Mná Luimnigh sa bhliain 1921

Leanann Mná100, i gcomhpháirtíocht le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, den scéal ‘Mná Luimnigh sa bhliain 1921’ a insint leis an taispeántas ar líne seo arna choimeád ag Sharon Slater. Déanfar ról na mban a phlé sa taispeántas seo, taispeántas ina leagfar béim ar leith ar thaithí ceathrar ban as Luimneach le linn na tréimhse réabhlóidí sin. Ar an 14 Bealtaine 1921 lámhachadh Winnie Barrington a bhí trí bliana is fiche de thimpiste le linn luíocháin a rinne an IRA. Ba í Winne iníon an úinéara talún áitiúil a raibh gean ag daoine air, Ridire Charles Barrington Chaisleáin Ghleann Stáil. Leag an eachtra seo béim ar a raibh i ndán do shibhialtaigh le linn an chomhraic. Ar an 21 Bealtaine 1921, ceapadh an Bardasach Maire O’Donovan ina Méara gníomhach ar Luimneach ó tharla an Méara a bheith sna Stáit Aontaithe. D’fhág sin gurbh í Maire O’Donovan an chéad cheannaire mná riamh ar údarás áitiúil i Luimneach. Ar an 24 Bealtaine toghadh a deirfiúr, Kate O’Callaghan, ar an gcéad TD mná riamh le hionadaíocht a dhéanamh ar thoghcheantar i Luimneach. Ba í Kate baintreach an Mhéara O’Callaghan a dúnmharaíodh. Ar an lá céanna sin atoghadh Kathleen Clarke (Daly roimh phósadh di) a rugadh i Luimneach ina Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath.

Mná Luimnigh sa bhliain 1921

Women in Limerick

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár Dheich mBliana an Chuimhneacháin Luimnigh téigh chuig

https://www.limerick.ie/council/whats-on/festivals/limerick-city-and-county-council-decade-centenaries