Toghcháin, Bealtaine 1921
Podchraoladh Mná100, Eipeasóid a hAon

Podchraoladh Mná100, Eipeasóid a hAon

Dírítear ar imeachtaí Bhealtaine na bliana 1921 sa chéad eipeasóid, tráth ar toghadh ochtar ban chuig an bParlaimint in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas den teorainn nua nach raibh ach curtha i bhfeidhm.

Féachaimid le tuiscint éigin a fháil ar na mná sin, cén t-eolas a d’fhéadfaimis a fháil amach chun treoir a thabhairt dúinn? Chun cuidiú linn inár gcuardach, labhróimid le Leabharlannaithe, Cartlannaithe, Coimeádaithe, Staraithe agus Oifigigh Oideachais & For-rochtana in Institiúidí Náisiúnta Cultúir na hÉireann, a bhfuil príomhcháipéisí, déantúsáin agus na nithe pearsanta bailithe le chéile acu. Céard a gheobhaimid amach agus an gcuideoidh an t-eolas sin linn nasc a chruthú idir an t-am atá caite agus an t-am i láthair?

Ag cuidiú linn inár n-aistear beidh Katherine McSharry ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Elizabeth McEvoy ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann, Brenda Malone agus Helen Beaumont ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Niamh Baker ó Músaem Uladh, Tuaisceart Éireann. 

Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a léiríonn an podchraoladh seo do Mná 100 – tionscnamh nua ban don chéim dheiridh de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Arna léiriú ag Wireless Studios

Admhálacha:

An Dr Lucy Collins ag léamh The Mother le PH Pearse. Ar fáil in iomlán ar: The Irish Times. Úsáidte le cead. 

Dawn Bradfield – Ag léamh as The Case of Michael O’Callaghan  le Kate O’Callaghan (a rinneadh i gcomhpháirtíocht le Clár Dheich mBliana an Chuimhneacháin Chomhairle Chontae Luimnigh). Ar fáil in iomlán ar Mna100.ie.

Músaem Uladh – Déanfaidh rannpháirtí de chuid 100 bliain ag Múnlú na Todhchaí, Ellie, machnamh ar fhéiniúlacht atá múnlaithe ag stair na coimhlinte agus mar a d’fhéadfaimis féachaint i dtreo na todhchaí ar bhealach níos macánta.