100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.



1930s

Mná agus Polaitíocht sna 1930idí  

Tharla athruithe suntasacha i gcúrsaí polaitíochta ar fud na hEorpa agus in Éirinn le linn na 1930idí. Athraíodh cúrsaí polaitíochta in Éirinn go mór agus bhí mná sa tír seo fós feasach ó thaobh na polaitíochta de. Bhí ról lárnach ag mná i bhfás pháirtí Fhianna Fáil ag leibhéal an Chumainn áitiúil agus  maidir  leis an éileamh ar an nuachtán The Irish Press. In 1932 mhéadaigh Cumann Chomrádaithe an Airm, a raibh baill Arm an tSaorstáit atá ar scor ina mball de, líon a bhallraíochta agus d’athraigh siad an t-ainm. Ar dtús, tugadh an Garda Sibhialta orthu, agus ina dhiaidh sin athraíodh an t-ainm arís go Conradh na hÓige. Tugadh na Léinte Gorma (Blue  Shirts) ar an eagraíocht sin de ghnáth, mar  gheall ar an éide  a chaith siad. Tugadh na Blue Blouses ar ‘rannóg na mban’ den chumann de ghnáth.

Ba léir go raibh suim ag cuid mhór de smaointeoirí agus gníomhaithe ban na hÉireann i gcumannachas agus sa Rúis Shóivéadach. Thug Hanna Sheehy-Skeffington agus Helena Molony,  a bhí ina mball de Friends of Soviet Russia, i measc daoine eile  camchuairt fhada ar an Rúis in 1930. Bhí Saor Éire, ar pháirtí sóisialach poblachtach a bunaíodh in 1931 é agus a raibh mná ar a choiste feidhmiúcháin nuair  a bunaíodh é, ar cheann de na páirtithe i bhfad amach ar an eite chlé a bhí ar an bhfód sna 1930idí. In 1933 athraíodh na Revolutionary Workers’ Groups, a lán ball ban ina measc, go Páirtí Cumannach na hÉireann. Bhí Nora Connolly O’Brien, iníon James Connolly, ar dhuine de na príomheagraithe d’eagraíocht eile ar son an Chumannachais, The Republican Congress.

Ghlac mná ról tábhachtach sa ghluaiseacht lucht  oibre i gcoitinne. Ba í Louie Bennett an chéad Uachtarán ban de Chomhdháil na gCeardchumann nuair a ceapadh í in 1932.

Mná na Poblachta

Ba ann don eagraíocht Cumann na mBan go fóill ach tharla scoilt in 1933. Cuireadh Mná na Poblachta ar bun agus  bhí sé mar chroí-chreidiúint acu gurbh iad baill den dara Dáil an rialtas dlisteanach.

Thug Rialtas Chumann na nGaedheal isteach an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 17), 1931, Acht é sin a cheadaigh bunú an Bhinse Míleata agus a thoirmisc na scórtha eagraíochtaí. Bhí teannas sa tír go fóill agus bhí a gcuid arm ina seilbh ag iarthrodaithe (idir fhir agus mhná) Chogadh na Saoirse agus  an Chogaidh Cathartha.

I mí Feabhra 1932, scaoileadh marbh an Teachta Dála Patrick Reynolds as Liatroim le linn achrainn a tharla fad a bhí sé ag toghchánaíocht don olltoghchán a tharla ar an 16 Feabhra 1932. Bhí an Teachta Dála Reynolds i nDáil Éireann ar feadh cúig bliana mar TD Chumann na nGaedheal do Shligeach-Liatroim tar éis dó a bheith tofa i dtrí olltoghchán le linn na tréimhse sin.

Sheas Mary Reynolds sa toghchán in áit a fir chéile. Ba í an chúigiú hiarrthóir Chlann na nGaedheal i ndáilcheantar a raibh trí shuíochán déag aige agus toghadh í. Chuaigh  sí isteach ar an gcúlbhinse in éineacht le Margaret Collins-O’Driscoll ansin.

Ba é Fianna Fáil an príomhpháirtí i gcomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre. Ní raibh bean ar bith  ar bhinsí an Rialtais.

An Eaglais agus an Stát

Bhí tionchar na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí ar Éirinn ag dul i méid ó go déanach sa 19ú haois ar aghaidh. Spreag an Vatacáin tógáil tithe pobail agus leathnú an struchtúir pharóiste. Bhí Oird Rialta i mbunscoileanna, meánscoileanna agus coláistí oiliúna múinteoirí, chomh maith le hospidéil, brúnna, scoileanna ceartúcháin agus córas leasa a chuimsigh dílleachtlanna, scoileanna saothair, na Neachtlanna Maigdiléana agus Tithe Máithreacha & Naíonán. 

Go luath sna  1930idí, dúirt Easpaig na hÉireann go poiblí nár cheart do Chaitlicigh Éireannacha páirt  a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na gluaiseachta Poblachtaí ná gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí Cumannach (a bhí i gcoinne reiligiún eagraithe).

Lá na mBan – An Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta 

Reáchtáladh an Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta i Meitheamh 1932. Ba eachtra mhór í sin ar thacaigh an Stát léi. Thaistil na mílte chún páirt a ghlacadh. Cé go raibh gníomhaíochtaí ann a chuir  fáilte roimh dhaoine teacht le chéile agus guí, ba ann  d’imeachtaí ar leith d’fhir, mná  agus  páistí chomh maith. Tharla Lá na mBan ar an 24 Meitheamh agus reáchtáladh Aifreann i bPáirc an Fhionnuisce ar fhreastail 200,000 air, meastar.

Chuaigh  eagraíochtaí do Chaitlicigh i méid  agus i dtreise. Bunaíodh The Legion of Mary sna 1920idí chun cuairt a thabhairt ar mhná tinne i mBaile Átha Cliath, ach faoi na 1930idí bhí siad ag plé le hoibreacha aspalda taobh amuigh d’Éirinn. Bunaíodh Beartaíocht na gCaitliceach i 1933 agus bhí foghrúpa ar leith acu do mhná.

Bhí tóir ar chuallachtaí le deabhóid do Mháire sna scoileanna agus paróistí ar fud na tíre. Bhí idir fhir agus mhná ina mball de Chumann na Réadóirí (staonadh ón ól) agus, ina dhiaidh sin, bhí sé ar cheann d’eagraíochtaí tuata na tíre  ba mhó ar éirigh leis.

1933 

I ndiaidh an olltoghcháin in 1933, bhí triúr ban san ochtú Dáil. Ba iad Bridget Mary Redmond do Chumann na nGaelheal agus Helena Concannon agus Margaret Mary Pearse d’Fhianna Fáil. Níor éirigh leis na Teachtaí Dála de chuid Chumann na nGaedheal a bhí ag dul as oifig, Mary Reynolds agus Margaret Collins-O’Driscoll, a suíocháin a choinneáil.

Bheartaigh Éamon de Valera toghchán tobann a ghairm d’fhonn tromlach a fháil ach ba ar éigean nár éirigh leis le 77 suíochán. I ndiaidh fothoghchán ina dhiaidh sin, áfach, bhain Fianna Fáil tromlach amach le linn an ochtú Dáil. Chuir De Valera tús lena bheartas chun an Conradh a bhaint ó chéile nuair a dhiúltaigh sé anáidí talún a bhí le híoc le Rialtas na Breataine faoi théarmaí an Chonartha a íoc. Thaitin an beartas seo le daoine ar dtús mar ba ann do chúlú eacnamaíochta ar fud an domhain. Chuir sé tús,  áfach, le cogadh leis an mBreatain ar tugadh an Cogadh Eacnamaíoch air, cogadh a mhair go dtí 1938. Thug Fianna Fáil reachtaíocht isteach chomh maith agus  achtaíodh an tAcht Bunreachta (Móid do Chur ar Ceal) 1933.

Spreag Éamon de Valera Helena Concannon BA MA, a bhí ceithre bliana is caoga d’aois, dul leis an bpolaitíocht trí sheasamh i dtoghchán d’Ollscoil na hÉireann. Bhí sí ina Teachta Dála go dtí gur cuireadh deireadh leis an suíochán, agus ina dhiaidh sin bhí sí ina Seanadóir. Fuair sí céim in Ollscoil  Ríoga na hÉireann, agus dúirt a comhaoisigh fúithi go raibh sí “thar a bheith cliste”. Ba údar torthúil í agus staraí ar mhná Éireannacha san Eaglais Chaitliceach. Bronnadh D.Litt uirthi in 1929 as ‘an méid suntasach a rinne sí ar son eolas stairiúil’.

Tháinig Margaret Mary Pearse i gcomharbacht ar a máthair in olltoghchán na bliana 1933, an bhliain i ndiaidh bhás a máthar. Ghlac sí áit a máthar ar Choiste Feidhmiúcháin Fhianna Fáil chomh maith.

Chuir sé iontas ar a clann agus a cairde (a thug Tiny uirthi)  gur aontaigh Bridget Redmond go seasfadh sí mar iarrthóir san olltoghchán a gaireadh don 24 Eanáir 1933. Cuireadh in aithne do na vótálaithe í mar ‘baintreach an Chaptaein mór le rá nach maireann, Captaen Redmond’. Bhí teaghlaigh ann nach gcaithfidís vóta ‘ach  do Redmond’, agus thóg sí an chéad suíochán i gCathair Phort Láirge tar éis di 6,849 vóta a fháil.

An Bac Pósta 

Le linn na 1930idí, faoi Rialtas Fhianna Fáil, rinneadh roinnt athruithe ar an reachtaíocht ar bhealach a chuathas i bhfeidhm go sonrach nó go suntasach ar mhná.

An Bac Pósta: Leag an Roinn Oideachais amach go mbeadh ar gach múinteoir scoile náisiúnta a fuair post ó 1933 ar aghaidh éirí as a bpost a luaithe is a phós siad. I ndiaidh an Achta Fostaíochta 1935 bhain an bac pósta le státseirbhísigh chomh maith. (Tugadh an beart seo isteach i dtíortha eile chomh maith mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta).

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Leasú), 1935

Chuir an tAcht seo cosc ar fhrithghiniúnaigh a dhíol. Níorbh fhéidir iad a dhíol, a fhógairt ná a iompórtáil.

An tAcht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936

Tugadh an tAcht isteach mar bheart chun coinníollacha oibriúcháin a fheabhsú, ach rialaigh sé fostaíocht na mban agus daoine óga chomh maith. Faoi Alt 16, bhí an tAire Tionsclaíochta agus Tráchtála ábalta fostaíocht ban in earnáil na tionsclaíochta a rialú agus theorannú. Bhí treoir i bhfeidhm a shonraigh nach raibh cead ag fostóirí líon níos mó oibrithe ban ná oibrithe fear a bheith acu mura ndearnadh ord tacaíochta ag an Aire.

An Bunreacht 1937

Cuireadh tús le poist an Taoisigh, an Tánaiste agus an Uachtaráin mar Cheann Stáit le Bunreacht na hÉireann in 1937 – / d’fhéadfaí a rá gur Poblacht a bhí inti anois Athbhunaíodh Seanad leis an mBunreacht agus tugadh an Seanad air. Cheap Éamon de Valera Margaret ‘Loo’ Kennedy chuig an Seanad. Faoin struchtúr nua, trína bhféadfaí seanadóirí a thoghadh trí phainéil, toghadh Helena Concannon, Linda Kearns McWhinney agus Margaret Pearse. 

Chuir Kathleen Clarke a mhíshásta is a bhí sí le Bunreacht na bliana 1937 in iúl trí éirí as Cumann Tom Clarke Fhianna Fáil. Níor éirigh sí as Coiste Feidhmiúcháin Fhianna Fáil. Chaill sí a suíochán sa Seanad nuair a cuireadh deireadh leis agus níor éirigh léi suíochán a fháil sa Seanad a bunaíodh ag Bunreacht nua 1939.

Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Kathleen Clarke

Toghadh ina hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath in 1939 Kathleen Clarke, agus ba í an chéad bhean a toghadh ina méara in Éirinn. Bhí sí ina méara ar feadh dhá théarma go dtí 1941. Níor iarr sí go n-atoghfaí í mar gheall ar a sláinte.  Dhiúltaigh Kathleen slabhra an Ard-Mhéara a chaitheamh, mar bhronn William III, a bhfuil aithne níos fearr air mar Rí Liam Oráiste, é agus bhí a phróifíl ar an slabhra. Ina áit sin, bhain sí úsáid as Slabhra an Choinsiasa.

An tAon Bhean Amháin ar Shuíocháin an Rialtais

Bridget Mary Rice

Toghadh Bridget Mary Rice (née Henaghan), a bhí trí bliana is caoga ag an am, don deichiú Dáil in 1938. Tháinig sí in áit a fir chéile Fianna Fáil TD Eamon Rice a fuair bás i mí na Samhna roimhe sin de dheasca taom croí. Bhí tionchar mór ag cúrsaí polaitíochta ar a saol le chéile. Ba í an t-aon bhean amháin í ar Shuíocháin an Rialtais sa 10ú Dáil Éireann, agus í ag déanamh ionadaíochta ar Mhuineachán.