ceapadh Charles Haughey ina Thaoiseach arís, an uair seo le Rialtas mionlaigh. Cheap sé Mary O’Rourke dá Chomh-Aireacht mar Aire Oideachais. D’fhan sí sa phost sin fad a bhí an 20ú Rialtas i bhfeidhm in Éirinn. Ceapadh Mary O’Rourke ina hAire Oideachais in 1987 – an 5ú Aire Rialtais

D’éirigh Gemma Hussey as an bpolaitíocht in 1989. Cheap an tUachtarán Hillary í láithreach ar an gComhairle Stáit.

An 26ú Dáil Éireann, 1989

Reáchtáladh an tOlltoghchán don 26ú Dáil ar an 15 Meitheamh 1989.

Chuaigh Fianna Fáil i mbun comhrialtais leis an bPáirtí Daonlathach toisc go raibh sé gann seacht suíochán ar mhóramh foriomlán. Rinneadh Aire Stáit le freagracht as an Oifig um Chaomhnú an Chomhshaoil de Mary Harney. Le linn na tréimhse sin rinne sí maoirseacht ar bhunú na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus thug sí isteach reachtaíocht chun cosc a chur  ar bhreosla a bhí ag cur le toitcheo.

Ar na Teachtaí Dála mná a tháinig ar ais chun seal eile a dhéanamh bhí Monica Barnes (FG), Mary T Coughlan, (FF), Síle de Valera (FF), Nuala Fennell (FG),  Mary Flaherty (FG), Máire Geoghegan-Quinn, (FF), Mary Harney (FF), Mary O’Rourke (FF), Máirín Quill (PD) Madeleine Taylor-Quinn, (FG), Mary Wallace (FF) agus Nora Owen  (FG).

Toghadh beirt TD mná  nua:  Theresa Ahern  (Fine Gael) agus  an t-iarSheanadóir Mary Wallace (Fianna Fáil), a raibh seanchleachtadh acu ar an bpolaitíocht.

I dToghchán Pharlaimint na hEorpa, toghadh  Mary Banotti (FG) agus Bernie  Malone (Lucht Oibre).