Estella Solomons
‘An spiorad a bhí taobh thiar dá scuab’

Mná100 – Comhrá le Steve Woods

An Stiúrthóir Steve Woods

I ndeireadh na 1990idí, bhí Steve Woods, scríbhneoir scannán, stiúrthóir, léiritheoir agus  léachtóir sa Scoil Náisiúnta Scannánaíochta IADT i nDún Laoghaire, ag caitheamh súil thart i Siopa Leabhar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann (NGI) ar Chearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath nuair a tháinig sé trasna ar iontráil a tharraing a aird. Bhain sé le leis an eolas faoin ealaíontóir Estella Solomons a bhíin Dictionary of Irish Artists le Theo Snoddy:

Estella Solomons HRHA, (1882-1968), péintéir tírdhreacha agus portráidí agus eitseálaí. Rugadh Estella Frances Solomons ar 2 Aibreán 1882, do theaghlach Giúdach de chuid Bhaile Átha Cliath … Bhí a hathair, Maurice E Solomons, a rugadh i Londain, tar éis dul leis an ngairm chéanna lena athair roimhe mar radharceolaí; bhíodh uirlisí matamaitice á ndéanamh aige freisin. Mar chuid dá cuid oideachais chuaigh Estella go Hanover agus tar éis di filleadh ar Bhaile Átha Cliath d’fhreastail sí ar Choláiste Alexandra. Sa Dublin Metropolitan School rinne sí staidéar faoi stiúir (Sir) William Orpen agus sa Royal Hibernian Schools bhí sí ina mac léinn ag Walter F. Osbourne, RHA, (1854-1903) … fuair sí trí theastas dá gcuid líníochta in 1899, 1900 agus 1901 … Faoin mbliain 1904, bunaithe ar litir a seoladh chuici, bhí stiúideo aici ag 17 Great Brunswick Street, i mBaile Átha Cliath … In 1905, bhí taispeántas aici sa Royal Hibernian Academy den chéad uair agus uaidh sin amach, go dtí go bhfuair sí bás níor chaill sí ach cúpla taispeántas agus chuir sí breis agus 250 saothar, tírdhreacha go príomha, ar fáil agus portráidí fite fuaite leo …

Estella Solomons…  Theastaigh ó Steve tuilleadh a fháil amach fúithi, ach thar aon ní eile, theastaigh uaidh fáil amach faoina dearcadh polaitíochta. Bhí sé fiosrach faoin gcur síos a rinneadh uirthi agus leid tugtha go raibh níos mó de scéal ann. Scríobh Snoddy faoi gur liostáil sí i gCumann na mBan, faoi gur ‘teach sábháilte do dhaoine a bhí ar a dteitheadh a bhí ina stiúideo,’ faoi raon a suiteoirí agus faoi gur dhiúltaigh sí mionn Dílseachta a ghlacadh do Choróin na Breataine le go bhféadfadh sí a post múinteoireachtata a choinneáil san Institiúid Theicniúil, i Sráid Bolton, rud a d’fhág go raibh sí i gceannas ar stailc na múinteoirí agus gur éirigh léi a post a choinneáil’.

Thosaigh sé ag déanamh mionscagadh ar scéal a beatha, é ag cuardach ealaíne agus an méid a bhí ar eolas ina taobh cheana féin.

Grianghraf i bhfoirm portráide de Estella Solomons. TCD MS 4655/2/14. Le caoinchead ó Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Dá mhéad a fuair Steve amach faoina saol agus faoina saothar is ea is mó a thuig sé gur theastaigh uaidh, mar scannánóir, scéal a beatha a chur ar an scáileán. Bhuail sé lena nia Michael Solomons agus a bhean Joan. Theastaigh uaidh tuiscint a fháil uirthi, ar an gciúnas, an fáth nach raibh tuilleadh ar eolas aige fúithi.

Theastaigh ó Steve a cuid ‘Éireannachais’ a thuiscint. Ó bheith ag léamh fúithi bhí a fhios aige go raibh dearcadh deimhneach aici i leith na nÉireannach agus dearcadh diúltach i leith na Sasanach. Seo rud a fuair sé amach, ‘a phioc mé suas’ mar a deir sé féin, ‘óna litreacha, seachas óna muintir a bhí Dílis don Impireacht ag an am.’

Cén chaoi ar tharla sé gur éirigh Estella polaitiúil, go raibh suim aici i bpolaitíocht na hÉireann, gur ghlac sí páirt sa bhFeachtas ar son na Saoirse, go ndeachaigh sí i mbun comhraic…?

De réir mar a bhí Steve ag bailiú eolais tháinig sé ar an tuiscint seo: ‘Ní péintéir polaitiúil a bhí in Estella. Ní raibh na híomhánna rópholaitiúil, is amhlaidh go raibh a saol polaitiúil.’

Rinne an saineolaí ar a saol, an taighdeoir Hilary Pyle a cuid taighde ar Estella Solomons le linn shaolré an ealaíontóra, dhá bhliain sula bhfuair Estella Solomons bás sa bhliain 1968. D’fhoilsigh Pyle, a bhí ina léirmheastóir ealaíne, ina staraí ealaíne agus ina coimeádaí Portraits of Patriots, i 1966, comóradh 50 bliain an Éirí Amach. I 1968, léirigh Gailearaí Ealaíne Bardasach Crawford i gCorcaigh 173 ‘Saothar ó Stiúideo Ealaíontóra.’

Chuir Steve Woods Hilary Pyle faoi agallamh tríocha bliain níos déanaí, agus labhair sí go deisbhéalach mar gheall ar Estella agus í ag cur síos ar ‘an spiorad a thiomáineann a scuab.’ Labhair Hilary le Steve faoi Estella a bheith ‘lán de dhóchas go mbeadh  Éire saor agus gurb iad seo na daoine a bhí páirteach ann.’

Réabhlóidithe a bhí ina cairde agus léirigh Steve go raibh sise ina réabhlóidí freisin.

Chaith Steve go leor ama i mbun staidéir ar shaothar Estella agus bhí an taighde riachtanach le go bhféadfaí scéal sa aoil a bhunú ar phictiúir. I mbailiúcháin phríobháideacha a bhí cuid mhaith de na saothair agus thóg sé blianta air an obair a chur i gcrích, ón am ar bhuail an smaoineamh é i dtosach go dtí go raibh an scannán críochnaithe agus réidh le craoladh.

Sa scannán thaifead Steve pictiúir a cheannaigh Geoffrey O’Connor ó bhailiúchán stiúideo Estella. Thaispeáin Steve cuid de na saothair seo sa scannán, cuid acu neamhchríochnaithe, neamhiomlán, na fir sin ar a dteitheadh lena n-aghaidheanna garbha agus a súile brónacha. Cé a rinne deasú di? I gcás go leor acu níl aon ainmneacha faighte againn fós.

Tá ceann de na saothair, a bhí i mbailiúchán Geoffrey O’Connor, anois i mbailiúchán buan Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tá teideal spéisiúil air- On Parole agusgo leor díospóireachta faoi cé hé an suiteoir …

Estella Frances Solomons, Éireannach, 1882-1968. ‘On Parole, 1920′, Ola ar Chanbhás, 52 x 44cm NGI 2017.24. © Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons. Grianghraf © Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Sula dtugann sí faoi na portráidí seo a phéinteáil, sa scannán seo taispeánann Steve a cuid eitseálacha. Thug Estella Solomons léargas ar Bhaile Átha Cliath, ar na lánaí cúil agus an tsráid-dhreach agus an méid a chonaic sí de shaol na ndaoine a bhí ina gcónaí ann… an bochtanas. Ba é an t-ealaíontóir, Walter Osbourne, a mhúin í. Déanann Steve Woods cur síos ar an tionchar a bhí ag Walter Osborne ar Estella, an chaoi a raibh sí ag déanamh aithrise ar a chuid oibre. Déanann sé tagairt do shaothar atá anois i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann: Dublin Park, Light and Shade.

‘Bheadh Estella ar an eolas faoin saothar seo.’

Walter Frederick Osborne, Éireannach, 1859-1903. In a Dublin Park, Light and Shade, c.1895. Ola ar chanbhás. 71 x 91 cm. NGI.1121. Grianghraf © Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

‘Sa saothar sin léirítear an bochtanas chomh maith leis an strus a tharlaíonn de bharr na bochtaineachta’ – Creideann Steve gur dóigh ‘gur mar gheall air seo a bhí sí gafa leis an bpolaitíocht. Dála Osborne tá comhbhá aici le pobal bocht Bhaile Átha Cliath.’

Estella Frances Solomons, Éireannach, 1882-1968. Hoey’s Court, áit ar rugadh Dean Swift. Eitseáil ar pháipéar. 16 × 20 cm. NGI.2022.4. © Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons. Grianghraf ©Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Dá mhéad a fuair Steve amach – is ea is mó a theastaigh uaidh a fháil amach, ‘Bhí mé tite i ngrá léi beagán. Ní raibh mé in ann a thuiscint cén fáth a raibh dearmad déanta ar bhean chomh cumasach léi’.

Frances Beckett (1880-1951) Portráid de Estella Solomons, C. 1904. Ola ar chanbhás. Bailiúchán Niland. Íomha le caoinchead ó The Model, Cnuasach Niland.

Déanann sé cur síos ar chomh mór agus a thaitin a cuid saothar leis – tugann sé chun cuimhne go ndeachaigh sé go dtí Músaem Giúdach na hÉireann nuair a chuaigh sé ag tóraíocht eolais ar dtús agus fios aige gur Giúdach a bhí inti.

Estella Frances Solomons, Éireannach, 1882-1968. Portráid den Urramach Abraham Gudansky. Ola ar chanbhás. Músaem Giúdach na hÉireann. Íomha le caoinchead ó David Phillips. © Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons.

Deir Steve go bhfaca sé an tionchar a d’imir Rembrandt uirthi– ‘An bealach a bhfuil an tUrramach Gudansky suite sa phictiúr, amhail is dá mbeadh sé ag cromadh amach as an bpictiúr, mar atá ina féinphortráid féin ón tréimhse seo; tá sé an-chosúil le Rembrandt. Go deimhin b’fhéidir go bhfuil an tionchar seo de chuid Rembrandt ar cheann de na cúiseanna gur ligeadh i ndearmad í. Nua-aoisithe ab ea na healaíontóirí mná a bhí ag teacht chun cinn. Ní raibh Estella ina nua-aoiseach’.

Le haghaidh an scannáin seo d’iarr Steve Woods ar ealaíontóirí próiseas Estella Solomons a léiriú. Ar an dream a bhí páirteach bhí na healaíontóirí mór le rá de chuid na hÉireann, Mick O’Dea agus Robert Ballagh, a bhí ag brath ar an stair chun eolas a dhéanamh dá gcuid oibre.

I gcás an ealaíontóra Nick Miller, a mbíonn a chuid saothar oibre cruthaithe taobh amuigh, ‘en plein air’ i scannán Steve bhíothas in ann é a fheiceáil i mbun oibre. Agus ag tabhairt Estella agus a cleachtas chun cuimhne, agus an pointe ina saol nuair a chinn sí go ndíreodh sí ar an bpéintéireacht tírdhreacha … Trí Nick a chur faoi agallamh fuair sé léargas gan choinne freisin ar an gcaoi a dtiocfadh reiligiún Estella salach ar a gairm mar phortráidí. Bhí Nick, toisc gur Ghiúdach é, in ann léargas a thabhairt ar an gcosc iomlán atá i dtraidisiún na nGiúdach ar phictiúir de dhaoine a phéinteáil, agus mar a deir sé ‘a bheith ag cuardach rud atá níos dorcha … ag cuardach láithreacht radacach’.

De réir mar a chuaigh an t-am thart fuair Steve tuiscint níos fearr ar an gcaoi a raibh saol polaitiúil Estella difriúil ó shaol dhaoine eile. Déanann Steve cur síos ar an gcaoi ar éirigh mar a tharla í a bheith sáite sa pholaitíocht a fháil amach. Thosaigh sé amach lena cúlra, ‘dream rachmasach a bhí ina muintir.’

Fuair sé amach gur ‘trína leannán a thosaigh sí ag plé le cúrsaí polaitíochta.’

Mar a thuairiscítear sa scannán, nuair a bhuail Estella le James Starkey (nó Seumas O’Sullivan mar ab fhearr aithne air), ní fhéadfaidís pósadh de bharr nach Giúdach a bhí ann. Ach bhídís i gcomhluadar a chéile go minic agus iad mar chuid de ghrúpa dlúthchairde d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí chomh maith le drámadóirí agus aisteoirí. Bhí go leor den dream seo páirteach sa ghluaiseacht náisiúnach.

Estella Solomons, Portrait of James Starkey (Seumas O’Sullivan), ola ar chanbhás, bailiúchán de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.© Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons.

Tuigeann Steve Woods gur imríodh tionchar uirthi roimhe sin, is é sin tionchar a máthar. ‘Chuir sí spéis sa pholaitíocht mar gheall ar a teaghlach’.

Bunaithe ar a raibh léite aige thuig sé gurb iad seo an chéad rabharta de Ghiúdaigh a tháinig go hÉirinn sna 1700idí agus sna 1800idí, dream a bhí níos saibhre. Aicme níos ísle a bhí sa dara rabharta – sruth nua eisimircithe. ‘Chaithfidís fáil a bheith acu ar scoileanna, ar chúnamh eile. Chuir Rosa Solomons ina luí ar an dream Giúdach a bhí níos fearr as, an scoil a theastaigh a thógáil. Nuair a fuair Rosa bás chaoin a pobal í.’

D’fhoghlaim sé na rudaí seo óna chuid agallamh agus é ag caint leo siúd a bhí fós beo sna 1990idí. Bhí a nia, Michael, mór lena lena Aintín Estella.

Estella Frances Solomons, Éireannach, 1882-1968. Rosa Solomons (née Jacobs), (1843-1926), máthair an ealaíontóra. Ola ar chanbhás. Bailiúchán Príobháideach. © Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons. Grianghraf ©Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

‘Oideachas a máthar, an tionchair a bhí aici ar Estella ó thaobh an daonchairdis de. Bhí deartháir aici a bhí ina Shíónach. Mar gheall air sin, bheadh Estella ar an eolas faoi argóintí na Síónach. Mar sin féin, rinne sí cinneadh a bhí comhfhiosach agus an-pholaitiúil – ba í Éire a tír dúchais’.

Bhailigh sí airgead dóibh siúd ar chuir Éirí Amach 1916 as dóibh, tráth a ndeachaigh sí féin agus a cara, Kathleen Goodfellow, isteach i gCumann na mBan.

Díreoidh muid an chaint ar 1916. Tá a fhios againn gur ar Shráid Brunswick a bhí a stiúideo aici, sráid a dtugtar Sráid an Phiarsaigh anois uirthi, áit ar rugadh Pádraig Mac Piarais agus Willie Mac Piarais; bheadh aithne aici ar Willie Mac Piarais sa Choláiste Ealaíne. San fhoirgneamh a raibh a stiúideo ann, bhí an scríbhneoir, James Stephens, ina chónaí san árasán thíos fúithi agus is é a scríobh an leabhar faoi Éirí Amach 1916: The Insurrection in Dublin. Thacaigh Estella le Irish National Aid agus leis an Volunteers’ Dependents Fund.  Bhailigh sí airgead freisin dóibh siúd a bhí buailte, an dream a cuireadh i bpríosún agus a gcleithiúnaithe. Bhailigh sí pictiúir agus leabhair ó ealaíontóirí Éireannacha sa bhaile agus thar lear, chun airgead a thiomsú i ndiaidh an Éirí Amach.

Ticéad (stampáilte ‘269’) do cheolchoirm le cabhrú leis an Volunteers Dependants’ Fund. TCD MS 4655/2/6. Le caoinchead ó Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Labhróidh muid anois i dtaobh a cuid gníomhaíochais, an ról gníomhach a bhí aici i bhFeachtas na Saoirse. Phléigh Steve an scéal, a bhí inste ag roinnt daoine dó, go mbíodh gunna ar iompar aici. ‘Cén fáth a mbíodh gunna aici?’ Iarrann Steve é seo i bhfoirm ceiste a chuir sé air féin le linn dó a bheith  ag scríobh na scripte dá scannán. Mhúin an ‘Butterman’ di le gunna a úsáid agus phéinteáil sí a bhean chéile mar chúiteamh. Labhraíonn Steve faoi go mbíodh gunnaí á n-úsáid ag an gCuntaois de Markievicz agus ag Margaret Skinnider. ‘Eisceachtaí ab ea na mná seo,’ a deir sé. ‘Níor theastaigh ón ngluaiseacht phoblachtach go mbeadh armas ag mná i gCogadh na Saoirse. Nuair a bhí caint ann faoi go raibh Estella ag foghlaim le piostal a úsáid, rinne a cairde agus a teaghlach beag is fiú de agus dúirt nach raibh anseo ach scéilín grinn. Go deimhin féin ba rud tromchúiseach é, ní hamháin go raibh Estella ag cur a saoirse i mbaol anois ach bhí sí ag cur a beatha i mbaol chomh maith. ‘

Bhí armas i bhfolach ag Estella i dteach a muintire, faoin gceapach leitíse sa ghairdín. Ní raibh a fhios ag a muintir faoi seo riamh.

Estella Frances Solomons, Éireannach, 1882-1968. Garden Scene. Ola ar chanbhás. Músaem Giúdach na hÉireann. Íomha le caoinchead ó David Phillips. © Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons.

Seo mar a chuireann Steve síos air: ‘D’ardaigh sí na geallta agus óglach gníomhach a bhí inti. Anois go raibh sí oilte gunna a úsáid bhí sí níos tábhachtaí ná an té a bhí ag iompar armais.  Cén fáth? Níl a fhios againn. Arís eile níl a muintir in ann muid a chur ar an eolas agus níor labhair Estella, ar nós go leor daoine eile ón ré sin, faoin méid a bhí ar siúl aici.’

Leabhrán ballraíochta Chumann na mBan de chuid Estella Solomons, 1917. TCD MS 4631/446. Le caoinchead ó Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Leabhrán ballraíochta Chumann na mBan de chuid Estella Solomons, 1917. TCD MS 4631/446. Le caoinchead ó Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ansin phléigh muid an chaoi ar baineadh úsáid as a stiúideo mar theach sábháilte.

Thug cuid de phríomhcharachtair a phéinteáil sí sna blianta seo léargas ar chomh bainteach agus a bhí sí leis na gníomhaithe ba lárnaí sa tréimhse seo ar a dtugtar an Cogadh Angla-Éireannach, ach gur minice a ghlaoitear Cogadh na Saoirse air.

I scannán Steve Woods, Estella pléann Mick O’Dea ealaín na portráidíochta, na deacrachtaí a bhaineann léi, agus míníonn sé an scil a bhí ag Estella ó thaobh mothúcháin a phéintéáil.

Labhraíonn Mick faoi go bhféadfadh portráidí coimisiúnaithe a bheith sriantach go leor agus faoin gcaoi ar phéinteáil Estella na ‘Guys sitting in the studio spending time’ mar dheis chun a cuid péintéireacht phortráide a fhorbairt agus a bheith níos solúbtha.

Phéinteáil sí portráid dá cara David Hogan, fear a raibh aithne níos fearr air faoina ainm cleite, Frank Gallagher. Rinne sí an phortráid seo sa bhliain 1920, i gceartlár Chogadh na Saoirse, nuair a bhí Frank Gallagher ag obair do Shinn Féin sa roinn poiblíochta, ar the Irish Bulletin a bhíodh á fhoilsiú ag Dáil Éireann ó 1919 go dtí 1921.  Agus daoine eile sa phríosún bhí sé ina stiúrthóir bolscaireachta.  Bhí sé ina oifigeach freisin sa 3ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath d’Arm na Poblachta agus chaith sé tréimhse sa phríosún.

Estella Frances Solomons, Éireannach, 1882-1968. Portráid de Frank Gallagher(1893-1962). Ola ar chanbhás. 76 x 61 cm. NGI.1926. © Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons. Grianghraf © Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Bhí Seán Milroy ina bhall de Shinn Féin i dtús ama. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann agus throid sé in Éirí Amach 1916, ag eagrú na Raidhfilí Hibernian. Cuireadh i bpríosún é i bPríosún Reading. Bhí sé ina stiúrthóir eagraíochta i nDáil Éireann agus é ar Fheidhmeannas Shinn Féin. Bhí aithne air mar bhall mór le rá de Bhráithreachas na Poblachta. Gabhadh é i 1918 ach d’éalaigh sé as Príosún Lincoln. D’fhill sé ar Éirinn agus gabhadh an athuair é. Bhí sé amuigh ar parúl ó Eanáir 1920, ach d’fhill sé ar an bpríosún go dtí mí Aibreáin. Ina dhiaidh sin thaifead na húdaráis go raibh sé ag obair mar eagraí i Manchain, i Learpholl agus i Londain. Nuair a tháinig sé ar ais go hÉirinn in Eanáir na bliana 1921, rinneadh é a imtheorannú i mBaile Uí Chionnaith. Toghadh é ina Theachta Dála de chuid Shinn Féin agus é sa phríosún, ach scaoileadh saor é chun freastal ar an gComhdháil Síochána i dTeach an Ardmhéara i 1921. Bhí sé ina bhall den toscaireacht rúnaíochta i Londain sa bhliain 1921, le linn idirbheartaíochtaí a tugadh chun críche leis na hAirteagail Chomhaontaithe don Chonradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire.

Estella Frances Solomons HRHA (1882 – 1968). Portráid de Sean Milroy. Ola ar chanbhás. Bailiúchán Niland, Íomhá le Caoinchead The Model, baile Bhailiúchán Niland. © Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons.

Nuair a tharla scoilt i nDáil Éireann de bharr gur glacadh leis na téarmaí sin, taobh istigh de roinnt míonna bhí tús curtha leis an gCogadh Cathartha in Éirinn.

D’fhéach scannán Steve Woods Estella ar an méid a tharla le linn an Chogaidh Chathartha trí scéal pearsanta Estella le linn an ama sin a insint, agus úsáid á baint aige as a cuid litreacha. Nuair a maraíodh Micheál Ó Coileáin i luíochán i mBéal na Bláth, i gContae Chorcaí i mí Lúnasa 1922, scríobh Estella chuig cara: ‘A Sholas dhil mothaím amhail is nach bhféadfainn meangadh gáire a dhéanamh go deo arís. Chuir lámhach Uí Choileáin samhnas orm. Bhí mé ag smaoineamh ort an lá ar fad… ’

De réir mar a lean an chogaíocht gabhadh lear mór ban i ngeimhreadh na bliana 1922 -1923 agus cuireadh níos mó ná 500 bean sa phríosún. Daoine a bhí i mbun tithe sábháilte le linn an Chogaidh Chathartha bhí siad i mbaol a ngabhála. Scrios sí na pictiúir de dhaoine a maraíodh nó a gabhadh a bhí i stiúideo aici. Taispeánadh é seo i sraitheog álainn in Estella.  D’éirigh le Steve teacht ar shonraí faoin taispeántas a bhí aici i Londain sa bhliain 1922.  Déanann Steve a mhachnamh ar an gcaoi a raibh cúrsaí di ansin: ‘Tá an pholaitíocht crua. Maraíodh daoine, daoine a raibh aithne aici orthu. Ní ainmhí polaitiúil a bhí inti …b’éigean di cúlú.’

Ardaíonn Steve pointe lárnach maidir le Estella Solomons agus an bealach ar éirigh léi an cuntas stairiúil a sheachaint sna blianta ina dhiaidh sin: ‘Níor gabhadh riamh í; bheadh próifíl níos airde aici dá mba rud é go raibh sí gafa.’

Sna blianta ina dhiaidh sin phéinteáil sí tírdhreacha agus lean sí ar aghaidh lena cuid oibre- ‘bhí a ciorcal liteartha féin aici.’ Bunaíodh The Dublin Magazine i 1923, agus í ag obair lena fear céile Seumas, (phós siad nuair a fuair a tuismitheoirí bás) agus a cara Kathleen Goodfellow, a bhí ina pátrún. Sna deicheannna de bhlianta ina dhiaidh sin choinnigh siad orthu leis an obair seo, mar a thuairiscíonn Steve ‘ba é a gcuid oibre é.’

‘Bhí Éire clástrafóibeach an tráth sin’, tá Steve ag déanamh a mhachnaimh faoin tábhacht a bhaineann leis seo. ‘Bhí sí ag troid i gcoinne na lagmheasarthachta– i Saorstát na hÉireann a bhí iarchoilíneach agus coimeádach. Ag iarraidh ar bhealach beag an gealltanas sin go gciallódh saoirse na hÉireann athbheochan chultúir, a chomhlíonadh’.

Sa chéad eagrán i 1923, bhí macasamhail de phortráid a rinne Estella de Jack B. Yeats. In eagráin a tháinig ina dhiaidh sin bhí portráidí eile dá cuid le feiceáil agus eitseálacha de Bhaile Átha Cliath.

The Dublin Magazine, Samhain 1923. Bailiúchán príobháideach. Grianghraf An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Mhúin Estella teicníc na h-eitseála, ach nuair a dhiúltaigh sí mionn Dílseachta a thabhairt don Choróin, ní raibh cead aici mic léinn a theagasc níos mó.

Agus fráma á chur ar a saothar aige in Estella: Arts Lives, tá Steve tar éis léargas a thabhairt dúinn uirthi. Insíonn sé a scéal, b’fhéidir mar a theastódh uaithi féin, ag ligean dá cuid pictiúr mothúcháin a cuid suiteoirí a chur in iúl – cruatan an tsaoil mar a bhí ag an am  sin.

Leis an obair seo, ag athchruthú beathaisnéise trí scannán agus an taispeántas de chuid Dheich mBliana na gCuimhneachán, táimid ag leanúint orainn ag próifíliú ár dtírghráthóirí (agus teideal Hilary Pyle ar a saothar ar Estella i 1966 á thógáil ar iasacht) do ghlúin nua.

Déanann Steve Wood caomhnú, ina shaothar, ar stair bhéil na ndaoine a raibh aithne acu uirthi. Tá taighde déanta aige ar a saol agus ar shaothar a fir céile agus a dlúthchara Kathleen Goodfellow (rud breise iontach is ea an t-agallamh le Dardis Clarke, nach maireann. Phéinteáil Estella athair Dardis, an file Austin Clarke, sa bhliain 1934). Chomh maith le pictiúir scannánaíochta nach bhfuil fáil ag an bpobal orthu a thuilleadh agus ábhar nua a aimsiú mar fhoinsí, táimid faoi chomaoin ag Steve Woods freisin mar gheall ar a shaothar ó na 1990idí agus tús na 2000idí.

Le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán tá sé curtha roimhe ag Mná100 mná aitheanta agus mná nach bhfuil chomh haitheanta sin a chur os comhair lucht féachana nua. Táimid buíoch do Steve Woods as ucht ligean dúinn an scannán seo a úsáid, é a athchumadh le haghaidh Mná100 agus, tríd an gcomhrá seo léargas a thabhairt ar a shaothar dhá scór bliain níos déanaí. Éiríonn le Steve, agus úsáid á bhaint aige as a shúil uathúil mar ealaíontóir, déantóir scannán, stiúrthóir, léiritheoir agus scríbhneoir scripte beocht a chur i saothar, in ealaíon agus i dtallann Estella Solomons. Ionas gur féidir clár faisnéise Steve Woods, Estella a fheiceáil ina iomláine, tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ag óstáil taispeántas den chlár faisnéise ar an 10 Samhain 2022. Ina dhiaidh sin beidh seisiún Ceisteanna agus Freagraí againn leis an Stiúrthóir Steve Woods agus coimeádaí agus staraí Mná100, an scríbhneoir an Dr Sinéad McCoole.  €10 atá ar na ticéid agus is féidir iad a chur in áirithe ar shuíomh idirlín an ghailearaí anseo.

Estella Solomons: Still Moments, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

3 Meán Fómhair 2022 – 8 Eanáir 2023

Seomra 31 | Cead isteach saor in aisce

Tugann an taispeántas seo de shaothair ealaíne Estella Solomons chun críche Deich mBliana na gCuimhneachán. Agus í ina náisiúnaí tiomanta agus ina ball de Chumann na mBan, phéinteáil Solomons portráidí de go leor réabhlóidithe mór le rá agus daoine ó shaol an chultúir a bhain leis an tréimhse sin. Agus iad ag teacht ó thréimhse corrach i stair na hÉireann, tugann na pictiúir léargas ar chaidrimh phearsanta agus pholaitiúla an ealaíontóra. Tá saothair ealaíne ó bhailiúcháin Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann le feiceáil sa taispeántas, chomh maith le portráidí ó bhailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha ar fud oileán na hÉireann, agus cuid mhaith acu á dtaispeáint le chéile den chéad uair. Tá míreanna ó chartlann Estella Solomons agus Seumas O’Sullivan, atá lonnaithe i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, san áireamh freisin. Tugann na míreanna seo tuilleadh léargais ar ghníomhaíochtaí réabhlóideacha an ealaíontóra agus a líonra de dhlúthchomrádaithe.

Coimeádaí: Niamh MacNally

Tacaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis an taispeántas seo faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Is féidir breathnú ar chlár iomlán na n-imeachtaí ar shuíomh gréasáin Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann anseo.

An scéal a bhaineann le portráid Seumas O’Kelly

Seumas O’Kelly 1917. Bailiúchán Príobháideach. Grianghrafadóir Cuan Ó Seireadáin. Le caoinchead ó Chonradh na Gaeilge. © Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons.

Roghnaíodh an phortráid seo don leabhar Portraits of Patriots, 1966a scríobhHilary Pyle, staraí ealaíne, léirmheastóir ealaíne agus coimeádaí, a foilsíodh chun comóradh 50 bliain a dhéanamh ar an Éirí Amach. Bhuail Pyle le Estella Solomons (1882-1968) ina teach cónaithe i nDomhnach Broc. Bhí a portráid de Seumas O’Kelly (1917) ar cheann de na híomhánna a roghnaíodh don fhoilseachán seo, go deimhin ba é an chéad léaráid sa leabhar é. Sa bhliain 1966 bhí an pictiúr fós i seilbh an ealaíontóra.   

Tar éis don phortráid a bheith foilsithe sa leabhar comórtha, chuaigh nia le Seumas O’Kelly, Alphonsus Sweeney, chuig stiúideo Estella Solomons, agus thug sé leis a iníon óg, Emer. Tugann sí an chuairt seo chun cuimhne:

‘Tar éis dá thuismitheoirí dul ar imirce go St Louis thóg a Uncail Seumas m’athair, Alphonsus Sweeney, isteach. Thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda idir an dá linn agus ní dheachaigh sé chucu riamh. Nuair a bhí mé i mo pháiste thug m’athair go Bóthar Morehampton mé ina Austin Cambridge agus é ag tabhairt cuairt ar Estella chun an pictiúr a bhailiú.  D’fhág sé sa charr mé i m’aonar agus tar éis tamaillín tháinig sé ar ais leis an bpictiúr agus é fillte i bpáipéar donn.  Is cuimhin liom go raibh sé ríméadach agus bhí sé ar nós go raibh sé ag bualadh athuair le duine muinteartha a raibh an-chion aige air.  A bhuí le Estella tá an ceangal láidir seo agam le Seumas O’Kelly riamh ó shin..’

Fuair Emer an pictiúr seo le hoidhreacht óna muintir. Sa lá atá inniu ann, céad bliain níos déanaí, tá tús áite sa teach aige, i suíomh lárnach, agus is beag nach bhféadfadh duine a rá gurb é croí an tí é. Mar chuid den chomóradh céad bliain Mná100 seo tá lúcháir orainn íomhá daite den phortráid seo, a thugann léargas ar charachtar, a mothúcháin agus a aoibh, a roinnt. Tá buíochas ag dul do Chuan Ó Seireadáin as an íomhá a sholáthar.

Léigh tuilleadh faoi Seumas O’Kelly anseo.

Ba mhaith le Mná100 buíochas a ghabháil freisin leis an gcoimeádaí Niamh MacNally agus le Niamh O’Brien mar aon leis an bhfoireann ar fad i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, Emer Greif agus an teaghlach, Edwin Alkin ó Mhúsaem Giúdach na hÉireann, Concepta Boyce agus Noel Mc Crumlish ag The Model Sligeach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Teaghlach Jacobs agus Iontaobhaithe Eastát Estella Solomons as an gcúnamh ar fad a thug siad leis an alt seo.